Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Trácht air Thomás Láidir Mac Coisdealbha.

Title
Trácht air Thomás Láidir Mac Coisdealbha.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TRÁCHT AIR THOMÁS LÁIDIR MAC
COISDEALBHA.
Le Seaghan Ó Ruaidhri.



Thimpeall air míle taobh shiar do bhaile
beag Bhealach-a'-doirín i g-condae Mhaigheo
tá carn nó tulach mhór do chlochaibh agus
d'aol foluighthe le feur agus caonach anois,
agus is beagán do dhaoinibh na h-áite ag a
bh-fuil fhios gur b'é seo an caisleán do thug
an t-ainm “Ciasleán-mór” don áit agus
don pharáiste agus gur b' iad na daoine do
bhí 'n-a g-comhnuighe ann roimhe so do thug a
n-ainm air Bharúntacht Choisdealbhach.
In aimsir Chromuill feicthear go raibh a
Dubhaltach Mac Coisdealba 'n-a cheann-
fart* na h-áite in a thimpeall agus ba
mhac dó Tomás Láidir 'bh-fuil mo sceul d'á
thaobh. Deirthear air nuair a bhí sé in aois
a naoi nó a dheich m-bliadhan go raibh sé chomh
láidir le fear, acht go raibh sé n-a ughdar
náire* d'á athair mar gheall air an meud a
d' itheadh sé. Bhidheadh sé a g-comhnuighe ag
ceasacht agus ag clamhasán* air laghad a
choda-bidh, i riocht go in-bidheadh na daoine ag
déanadh greann 'sa' magadh faoi.



Lá breágh foghmhair do bhi an Dubhaltach ag
siubhal amuigh air an m-bán ós coinne an
chaisleáin agus Tomás óg a' rith le n-a
chois. Do thárla ortha ridire nó fear-
gaiscidh do bhí siubhal na tíre mar ba
ghnáthach an t-am sin ó chaisléan go caisleán
Muna bh-fuighfidhe fear ba láidire no ba
ghlice in a chuid-gaiscidh b'éigean dó duais
airgid d'fhághail agus dídean le tamall in
sa' g-caisleán. Bheannuigh sé don tighearna
agus d'innis a ghnothuighe.(a) Dubhairt an
Dubhaltach go raibh a mhuinntir air an b-
portach ag tarraing móna a bhaile acht go
m-béidís a m-baile gan mhoill.(b) Bhí dhá shúil
an mhalraigh* sáithte sa' ngaiscidheach i riocht
gur bhreathnuigh an t-athair é agus dubhairt:
“A Thomáis a m-bainfeá cor as?” “Do
bhainfinn” ar Tomás “dá bh-fuighinn mo
sháith le n-a ithe.” “An íosá an capall sin?”
ar san t-athair ag breathnughadh capaill a bhí
aig inghilt air an bh-faithche agus searrach le
n-a cois. “Ni'l fhios agam” dubhairt Tomás
“an íosainn an capall mór, acht d'íosainn
an capall beag!”



Rinne an t-athair gáire agus thug sé an
bheirt leis isteach in a chaisleán agus chuir
sé iad le chéile in eudan proinne* na bh-
fear oibre a bhí leagtha amach go fial, fair-
sing air bhord mór. D'ith Tomás agus an
fear eile ceann as fiche cearca fraoich gan
áireamh air an meud aráin do chaitheadar.
Chuadar amach ann sin agus cuireadh ag
coruigheacht* iad. Bhí crios mór leathair
faoi lár gach laoich aca le greim fhághail air.
Don cheud fháscadh thug Tomás phleusc sé a
chrios féin agus ann sin ba bheag nár mharbh
sé an ridire bocht acht go n-deachaidh an
sean-tighearna eatartha. Bhí asna nó dhó
briste ag an bh-fear-siubhail agus dubhairt sé
le Mac Coisdealbha aire mhaith do thabhairt
don gharsún sin inar nach m-beidheadh a
shamhail le faghail in Éirinn.



Tá mórán sceulta eile taobh óige Thomáis
Láidir imeasc na sean-daoineadh. Deirthear
gur tharraing sé capall an tighearna Diolúin
as láthaigh agus é ag teacht lá n-ann ó'n
scoil. Lá eile fuagradh dhó agus é air scoil
i Mainistir an Urláir go raibh na Gaill
.i. cuid do mhuintir Chromuill, a' seoladh
bá na tíre síos go condae Liatroma. Dheifrigh
sé a bhaile é féin 'sa chomhdhaltaidh agus
leanadar lorg an chreachta* go rugadar
air an námhaid air bhord locha Ui Ghadhra.
Ní raibh d'arm ag Tomás acht crann óg do
tharraing sé ó fhréimh san g-coill. Do thuit
sé ortha leis an g-crann-fuinseoige é féin
sa chuideachta. Do marbhadh na Gaill in a
g-ceudtaibh agus báitheadh cuid eile dhíobh in


L. 360


sa' loch, acht thiomáin Tomás a's a mhuinntir
na bá a bhaile arís leo.



Nuair a bhi se thimpeall air fhichid bliadhan
d'aois thug sé grádh d' “Úna Bháin” ní Dhia-
rmada, inghean Mhic Dhiarmada na Carraige
tighearna Mhaigh-Loirg san am sin. Ní raibh
in Éirinn bunadh* ba h-uaibhrighe ná ba
dhíomasaighe 'na clann Diarmada, agus
ní bh-fuigheadh Mac Coisdealbha an inghean
mar gheall air an sceul suarach úd do
chuaidh amach air taobh na g-coileach bh-fraoich.
Chuaidh sé go minic d'a h-iarraidh air a h-
athair go Caisleán na Carraige* acht gan
foghnamh air. Lá áirighthe tugadh sceula go
raibh muinntir Chromuill a' teacht agus do
chruinnigh uachtaráin Ghaedhealacha na tíre
i g-caisleán mhic Dhiarmada le comhairle
do ghlacadh creud do b' fhearr le déanadh.
Sí an chomhairle air ar chinneadar troid do
déanadh leis na Gallaibh — mar ba dhual as
ba chóir.



Acht don chruinniughadh so ní bh-fuair an
Coisdealbhach cuireadh air bith mar gheall air
Úna Báin, agus is mór do ghoill an masla
sin air. Cuma air bith ní raibh aon smuai-
neadh ní b'fhaide ón a chroide 'ná fanamhain
air g-cúl ó'n g-cath. Sí an áit a rinne na
Gaedhil seasamh ag cois an Choirrsléibhe
atá 'n-a theorainn idir chondae Roscomáin
agus Condae Shligigh. Lá an chomhraic do
ghluais Tomás óg leis a' marcuigheacht air
an stail bháin, an t-aon each amháin d'á raibh
in a sheilbh do bhi oireamhanta le n-a iomchur,
agus a chuid fear 'n-a dhiaidh. Do chuireadar
iad féin i bh-folach air charaid 'sair námhaid
in sa' bh-fraoch agus imeasc na d-tom air
thaobh an t-sléibhe. Thángadar na Sasanaigh
aníos gan mhoill agus do thoisigh an troid.
Do bhris marcshluagh na námhad tré lár
clanna nGaedheal agus cia dian dásachtach
do sheasadar in aghaidh na nGall ba bhaogh-
alach don námhaid buaidh d'fhághail. Is ann
sin do léim muinntir Mic Coisdealbha in a
seasamh agus d'aon shéideoig amháin ó adhairc
Tomáis óig, síos an chnoic leo mar thuile-
sléibhe, a g-cuid tuadh in áirde agus a'
blaoidheach* ós árd a ngáir-catha “Lámh
láidir abú!”



Do bhriseadar isteach d'aon taobh imeasc
na nGall idir fhearaibh agus capallaibh go
ndeárnadar coscar uathbhásach eatartha. Do
thárla air Toirdhealbhach óg Mac Diarmada
bheith air lár agus an ceann-feadhna Sasanach
ós a chionn a' claonadh síos ón díollaid aig
iarraidh sáthadh claidhimh do thabhairt dó, nuair
a tháinic Tomás anuas air an oifigeach Gall-
da, agus d'aon bhuille tuaidhe deirthear gur
scoilt sé síos é go druim an chapaill, agus
leis an bh-fuinneamh* do bhí san m-buille
milteach sin gur cuireadh capall an t-
Sasanaigh air a dha ghlúin. 'Na dhiaidh so
chuaidh an lá in aghaidh na nGall agus d'
imthígheadar air teitheamh an meud a d'fheud
díobh.



Agus anois do cuireadh fáilte agus fiche
roimh an g-Coisdealbhach agur tugadh buidhe-
achas mór dhó faoi 'n g-cúngnamh 's faoi 'n
g-cobhair do thug sé sa' g-cruadhóig, agus
do shaoil a lán go ndéanfaidhe cáirdeas
agus carthanas anois idir é féin agus
Clainn Diarmada. Acht ní raibh sin i n-
dán dó. Ní bhrisfeadh Mac Diarmada an
focal do thug sé in aghaidh cleamhnais a
inghine agus Thomáis. Lá d'a raibh Tomás
air cuairt aige d'iarr sé í air agus dubhairt:
“A Mhic Dhiarmada, is minic agus is fada
mé i ndiaidh t-inghine, is iomdha dearbhadh do
thugas air mo ghrádh dhí, is maith atá fhios
agad go mbéidh gach seun agus sonas airthi
am' fhochair-se. Muna bh-fuighidh mé anocht
uait í déanfaidh tú aimhleas t-inghine agus
m' aimhleas-sa — ni thiucfaidh mé air m'ais
choidhche go Caisleán na Carraige agus cuma


L. 361


liom a n-imtheochaidh orm!” D'iarr Toirdh-
ealbhach óg a tabhairt dó agus léig Úna
Bhán í fém air a glúinibh roimh a h-athair,
acht ní raibh maith ann.



D'imthigh sé leis agus shnámh sé an loch
air an each bán go d-táinic i d-tír agus a
chomhdhalta leis. Acht ba deacair dhó a rún
do choimeud agus is fada do bhí sé dul soir
agus siar san loch ag súil le cuireadh d'
fhághail filleadh air ais ón g-Caisleán.
Nuair thángadar fa dheoidh go bruach an
locha ba scannradh leis an g-Coisdealbhach
a stail bhreagh d'fheicsin air crith agus é ag
léigean fola tré mar chongbhuigh a mharcach
é chomh fada sin 'na sheasamh san uisce. Is
ann sin dubhairt an comhdhalta gur ba
náireach dó é féin 'sa chapall do chur in san
g-cruth sin air son mná san domhan, agus
thiomáineadar rómpa. Ní luaithe a bhíodar
air talamh thirim 'ná mhothuigheadar* adharc
d'á séideadh agus ag amharc air a n-ais dóibh
do chonnairc siad brat bán air n-a thogbháil
os cionn an Chaisleáin mar chomhartha do
theacht air ais. Acht tháinic an comhartha go
ró mhall, óir bhí fíor-rún ag an g-Coisde-
albhach anois gan casadh go deo. Nír bhris
se a fhocal agus nír fhill sé coidhche. Tamall
tar a éis so fuair Úna Bhán bás le briseadh
croidhe agus cuireadh í le n-a muintir in
Oileán na Reilige i lár an locha.



Mar gheall go raibh Tomás 'n a thighearna
air a mhuintir féin agus an aimsir go triob-
lóideach, athchrannach, b'éigean dó pósadh do
dhéanadh, agus phós sé inghean Ui Ruairc
Bhréifne. Fuair sé crodh mór le n-a mhnaoi
acht ba leur do gach duine 'n a thimpeall go
raibh a chroidhe in 'san uaigh le h-Úna Bháin.
Tugadh an bhainis i g-caisleán Droma-dá-
Éithear i d-tigh a athar-cliamhna. Do rinneadh
fleadh mhór dhó agus bhí go leor ceoil as
aoibhnis air siubhal chum an buaidhreadh agus
an lionndubh do thógbháil dé. Lá air n-a
mhárach agus é in a mhaidin bhreagh earraigh(c)
thug an Ruarcach amach faoi na cnocaibh é ag
taisbeunadh a choda-eallaigh dhó. D'fhiafruigh
sé do Thomás cad í a bharamhail air an
meud sin do chaorachaibh. D'fhreagair Mac
Coisdealbha “Is breagh an scata caorach
iad” ar sé. “Is leat-sa iad sin” dubhairt
O Ruairc. Tharraing an Coisdealbhach trom-
osna ó n-a chroidhe aníos agus dubhairt “Is
fial, flaitheamhail an spré sin” ar seisean
“acht b'fheárr liom féin aon uan amhám
(Una Bhán) 'ná an meud sin uile.”



Tháinic Tomás a bhaile agus nír b' fhada
gur bhreathnuigh a bhean gur ghnáthach leis
eulodh amach uaithe san oidhche agus go m-
bidheadh an t-each bán fliuch agus tuirseach
air maidin, acht nír h-innseadh d'aonduine é.
Fa dheireadh maidin áirighthe ní raibh Mac
Coisdealbha le fághail san m-baile, agus
nuair a cuireadh an tóir 'na dhiaidh do lean
an comhdhalta lorg an eich síos go loch Cé.
Fuaradh Tomás Láidir air n-a shíneadh marbh
ós cionn leice-uaighe Una báine agus an
t-each bán 'na sheasamh le n-a ais. Do
h-adhlacadh le n-a taobh é agus tá dhá thor*
ag fás anois as gach uaimh díobh acht tá siad
casta, deilbhthe in a chéile i riocht go bh-fei-
cthear nach bh-fuil ionnta acht aon tor
amháin. Agus d'á fhad an turas a dhéanas
an t-oilithreach óg gus an áit sin, ní bhudh
olc leis é (d) nuair a bheidheas 'na sheasamh la
breágh samhraidh os cionn na h-uaimhe i lár
locha Cé mar a luigheann Tomás Láidir Mac
Coisdealbha agus Una Bán ní Dhiarmada.*
S.Ó R.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services