Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Title
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AIR PHAIS AGUS BHAS IOSA. air leanamhuin. Acht, fiafrócaidh sibh, cá bh-fuil cáirde Íosa air feadh na h-aimsire so? Cá bh-fuil a dheisciobail? Ca bh-fuil na h-absdoil? Cá bh-fuil an mhuinntir a bhi faoi gach uile shórt oibliogáid Aige? Cá bh-fuil an mhuinn- tir a bhí bodhar d'ár thug Sé a n-éisdeacht? Cá bh-fuil an mhuinntir a bhí balbh d' ar thug Sé a g-caint? Cá bh-fuil an mhuinntir a bhí bacach d' ar thug Sé a g-coisidheacht? Cá bh-fuil an mhuinntir a bhí dall d' ar thug Sé a radharc? Cá bh-fuil na daoine a bhí buailte síos le pláigh agus le galra d' ar thug Sé slainte? Agus cá bh-fuil na daoine a bhí ag lobhadh 'sa g-créafóg a thug Sé air ais ameasg na m-beo? Tá siad i n-a g-codladh, neamhaireach air a b-patrún; nó tá síad in sin agus ta siad chomh miobhuidheach no chomh cladhaireach agus nach d-tiocfaidh siad a lathair le focal a chur asteach air a shon. Agus ca bh-fuil Peadar, an gaisgidheach a thug a mhóid Do dá d-tréigfeadh an domhan É nach d-treigfeadh se É agus go leanfadh sé go h-eug É? Mo leun, a dhearbhraithre, ní luáithe a chonnairc Peadar a Mhaighistir i d-teannta, ni luaithe a chonnairc, sé na saighdiuirigh d'a bhualadh agus d'a bhogadh; ni luáithe chonnairc sé go raibh a anam suarach féin i g-contabhairt 'ná thréig se É go díonái- reach, agus, ni h-é amháin gur thréig sé É, acht sheun sé E, agus ni h-é amháin gur thréig sé agus gur sheun sé É, acht mhionnuigh sé arís agus arís, thug sé Dia 'n Uilechumhachtach i láthair le bheith in a fhiadnuise nach bh-faca sé ar iamh É: an cladhaire suarach sgiob sé leis agus do fhág sé a Mháighistir bocht in sin mar an b-fiadh ameasg na madraidh — madraidh fuilteacha ifrinn bhí aig tathfan go h-ocrach air son A chuid fola. 'Seadh, a dhearbhráithre, madraidhe a reubfadh huile bhall in a cholann ó chéile, da m- beidheadh ughdarás an dlighidh aca. A thug asteach É faoi dhein uachdarán na tíre, aig bagairt, muna bh-fuigheadh siadsan cead an rún a bhi in a n-inntinn a chur i ngníomh, muna bh-fuigheadh siad cead osa do chur chum báis, go g-caillfeadh se-sean fábhar an righ — go g-caillfeadh sé a oifige agus, b'fhéidir, a cheann an aoinfeachth leó. Acht bhi fios aig Píolád go raibh Iosa neamh- chionntach. Dubhairt a choinsias leis go raibh; dubhairt a bhean leis go raibh. Air luasgán mar sin agus i d-teannta eidir ordughadh
a choinsiais agus a shochar saoghaltach d' fheuch sé an inntleachd so le nach saorfadh agus nac n-daorfadh se É acht go bh-fágfadh se i lamhaibh na n-daoineadh É. Sé sin, budh gnás i measg na n-Iudaidhe fuasgailt a tabhairt do phríosúnach éigin in onóir a saortha féin ó sclabhuidheacht na h- Egiptigh. Le bheith air leanamhuin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services