Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.

Teideal
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Údar
Ní fios,
Bailitheoir/Eagarthóir
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Dáta cumtha
1886
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

AIR PHAIS AGUS BHAS IOSA.
air leanamhuin.



Acht, fiafrócaidh sibh, cá bh-fuil cáirde
Íosa air feadh na h-aimsire so? Cá bh-fuil
a dheisciobail? Ca bh-fuil na h-absdoil?
Cá bh-fuil an mhuinntir a bhi faoi gach uile
shórt oibliogáid Aige? Cá bh-fuil an mhuinn-
tir a bhí bodhar d'ár thug Sé a n-éisdeacht?
Cá bh-fuil an mhuinntir a bhí balbh d' ar thug
Sé a g-caint? Cá bh-fuil an mhuinntir a bhí
bacach d' ar thug Sé a g-coisidheacht? Cá
bh-fuil an mhuinntir a bhí dall d' ar thug Sé
a radharc? Cá bh-fuil na daoine a bhí buailte
síos le pláigh agus le galra d' ar thug Sé
slainte? Agus cá bh-fuil na daoine a bhí
ag lobhadh 'sa g-créafóg a thug Sé air ais
ameasg na m-beo? Tá siad i n-a g-codladh,
neamhaireach air a b-patrún; nó tá síad in
sin agus ta siad chomh miobhuidheach no chomh
cladhaireach agus nach d-tiocfaidh siad a
lathair le focal a chur asteach air a shon.



Agus ca bh-fuil Peadar, an gaisgidheach a
thug a mhóid Do dá d-tréigfeadh an domhan É
nach d-treigfeadh se É agus go leanfadh sé
go h-eug É? Mo leun, a dhearbhraithre, ní
luáithe a chonnairc Peadar a Mhaighistir i
d-teannta, ni luaithe a chonnairc, sé na
saighdiuirigh d'a bhualadh agus d'a bhogadh; ni
luáithe chonnairc sé go raibh a anam suarach
féin i g-contabhairt 'ná thréig se É go díonái-
reach, agus, ni h-é amháin gur thréig sé É, acht
sheun sé E, agus ni h-é amháin gur thréig sé
agus gur sheun sé É, acht mhionnuigh sé
arís agus arís, thug sé Dia 'n Uilechumhachtach
i láthair le bheith in a fhiadnuise nach
bh-faca sé ar iamh É: an cladhaire suarach
sgiob sé leis agus do fhág sé a Mháighistir
bocht in sin mar an b-fiadh ameasg na
madraidh — madraidh fuilteacha ifrinn bhí aig
tathfan go h-ocrach air son A chuid fola.



'Seadh, a dhearbhráithre, madraidhe a reubfadh
huile bhall in a cholann ó chéile, da m-
beidheadh ughdarás an dlighidh aca. A thug
asteach É faoi dhein uachdarán na tíre, aig
bagairt, muna bh-fuigheadh siadsan cead an
rún a bhi in a n-inntinn a chur i ngníomh,
muna bh-fuigheadh siad cead osa do chur
chum báis, go g-caillfeadh se-sean fábhar an
righ — go g-caillfeadh sé a oifige agus,
b'fhéidir, a cheann an aoinfeachth leó. Acht
bhi fios aig Píolád go raibh Iosa neamh-
chionntach. Dubhairt a choinsias leis go raibh;
dubhairt a bhean leis go raibh. Air luasgán
mar sin agus i d-teannta eidir ordughadh


L. 347


a choinsiais agus a shochar saoghaltach d' fheuch
sé an inntleachd so le nach saorfadh agus
nac n-daorfadh se É acht go bh-fágfadh se i
lamhaibh na n-daoineadh É.



Sé sin, budh gnás i measg na n-Iudaidhe
fuasgailt a tabhairt do phríosúnach éigin in
onóir a saortha féin ó sclabhuidheacht na h-
Egiptigh.



Le bheith air leanamhuin.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services