Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cloga Sheanduin.
Title
Cloga Sheanduin.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
O'Malley, Thomás
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLOGA SHEANDUIN. [TRANSLATION.] By REV. THOMAS O'MALLEY. Bidheann gean mo líonadh, 'N uair bhidhim aig smuaineadh Air chlogaibh Sheandúin Aig scapadhceoil, Mar cheolta Pharthaish, Os cionn m' óg áruis, Nár fhág a chuimhne Mo chroidhe go fóil; Bidheann m' intinn tóigthe Lé smuaineadh m' óighe Air feadh mo shiúbhalta, 'S me lán de ghnaoi; Mar gheall nár chualas Aon chlog a bhuaileas Mar chloga Sheandúin Air bhárr na Laoi. Do shiúbhail me an chruinne 'Gus chualas luinne Na g-clog is binne D' a bh-fuil faoi 'n spéir: Agus luasgadh luaimneach Na d-teangtha bh-fuaimneach; Acht thug tú bárr air A g-ceol go léir. Le cuimhne 'r bhuille Lán saor do chille, Do facas dam-sa Le bród ó chroídhe, Go m-bh'fhíor nar chualas Aon chlog a bhuaileas Mar chloga Sheandúin, Air bhárr na Laoi. Do chualas glóradh O chlogaibh móra Prímh-chill na Róimhe Mar thóirneach theann, Agus cloga gáirde Aig luasgadh 'nn áirde, Ann árd-chill Páris, O bharr na m-beann; Acht fós budh bhinne Do ceolta grinne 'Na scap cill Pheadair Air an Tíber bhuidhe. O! is fíor nár chualas Aon chlog a bhuaileas Mar chloga Sheandúin Air bhárr na Laoi. Tá cáil gan eugadh Air chlog na Gréige, A g-cill Naoimh Sophi Bidheann Turcach deun Air thuir 's air bheanna 'S le glórthaibh teanna Aig fuagairt urnaighe D' á phobul féin. Ni thnuithim leo sin — Bidheadh aca an gleo sin, Oir tá ceol níos ansa Liom féin i g-croidhe: Is fíor nár chualas Aon chlog a bhuaileas Mar chloga Sheandúin Air bhárr na Laoi.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services