Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cloga Sheanduin.

Title
Cloga Sheanduin.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
O'Malley, Thomás
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLOGA SHEANDUIN.
[TRANSLATION.]
By REV. THOMAS O'MALLEY.



Bidheann gean mo líonadh,
'N uair bhidhim aig smuaineadh
Air chlogaibh Sheandúin
Aig scapadhceoil,
Mar cheolta Pharthaish,
Os cionn m' óg áruis,
Nár fhág a chuimhne
Mo chroidhe go fóil;
Bidheann m' intinn tóigthe
Lé smuaineadh m' óighe
Air feadh mo shiúbhalta,
'S me lán de ghnaoi;
Mar gheall nár chualas
Aon chlog a bhuaileas
Mar chloga Sheandúin
Air bhárr na Laoi.



Do shiúbhail me an chruinne
'Gus chualas luinne
Na g-clog is binne
D' a bh-fuil faoi 'n spéir:
Agus luasgadh luaimneach
Na d-teangtha bh-fuaimneach;
Acht thug tú bárr air
A g-ceol go léir.
Le cuimhne 'r bhuille
Lán saor do chille,
Do facas dam-sa
Le bród ó chroídhe,
Go m-bh'fhíor nar chualas
Aon chlog a bhuaileas
Mar chloga Sheandúin,
Air bhárr na Laoi.



Do chualas glóradh
O chlogaibh móra
Prímh-chill na Róimhe
Mar thóirneach theann,
Agus cloga gáirde
Aig luasgadh 'nn áirde,
Ann árd-chill Páris,
O bharr na m-beann;
Acht fós budh bhinne
Do ceolta grinne
'Na scap cill Pheadair
Air an Tíber bhuidhe.
O! is fíor nár chualas
Aon chlog a bhuaileas
Mar chloga Sheandúin
Air bhárr na Laoi.



Tá cáil gan eugadh
Air chlog na Gréige,
A g-cill Naoimh Sophi
Bidheann Turcach deun
Air thuir 's air bheanna
'S le glórthaibh teanna
Aig fuagairt urnaighe
D' á phobul féin.
Ni thnuithim leo sin —
Bidheadh aca an gleo sin,
Oir tá ceol níos ansa
Liom féin i g-croidhe:
Is fíor nár chualas
Aon chlog a bhuaileas
Mar chloga Sheandúin
Air bhárr na Laoi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services