Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Maidrín Ruadh.
Title
An Maidrín Ruadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MAIDRÍN RUADH. I. Air maidin dia-luain, Cois coille seadh chuadhas, Agus mise lorg túairisg mo Ghéadhna; Budh bhinne liom uair, Dhá g-caithbheart súd uaim, Ná sneachta dhá luasg' air ghéugaibh, Do shinnidís tiúin go h-aedhearach, Aig sinnint go h-úmhal dá chéile, Gach siolla 'gus duan, Dá sinnidís suas Do chuírfidís suan air cheúdaibh. II. Budh thaithneamhach lióm, Air maidin air drúchdh, 'Nuair a chasainn anns an gliónn mo ghéadhna, N'íl duine anns an domhan, Nach tuitfeadh a n-greann, Le sealad do thabhairt dá n-aodhaireacht. D'iththidís samhadh agus feur glas, Biolar na h-abhan 's an treun-luig, Ó! 's do theagaidís chúgham, A bhaile 'nn a d-trúp! Gan basgadh ná bhrughadh ó aonne. III. N'íl duine anns an áit, Nach tuitfeadh a n-grádh, Le taithneamh do cháil mo gheadhna, A's gur sgiobadar an bárr, Ó'n eala fíor-snámh, A's ó'n sneachta dhá cáitheadh air shléibhtibh Le gileacht gan cháim dhá sgéimh chruth Ní raibh cleite ann a m-brághaid do thréigfeadh; Do shinnidís tiúin, Budh bhinne 'ná an bh-fliúit, Nuair a theagainn anns an glíonn dá bh- féuchaint.
IV. A's do bhronnas a g-cuid clúmh Mar leaba air an n-Dúic, Cé gur dhiocair é tabhairt gan aon nídh; Ní raibh cleite ann a n-drom a flaitheas go bonn, Nach gur bh' airgead ramhar dom féin é. Ní sgarfainn gd deimhin lem' ghéadhnaibh, Ní sgarfainn, ná air oighreacht Dhéimir, A's dá g-cuirfinn-si suím, A m-beiridís d'uíbhibh, Do dhíolfadaois mo chíos gach féile. V. Budh ró-bhreágh an sómhalthus, Air baisdeadh nó air pósa, Ceann nó dho dhom' ghéadhnaibh; Nó duine bheidheadh breóite, Gheabhadh blaise a g-cuid feóla, Ní leigfheadh aig dreóghadh anns an g-cré é. N'íl duine anns a' domhan, dhá thréineacht, Sagart ná ughdar céile, Gheabhadh blaise 'g-cuid súip, Air maidin air drúchd, Nach go m-bearra leis súd 'na daor-phuins! VI. A's do bhídís do chrántaibh, Míne, breághtha — An bhroighid a b'-feárr a bhí ann Éirinn; a 's an ganndal Spáingeach, Anoll thar sáile! — Aphíp a's a bhrághaid air aon dath! Is duibhe liom fann-lag, tréit, íad, Gan bhrígh ná lúth 'nn a n-géugaibh; Agus lomadh-sgrios cruaidh, Air a' maidrín ruadh! Dh'fág mise dhia-luain gan geadhnaibh!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services