Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Maidrín Ruadh.

Title
An Maidrín Ruadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN MAIDRÍN RUADH.
I.
Air maidin dia-luain,
Cois coille seadh chuadhas,
Agus mise lorg túairisg mo Ghéadhna;
Budh bhinne liom uair,
Dhá g-caithbheart súd uaim,
Ná sneachta dhá luasg' air ghéugaibh,
Do shinnidís tiúin go h-aedhearach,
Aig sinnint go h-úmhal dá chéile,
Gach siolla 'gus duan,
Dá sinnidís suas
Do chuírfidís suan air cheúdaibh.



II.
Budh thaithneamhach lióm,
Air maidin air drúchdh,
'Nuair a chasainn anns an gliónn mo ghéadhna,
N'íl duine anns an domhan,
Nach tuitfeadh a n-greann,
Le sealad do thabhairt dá n-aodhaireacht.
D'iththidís samhadh agus feur glas,
Biolar na h-abhan 's an treun-luig,
Ó! 's do theagaidís chúgham,
A bhaile 'nn a d-trúp!
Gan basgadh ná bhrughadh ó aonne.



III.
N'íl duine anns an áit,
Nach tuitfeadh a n-grádh,
Le taithneamh do cháil mo gheadhna,
A's gur sgiobadar an bárr,
Ó'n eala fíor-snámh,
A's ó'n sneachta dhá cáitheadh air shléibhtibh
Le gileacht gan cháim dhá sgéimh chruth
Ní raibh cleite ann a m-brághaid do
thréigfeadh;
Do shinnidís tiúin,
Budh bhinne 'ná an bh-fliúit,
Nuair a theagainn anns an glíonn dá bh-
féuchaint.


L. 337


IV.
A's do bhronnas a g-cuid clúmh
Mar leaba air an n-Dúic,
Cé gur dhiocair é tabhairt gan aon nídh;
Ní raibh cleite ann a n-drom
a flaitheas go bonn,
Nach gur bh' airgead ramhar dom féin é.
Ní sgarfainn gd deimhin lem' ghéadhnaibh,
Ní sgarfainn, ná air oighreacht Dhéimir,
A's dá g-cuirfinn-si suím,
A m-beiridís d'uíbhibh,
Do dhíolfadaois mo chíos gach féile.



V.
Budh ró-bhreágh an sómhalthus,
Air baisdeadh nó air pósa,
Ceann nó dho dhom' ghéadhnaibh;
Nó duine bheidheadh breóite,
Gheabhadh blaise a g-cuid feóla,
Ní leigfheadh aig dreóghadh anns an g-cré é.
N'íl duine anns a' domhan, dhá thréineacht,
Sagart ná ughdar céile,
Gheabhadh blaise 'g-cuid súip,
Air maidin air drúchd,
Nach go m-bearra leis súd 'na daor-phuins!



VI.
A's do bhídís do chrántaibh,
Míne, breághtha —
An bhroighid a b'-feárr a bhí ann Éirinn;
a 's an ganndal Spáingeach,
Anoll thar sáile! —
Aphíp a's a bhrághaid air aon dath!
Is duibhe liom fann-lag, tréit, íad,
Gan bhrígh ná lúth 'nn a n-géugaibh;
Agus lomadh-sgrios cruaidh,
Air a' maidrín ruadh!
Dh'fág mise dhia-luain gan geadhnaibh!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services