Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg Gaedhealach.
Title
Tadhg Gaedhealach.
Author(s)
Flannery, Thomas - Tomas O Flannaoile,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TADHG GAEDHEALACH, Ní'l file Éireannach air bith d'ár cumadh riamh feartlaoi as deise ná as binne 'ná an fheartlaoi do scríobh Donnchadh Ruadh Mac Conmara d'á charaid 'sdá chomhbhárd Tadhg Gaedhealach a Súilliubháin. Badh iomchubhaidh í go deimhin d'fhile dob' uaisle ná Tadhg bocht Gaedhealach. Air a shon sin bhí cuid do chomharthaibh an fhír-fhile air, agus ní féidir a sheunadh gur mór an chlú atá air Tadhg air fud na Mumhan. D'fhág sé a ainm 'san g- cúigeadh sin ní h-é amháin in iomad d'abhrá- naibh deasa agus do dhántaibh cráibhtheacha as ionmhuin leis na Muimhneachaibh gus an lá 'ndiu, acht fós, i mórán do ráidhtibh ró chríonna agus do gheurfhoclaibh greannmhara, ionnas gur deacair seanrádh d'fhaghail nach measann cuid do na daoinibh gur le Tadhg Gaedhealach ó thús é. Do shaoilfeadh duine nach feartlaoi Laidne ba chóra do scríobhadh air bárd do ghrádhuigh an Ghaedhilig chomh mór sin agus do thaithigh an teanga sin amháin in a dhántaibh. Acht is eol do chách gur b'oide na d-teangan léigh- eanta Donnchadh Ruadh: is follus as na rannaibh so shíos gur b'ollamh laidin é air aon chor. Do thionntuigh “Érionnach” na rainn i m-Beurla, acht is dóigh liom féin gur cuibhdhe d' “Érionnach” aistriughadh Gaedhilge dodhéanadh air fhear do bhí chomh “Gaedhealach” as do bhí Tadhg O Súilliubháin. Mar nach ndeárnadh a leithéid sin d'aistriuighadh go d-tí so, do rinneas féin mo dhithcheall chum na rainn do chur i nGaedhilig — cia gur b'fheárr liom an ní so d'fheicsin air n-a dhéanadh ag Muimhneach. Níor chuireas an laoi faoi 'n t-sean-chuma Ghaedhealach acht do rinne mé aithris (mar as follus) air an sean-mhodh clasaiceach — an meud as feidir a leanamhain — le feuchain cionnas d' oirfidís hexametrí agus pentametrí d'ár nGaedhilig féin. Tiubhraidh na léightheoridh breitheamhnas. Is eagal liom nach raibh san ainm “Gae- dhealach” do bheiridís na daoine do ghnáth air Ó Súilliubháin ní as mo 'ná leas-ainm. Go bh-fóiridh Dia orainn! Is ait an cineadh sinn. Má tá cuid againn ró Ghallda in ár m-beusaibh nó in ár smuaintibh do dhéan- faidh daoine ádhbhacht dínn — agus ni h- íongnadh é. Acht toghtar fós go raibh ceud bliadhan ó shin amadáin i measc ár muintire féin san Mumhain a d-táinic leo magadh do dhéanadh faoi fhear ní h-Abraim mar gheall air a bheith ró Ghaedhealach, acht air a bheith Gaedhealach féin. Dearbhadh sin dar liom air mheud na Galldachta do bhí air mhórán do Shíol Súilliubháin agus do chlannaibh eile san aimsir úd. Do bhí Súilliubhánaigh Gallda, mar as dóigh, chomh líonmhar san am sin gur b' íongnadh Súilliubhánach Gaedh- ealach d'fheicsin!
(Tionntodh.) Shíos faoi an bh-fód so tá Tadhg: air an uaigh tabhair amharc a thaistealaigh, Éigeas ba mhór as mhaith clú, beag an áit 'bh-fuil sé 'na luighe! Truagh go n-deachaidh don eug orainn! truagh go rug an bás buaidh air! D'eitioll a spiorad in árd, 'g iarraidh na righeachta thall. Cia chanfas Éire 'na dhiaidh-sean dúinn? cia chanfas gaisceadh a laochraidh? Faraoir! air d-traochadh do Thadhg, 'nois biann ár g-ceolta 'na d-tost. D'imthigh sé 'gabháil a rann do bhí eolach as aoibhinn le cloistin, Chuaidh sé go buadhach anonn, fuair sé luach-saothair as bárr. Mholadh sé Tighearna na ndúl lé n-a dhuan- taibh breagh', bríoghmhara, milse, Ceolta ró bhinne air neamh seinnfidh se feasta go deo. Bhuimidh na m-bárd, déanaidh brón! óir do chaill sibh go síorraidh bhur n-dalta, Tadhg do shíol Eochaidh san úir, cumhach andiu clanna Gaedheal! Síothcháin ba mhian leis d'á chroidhe agus síothcháin do fuair se in áirde, Ráinic sé flaitheamhnas Dé, flaitheamhnas Athar na nglóir. T. Ó Flannaoile
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services