TADHG GAEDHEALACH,
Ní'l file Éireannach air bith d'ár cumadh
riamh feartlaoi as deise ná as binne 'ná an
fheartlaoi do scríobh Donnchadh Ruadh Mac
Conmara d'á charaid 'sdá chomhbhárd Tadhg
Gaedhealach a Súilliubháin. Badh iomchubhaidh
í go deimhin d'fhile dob' uaisle ná Tadhg
bocht Gaedhealach. Air a shon sin bhí cuid do
chomharthaibh an fhír-fhile air, agus ní féidir a
sheunadh gur mór an chlú atá air Tadhg air
fud na Mumhan. D'fhág sé a ainm 'san g-
cúigeadh sin ní h-é amháin in iomad d'abhrá-
naibh deasa agus do dhántaibh cráibhtheacha as
ionmhuin leis na Muimhneachaibh gus an lá
'ndiu, acht fós, i mórán do ráidhtibh ró
chríonna agus do gheurfhoclaibh greannmhara,
ionnas gur deacair seanrádh d'fhaghail nach
measann cuid do na daoinibh gur le Tadhg
Gaedhealach ó thús é.
Do shaoilfeadh duine nach feartlaoi Laidne
ba chóra do scríobhadh air bárd do ghrádhuigh
an Ghaedhilig chomh mór sin agus do thaithigh
an teanga sin amháin in a dhántaibh. Acht is
eol do chách gur b'oide na d-teangan léigh-
eanta Donnchadh Ruadh: is follus as na
rannaibh so shíos gur b'ollamh laidin é air
aon chor. Do thionntuigh “Érionnach” na
rainn i m-Beurla, acht is dóigh liom féin gur
cuibhdhe d' “Érionnach” aistriughadh Gaedhilge
dodhéanadh air fhear do bhí chomh “Gaedhealach”
as do bhí Tadhg O Súilliubháin. Mar nach
ndeárnadh a leithéid sin d'aistriuighadh go
d-tí so, do rinneas féin mo dhithcheall chum
na rainn do chur i nGaedhilig — cia gur
b'fheárr liom an ní so d'fheicsin air n-a
dhéanadh ag Muimhneach. Níor chuireas an laoi
faoi 'n t-sean-chuma Ghaedhealach acht do
rinne mé aithris (mar as follus) air an
sean-mhodh clasaiceach — an meud as feidir a
leanamhain — le feuchain cionnas d' oirfidís
hexametrí agus pentametrí d'ár nGaedhilig
féin. Tiubhraidh na léightheoridh breitheamhnas.
Is eagal liom nach raibh san ainm “Gae-
dhealach” do bheiridís na daoine do ghnáth air
Ó Súilliubháin ní as mo 'ná leas-ainm. Go
bh-fóiridh Dia orainn! Is ait an cineadh
sinn. Má tá cuid againn ró Ghallda in
ár m-beusaibh nó in ár smuaintibh do dhéan-
faidh daoine ádhbhacht dínn — agus ni h-
íongnadh é. Acht toghtar fós go raibh ceud
bliadhan ó shin amadáin i measc ár muintire
féin san Mumhain a d-táinic leo magadh do
dhéanadh faoi fhear ní h-Abraim mar gheall
air a bheith ró Ghaedhealach, acht air a bheith
Gaedhealach féin. Dearbhadh sin dar liom
air mheud na Galldachta do bhí air mhórán
do Shíol Súilliubháin agus do chlannaibh
eile san aimsir úd. Do bhí Súilliubhánaigh
Gallda, mar as dóigh, chomh líonmhar san
am sin gur b' íongnadh Súilliubhánach Gaedh-
ealach d'fheicsin!
(Tionntodh.)
Shíos faoi an bh-fód so tá Tadhg: air an
uaigh tabhair amharc a thaistealaigh,
Éigeas ba mhór as mhaith clú, beag an áit
'bh-fuil sé 'na luighe!
Truagh go n-deachaidh don eug orainn! truagh
go rug an bás buaidh air!
D'eitioll a spiorad in árd, 'g iarraidh na
righeachta thall.
Cia chanfas Éire 'na dhiaidh-sean dúinn? cia
chanfas gaisceadh a laochraidh?
Faraoir! air d-traochadh do Thadhg, 'nois
biann ár g-ceolta 'na d-tost.
D'imthigh sé 'gabháil a rann do bhí eolach as
aoibhinn le cloistin,
Chuaidh sé go buadhach anonn, fuair sé
luach-saothair as bárr.
Mholadh sé Tighearna na ndúl lé n-a dhuan-
taibh breagh', bríoghmhara, milse,
Ceolta ró bhinne air neamh seinnfidh se
feasta go deo.
Bhuimidh na m-bárd, déanaidh brón! óir do
chaill sibh go síorraidh bhur n-dalta,
Tadhg do shíol Eochaidh san úir, cumhach
andiu clanna Gaedheal!
Síothcháin ba mhian leis d'á chroidhe agus
síothcháin do fuair se in áirde,
Ráinic sé flaitheamhnas Dé, flaitheamhnas
Athar na nglóir.
T. Ó Flannaoile