Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéimh Rith-na-Ferside.
Title
Scéimh Rith-na-Ferside.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCÉIMH RITH-NA-FERSIDE. Is mithid dam leigheadh air scéimh Rith-na- ferside [recte rinn na feirside.] An taobh so de Eachnas ó iochtar. Tig dealradh ó'n ghréin le séun air maidin, 'S ní theidheann air ais go d-tí 'n oidhche. Ní'l duibhshión dhá mheud nó pléusgadh ceath- annaidh Is cuma cia'n taobh aig a seidfigh an gair- bhshion Nach bh-fuil fasgadh a's féur lé fághail aig an eallach 'S ní bréug nach fada a chuid faorthann (fiorthán.) Tá'n carr-fhiadh ó'n Dígean faoi na chuid beanna Go sioruidhe a feitheamh air mháinaibh. Tá'n eilid 's a laoigh go siamamhail mac- nasach, Sínnte air leapacha fásaigh. Tá'n broc 'sa' miol-buidhe, an naoisg 'gus an fheadóg an Crosach, cearc-fhraoich, creabhar caoch agus lachainn ann, Tá na coiníníghe síolmhar, lionmhar fairsinn ann, 'S nach aoibhinn an eala air a' t-snámh ann. Tá'n traighen n'i a móinfhéur trathnóna 's air maidin
'S go mór-mhór a g-caitheamh na h-oidhche, De aoibhneas na Fódhla ceólta aig beacha A tógbháil meala de chraébha. Tá cuacha 'na slóightibh lé ceó na maidhne ann, Seinm léir nóta ceól agus carthanas; An lonn-dubh 'sa smóilín le choruis a freagairt Air bhórd na ferside go sioruighe. An fear a siubhal Éire le pléisúir sealad' Fuair spórt agus aiteas an t-saoghail so, Ceannfuirt a ghame nach féidir a bhacadh. Air féustaibh aig maithaibh na tíre, Is iomaidh sin séat go géur a bhreathnuigh sé, Chois fairge, sléibhte, 'gus éudan machairighe 'S gur b-e canamhuint a bhéil, eidir fheur agus talamh Go bh-fuil sway leis a bh-fersid choidhche. Ta innbhir na h-Éireann na dhiaigh a d-tar- cuisne 'Sí so an scoith leis a bh-fírinn Abhainn Chilltéine scéimh gach glan-uisge I m-béul a lán-mara 'san oidhche Tá bradán a t-séusíur ag éirighe air char- raig ann An breac air a léim 'na dhiaigh go macnasach; Ní'l iasg air a g-caebh da mhéud a ghradam, Nach féidir a ceapadh le líon ann. De fearr 's bárr áth le fághail aig a bh- feirsid Nuair árduigheas neart gaoithe móire Tá caladh an bháid is feárr ó Ghaillimh Go báighe Chillallaidh air na cóstaidh Ní'l soitheach dhá mhéud nach d-tairnigheann as fairge ann Loingeas na Spáin agus málaigh tobac orrtha, Tá fir agus mná, dul stácadh ghá chaitheadh, 'S nach deas an rud baile do'n t-sóirt sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services