Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéimh Rith-na-Ferside.

Title
Scéimh Rith-na-Ferside.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCÉIMH RITH-NA-FERSIDE.



Is mithid dam leigheadh air scéimh Rith-na-
ferside [recte rinn na feirside.]
An taobh so de Eachnas ó iochtar.
Tig dealradh ó'n ghréin le séun air maidin,
'S ní theidheann air ais go d-tí 'n oidhche.
Ní'l duibhshión dhá mheud nó pléusgadh ceath-
annaidh
Is cuma cia'n taobh aig a seidfigh an gair-
bhshion
Nach bh-fuil fasgadh a's féur lé fághail aig
an eallach
'S ní bréug nach fada a chuid faorthann
(fiorthán.)



Tá'n carr-fhiadh ó'n Dígean faoi na chuid
beanna
Go sioruidhe a feitheamh air mháinaibh.
Tá'n eilid 's a laoigh go siamamhail mac-
nasach,
Sínnte air leapacha fásaigh.
Tá'n broc 'sa' miol-buidhe, an naoisg 'gus
an fheadóg an
Crosach, cearc-fhraoich, creabhar caoch agus
lachainn ann,
Tá na coiníníghe síolmhar, lionmhar fairsinn
ann,
'S nach aoibhinn an eala air a' t-snámh ann.



Tá'n traighen n'i a móinfhéur trathnóna 's
air maidin


L. 278


'S go mór-mhór a g-caitheamh na h-oidhche,
De aoibhneas na Fódhla ceólta aig beacha
A tógbháil meala de chraébha.
Tá cuacha 'na slóightibh lé ceó na maidhne
ann,
Seinm léir nóta ceól agus carthanas;
An lonn-dubh 'sa smóilín le choruis a
freagairt
Air bhórd na ferside go sioruighe.



An fear a siubhal Éire le pléisúir sealad'
Fuair spórt agus aiteas an t-saoghail so,
Ceannfuirt a ghame nach féidir a bhacadh.
Air féustaibh aig maithaibh na tíre,
Is iomaidh sin séat go géur a bhreathnuigh sé,
Chois fairge, sléibhte, 'gus éudan machairighe
'S gur b-e canamhuint a bhéil, eidir fheur
agus talamh
Go bh-fuil sway leis a bh-fersid choidhche.



Ta innbhir na h-Éireann na dhiaigh a d-tar-
cuisne
'Sí so an scoith leis a bh-fírinn
Abhainn Chilltéine scéimh gach glan-uisge
I m-béul a lán-mara 'san oidhche
Tá bradán a t-séusíur ag éirighe air char-
raig ann
An breac air a léim 'na dhiaigh go macnasach;
Ní'l iasg air a g-caebh da mhéud a ghradam,
Nach féidir a ceapadh le líon ann.



De fearr 's bárr áth le fághail aig a bh-
feirsid
Nuair árduigheas neart gaoithe móire
Tá caladh an bháid is feárr ó Ghaillimh
Go báighe Chillallaidh air na cóstaidh
Ní'l soitheach dhá mhéud nach d-tairnigheann as
fairge ann
Loingeas na Spáin agus málaigh tobac
orrtha,
Tá fir agus mná, dul stácadh ghá chaitheadh,
'S nach deas an rud baile do'n t-sóirt sin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services