Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhichéil. Áird-Easpoig Thuama. An tAonmhadh Caibidil air Fhichid.
Title
Beatha Sheághain Mhichéil. Áird-Easpoig Thuama. An tAonmhadh Caibidil air Fhichid.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgríobhadh d'aondacht na Gaedhilge leis an athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. (Air leanamhain ó'n Irisleabhar Uimhir 10, l. 311.) An t-Aonmhadh Caibidil air Fhichid. Is maith sin, a sheirbhísigh mhaith dhílis. N. Mátha, xxv. 21. I d-timchioll an ama in a righneadh eas- pog de'n Athair Tomás Ua Fíona, bhidheadar mórán mío-rath ag goilleadh air chrích na h-Éireann. Do bhí trí bun-adhbhair móra mio-ratha uirri. An cheud adhbhar:— míorath an neamhoidis, 'se sin, díobháil fóghlama air a cuid fear óg agus ban óg. Na malraigh a bhí ag fás suas, bhidheadar faoi aineolus agus ainbhfios air ealadhain agus gnóthaidh an t-saoghail, réir mar do bhí ag lucht na d-tír eile: go cinte bhí eolus a g-creidimh aca, acht ní raibh aca saoirseacht le lán-eolus d'fhághail air gach caoi, agus dualgus a g-creidimh a chóimhlíonadh go follus agus a chleachtadh ós árd. An dara adhbhar mío-rátha, no 'se is féarr a rádh, mallacht a bhí ós cionn na tíre, go rabhadar na daome in a d-tráillibh faoi gheur-bhruid air feadh na g-cianta. Do bhí gach fear Sacsanach agus gach Gall in oifige; agus gach fear in oifige bhí se 'na thíorán beag os cionn na n-daoineadh cho fada a's bhí se in a chumas bheith amhlaidh. Do bhí a m-bráite lán de shoiteal agus de bhoirbe. Ní rabhadar an pobal náisiunda faoi cheannas no faoi stiur a muintire féin: bhidheadar mar choigcrighibh in a d-tír féin. An tríomhadh adhbhar mío-ratha agus leirsg- ris bhí air na daoinibh ins an aimsir sin — bhí an mheisge. D'fhás luibheanna an mhí-ádha so ó fhreum an ainbhfis agus ó bhunadh na tráill- eachta. Ins an am sin, do bhí uisge-beatha agus biotáille saor: bhí an t-ól cho coit- chionn le nidh air bith. Tá an t-ól dona go leor i láthair, acht leith-chéid bliadhain ó shoin, bhidheadh gach uile dhuine, no gar do gach uile dhuine, go coitchionn ag ól. D'óladar na daoine aig a raibh dúil in ól air maidin agus tráthnóna, i lár an lae, agus air gach am, ag dul isteach no ag teacht amach; ag déanadh aistir, 'se sin i m-beul an bhóthair, no ag fanacht 'san m-baile; ag déanadh margaidh, 'se sin ag reic no ag ceannach; in aimsir luathgháire no i d-tráth an dobhróin, d'óladar. Do bhí fonn an óil go h-an-mhór: bhí an t-ainmhian so an óil mar ghalar ann, — ag ithe isteach air chroidhe agus anam na n-daoineadh air fad, idir ísiol agus uasal, saidhbhir agus daidhbhir, lag agus láidir, óg agus sean, dona agus sona, daoi agus saoi. Do bhí gach teach agus teaghlach, gach muin- ighin agus gach muintir, gach tír agus gach tuaith báidhte le h-uisge an bhróin agus an
bhriste-croidhe mar gheall air an ól. Cá bh-fuil an fear úd le fághail a slánóchaidh na daoine bochta a tá gan céill air mire mar so? Atá bráthair bocht d' órd Naoimh Phroinsiais — an t-Athair Tiobóid Maittiu. D'árduigh Dia an t-Uilechúmhachtach triur d'fhearaibh feidhmeamhla, fíor-chródha suas le na trí mí-ádha móra so a chur síos, buaidh fhághail orra agus a leagan air lár, — an t-Áirdeaspog MacHéil le fíor-léighean agus fóghluim d'fhághail, Domhnall Ua Con- aill le troid go cródha chum Clanna Gaodhail a shaoradh ó bhruid na g-cianta, agus an t-Athair Maittiu leis an mheisge do dhíbirt as an tír, agus na Críostaidhthe do shábháil ó'n galar millteach so coirp agus anama. I mí an Abrain 1838 do thosuigh an t-Athair Maittiu i m-baile Corcaigh an obair b'iongantaighe a tháinic ós cómhair an domhain ó thús na h-aoise a tá ann i láthair. Do bhí an obair so iongantach air gach bea- lach, iongantach in a tosughadh, mar an síol beag noch do chuir an fear air a leighmíd 'san t-soisgeul in a fheilm: d'fhás se, agus d'eirigh se a bheith 'na chrann áluinn aig a raibh geuga agus duileabhar cho mór agus cho iondual gur thangadar eunlaith an aeir agus fuaradar sgáth agus fasgadh faoi. Do bhí an obair so iongantach ins na méadhonaibh simplidhe le n-ar' chuaidh si air aghaidh. Do bhí an obair so iongantach ins an toradh d'fhás uaithi agus d'fhan air bun gar go leitchéid bliadhain. Ta an glóir aig Tiobraid-Árann gur ann i m-Baile-Tomáis, do rugadh an leanbh beannuighthe úd, Tiobóíd Maittiu, i m-blia- dhain 1790: i d-taoibh a gheineamhna, do bhí se, mar sin de, bliadhain níos óige ioná do bhí Seághan MacHéil. Chuadar an bheirt go Coláisde Maighe-Nuadhat an bhliadhain cheud- na, 1807; fuaradar gradam sagairt 'san bhliadhain cheudna, 1814, agus ó'n Áirdeas- rog ceudna, acht ní air an ocáid cheudna. Roimhe sin, d'fhág Tiobóid Maittiu Mágh- Nuadhat 'néis a bheith ann aon bhliadhain amháin, agus do glacadh asteach é i measg na m-bráthair i g-Cill-Cainnigh. Nuair do righneadh sagart dé, bhí se seal ag déanadh oibre bráthar agus sagairt ins an m-baile sin. Tar éis seala do h-athruigheadh é go baile Corcaigh, agus do bhí se annsin ag déanadh go leor maitheasa do Dhia agus do dhuine go d-tí an bhliadhain 1838, nuair do thosuigh se air an deachmhadh lá d'Abrán, ag tabhairt an Ghealla do na daoinibh in aghaidh an óil agus na meisgeamhlachta go bráth: so iad a bhriathra; “Tosuighim in Ainm Dé.” I d-trí mhí bhidheadar gar do dha-fhichid míle duine, fir agus mná, faoi gheall gan aon deor amháin uisge-beatha ól go deo. Do chongbhaigheadar iomadamhlacht na n-daoi- neadh an geall noch do thugadar ós cómhair Dé, agus ós cómhair an domhain agus ós comhair aingeal fhlaithis. Tar éis dhá mhí deug, bhidheadar bruach air ceathramhadh milliuin daoine mar aon mhuintir in dáil ag cuideachain le chéile i n-dúil obair mháith a dhéanadh do Dia agus do'n chine daonda. Le bheit air Leanamhuin.
Singular 1. Bídhim, bídhir, bídheann se bíonn se 2. Bhídheas, bhídhis, bhí sé 3. Ní rabhas, ní rabhais, ní raibh sé 4. Budh, or ba me, thu, h-é Plural 1. Bídhmíd, bídhthí, bídhid 2. Bhíomar, bhíobhar, bhiodar 3. Ní rabhamar, ní rabhabhar, ní rabadar 4. Budh, or ba sinn, sib, h-iad (1.) Bíonn na sionnaigh 'sna h-uanaibh 'san lá, agus amuigh 'san oidhche, acht bíonn na h-eunlaith 'n a g-codladh 'san oidhche agus aig ceileabhar 'san lá. (2.) An mionán do bhí ag an sionnach 'n a bheul? Ní h-eadh, acht uan beag, óg; agus ní'n a bheul do bhí sé aige, acht greim do bhí aige air a chluais le na fhiaclaibh. (3.) An bh-fuil an t-uan marbh? Ní'l; agus ní raibh a chluas gearr- tha; beidh an t-uan sin 'n a caora mhór fós. (4.) Cia aca leat-sa, nó le Tomas Paor an t-uan? (5.) Adeir Tomas gur leis féin é; acht adeir Muiris nach h-eadh, ach liom- sa. (6.) Cá bh-fuil mac Mhuiris anois — an mac is sine? (7.) Tá sé 'sa' Róimh 'san g-coláiste Ghaodhlach: beidh sé'n a shagart an bhliadhain so chugainn. Tá a bheirt mhac eile air sgoil Laidne; Duine dhíobh lé bheith 'n a dhochtúir; agus an duine eile 'n a fhear dlighidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services