BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.
Air n-a sgríobhadh d'aondacht na Gaedhilge leis an
athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.
(Air leanamhain ó'n Irisleabhar Uimhir 10, l. 311.)
An t-Aonmhadh Caibidil air Fhichid.
Is maith sin, a sheirbhísigh mhaith dhílis. N.
Mátha, xxv. 21.
I d-timchioll an ama in a righneadh eas-
pog de'n Athair Tomás Ua Fíona, bhidheadar
mórán mío-rath ag goilleadh air chrích na
h-Éireann. Do bhí trí bun-adhbhair móra
mio-ratha uirri.
An cheud adhbhar:— míorath an neamhoidis,
'se sin, díobháil fóghlama air a cuid fear
óg agus ban óg. Na malraigh a bhí ag fás
suas, bhidheadar faoi aineolus agus ainbhfios
air ealadhain agus gnóthaidh an t-saoghail,
réir mar do bhí ag lucht na d-tír eile: go
cinte bhí eolus a g-creidimh aca, acht ní raibh
aca saoirseacht le lán-eolus d'fhághail air
gach caoi, agus dualgus a g-creidimh a
chóimhlíonadh go follus agus a chleachtadh ós
árd.
An dara adhbhar mío-rátha, no 'se is féarr
a rádh, mallacht a bhí ós cionn na tíre, go
rabhadar na daome in a d-tráillibh faoi
gheur-bhruid air feadh na g-cianta. Do bhí
gach fear Sacsanach agus gach Gall in
oifige; agus gach fear in oifige bhí se 'na
thíorán beag os cionn na n-daoineadh cho
fada a's bhí se in a chumas bheith amhlaidh.
Do bhí a m-bráite lán de shoiteal agus de
bhoirbe. Ní rabhadar an pobal náisiunda
faoi cheannas no faoi stiur a muintire
féin: bhidheadar mar choigcrighibh in a d-tír
féin.
An tríomhadh adhbhar mío-ratha agus leirsg-
ris bhí air na daoinibh ins an aimsir sin — bhí an
mheisge. D'fhás luibheanna an mhí-ádha so ó
fhreum an ainbhfis agus ó bhunadh na tráill-
eachta. Ins an am sin, do bhí uisge-beatha
agus biotáille saor: bhí an t-ól cho coit-
chionn le nidh air bith. Tá an t-ól dona go
leor i láthair, acht leith-chéid bliadhain ó shoin,
bhidheadh gach uile dhuine, no gar do gach uile
dhuine, go coitchionn ag ól. D'óladar na
daoine aig a raibh dúil in ól air maidin
agus tráthnóna, i lár an lae, agus air gach
am, ag dul isteach no ag teacht amach; ag
déanadh aistir, 'se sin i m-beul an bhóthair,
no ag fanacht 'san m-baile; ag déanadh
margaidh, 'se sin ag reic no ag ceannach; in
aimsir luathgháire no i d-tráth an dobhróin,
d'óladar. Do bhí fonn an óil go h-an-mhór:
bhí an t-ainmhian so an óil mar ghalar ann,
— ag ithe isteach air chroidhe agus anam na
n-daoineadh air fad, idir ísiol agus uasal,
saidhbhir agus daidhbhir, lag agus láidir, óg
agus sean, dona agus sona, daoi agus saoi.
Do bhí gach teach agus teaghlach, gach muin-
ighin agus gach muintir, gach tír agus gach
tuaith báidhte le h-uisge an bhróin agus an
bhriste-croidhe mar gheall air an ól. Cá
bh-fuil an fear úd le fághail a slánóchaidh
na daoine bochta a tá gan céill air mire
mar so? Atá bráthair bocht d' órd Naoimh
Phroinsiais — an t-Athair Tiobóid Maittiu.
D'árduigh Dia an t-Uilechúmhachtach triur
d'fhearaibh feidhmeamhla, fíor-chródha suas le
na trí mí-ádha móra so a chur síos, buaidh
fhághail orra agus a leagan air lár, — an
t-Áirdeaspog MacHéil le fíor-léighean
agus fóghluim d'fhághail, Domhnall Ua Con-
aill le troid go cródha chum Clanna
Gaodhail a shaoradh ó bhruid na g-cianta,
agus an t-Athair Maittiu leis an mheisge
do dhíbirt as an tír, agus na Críostaidhthe
do shábháil ó'n galar millteach so coirp
agus anama.
I mí an Abrain 1838 do thosuigh an
t-Athair Maittiu i m-baile Corcaigh an
obair b'iongantaighe a tháinic ós cómhair an
domhain ó thús na h-aoise a tá ann i láthair.
Do bhí an obair so iongantach air gach bea-
lach, iongantach in a tosughadh, mar an síol
beag noch do chuir an fear air a leighmíd
'san t-soisgeul in a fheilm: d'fhás se, agus
d'eirigh se a bheith 'na chrann áluinn aig a
raibh geuga agus duileabhar cho mór agus
cho iondual gur thangadar eunlaith an aeir
agus fuaradar sgáth agus fasgadh faoi.
Do bhí an obair so iongantach ins na
méadhonaibh simplidhe le n-ar' chuaidh si air
aghaidh. Do bhí an obair so iongantach ins
an toradh d'fhás uaithi agus d'fhan air bun
gar go leitchéid bliadhain.
Ta an glóir aig Tiobraid-Árann gur
ann i m-Baile-Tomáis, do rugadh an leanbh
beannuighthe úd, Tiobóíd Maittiu, i m-blia-
dhain 1790: i d-taoibh a gheineamhna, do bhí
se, mar sin de, bliadhain níos óige ioná do
bhí Seághan MacHéil. Chuadar an bheirt go
Coláisde Maighe-Nuadhat an bhliadhain cheud-
na, 1807; fuaradar gradam sagairt 'san
bhliadhain cheudna, 1814, agus ó'n Áirdeas-
rog ceudna, acht ní air an ocáid cheudna.
Roimhe sin, d'fhág Tiobóid Maittiu Mágh-
Nuadhat 'néis a bheith ann aon bhliadhain
amháin, agus do glacadh asteach é i measg
na m-bráthair i g-Cill-Cainnigh. Nuair do
righneadh sagart dé, bhí se seal ag déanadh
oibre bráthar agus sagairt ins an m-baile
sin. Tar éis seala do h-athruigheadh é go
baile Corcaigh, agus do bhí se annsin ag
déanadh go leor maitheasa do Dhia agus do
dhuine go d-tí an bhliadhain 1838, nuair do
thosuigh se air an deachmhadh lá d'Abrán, ag
tabhairt an Ghealla do na daoinibh in aghaidh
an óil agus na meisgeamhlachta go bráth:
so iad a bhriathra; “Tosuighim in Ainm Dé.”
I d-trí mhí bhidheadar gar do dha-fhichid míle
duine, fir agus mná, faoi gheall gan aon
deor amháin uisge-beatha ól go deo. Do
chongbhaigheadar iomadamhlacht na n-daoi-
neadh an geall noch do thugadar ós cómhair
Dé, agus ós cómhair an domhain agus ós
comhair aingeal fhlaithis. Tar éis dhá mhí
deug, bhidheadar bruach air ceathramhadh
milliuin daoine mar aon mhuintir in dáil
ag cuideachain le chéile i n-dúil obair mháith
a dhéanadh do Dia agus do'n chine daonda.
Le bheit air Leanamhuin.
Singular
1. Bídhim, bídhir, bídheann
se bíonn se
2. Bhídheas, bhídhis, bhí sé
3. Ní rabhas, ní rabhais, ní
raibh sé
4. Budh, or ba me, thu, h-é
Plural
1. Bídhmíd, bídhthí, bídhid
2. Bhíomar, bhíobhar, bhiodar
3. Ní rabhamar, ní rabhabhar, ní
rabadar
4. Budh, or ba sinn, sib, h-iad
(1.) Bíonn na sionnaigh 'sna h-uanaibh
'san lá, agus amuigh 'san oidhche, acht bíonn
na h-eunlaith 'n a g-codladh 'san oidhche agus
aig ceileabhar 'san lá. (2.) An mionán do
bhí ag an sionnach 'n a bheul? Ní h-eadh,
acht uan beag, óg; agus ní'n a bheul do bhí
sé aige, acht greim do bhí aige air a chluais
le na fhiaclaibh. (3.) An bh-fuil an t-uan
marbh? Ní'l; agus ní raibh a chluas gearr-
tha; beidh an t-uan sin 'n a caora mhór fós.
(4.) Cia aca leat-sa, nó le Tomas Paor
an t-uan? (5.) Adeir Tomas gur leis féin
é; acht adeir Muiris nach h-eadh, ach liom-
sa. (6.) Cá bh-fuil mac Mhuiris anois — an
mac is sine? (7.) Tá sé 'sa' Róimh 'san
g-coláiste Ghaodhlach: beidh sé'n a shagart
an bhliadhain so chugainn. Tá a bheirt mhac
eile air sgoil Laidne; Duine dhíobh lé bheith
'n a dhochtúir; agus an duine eile 'n a fhear
dlighidh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11