Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Pháis agus Bhás Iosa.
Title
Air Pháis agus Bhás Iosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AIR PHÁIS AGUS BHÁS IOSA. “Sibhse air fad (1) a ghabhas thar,(2) gabhaidh a leith (3) go b-feicfidh sibh an bh-fuil dubhrón mar mo dhubhrón-sa.” — (Triabhuin Ieremiah, Caib. I., v. 12.) Air an Domhnach-so a chuaidh thart,(4) a dearbhraithreacha, d'órduigh ar Máthair, an Eaglais, craobha pailme, no craoba glasa éigin eile, a bheannughadh agus a thabhairt d' a clainn le cur a meamhar doibh agus ionnus go m-beidheadh siad rannpháirteach ins an luathghair agus ins an bh-fáiltigh a bhí roimh ár Slanuightheoir, Íosa Críost, fad ó,(5) nuair a chuaidh Sé asteach go Ierusalem Domhnach na n-Iúbhar,(6) agus chuaidh na daoine amach in a sluaightibh faoi n-a dhein; rinneadar brait d' a g-cuid eudaigh le cur faoi n-a chosaibh, agus tharruingeadar na craobha anuas de na crannaibh le h-imhochar in a chomhluadar. Acht, adhearbhraithreacha, feuch chomh lúath agus tá an ríghmeud sin a bhi air an Eaglais athruighte ins an dúbhrón is duibhe! Feuch chomh luath agus chuireann sí, mar chuirfeach baintreabhach, a cuid eudaigh-caointe uirri féin, agus thugann sí cuireadh d' a cloinn a thigheacht agus a bheith in a b-fiadhnuisibh má tá dubhrón mar a dubhrón-san! Cruinnigh- eann sí arís andiú íad go n-insígh(7) sí dhóibh an sgeul is cráidhte, is cailltighe agus is dólásaighe a h-insigheadh fós a ríamh, go n- insigh sí dhoibh an chaoi ar threig agus ar sheun agus ar bhraith a dheisciobail fein Iosa; an chaoi ar(8) buaileadh agus ar sgiúrsadh agus ar masluigheadh é, agusan chaoi 'n ar cuireadh chum bháis(9) fá dheire é — bás uathbhásach, sga- nalach na Croiche. Air an Domhnach, mar dubhairt me, chuaidh Se asteach do Ierusalem agus an saoghal mór d'a leanadh. Acht, a dhearbhraithreacha, da n-eireadh le ceachtar agaibhse a bheith ins a m-baile mhór úd an ceathramhadh lá 'n a díagh sin ni chluisfeadh sé duine aig caint air, agus da n-eireach leat a bheith aig déanadh d' aistir a bhaile bóthar airighte (certain) chluisfeá aig tigheacht ó cheann de na gar- ráinte. A bhi taobh amuich de 'n m-baile mór cneadamh agus osnadh amhail nar chualaidh tu a leitheid a ríamh — chluisfeá guth aig sgreadadh aig iarraidh cabhra agus aig iarraidh rud éigin a bhí mí-thaithneamhach in a lathair a thogbhail as amharc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services