Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Pháis agus Bhás Iosa.

Title
Air Pháis agus Bhás Iosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AIR PHÁIS AGUS BHÁS IOSA.



“Sibhse air fad (1) a ghabhas thar,(2) gabhaidh
a leith (3) go b-feicfidh sibh an bh-fuil dubhrón
mar mo dhubhrón-sa.” — (Triabhuin Ieremiah,
Caib. I., v. 12.)



Air an Domhnach-so a chuaidh thart,(4) a
dearbhraithreacha, d'órduigh ar Máthair, an
Eaglais, craobha pailme, no craoba glasa
éigin eile, a bheannughadh agus a thabhairt d'
a clainn le cur a meamhar doibh agus ionnus
go m-beidheadh siad rannpháirteach ins an
luathghair agus ins an bh-fáiltigh a bhí roimh
ár Slanuightheoir, Íosa Críost, fad ó,(5)
nuair a chuaidh Sé asteach go Ierusalem
Domhnach na n-Iúbhar,(6) agus chuaidh na
daoine amach in a sluaightibh faoi n-a dhein;
rinneadar brait d' a g-cuid eudaigh le cur
faoi n-a chosaibh, agus tharruingeadar na
craobha anuas de na crannaibh le h-imhochar
in a chomhluadar.



Acht, adhearbhraithreacha, feuch chomh lúath
agus tá an ríghmeud sin a bhi air an Eaglais
athruighte ins an dúbhrón is duibhe! Feuch
chomh luath agus chuireann sí, mar chuirfeach
baintreabhach, a cuid eudaigh-caointe uirri
féin, agus thugann sí cuireadh d' a cloinn a
thigheacht agus a bheith in a b-fiadhnuisibh má
tá dubhrón mar a dubhrón-san! Cruinnigh-
eann sí arís andiú íad go n-insígh(7) sí dhóibh
an sgeul is cráidhte, is cailltighe agus is
dólásaighe a h-insigheadh fós a ríamh, go n-
insigh sí dhoibh an chaoi ar threig agus ar sheun
agus ar bhraith a dheisciobail fein Iosa; an
chaoi ar(8) buaileadh agus ar sgiúrsadh agus
ar masluigheadh é, agusan chaoi 'n ar cuireadh
chum bháis(9) fá dheire é — bás uathbhásach, sga-
nalach na Croiche.



Air an Domhnach, mar dubhairt me, chuaidh
Se asteach do Ierusalem agus an saoghal
mór d'a leanadh. Acht, a dhearbhraithreacha,
da n-eireadh le ceachtar agaibhse a bheith ins
a m-baile mhór úd an ceathramhadh lá 'n a
díagh sin ni chluisfeadh sé duine aig caint air,
agus da n-eireach leat a bheith aig déanadh
d' aistir a bhaile bóthar airighte (certain)
chluisfeá aig tigheacht ó cheann de na gar-
ráinte. A bhi taobh amuich de 'n m-baile
mór cneadamh agus osnadh amhail nar
chualaidh tu a leitheid a ríamh — chluisfeá
guth aig sgreadadh aig iarraidh cabhra agus
aig iarraidh rud éigin a bhí mí-thaithneamhach
in a lathair a thogbhail as amharc.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services