Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chun Seaghan Beag Ceitínn.
Title
Chun Seaghan Beag Ceitínn.
Author(s)
Ó Ruisteard,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUN SEAGHAN BEAG CEITÍNN. Ó RUISTEARD.* A Sheághain. I. Is fada me 'g braith, acht ní bíoch agam uaín, Air sgeula chuir chúghat abhaile no duain; Annsa teanga bhreágh mhilis Ghaodhalainn Do labhairtaídhe fad' ó thall a n-Éirinn.
II. Is 'mo cur cuircach agus iompóghadh Do banaig asam sa féineach, O dh' fhágas an baile fad'ó Chun teacth análl air an taobhsa, — III. Acht ó tá me anois fé 'n uim, Caithfigh me brúghadh fúgham le foídhne, A's breith air a ngnódh is túisge chúgham, 'Sgan gearán 'g dheunadh le aenne. IV. T'réis dam teacht thar taoide análl, Is minic a bhíos go curtha craighte, 'Sgur bh' fheárr liom go bh-fainthinn 'sa m- baile tháll, Nuair a bhídhinn air chrann na h-oidhche tnáighte. V. Ce nach bh-fuil cúis ro mhór 'gam chun gearráin, Acht ní maith liom chuige an greím Bheith orm annso gach aon lá, 'Sgan fáighil 'gam air é leígheas. VI. Is 'mo fear dearthúil golánta Bhí fé mheas mór 'sa m-baile, Tá annso go bhronach mánta A lorg págha lae no seachtmhaine- VII. A's is 'mó buachaill bocht bhí air fán, 'Sgan meas air dómhan air a n-Éire; 'Tá annso go socair, sámh 'Sgan beann air bith 'ge air aenne. VIII. Is mo duine d'fhág Éire le maga Gur suarthach annso iad le fada; 'G imthacht na spailpínidhe ó áit go h-ait A lorg tuarasdal ó Stat go Stat. IX. An mhuintir d'fhágan an baile le fíor-ghádh Is gnáthach gur leo 'g dh'éirighean an t-ádh Chidhfeá féin gach lá go brách, Ga m-baineann san annso do chach. X. 'Ta uasal a's íosal annso 'g tuilleamh pádh', Cuid díobh le cleite a's tuille le rán, Bion sgillinn le cathabh a's ceann le línn gádh, Agus ceann eile le cuir annsa spurán. XI. Na dhiaghsan ní'l saoghal 'gam cho breágha A's bhíoch sa m-baile fad'ó, 'G dul díon aonach anuair bo ghádh 'G díol caoira no ceannach bó. XII. Mar ní bhíoch maor orm air dómhan, Ná me ceangailte fé greím Pé áit a m-bhuailthach fonn me Gheóghbhainn dhul ann gan mhoíll. XIII. Bíon mo chroidhe go dúbhach a's mo shúile 'g sile, Ag cuimhniugh'dh air an am a m-bhíghinn 'g siúbhal na cille; Agus port feaduíghala 'gam, no liúdh abhráin, A ndiaigh seisreach ag treabhadh báin. XIV. Slán go fóil leat anois, a bhráthair, Ní'l uain 'gam air a thuille 'g rádh leat; Ná bíoch uaigneas ná buairt ort, Mar sgríobhthadsa arís go lúath chúghat. (Le bheith leannta)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services