CHUN SEAGHAN BEAG CEITÍNN.
Ó RUISTEARD.*
A Sheághain.
I.
Is fada me 'g braith, acht ní bíoch agam uaín,
Air sgeula chuir chúghat abhaile no duain;
Annsa teanga bhreágh mhilis Ghaodhalainn
Do labhairtaídhe fad' ó thall a n-Éirinn.
II.
Is 'mo cur cuircach agus iompóghadh
Do banaig asam sa féineach,
O dh' fhágas an baile fad'ó
Chun teacth análl air an taobhsa, —
III.
Acht ó tá me anois fé 'n uim,
Caithfigh me brúghadh fúgham le foídhne,
A's breith air a ngnódh is túisge chúgham,
'Sgan gearán 'g dheunadh le aenne.
IV.
T'réis dam teacht thar taoide análl,
Is minic a bhíos go curtha craighte,
'Sgur bh' fheárr liom go bh-fainthinn 'sa m-
baile tháll,
Nuair a bhídhinn air chrann na h-oidhche tnáighte.
V.
Ce nach bh-fuil cúis ro mhór 'gam chun
gearráin,
Acht ní maith liom chuige an greím
Bheith orm annso gach aon lá,
'Sgan fáighil 'gam air é leígheas.
VI.
Is 'mo fear dearthúil golánta
Bhí fé mheas mór 'sa m-baile,
Tá annso go bhronach mánta
A lorg págha lae no seachtmhaine-
VII.
A's is 'mó buachaill bocht bhí air fán,
'Sgan meas air dómhan air a n-Éire;
'Tá annso go socair, sámh
'Sgan beann air bith 'ge air aenne.
VIII.
Is mo duine d'fhág Éire le maga
Gur suarthach annso iad le fada;
'G imthacht na spailpínidhe ó áit go h-ait
A lorg tuarasdal ó Stat go Stat.
IX.
An mhuintir d'fhágan an baile le fíor-ghádh
Is gnáthach gur leo 'g dh'éirighean an t-ádh
Chidhfeá féin gach lá go brách,
Ga m-baineann san annso do chach.
X.
'Ta uasal a's íosal annso 'g tuilleamh pádh',
Cuid díobh le cleite a's tuille le rán,
Bion sgillinn le cathabh a's ceann le línn
gádh,
Agus ceann eile le cuir annsa spurán.
XI.
Na dhiaghsan ní'l saoghal 'gam cho breágha
A's bhíoch sa m-baile fad'ó,
'G dul díon aonach anuair bo ghádh
'G díol caoira no ceannach bó.
XII.
Mar ní bhíoch maor orm air dómhan,
Ná me ceangailte fé greím
Pé áit a m-bhuailthach fonn me
Gheóghbhainn dhul ann gan mhoíll.
XIII.
Bíon mo chroidhe go dúbhach a's mo shúile 'g
sile,
Ag cuimhniugh'dh air an am a m-bhíghinn 'g
siúbhal na cille;
Agus port feaduíghala 'gam, no liúdh abhráin,
A ndiaigh seisreach ag treabhadh báin.
XIV.
Slán go fóil leat anois, a bhráthair,
Ní'l uain 'gam air a thuille 'g rádh leat;
Ná bíoch uaigneas ná buairt ort,
Mar sgríobhthadsa arís go lúath chúghat.
(Le bheith leannta)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11