Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smuainte.
Title
Smuainte.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SMUAINTE Air an riachtanas a tá le teasghrádh agus le críonacht mhóir 'san g-cléir mar gheall air an g-cómhrac a tá anois air bun i mórán de thíorthaibh idir an saoghal agus an Eaglais. Ag breathnughadh air bhriathraibh ár Slánuigh- theora do na h-Apstolaibh, nuair bidheadar ag dul chum an soisgeul, a chraobhsgaoileadh, agus ag dearcadh siar, 'san am ceudna, air stáir na h-Eaglaise ó cuireadh air bun í, tugamuid faoi deara nach raibh aois ó shoin nach raibh focla Chríost cho fíor, ná am nach raibh a gheallamhna cho cóimhlíonta a's bhidhea- das i laethibh na n-Apstol. 'Sé'n sin le rádh, nach raibh an namhadas ceudna idir an saoghal agus an Eaglais; an fuath ceudna aig an saoghal do'n Eaglais, agus an oibliogáid cheu- dna air an Eaglais usáid do dhéanadh de'n armáil a thug Críost dí chum ionnmhus mór- luaigh an chreidimh, a d'fhág Se faoi n-a cúram a chosaint; agus le spáirn a dhéanadh leis na namhadaibh teanna a d'éirigh suas in a h-aghaidh; — anois, go follusach, mar bhí lucht an ainchreidimh, cúmhachta agus uachtaráin na talmhan, arís go foluighthe, mar bhí flatha an dorchadas agus na droich-spiorada a tá ins na h-ionadaibh árda, mar deir Naomh Pól (Eper. vi. 12); agus ní go h-anamh, dob'iad a clann ceanntreun féin a namhaid budh
bhoirbe, ionnos gur minic b'éigean dí eirghe suas agus iad a ghearradh amach ó n-a brol- lach caomh. Acht d'eirigh si i g-cómhnuighe caithréimeach ós a g-cionn, óir do gheall Críost nach bh-fhuígheadh geataidhe ifrinn buaidh uirre; agus mar bhí Se ariamh díleas d'á gheallamhnaibh, do thóg Se suas, mar thóg Se Maoise agus na faidhe 'san t-sean-reacht, sagartacht díleas, deaghbhóideach naomhtha, teasghrádhach, chríona le n-a phobal a threo- rughadh, an creideamh do chosaint, agus long Pheadar a sduiradh go cuan an t-sláinuighthe. Uime sin, 'siad na sagairt do cheap Dia amach leis an Eaglais do threorughadh; le tuile an ainchreidimh a stopadh, agus le foighid agus síothcháin a chongbháil i measg na n-daoineadh go h-iomlán. Acht gidh go raibh an dualgus so i gcómhnuighe ceangail- teach orra, ní raibh se ariamh níos ceangail- tighe ná níos riachtanaighe ioná tá se an-diu: óir ní'l aon áit in a bh-feuchfamuid nach é an t-amharc mímheisneamhail ceudna a tá le feicsin. Tá an dubhailce 'san uile áit; ní'l an subhailce in áit ar bith. Tá ár n-Athair Naomhtha i ngeibheannaibh, an Chathair shíoruidhe i lámhaibh lucht an aincreidimh: tá an Eóraip uile go léir reubtha le cogadh agus le h-achrann. Tá Cóimhthinol Íosa díbirte as gach tír, tig liom a rádh. Do thuit Mallacht Dé air an bh-Frainc: tá an Spáin neamhshuimneach faoi an g-creideamh. Tá naimhde an t-soisgéil ag déanadh a n-díthchill ins an uile áit le n-ár g-crei- deamh naomhtha do mhúchadh. Tá an Bhuile 'na suidhe i g-cathaoir na Céille; an diabal 'na árdshagart ag fríotholamh uirre, agus ag déanadh iodhbhairt loisgte de dhroich-bheusaibh na n-daoineadh air a h-altóir. Agus ní h-é amháin i measg na n-uaisle a tá an droich- spiorad so air siubhal: faraoir! tá an t-aos ísiol ag cómhoibriughadh leo leis an Eaglais do theilgean síos. Roimhe so, nuair bidheadar ainbhfiosach nuair do gheirleana- dar cúmhachta na talmhan iad, agus nuair d'fheuchadar suas chum na cléire mar a d-treoruightheoiridhibh agus a n-dídean, ní raibh air na sagartaibh acht a n-dualgus a thaisbéanadh dhóibh, mar bhidheadar reidh le n-a n-aitheanta a chóimhlíonadh. Acht, se a g-claon- adh ins an aimsir so, a g-cómhairle féin agus treorughadh caoch na diabhail a leanamh- ain, riaghail na h-Eaglaise a dhiultadh, agus a h-aitheanta do tharcuisniughadh, agus 'se dualgas na sagairt iad a thabhairt air ais faoi n-a sdiuir agus a riaghail sháimh. Acht muna bh-fuil na sagairt líonta le teasghrádh, cia an chaoi bh-fheudfaidh siad seasadh in aghaidh tuile na dubhailce? Muna m-beidh aca an dianghrádh sin do bhros- duigh Maoise nuair d'iarr se air Dhia é féin do ghearradh amach as leabhar na Beatha muna maithfeadh Se a g-cionnta d'á phobul; no Naomh Pól aig a raibh deirbhfios ná'r fheud an bheatha ná an bás a dhealughadh ó ghrádh Íosa Chríost, a's 'na dhiaigh sin b'áil leis bheith 'na mhallacht air son a bhráthar; in aon fhocal, muna m-beidheadh siad faoi lasadh leis an teine sin grádha Dé noch do sgap Críost air talamh, agus d'ár thug Se féin somplaidhe iomdha air feadh a shaoghail, má's 'na shuidhe ós cionn tobair Iacob ag fanamhain leis an b-peacach as Samaria, no ag déanadh féasda le peacachaibh ionnos go ngnothóchadh Se iad do Dhia, no ag tiomaint na g-ceannuidhthe as an d-Teampul, no fós 'na sheasadh ós cionn Iarusalem, agus ag silt na n-deor go fras nuair nach d-tiocfadh a clann faoi sciathánaibh a thrócaire: muna m-beidheadh siad, a deirim, reidh Leis an uile nidh eile agus fós a m-beatha féin do thabhairt suas, ní thabharfaid an bhuaidh ó'n namhaid teann a tá ag dul fá g-cuairt mar leomhan béicfeach d'á fheuchain cia shluigfeadh se. Agus ní h-é amháin go bh-fuil se cho teann le leomhan, tá se fós 'na shligheadóir glic, a chuireas é féin i g-cuma Aingil na soillse. Is air an ádhbhar sin d'aithin Íosa d'á Apsto- laibh bheith cho glic le h-aithreachaibh-nimhe, agus bheith air a g-coiméad air na daoinibh. Agus d'órduigh Naomh Pol do na sagartaibh iad fhéin a chur i b-fhoirm ministrí na fíreuntachta. Ní dhéanfaidh an t-eud caoch
úd a chuir d'ualach air Mhaoise cláir na n-aithne a bhriseadh le fearg aig bun sléibhe Shinai, no a bhrosduigh Peadar chum a chloidheamh a tharraing le n-a Mhaighistir neamhdha do chosaint, nó fós an dianghrádh sin a loisg suas Séamus agus Seághan nuair d'iarr siad air Dhia, mar d'iarr Elias ins an t-sean-reacht, teine a chur anuas air an muintir nach d-tabharfadh aoidheacht d'á Maighistir. Ní'l an leithid so de theasghrádh taithneamhach i láthair Dé; tarcuisnigheann Se é, agus imdheargann Se a chleachtadh mar righne Se le Peadar agus leis na deiscio- blaibh eile. D'á brigh sin, má tá duil aig na sagar- taibh go m-beidheadh a d-teasghrádh taithnea- mhach i láthair Dé, agus bríoghmhar chum oibre na miniosdrálachta, caithfidh siad críonacht mhór a choimheasgadh le grádh dian: caithfidh an dá shubhailce so bheith fighte le chéile go dlúth agus go sámh. Ní dhéanfaidh dianghrádh Phóil gan gliocas Iudais; ná neart Shamsoin gan eagna Sholaimh. Caithfidh siad oibriughadh go dianmhar, agus ins an am ceudna, go faireach: an peacach a dhiultas éisteacht leo d'imdhear- gadh go dána, agus gan a leigion dó imtheacht gan aithris, acht a dhéanadh in am tráthamhail amháin. Acht ós cionn gach uile nidh eile, caithfidh siad an n-impidhe a chur suas chum Dé, agus a muinghin a chur ann, mar chuir Dáibhí fad ó, nuair a bhí sé ag dul in aghaidh Ghólia: agus, go dearbhtha, is mór an chosamhlacht a tá idir sdáid na h-Eaglaise an-diu agus riocht Chlainne Ísrael ins an aimsir úd. Tá na fíréin ag fulang mar bhí Clann Ísrael ó na Philistínighibh: tá an diabhal ag cur dúbhshláin orra mar chuir Golia orra-san; agus mar bhí siad ag fanamhain le duine éigin a shábháilfeadh iad, tá na fíréin ag sgreadadh air na sagartaibh chum iad a sgiobadh ó lámhaibh agus ó chealgaibh an dia- bhail. Do bhí Dáibhi gleusta in arm Shaul — d'aithin Críost duinn-ne a armáil féin do thógbháil chugainn-se, agus mar fuair Dáibhí buaidh in ainm agus le cobhair Dé, beidhmid-ne caithreamhach le congnadh Íosa Chríost. Is in a ainm do ghnídhmíd troid; tá se féin 'na Cheannfeadhna againn, agus “má tá Dia linn, cia fheudfas bheith, 'nár n-aghaidh.” Ní thig linn bheith buailte, óir má chaillfimid an bheatha neamhbuan so, gnódhó- chamuid an bheatha mharthanach. Tá an luach- saothair mór, agus is beag an saothar. Déanann saighdiúirigh an t-saoghail troid air feadh a m-beatha chum coróin truailleadh a ghnódhughadh, agus an m-beidh leisg orrainn- ne cath a dhéanadh air feadh tamaill bhig chum coróin neamhthruailleadh do shaothrughadh? Tá an diabhal, mar an g-ceudna, ag déanadh a dhíthcill le anmanna do básughadh, agus a thnúth féin do shásughadh, agus nach n-déan- famuid-ne nidh air bith le n-a g-cosaint, no chum toil Chríost do dhéanadh. Leis sin d'eug Críost, agus do dhoirt Se an braon deighea- nach d'á chuid fola luachmhaire chun anmanna do shlánughadh, agus nach g-cuirfimid-ne lámh ná cos i g-contabhairt, no fós deor alluis a chailleamhain air a son. Má's mar so do ghnidhimid, an m-beidheadh iongnadh orrainn, lá an bhreitheamhnais, má chluinfimid ó'n m-breitheamh feargach, “Feuch an t-aodhaire do chuir mé ós cionn mo mhain- righe, agus nuair tháinic an mac-tíre, do sgiob sé leis mar chladhaire ag fágbháil mo chaorach air seachrán, agus faoi thrócaire a namhad.” Acht, air an taoibh eile, nach mór an gairdeachas a bheidheas air an deagh- shagairt, nuair, ag imtheacht dó as an saoghal so, tigh leis rádh maraon le Naomh Pól gur “chómhraic se chomhraic maith, go d-táinic se go ceann a chóimhleanga, agus gur choimeád se an creideamh:” agus nuair ghlacfaidh se ó lámhaibh an bhreithimh chómhthroim an coróin a chuaidh Críost le h-ullmhughadh faoi chó- mhair na bh-fíreun i righeacht ghlórmhair na bh-flaitheas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services