Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smuainte.

Title
Smuainte.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 158


SMUAINTE



Air an riachtanas a tá le teasghrádh agus
le críonacht mhóir 'san g-cléir mar gheall
air an g-cómhrac a tá anois air bun i mórán
de thíorthaibh idir an saoghal agus an Eaglais.



Ag breathnughadh air bhriathraibh ár Slánuigh-
theora do na h-Apstolaibh, nuair bidheadar
ag dul chum an soisgeul, a chraobhsgaoileadh,
agus ag dearcadh siar, 'san am ceudna, air
stáir na h-Eaglaise ó cuireadh air bun í,
tugamuid faoi deara nach raibh aois ó shoin
nach raibh focla Chríost cho fíor, ná am nach
raibh a gheallamhna cho cóimhlíonta a's bhidhea-
das i laethibh na n-Apstol. 'Sé'n sin le rádh,
nach raibh an namhadas ceudna idir an saoghal
agus an Eaglais; an fuath ceudna aig an
saoghal do'n Eaglais, agus an oibliogáid cheu-
dna air an Eaglais usáid do dhéanadh de'n
armáil a thug Críost dí chum ionnmhus mór-
luaigh an chreidimh, a d'fhág Se faoi n-a cúram
a chosaint; agus le spáirn a dhéanadh leis
na namhadaibh teanna a d'éirigh suas in a
h-aghaidh; — anois, go follusach, mar bhí lucht
an ainchreidimh, cúmhachta agus uachtaráin na
talmhan, arís go foluighthe, mar bhí flatha an
dorchadas agus na droich-spiorada a tá ins
na h-ionadaibh árda, mar deir Naomh Pól
(Eper. vi. 12); agus ní go h-anamh, dob'iad
a clann ceanntreun féin a namhaid budh


L. 159


bhoirbe, ionnos gur minic b'éigean dí eirghe
suas agus iad a ghearradh amach ó n-a brol-
lach caomh. Acht d'eirigh si i g-cómhnuighe
caithréimeach ós a g-cionn, óir do gheall
Críost nach bh-fhuígheadh geataidhe ifrinn buaidh
uirre; agus mar bhí Se ariamh díleas d'á
gheallamhnaibh, do thóg Se suas, mar thóg Se
Maoise agus na faidhe 'san t-sean-reacht,
sagartacht díleas, deaghbhóideach naomhtha,
teasghrádhach, chríona le n-a phobal a threo-
rughadh, an creideamh do chosaint, agus long
Pheadar a sduiradh go cuan an t-sláinuighthe.



Uime sin, 'siad na sagairt do cheap Dia
amach leis an Eaglais do threorughadh; le
tuile an ainchreidimh a stopadh, agus le
foighid agus síothcháin a chongbháil i measg
na n-daoineadh go h-iomlán. Acht gidh go
raibh an dualgus so i gcómhnuighe ceangail-
teach orra, ní raibh se ariamh níos ceangail-
tighe ná níos riachtanaighe ioná tá se an-diu:
óir ní'l aon áit in a bh-feuchfamuid nach é an
t-amharc mímheisneamhail ceudna a tá le
feicsin. Tá an dubhailce 'san uile áit;
ní'l an subhailce in áit ar bith. Tá ár
n-Athair Naomhtha i ngeibheannaibh, an Chathair
shíoruidhe i lámhaibh lucht an aincreidimh: tá
an Eóraip uile go léir reubtha le cogadh
agus le h-achrann. Tá Cóimhthinol Íosa
díbirte as gach tír, tig liom a rádh. Do
thuit Mallacht Dé air an bh-Frainc: tá an
Spáin neamhshuimneach faoi an g-creideamh.
Tá naimhde an t-soisgéil ag déanadh a
n-díthchill ins an uile áit le n-ár g-crei-
deamh naomhtha do mhúchadh. Tá an Bhuile 'na
suidhe i g-cathaoir na Céille; an diabal 'na
árdshagart ag fríotholamh uirre, agus ag
déanadh iodhbhairt loisgte de dhroich-bheusaibh
na n-daoineadh air a h-altóir. Agus ní h-é
amháin i measg na n-uaisle a tá an droich-
spiorad so air siubhal: faraoir! tá an
t-aos ísiol ag cómhoibriughadh leo leis an
Eaglais do theilgean síos. Roimhe so, nuair
bidheadar ainbhfiosach nuair do gheirleana-
dar cúmhachta na talmhan iad, agus nuair
d'fheuchadar suas chum na cléire mar a
d-treoruightheoiridhibh agus a n-dídean, ní
raibh air na sagartaibh acht a n-dualgus a
thaisbéanadh dhóibh, mar bhidheadar reidh le n-a
n-aitheanta a chóimhlíonadh. Acht, se a g-claon-
adh ins an aimsir so, a g-cómhairle féin
agus treorughadh caoch na diabhail a leanamh-
ain, riaghail na h-Eaglaise a dhiultadh, agus
a h-aitheanta do tharcuisniughadh, agus 'se
dualgas na sagairt iad a thabhairt air ais
faoi n-a sdiuir agus a riaghail sháimh.



Acht muna bh-fuil na sagairt líonta le
teasghrádh, cia an chaoi bh-fheudfaidh siad
seasadh in aghaidh tuile na dubhailce? Muna
m-beidh aca an dianghrádh sin do bhros-
duigh Maoise nuair d'iarr se air Dhia é
féin do ghearradh amach as leabhar na Beatha
muna maithfeadh Se a g-cionnta d'á phobul;
no Naomh Pól aig a raibh deirbhfios ná'r
fheud an bheatha ná an bás a dhealughadh ó
ghrádh Íosa Chríost, a's 'na dhiaigh sin b'áil
leis bheith 'na mhallacht air son a bhráthar;
in aon fhocal, muna m-beidheadh siad faoi
lasadh leis an teine sin grádha Dé noch do
sgap Críost air talamh, agus d'ár thug Se
féin somplaidhe iomdha air feadh a shaoghail,
má's 'na shuidhe ós cionn tobair Iacob ag
fanamhain leis an b-peacach as Samaria, no
ag déanadh féasda le peacachaibh ionnos go
ngnothóchadh Se iad do Dhia, no ag tiomaint
na g-ceannuidhthe as an d-Teampul, no fós
'na sheasadh ós cionn Iarusalem, agus ag
silt na n-deor go fras nuair nach d-tiocfadh
a clann faoi sciathánaibh a thrócaire: muna
m-beidheadh siad, a deirim, reidh Leis an uile
nidh eile agus fós a m-beatha féin do thabhairt
suas, ní thabharfaid an bhuaidh ó'n namhaid
teann a tá ag dul fá g-cuairt mar leomhan
béicfeach d'á fheuchain cia shluigfeadh se.



Agus ní h-é amháin go bh-fuil se cho teann
le leomhan, tá se fós 'na shligheadóir glic, a
chuireas é féin i g-cuma Aingil na soillse.
Is air an ádhbhar sin d'aithin Íosa d'á Apsto-
laibh bheith cho glic le h-aithreachaibh-nimhe,
agus bheith air a g-coiméad air na daoinibh.
Agus d'órduigh Naomh Pol do na sagartaibh
iad fhéin a chur i b-fhoirm ministrí na
fíreuntachta. Ní dhéanfaidh an t-eud caoch


L. 160


úd a chuir d'ualach air Mhaoise cláir na
n-aithne a bhriseadh le fearg aig bun
sléibhe Shinai, no a bhrosduigh Peadar chum a
chloidheamh a tharraing le n-a Mhaighistir
neamhdha do chosaint, nó fós an dianghrádh
sin a loisg suas Séamus agus Seághan
nuair d'iarr siad air Dhia, mar d'iarr Elias
ins an t-sean-reacht, teine a chur anuas air
an muintir nach d-tabharfadh aoidheacht d'á
Maighistir. Ní'l an leithid so de theasghrádh
taithneamhach i láthair Dé; tarcuisnigheann
Se é, agus imdheargann Se a chleachtadh mar
righne Se le Peadar agus leis na deiscio-
blaibh eile.



D'á brigh sin, má tá duil aig na sagar-
taibh go m-beidheadh a d-teasghrádh taithnea-
mhach i láthair Dé, agus bríoghmhar chum oibre
na miniosdrálachta, caithfidh siad críonacht
mhór a choimheasgadh le grádh dian: caithfidh an
dá shubhailce so bheith fighte le chéile go dlúth
agus go sámh. Ní dhéanfaidh dianghrádh Phóil
gan gliocas Iudais; ná neart Shamsoin gan
eagna Sholaimh. Caithfidh siad oibriughadh go
dianmhar, agus ins an am ceudna, go faireach:
an peacach a dhiultas éisteacht leo d'imdhear-
gadh go dána, agus gan a leigion dó imtheacht
gan aithris, acht a dhéanadh in am tráthamhail
amháin. Acht ós cionn gach uile nidh eile,
caithfidh siad an n-impidhe a chur suas chum Dé,
agus a muinghin a chur ann, mar chuir Dáibhí
fad ó, nuair a bhí sé ag dul in aghaidh Ghólia:
agus, go dearbhtha, is mór an chosamhlacht a
tá idir sdáid na h-Eaglaise an-diu agus
riocht Chlainne Ísrael ins an aimsir úd. Tá
na fíréin ag fulang mar bhí Clann Ísrael
ó na Philistínighibh: tá an diabhal ag cur
dúbhshláin orra mar chuir Golia orra-san;
agus mar bhí siad ag fanamhain le duine
éigin a shábháilfeadh iad, tá na fíréin ag
sgreadadh air na sagartaibh chum iad a
sgiobadh ó lámhaibh agus ó chealgaibh an dia-
bhail. Do bhí Dáibhi gleusta in arm
Shaul — d'aithin Críost duinn-ne a armáil
féin do thógbháil chugainn-se, agus mar
fuair Dáibhí buaidh in ainm agus le cobhair
Dé, beidhmid-ne caithreamhach le congnadh
Íosa Chríost. Is in a ainm do ghnídhmíd troid;
tá se féin 'na Cheannfeadhna againn, agus
“má tá Dia linn, cia fheudfas bheith, 'nár
n-aghaidh.” Ní thig linn bheith buailte, óir má
chaillfimid an bheatha neamhbuan so, gnódhó-
chamuid an bheatha mharthanach. Tá an luach-
saothair mór, agus is beag an saothar.
Déanann saighdiúirigh an t-saoghail troid
air feadh a m-beatha chum coróin truailleadh
a ghnódhughadh, agus an m-beidh leisg orrainn-
ne cath a dhéanadh air feadh tamaill bhig chum
coróin neamhthruailleadh do shaothrughadh? Tá
an diabhal, mar an g-ceudna, ag déanadh a
dhíthcill le anmanna do básughadh, agus a
thnúth féin do shásughadh, agus nach n-déan-
famuid-ne nidh air bith le n-a g-cosaint, no
chum toil Chríost do dhéanadh. Leis sin d'eug
Críost, agus do dhoirt Se an braon deighea-
nach d'á chuid fola luachmhaire chun anmanna
do shlánughadh, agus nach g-cuirfimid-ne lámh
ná cos i g-contabhairt, no fós deor alluis
a chailleamhain air a son.



Má's mar so do ghnidhimid, an m-beidheadh
iongnadh orrainn, lá an bhreitheamhnais, má
chluinfimid ó'n m-breitheamh feargach, “Feuch
an t-aodhaire do chuir mé ós cionn mo mhain-
righe, agus nuair tháinic an mac-tíre, do
sgiob sé leis mar chladhaire ag fágbháil mo
chaorach air seachrán, agus faoi thrócaire a
namhad.” Acht, air an taoibh eile, nach mór
an gairdeachas a bheidheas air an deagh-
shagairt, nuair, ag imtheacht dó as an saoghal
so, tigh leis rádh maraon le Naomh Pól gur
“chómhraic se chomhraic maith, go d-táinic se
go ceann a chóimhleanga, agus gur choimeád
se an creideamh:” agus nuair ghlacfaidh se
ó lámhaibh an bhreithimh chómhthroim an coróin
a chuaidh Críost le h-ullmhughadh faoi chó-
mhair na bh-fíreun i righeacht ghlórmhair na
bh-flaitheas.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services