Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúmha na Mná 'san g-Coill.
Title
Cúmha na Mná 'san g-Coill.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÚMHA NA MNÁ 'SAN G-COILL. Tré choilltibh coll gan sgíth, Beidhead-sa féin ag caoi, Go d-tiocfaidh tusa arís, a Shéarluis. Táid cait-coille ann, Ag dul ó chrann go crann; Créad fáth'r fhág tú mise, a Shéarluis? Tá sé anois an oidhch', Táid eunla ag dul fá chrích Acht cá n-deachaidh tu-sa uaim-se, a Shéarluis? Ní bh-fhaghaim-se féin aon sgáth Uadh aon, mar is tú mo ghrádh, 'S ar fhág tusa me, a Shéarluis? Tá mé folamh gan biadh, Ní'l aon nidh air mo shlighe, Cá rachaidh me anois, uch, a Shéarluis? Ní'l cara agam, nó neach, A bhéarfas dam fiú deoch, Óir do thug me iad ort, a Shéarluis. Tá an cearn a ngar damh, Cá bh-fuil tu a bhláth na súbh' Tar am' chongnamh anois, a Shéarluis. Táid na dris am' lot, Tá mo chosa lom-nocht Och, beir as an ngábhadh mise, Shéarluis. Tá mise ar sgáth na n-dos, As fuilineochad gach cros, Mar gheall ar mo bhuachaill, Séarlus. D'fhág mé m'athair féin S mo beaba cluimh na n-eun Agus chuaidh mise leat-sa, uch, a Shéarluis. Air speilg cnoic am' luighe Fá neultaib dúbha na h-oidhch' Nach damh-sa bhain an milleadh leat a Shéarluis. Bhí cúig ógh' barr' mhuil breágha, Agam le mo ghleusadh, Bhí mise mar bhain-triath, a Shéarluis. An féidir le mo chaoi, Athair, tu-sa do chlaoi? Ní féidir, óir d'euluigh me le Séarlus. Uch neulta dubha na h-oidhche Dom' fhollach féin a choidhche Ó Sir Seon mar do chuaidh me le Séarlus. Tré choilltibh dlútha de ghnáth, Goilfead oidhche a's lá, A bh-fad óm' thír d'fhág tu me, a Shéarluis. Go n-dúbhaidh ceo an t-sléibhe, M'earráid a's mo sgeula, Ó Sir Seon a's óm' athair fá Shéarlus.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services