CÚMHA NA MNÁ 'SAN G-COILL.
Tré choilltibh coll gan sgíth,
Beidhead-sa féin ag caoi,
Go d-tiocfaidh tusa arís, a Shéarluis.
Táid cait-coille ann,
Ag dul ó chrann go crann;
Créad fáth'r fhág tú mise, a Shéarluis?
Tá sé anois an oidhch',
Táid eunla ag dul fá chrích
Acht cá n-deachaidh tu-sa uaim-se, a
Shéarluis?
Ní bh-fhaghaim-se féin aon sgáth
Uadh aon, mar is tú mo ghrádh,
'S ar fhág tusa me, a Shéarluis?
Tá mé folamh gan biadh,
Ní'l aon nidh air mo shlighe,
Cá rachaidh me anois, uch, a Shéarluis?
Ní'l cara agam, nó neach,
A bhéarfas dam fiú deoch,
Óir do thug me iad ort, a Shéarluis.
Tá an cearn a ngar damh,
Cá bh-fuil tu a bhláth na súbh'
Tar am' chongnamh anois, a Shéarluis.
Táid na dris am' lot,
Tá mo chosa lom-nocht
Och, beir as an ngábhadh mise, Shéarluis.
Tá mise ar sgáth na n-dos,
As fuilineochad gach cros,
Mar gheall ar mo bhuachaill, Séarlus.
D'fhág mé m'athair féin
S mo beaba cluimh na n-eun
Agus chuaidh mise leat-sa, uch, a Shéarluis.
Air speilg cnoic am' luighe
Fá neultaib dúbha na h-oidhch'
Nach damh-sa bhain an milleadh leat a
Shéarluis.
Bhí cúig ógh' barr' mhuil breágha,
Agam le mo ghleusadh,
Bhí mise mar bhain-triath, a Shéarluis.
An féidir le mo chaoi,
Athair, tu-sa do chlaoi?
Ní féidir, óir d'euluigh me le Séarlus.
Uch neulta dubha na h-oidhche
Dom' fhollach féin a choidhche
Ó Sir Seon mar do chuaidh me le Séarlus.
Tré choilltibh dlútha de ghnáth,
Goilfead oidhche a's lá,
A bh-fad óm' thír d'fhág tu me, a Shéarluis.
Go n-dúbhaidh ceo an t-sléibhe,
M'earráid a's mo sgeula,
Ó Sir Seon a's óm' athair fá Shéarlus.