Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE FÓGHLUIM CRIOTHNUIGTHE LE FAIT- CHÍOS. [Críochnuighthe ó Uimhir 7, ll. 205-208, Uimhir 8, ll. 241-3, agus Uimhir 9, ll. 282-4.] Mar a dubhradh cheana, bhi na fir a tháinic 'na leathannaibh anuas an phuill deataigh ag imirt cluiche na naoi m-bíorán le dha bhlaosc agus le naoi gcnamhaibh daoineadh marbhtha. Air breathnugadh do'n fhear óg orrtha, gan eagla air bhíth air no iongnadh ionnta, do ghlac se spéis go deireanach a dhul inns an g-cluiche é féin, agus do labhair sé leo a's dubhairt sé,—“ Cia bhur meas an n-déanann- se duine in bhur measg?” “Go cinnte,” d'fhreagair siad-san, “ma ta airgiod agat.” “Airgiod mo dhóthain, air seisean, acht ni fhuil bhur liathróideacha tiomchiollach go leor.” Ann sin air tógbháil blaoscanneadh na n-daoineadh marbhtha dho, do chuir sé air an deil iad, agus do righne sé iad cruinn. “Imtheóchad-san, nios feárr anois,” dubhairt sé, “'nois beidh greann againn.” D'imir sé leo agus is mó do bhi sé caillteach iona gnóite; acht nuair do bhain an chlog an do- dheug bhi an áit suimneach; d'imthigh gach rud da raibh air fud na h-áite, gan fios cé a n- deachaidh siad. Bhi sé ann sin leis féin, do shín sé é féin air an urlár air aghaidh na teineadh agus do chodail sé go saimh go d-táinic an lá, agus gur sbáin an ghrian í féin thríd an bhfuineóg. Tamall geárr na dhiaidh sin do tháinic an righ go bh-feicfeadh sé cia an sgeul a bhi ann is an g-caisleán do bharr na h-oídhche, agus do bhuail sé an do- rus go láidir. Do ghairm an fear óg i-stigh. D'fhiafruigh an righ dhe, cia an chaoi do chaith sé an oidhche. “D'imir mé le liaróidibh,” dubhairt sé, “agus do chailleas cúpla teis- tiún.” “An raibh fáitchíos ort?” ars an righ. “Faitchíos!” ar sesion, “ni raibh acht greann mór a bhi agam cuid de'n oídhche. Ní fhuil uaim acht fios d'fágail creud é faitchíos,
acht faraor nach bh-feidim criothnughadh le eagla.” Faoi dheire mar sin do tháinic an tríomhadh h-oídhce agus do thriall an t-óglách isteach ins an g-caisleán aris. Tharruing sé an taobhan air aghaidh na teineadh, do shuígh sé air dheil agus éag radh leis féin, “O! dha bh-feudfainn criothnugadh le faitchíos.” Nuair a dhruid sé amach 's an n-oidhche do chualaidh sé fuaim ag teacht agus, air feuchaint uaidh dho, do chon- nairc se seisear fear mór láidir ag siubhal chuige isteach agus iad ag iomchur cómhra air a nguailnibh. “A! dar mo laim,” ar se- fean,” Is cosamhuil gur b-é mo cholceathairín ata ann nach bhfuil acht trí no ceathair de laetheantaibh ó fuair sé bás.” Do chuir sé suas a mheur agus do sméid se air, agus dubhairt sé, “Eirígh, agus gabha chugam, a chol-ceathairín mo chroídhe, agus tar gus an teine, agus téith h-u féin.” Do leagadar- san an comhra fútha air an urlár. Ann sin d'eirghe an fear óg go tapaidhe agus do chuaidh sé g' an g-comhra, agus do thóig se suas an clár béil dhe, agus do bhi ann sin sínnte fear marbh. Do leag se lamh air a eudan a's do bhí sé cho fuar le leacoidhre. “Fóil,” ar seisean, “téithfeaidh mise h-ú.” Do chuaidh se chum teineadh agus do chuir sé a lámha os a cionn tamall no go raibh siad teith, agus do chuimil an t-eudan an fhir mhairbh leo go cruaidh, acht d-fhan an corp fuar. Thug se annsin as an g-comhra é, do shuígh se air aghaidh na teineadh, do chuir sé an fear marbh i nocht, do chuimil sé bocánachaidhe a lámha, a ghúailne, a chliabhrach, a bhaill chuirp air fead, ag feuchaint da bhfeudfadh sé an fuil a chur a ritheadh thridh na cuisleannaibh no go d-tabharfadh sé air ais é. Ni dhearnadh sin aen mhaith acht d'fhan an fear marbh cho fuar agus bhi sé in tosuigh. Dubhairt sé leis fein go m-b'fhéidir da d-tugfadh sé i-steach inns an leaba é agus ag sínughadh síos leis go d-téithfeadh fé níos feárr, mar deirtear go minic, “beirt air leaba agus go d-téithidís a chéile.” Thug se leis é, chuir sé air an leaba é, agus do luígh sé féin lé n-a thaobh. Go goirid na dhiaidh sin gur airigh sé an fear a téithugadh agus gur chorruigh sé. Leis sin a dubhairt an t-óglách, “Anois, an bh-fheiceann tu, a cholcheathair mo chroídhe ná'r théith me h-ú?” Air a radh na bh-focladh so dhó, d'eírigh an fear a bhi marbh cheana do léim agus dubhairt sé leis go gruamántaighe, “bi air do shon féin anois; tachdfaidh mé air m-ball h-ú.” “Ceur'd so!” ars an t-óglách, “má's sé sin é mo bhuidheacas rachfair-se air ais is an g-cómhra arís.” Leis sin do thóig se eidir a dha láimhibh é, agus do chuir se isteach is an g-cómhra é, agus do dhaingnigh sé an clár béil ós a chionn. Có luaith agus a bhi sin deunta do shiubhail an seisear fear isteach chuige a d'fhag in sin cheana é, d'ár- duigheadar air a ngualnaibh é, agus d'iom- chuir siad an bealaigh é. “Uch,” dubhairt se leis féin, “ní bh-fuil aon mhaith ann ní chriothnóchad-sa a choidhche le faitchíos ann so da bh-fanfainn 's an áit so i n-imtheacht mo shaoghal.” Tamall geárr na dhiaidh sin do shiubhail isteac chuige fear árd, treunmhar, bu mhó ioná ceachtar de'n mhuintir eile. D'fheuch sé garbh, borb, fiadháin, acht bhi roinn mhaith aoise aige agus feusóg fhada liath air a eudan. “Anois,” sgread sé, “a lepreucháin, a chréa- túir ghrana, fóghlómaigh tu le criothnugadh in éinfheact, air an ádhbhar go maireóbhuigh me h-u faoi láthair.” “Na labhair cho sciopuighe sin,” ars an t-óglách, “ma ta mise le bás d'fhághail caithfidh me a bheith ann sin.” “Is goirid go m-béarfaidh mise grim ort,” du- bhairt an fathach mór so. “Fóil, fóil,” ars an fear óg,” glac go réidh h-u féin agus na bi cho cruaidh a's cho gaisgeamhuil agus atá tú, óir gidheadh go saoileann tusa go bh-fuil tu láidir ta mise cho láidir leat, mar buil níos láidire.” “Chidhfeamuid sin,” du- bhairt an fathach, “má's láidire h-ú iona mise sgaoilfeadh me bóthar leat. So, feuch- amuis a chéile.” Ann sin do shiubhail sé roimhe amach agus do theasbáin sé é thríd phóirsibh, thríd bhealaigibh caola, fada, dorcha gur tharla siad ag ceárdcha gaibhne. Ann
sin do rug se an bhiail in a laimh agus do bhuail sé buille dhi air chean do na n-inneoinibh agus leis an m-buille sin do chuir sé seacht bh-feadha síos ins an talamh í. “Dar liom,” dubhairt an t-ógánach, “go bh-fhéadfaidh mé sin a dhéanadh níos feárr ioná ta déanta agadsa.” Leis sin do rug sé air an m-biail agus do chuaidh sé gus an inneoin eile, agus do throidh an fathach mór so i bh-fogas dó le go bh-feicfeadh sé cia mar dheunadh sé a bhuille a bhualadh. Bhi a chuid feusóige cho fada agus gur shrathuigh sí go talamh, a réir do bhí sé'n a sheasughadh ós cionn na h-inneoine. Do tharruing an t-óglách a bhuille agus le neart an chnáimh do sgoilt sé an inneoin go talamh agus do gabhadh feusóg an fhathaigh ins an sgoilte. “Nois”, ars an t-óglách, “ta tu agam; is leat-sa bás fhagáil air tús.” Iar sin a rádh dhó, do rug se air bharra iarain, geárr, teann, a bhi i ngar dhó, agus do thosuigh se d'a fheuchaint air cnámhaibh an fhathaigh go bh-feicfeadh sé cia an seasughadh a bhí ann; agus a chuid feusóige i bh-fastochadh in n-imtheacht na h-aimsire no gur sgread sé ag iarraidh coimirc agus é a sgaoileadh. Agus da leigeadh sé saor é go d-tabharfadh sé saibhreas mór dhó. Leis sin do tharruing an t-oglác an bhiail as an inneóin agus do leig sé saor an sean-fhathach. Ann sin dubhairt an fathach leis, “lean mise.” Agus do lean se dhó. Do thug se leis é síos thridh póirsidhibh fada, dorcha an chaisleáin go d-tángadar go d-ti gurna mór a bh-fad faoi thalamh. Agus air riachdain ann sin dóibh, do sbain an fear mór do'n óglách trí cófraidhe mora líonta le taisge oir, airgid, agus seód, agus gach uile shórt maoin mór eile. “An chidhir-se iad so?” ar seisean. “Chídhim-se,” dubhairt an t-óglách. “Diobh so atá trí ronna le deunadh,” ar seisean; “bidheadh ceann acu sin agad féin; bhéarfair an dara ceann do'n rígh, agus an treas cheann do na bochtaibh.” Go díreach nuair a bhi an focal deirionnach ráidhte do bhuail an clog an dó- dheug, do mhúghaig an fathach mar d'foisgeoladh an talamh agus da'r shluigeadh sé é, agus bhi an t-óglách i n-dorchadas. “Ní fhuil neart air,” dubhairt sé, “acht caithfidh mé feuchaint mo bhealach a dheunadh as so gan moill.” Bhi a leocht air, óir do lamhsuigh sé thimcheall air no go bh-fuair sé an dorus. Ann sin do righne sé a bhealach air ais go d-ti an seomra d'fhág se faoi dheire. Air theacht ann sin dó, do shín se air aghaidh na teineadh agus do thuit suan air, gidhead gur bhi se tar éis a dhul thridh ghábhadh mhór. Air maidin na dhiaidh sin do tháinic an rígh mar gach maidin eile go g-cloisfeadh sé cia an sgeul a bhi aige do bhárr na tríomhadh oídhche. “Anois saoilim,” ars an rígh, “ni feidir nachar fhogluim tu le creathugadh.” “Nior fhóghluimeas,” dubhairt an t-ógánach; cia an áit an bh-fogleomainn é? Bhi mo bhráthair, is e sin, mo dhuine gaoil a ta marbh le mí, ann so agam agus do thainic fathach mór, a raibh feusóg fhada liath air, chugam agus do thaisbéan se dham taisge mhór óir agus seód shíos ins an ngurna, acht níor tháinic aon neach dó chum mhúnadh dham le criothnugadh le faitchios.” Ann sin d'fhrea- gair an rígh air agus dubhairt sé go modha- mhuil — “Is maith an fear h-u, do shaor tu an caisleán agus bhéarfaidh mise m'inghean duit-se i b-pósadh.” “Ta sin go maith,” dubhairt an t-óglách “acht ni fheudaim crioth- nugadh le faitchíos fós.” Na dhiaidh sin tugadh an t-ór i láthair, do righneadh an pósadh, agus do caitheadh an bhain-fheis. An t-óglách a bhí andé mar bhi se ata 'n a righ andiu. Acht ceur 'd budh í gradh a bhí d'a bhainrioghan óg aige agus da shásda dha raibh sé, do bhidheadh se i g-comhnuighe ag radh — “Ní fhuil fios agam le criothnugadh fós.” Bhi an bhainríoghan óg ag eisteacht leis an rud ceudna so go h-oidhche agus go leó, agus iar g-cloistin na cainte so go shior di, do chuir se mishuimneas uirri. Do thug an searbhfoghantaigh faoi deara gur fheuch a máighistreas triublóideach. Ann sin do bhi caint eatorra agus d'innis an bhain- rioghan d'a cailín seomra an imnidhe a bhí uirri faoi. “Fóil,” ars an cailín, “socró- chaidh mise an cás sin; creid mise gur
geárr go bh-foghlómaidh sé le creathugadh le eagla.” Leis sin do chuaidh sí amach go sruth a bhi ag rith air chúl an ghairdín agus do fuair si duine no beirt fhear agus do ghabh siad dhi soíghtheach lan de h-éisgibh beaga no, mar a deirtear, pincíne. Anois nuair a bheidheadh an rígh óg 'n a chodhladh ins an n-oidhche go trom do bhi an bhainrioghan leis an eudach iompó dhe anuas agus an méid a bhi 's an soightheach, eidir uisge, gaineamh, agus éisgibh, a dhórtadh anuas air ins an leaba, i nós go m-beidheadh na h-eisg beaga ag leimnidh go luathmhar air agus thimcheall air. Do righneadh sin. Ni túisge a bhi sin deunta ioná dhúisigh sé, gheit sé, agus d'eirghe se do léim, agus d'éighmhe sé amach go ghlor árd, — “O, a chéile mo chroidhe, nach bh-fuilim-se sganruighthe! féuch an chaoi a g-criothnuighim- se. 'Nois ta fios agam le creathugadh agus creud é criothnughadh le faitchíos.” Nós go deun ag a tírigheacht air gach nídh. Clann Chonchobhair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services