Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)

Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE
FÓGHLUIM CRIOTHNUIGTHE LE FAIT-
CHÍOS.



[Críochnuighthe ó Uimhir 7, ll. 205-208, Uimhir
8, ll. 241-3, agus Uimhir 9, ll. 282-4.]



Mar a dubhradh cheana, bhi na fir a tháinic
'na leathannaibh anuas an phuill deataigh ag
imirt cluiche na naoi m-bíorán le dha bhlaosc
agus le naoi gcnamhaibh daoineadh marbhtha.
Air breathnugadh do'n fhear óg orrtha, gan
eagla air bhíth air no iongnadh ionnta, do
ghlac se spéis go deireanach a dhul inns an
g-cluiche é féin, agus do labhair sé leo a's
dubhairt sé,—“ Cia bhur meas an n-déanann-
se duine in bhur measg?” “Go cinnte,”
d'fhreagair siad-san, “ma ta airgiod agat.”
“Airgiod mo dhóthain, air seisean, acht ni
fhuil bhur liathróideacha tiomchiollach go
leor.” Ann sin air tógbháil blaoscanneadh
na n-daoineadh marbhtha dho, do chuir sé air an
deil iad, agus do righne sé iad cruinn.
“Imtheóchad-san, nios feárr anois,” dubhairt
sé, “'nois beidh greann againn.” D'imir sé
leo agus is mó do bhi sé caillteach iona
gnóite; acht nuair do bhain an chlog an do-
dheug bhi an áit suimneach; d'imthigh gach rud da
raibh air fud na h-áite, gan fios cé a n-
deachaidh siad. Bhi sé ann sin leis féin, do
shín sé é féin air an urlár air aghaidh na
teineadh agus do chodail sé go saimh go
d-táinic an lá, agus gur sbáin an ghrian í
féin thríd an bhfuineóg. Tamall geárr na
dhiaidh sin do tháinic an righ go bh-feicfeadh sé
cia an sgeul a bhi ann is an g-caisleán do
bharr na h-oídhche, agus do bhuail sé an do-
rus go láidir. Do ghairm an fear óg i-stigh.
D'fhiafruigh an righ dhe, cia an chaoi do chaith
sé an oidhche. “D'imir mé le liaróidibh,”
dubhairt sé, “agus do chailleas cúpla teis-
tiún.” “An raibh fáitchíos ort?” ars an righ.
“Faitchíos!” ar sesion, “ni raibh acht greann
mór a bhi agam cuid de'n oídhche. Ní fhuil
uaim acht fios d'fágail creud é faitchíos,


L. 74


acht faraor nach bh-feidim criothnughadh le
eagla.”



Faoi dheire mar sin do tháinic an tríomhadh
h-oídhce agus do thriall an t-óglách isteach ins
an g-caisleán aris. Tharruing sé an taobhan
air aghaidh na teineadh, do shuígh sé air dheil
agus éag radh leis féin, “O! dha bh-feudfainn
criothnugadh le faitchíos.” Nuair a dhruid sé
amach 's an n-oidhche do chualaidh sé fuaim ag
teacht agus, air feuchaint uaidh dho, do chon-
nairc se seisear fear mór láidir ag siubhal
chuige isteach agus iad ag iomchur cómhra air
a nguailnibh. “A! dar mo laim,” ar se-
fean,” Is cosamhuil gur b-é mo cholceathairín
ata ann nach bhfuil acht trí no ceathair de
laetheantaibh ó fuair sé bás.” Do chuir sé
suas a mheur agus do sméid se air, agus
dubhairt sé, “Eirígh, agus gabha chugam, a
chol-ceathairín mo chroídhe, agus tar gus an
teine, agus téith h-u féin.” Do leagadar-
san an comhra fútha air an urlár. Ann sin
d'eirghe an fear óg go tapaidhe agus do
chuaidh sé g' an g-comhra, agus do thóig se
suas an clár béil dhe, agus do bhi ann sin
sínnte fear marbh. Do leag se lamh air a
eudan a's do bhí sé cho fuar le leacoidhre.
“Fóil,” ar seisean, “téithfeaidh mise h-ú.” Do
chuaidh se chum teineadh agus do chuir sé a
lámha os a cionn tamall no go raibh siad
teith, agus do chuimil an t-eudan an fhir
mhairbh leo go cruaidh, acht d-fhan an corp
fuar. Thug se annsin as an g-comhra é, do
shuígh se air aghaidh na teineadh, do chuir sé an
fear marbh i nocht, do chuimil sé bocánachaidhe
a lámha, a ghúailne, a chliabhrach, a bhaill chuirp
air fead, ag feuchaint da bhfeudfadh sé an
fuil a chur a ritheadh thridh na cuisleannaibh
no go d-tabharfadh sé air ais é. Ni dhearnadh
sin aen mhaith acht d'fhan an fear marbh cho
fuar agus bhi sé in tosuigh. Dubhairt sé
leis fein go m-b'fhéidir da d-tugfadh sé
i-steach inns an leaba é agus ag sínughadh
síos leis go d-téithfeadh fé níos feárr, mar
deirtear go minic, “beirt air leaba agus go
d-téithidís a chéile.” Thug se leis é, chuir sé
air an leaba é, agus do luígh sé féin lé n-a
thaobh. Go goirid na dhiaidh sin gur airigh sé
an fear a téithugadh agus gur chorruigh sé.
Leis sin a dubhairt an t-óglách, “Anois, an
bh-fheiceann tu, a cholcheathair mo chroídhe ná'r
théith me h-ú?” Air a radh na bh-focladh so
dhó, d'eírigh an fear a bhi marbh cheana do léim
agus dubhairt sé leis go gruamántaighe,
“bi air do shon féin anois; tachdfaidh mé air
m-ball h-ú.” “Ceur'd so!” ars an t-óglách,
“má's sé sin é mo bhuidheacas rachfair-se
air ais is an g-cómhra arís.” Leis sin do
thóig se eidir a dha láimhibh é, agus do chuir se
isteach is an g-cómhra é, agus do dhaingnigh
sé an clár béil ós a chionn. Có luaith agus
a bhi sin deunta do shiubhail an seisear fear
isteach chuige a d'fhag in sin cheana é, d'ár-
duigheadar air a ngualnaibh é, agus d'iom-
chuir siad an bealaigh é. “Uch,” dubhairt se
leis féin, “ní bh-fuil aon mhaith ann ní
chriothnóchad-sa a choidhche le faitchíos ann so
da bh-fanfainn 's an áit so i n-imtheacht mo
shaoghal.”



Tamall geárr na dhiaidh sin do shiubhail
isteac chuige fear árd, treunmhar, bu mhó
ioná ceachtar de'n mhuintir eile. D'fheuch sé
garbh, borb, fiadháin, acht bhi roinn mhaith aoise
aige agus feusóg fhada liath air a eudan.
“Anois,” sgread sé, “a lepreucháin, a chréa-
túir ghrana, fóghlómaigh tu le criothnugadh in
éinfheact, air an ádhbhar go maireóbhuigh me
h-u faoi láthair.” “Na labhair cho sciopuighe
sin,” ars an t-óglách, “ma ta mise le bás
d'fhághail caithfidh me a bheith ann sin.” “Is
goirid go m-béarfaidh mise grim ort,” du-
bhairt an fathach mór so. “Fóil, fóil,” ars
an fear óg,” glac go réidh h-u féin agus
na bi cho cruaidh a's cho gaisgeamhuil agus
atá tú, óir gidheadh go saoileann tusa go
bh-fuil tu láidir ta mise cho láidir leat, mar
buil níos láidire.” “Chidhfeamuid sin,” du-
bhairt an fathach, “má's láidire h-ú iona
mise sgaoilfeadh me bóthar leat. So, feuch-
amuis a chéile.” Ann sin do shiubhail sé
roimhe amach agus do theasbáin sé é thríd
phóirsibh, thríd bhealaigibh caola, fada, dorcha
gur tharla siad ag ceárdcha gaibhne. Ann


L. 75


sin do rug se an bhiail in a laimh agus do
bhuail sé buille dhi air chean do na
n-inneoinibh agus leis an m-buille sin do
chuir sé seacht bh-feadha síos ins an talamh í.
“Dar liom,” dubhairt an t-ógánach, “go
bh-fhéadfaidh mé sin a dhéanadh níos feárr
ioná ta déanta agadsa.” Leis sin do rug
sé air an m-biail agus do chuaidh sé gus an
inneoin eile, agus do throidh an fathach mór so
i bh-fogas dó le go bh-feicfeadh sé cia mar
dheunadh sé a bhuille a bhualadh. Bhi a chuid
feusóige cho fada agus gur shrathuigh sí go
talamh, a réir do bhí sé'n a sheasughadh ós cionn
na h-inneoine. Do tharruing an t-óglách a
bhuille agus le neart an chnáimh do sgoilt sé
an inneoin go talamh agus do gabhadh feusóg
an fhathaigh ins an sgoilte. “Nois”, ars an
t-óglách, “ta tu agam; is leat-sa bás
fhagáil air tús.” Iar sin a rádh dhó, do rug
se air bharra iarain, geárr, teann, a bhi i
ngar dhó, agus do thosuigh se d'a fheuchaint air
cnámhaibh an fhathaigh go bh-feicfeadh sé cia an
seasughadh a bhí ann; agus a chuid feusóige i
bh-fastochadh in n-imtheacht na h-aimsire no
gur sgread sé ag iarraidh coimirc agus é a
sgaoileadh. Agus da leigeadh sé saor é go
d-tabharfadh sé saibhreas mór dhó. Leis sin
do tharruing an t-oglác an bhiail as an
inneóin agus do leig sé saor an sean-fhathach.
Ann sin dubhairt an fathach leis, “lean mise.”
Agus do lean se dhó. Do thug se leis é síos
thridh póirsidhibh fada, dorcha an chaisleáin go
d-tángadar go d-ti gurna mór a bh-fad faoi
thalamh. Agus air riachdain ann sin dóibh, do
sbain an fear mór do'n óglách trí cófraidhe
mora líonta le taisge oir, airgid, agus seód,
agus gach uile shórt maoin mór eile. “An
chidhir-se iad so?” ar seisean. “Chídhim-se,”
dubhairt an t-óglách. “Diobh so atá trí
ronna le deunadh,” ar seisean; “bidheadh
ceann acu sin agad féin; bhéarfair an dara
ceann do'n rígh, agus an treas cheann do na
bochtaibh.” Go díreach nuair a bhi an focal
deirionnach ráidhte do bhuail an clog an dó-
dheug, do mhúghaig an fathach mar d'foisgeoladh
an talamh agus da'r shluigeadh sé é, agus bhi
an t-óglách i n-dorchadas. “Ní fhuil neart
air,” dubhairt sé, “acht caithfidh mé feuchaint
mo bhealach a dheunadh as so gan moill.” Bhi
a leocht air, óir do lamhsuigh sé thimcheall air
no go bh-fuair sé an dorus. Ann sin do
righne sé a bhealach air ais go d-ti an seomra
d'fhág se faoi dheire. Air theacht ann sin dó,
do shín se air aghaidh na teineadh agus do
thuit suan air, gidhead gur bhi se tar éis a
dhul thridh ghábhadh mhór. Air maidin na dhiaidh
sin do tháinic an rígh mar gach maidin eile go
g-cloisfeadh sé cia an sgeul a bhi aige do
bhárr na tríomhadh oídhche. “Anois saoilim,”
ars an rígh, “ni feidir nachar fhogluim tu le
creathugadh.” “Nior fhóghluimeas,” dubhairt
an t-ógánach; cia an áit an bh-fogleomainn
é? Bhi mo bhráthair, is e sin, mo dhuine gaoil
a ta marbh le mí, ann so agam agus do
thainic fathach mór, a raibh feusóg fhada liath
air, chugam agus do thaisbéan se dham taisge
mhór óir agus seód shíos ins an ngurna, acht
níor tháinic aon neach dó chum mhúnadh dham
le criothnugadh le faitchios.” Ann sin d'fhrea-
gair an rígh air agus dubhairt sé go modha-
mhuil — “Is maith an fear h-u, do shaor tu an
caisleán agus bhéarfaidh mise m'inghean
duit-se i b-pósadh.” “Ta sin go maith,”
dubhairt an t-óglách “acht ni fheudaim crioth-
nugadh le faitchíos fós.”



Na dhiaidh sin tugadh an t-ór i láthair, do
righneadh an pósadh, agus do caitheadh an
bhain-fheis. An t-óglách a bhí andé mar bhi
se ata 'n a righ andiu. Acht ceur 'd budh í
gradh a bhí d'a bhainrioghan óg aige agus da
shásda dha raibh sé, do bhidheadh se i g-comhnuighe
ag radh — “Ní fhuil fios agam le criothnugadh
fós.” Bhi an bhainríoghan óg ag eisteacht
leis an rud ceudna so go h-oidhche agus go
leó, agus iar g-cloistin na cainte so go
shior di, do chuir se mishuimneas uirri. Do
thug an searbhfoghantaigh faoi deara gur
fheuch a máighistreas triublóideach. Ann sin
do bhi caint eatorra agus d'innis an bhain-
rioghan d'a cailín seomra an imnidhe a bhí
uirri faoi. “Fóil,” ars an cailín, “socró-
chaidh mise an cás sin; creid mise gur


L. 76


geárr go bh-foghlómaidh sé le creathugadh le
eagla.” Leis sin do chuaidh sí amach go
sruth a bhi ag rith air chúl an ghairdín agus
do fuair si duine no beirt fhear agus do
ghabh siad dhi soíghtheach lan de h-éisgibh beaga
no, mar a deirtear, pincíne. Anois nuair
a bheidheadh an rígh óg 'n a chodhladh ins an
n-oidhche go trom do bhi an bhainrioghan leis an
eudach iompó dhe anuas agus an méid a bhi 's
an soightheach, eidir uisge, gaineamh, agus
éisgibh, a dhórtadh anuas air ins an leaba, i
nós go m-beidheadh na h-eisg beaga ag
leimnidh go luathmhar air agus thimcheall air.
Do righneadh sin. Ni túisge a bhi sin deunta
ioná dhúisigh sé, gheit sé, agus d'eirghe se do
léim, agus d'éighmhe sé amach go ghlor árd, —
“O, a chéile mo chroidhe, nach bh-fuilim-se
sganruighthe! féuch an chaoi a g-criothnuighim-
se. 'Nois ta fios agam le creathugadh agus
creud é criothnughadh le faitchíos.”



Nós go deun ag a tírigheacht air gach nídh.



Clann Chonchobhair.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services