Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abhráin Diadha Chúige Connacht II
Title
Abhráin Diadha Chúige Connacht II
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1906
Publisher
Gill / Unwin
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag so giota neamh-ghnáthach tá rud-beag cosmhúil leis an bPaidir Gheal, do fuair an t-Athair Eóghan O gramhna i n-Inis-mheadhon Árann; sórt comhrádh é idir an t-úghdar agus triúr oilithreach. Ni 'l ann acht blodh beag. AN TRIÚR BRÁTHAR. "Go mbeannuighidh Dia dhaoibh a thriúir bráthar." "Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhaoibh." "Cá bhfuil sibh ag dul anois"? "Ag dul go Sliabh na n-oluidheadh Baint oluidh de chroinn." Chuige libh a's tugaidh libh í, An olann is fearr do gheobhaidh sibh, An olann shlán chaorach Corruighidh 's ná ceiligidh 'S ná iarraighidh tada [dadamh] d'á chionn. Ag so rann beag o mhnaoi as gort Innse Guaire i gcondaé na Gaillimhe. GO BHFÓIRIDH DIA. Go bhfóiridh Dia ar an bpeacach bocht A bhídheas i gcómhnuidhe ag dul ar straé Nuair éirigheann sé ar maidin Ni ar a thighearna cuimhnigheann sé. Ni theidheann sé choidhche chuig aifrionn No ag éisteacht briathra Dé, Acht go bhfágaidh sé an saoghal so Mo leun! cá rachaidh sé. Labhairthear an focal so mar "hugalibh," ni cinnte mé cionnus litrighthear é.
Ag so paidirín beag eile do chualaidh an Liathánach i nDún na nGall agus do chualaidh an t-atháir Eóghan O Gramhna ag sean-fhear i gcondaé Longphuirt. Dubh- airt siad go raibh "luadhadh" no logha seacht mbliadhan léi. 'S MÉ AN CRÉATÚR LAG. 'S mé an créatúr lag faoi ualach trom Agus méad mo pheachaidh is aithrigheach liom. Acht admhuighim Creideamh Dé go síor Le grádh mo chroidhe a's le dóthchas fíor. O chois croiche glaodhaim suas Fríd (sic) Íosa ár dTighearna claonaigh anuas. Ag so urnuighe eile de na h-urnaighthibh atá le rádh le linn an aifrinn. Fuair an Liathánach é ó Ghleann-na-magh-dubh i gcondaé na Gaillimhe. BRONNAIM M'ANAM. Bronnaim m'anam duit-se a righ na ngrásta A's go bráth nár leigidh tu mé ar ais, A fhiadhnuise seo ort-sa a Mhaighdean bheannuighthe Gur chuir mé féin m'anam ar láimh do mhic; A ghnúis is gile 'ná an ghrian Ná fulaing mé i bhfad i bpian. Chidhmid an peacach ag glaodhach ar fhiadhnuise na Maighdine i nios mó 'ná aon phiosa. Ag so an smaoineamh céadna mar fuair an Fathartach i gConamara é, ghlaodh seisean Ortha Mhuire air,
acht ní ar an bpaidir seo amháin atá an t-ainm sin. ORTHA MHUIRE. A Mhuire a mháthair an righ Déan mo shíothchán le do mhac, A ghnúis is gile 'ná an ghrian Ná fulaing mé i bpian i bhfad. Bronnaim m'anam duit Íosa Críost A's go bráth ni iarrfad é arís, A fhiadhnuise ort-sa a Mhaighdean Mhuire Gur chuir mé m'anam ar láimh do mhic. Ag so paidir eile le rádh, le linn an aifrinn, do chualaidh an Liathánach o dhuine as Gleann-na-magh-dubh i gcondaé na Gaillimhe. Deirthear í nuair thógas an sagart an cailis. A IOSA. A Íosa do chuir brigh Ann san sacraiméid, Go líonaidh tu mo chroidhe le grástaibh Dé, Do thug tu maitheamhnas Do na míltibh dá'r shaothraigh tu Go saoraigh' tu m'anam As gach peacadh d'á ndearna mé. Ag so paidirín de'n tsórt céadna acht ni chuimh- nighim cia uaidh fuaireas é. A RIGH NA hAOINE. A Righ na h-Aoine Do shín do gheuga ar an gcroich, A Thighearna air ar (?) fhulaing tu Na mílte 'sna céadta lot.
Sínimid síos Faoi dhídionn do sgéithe [anocht], A's go sgaraigh tu orrainn toradh an chroinn Ar ceusadh air do chorp. Ní'l aon áit i n-Éirinn nach bhfuil "Aisling Mhuire" le fághail innti. Ag so mar do sgríobh an t-Athair Eóghan o Gramhnaigh í ó bheul duine i n-Árainn Mhóir AISLING MHUIRE "An suan sin ort a mháthair bheannuighthe"? "Ni h-eadh a mhic, acht aisling." "Cia fáth t' aislinge a mháthair"? "Mar tá mac Dé d'á sgiúrsadh d'á phúnáil Le rópaibh caola cnáibe do phostaibh cloch. An tsleagh nimhe ag dul tríd a thaoibh, An chróin spíonta ag dul tríd a cheann, Tairngidhe maola ag dul ann a chosaibh, A chuid fola beannuighthe d'á dórtadh faoi chlochaibh na sráide." "Is maith t' aisling a mháthair. Ni'l aon duine déarfadh t' aisling tri h-uaire ag dul i bpáis-chodalta na h-oidhche dhó, ar bhaoghal [dó] droch-aisling ná pianta ifrinn arís go bráth." Ag so mar chualaidh mo chara Eóin Mac Néill é ag duine as Innis-Meadhon. AISLING MHUIRE (Cóip eile). "An codladh sin ort a mháthair"? "Ni h-eadh acht aisling a mhic na páise." "Cia an aisling a máthair"?
"Go raibh tu ag do sgiúrsáil ag do phlúcáil Ag do cheangail le piléar cloch, Ag do cheusadh a's ag do ró-cheusadh, Do chuid fola breágh beannuighthe 'Na srothánaibh go talamh leat. An tsleagh nimhe d'á caitheamh fo do dheis." "Ni'l aon duine thóigfeadh t' aisling a mháthair, 'S a déarfadh í tri h-uaire sul chodlóchadh sé Ar baoghal do aon fhód de dhúthaigh Ifrinn fheiceál go bráth, ná aon Droch-thoisg thabhairt as aisling." Fuair mo chara,nach maireann, Pádraig O Laoghaire, an phaidir chéadna i gCorcaigh. "An ad' chodladh taoi a mháthair"? "Ni h-eadh a ghrádh ghil, Acht ag aisling atáim-se, Go bhfuil an marcach caol dubh Agus an each caol donn Agus an tsleagh dhearg Ann a dheas-láimh Le cur tre thaob ár dtighearna Agus a chuid fola uaisle Le dórtadh amárach." "Is fíor sin a mháthair tá sí le dórtadh amárach." "Agus an té go mbeidheadh an aisling sin aige, agus í rádh tri huaire ar a luidhe 'na leabaidh-shuain dó, geobhaidh sé neamh gan troigh-ghluaiseacht, agus ni fheicfidh sé ifrionn fuar go bráth." Is fada an t-aistear ó Árainn go Corcaigh agus ó Chorcaigh go dtí Árd Macha i gCúig Uladh, acht tá aithne ar chuid mhóir de na píosaibh beaga so ann s gach
áit d'Eirinn a bhfuil an Ghaedheilg d'á labhairt innti, agus i n-aiteachaibh i n-Albainn mar an gceudna. Ag so mar fuair mo chara an sgoláire síos-obruightheach, an Laoideach, an rud céadna ó fhear as an Lios-liath anaice le Camloch i gcondae Ard-Macha. AISLING MHUIRE (Cóip eile, o Árd-Macha). "An do chodladh thu, a mháthair" ? "O! chá nfhuil acht i n-aisling atá mé a mhic," "Go dé an aisling a mháthair"? "Fear fada dubh a chidhim ag teacht, Agus a shleagh bhárr-chaol leis ann a laimh, Le h-aghaidh do chuid-se fola beannuighthe léigean ar lár." "Is fíor d' aisling a mháthair Cár mhiste do'n tsaoghal a rádh, Ní'l neach, fir ná mná, D'á ndéarfaidh é gach tráth A dtéid a n-anam go h-ifrionn go bráth." Ag so paidir na maidne atá aca i gConamara agus i n-áiteachaibh eile. Fuair an Fothartach ó dhuine éigin i n-Iar-Ghaillimh í, agus chualas féin an rud ceudna i gcondaé Roscomáin. TOIL DÉ Toil Dé go ndéanamaoid Ár n-antoil féin go smachtuighmid, Srian le n-ár dteangaidh go gcuirimid, An Aithrighe thrathamhail go ndéanamaoid, Ar pháis Chríost go smuaínimid, Gach cóir pheacaidh go seachnuighmid, Na críocha déigheannacha go meabhruighmid
bás beannuighthe go bhfágmaoid, Ceól na n-aingioll go gcluinimid, Ag moladh Dé go rabhmaoid Le linn na saoghal. Atá go díreach an phaidir chéadna aca ann sna Gleanntaibh i nDún-na-nGall, do sgríobh an Liathánach síos í, agus fuair sé léi na línte eile seo. Na flaithis go saothruighmid, I dtobar grásta na faoistine Go nighmid sinn féin, Ar bhantracht Mhuire Máthar Na sgaball beannuighthe go rabhmaoid; Párdún go bhfághaidh sí dhúinn I n-Iomlán ár smuaínteadh, Ár mbriathra, ár ngníomhartha Agus ár bhfaillighe. Ag so paidirín beag na maidne de'n tsórt céadna do fuair an Liathánach ó bheul duine as chondaé Tír Eóghain. A DHÉ A Dhé 's a Mhaighdean Muire Do thug slán mé féin 's mo pháistidhe Ó bhás codlata aréir Chum an laé ghil andiú, Go dtugaidh Sibh slán muid [i.e. sinn] O gach uile gábhadh 'S go sábháilidh Sibh muid ó'n námhaid Idir anam agus corp. Fághmaoid an focal sin "bás codlata" i bhfoirmibh éagsamhla. Is "páis chodlata" i n-Árainn é, adeir an t-Athair O Gramhnaigh liom, agus is "máis-chod- lata" i n-Gleann Cholumcille é. Bíonn faitchios mór mór ar na daoinibh roimh bás fhághail agus iad 'na
gcodladh, agus is minic deirtear "slán codlata na h-oidhche dhúinn" no "go dtugaidh Dia thu ó pháis chodlata na h-oidhche" i n-áit "oidhche mhaith dhuit" do rádh. Ag so urnuighe-na-maidne eile ó Chondaé an Chláir, do sgríobh an Liathánach. CABHAIR A'S CÁIRDE. Cabhair a's cáirde a's grása ó Dhia chugainn Cabhair gach lá chugainn a's táim d'á h-iarraidh, Sácraméid na h-aithrighe a's go neartuighidh Dia linn, M' anam ar do choimrighe a Mhuire bhaintighearna. O ! a Dhia, a athair 's a Uain, Díbir gach smunaínteadh malluighthe uaim, Bí 'n ár d-timchioll 'n ár luidhe dhúinn, 'N ár seasamh a's 'n ár suan, Bí 'n ár n-inntinn a's 'n ár bhfochair Ar an uair dheireannaigh. Ag so paidir bheag mhilis na maidne fuair an t-Athair O Gramhnaigh i n-Árainn. AINGIL DÉ Aingil Dé d'ár gcoímhdeacht 'S d'ár sábháilt arís go fuín, Ar choimrighe Dé a's Muire, Mhic Duach a's Mhic Daire, Agus Cholum-Cille Arís go fuín.
Dá naomh do bhí i Mac Duach agus i Mac Daire, do bhain le h-Arainn. Is o fhear aca baistear Cill-mac duach ar dhióses i nGaillimh. Ó'n bhfear eile thig an t-ainm Darach atá coitchionn mar ainm ann sna h-oile- anaibh sin fós. Tá oileán Mhic Daire amuigh 'san bhfairrge ó Chonamara, an taobh ó dheas, agus deir siad, gach uile bhád bhíos ag dul thairis go n-ísligheann sé an seól mór mar chomhartha urraime agus onóra do'n naomh. Bhi Columcille tamall fada i n-Árainn mar an gcéadna, agus is coitchionn an t-ainm Colum 'san oileán. Ag so paidirín beag eile de'n tsórt céadna do chualaidh an Gramhnuigheach i n-Árainn. GNÚIS DÉ Gnúis Dé go bhfeicimid, Glóir Dé go gcluinimid, Flaithis Dé go saothruighmid, Bás beannuighthe Iocht a's áithrighe Go bhfághaidh ár n-anam bocht. Deirthear go minic "údhacht a's aithrighe" ann san gcúigeadh líne, no mar chualaidh an Gramhnuigheach féin i gCondaé na Midhe "ola 'gus aithrighe," óir tá an phaidir seó ag sean-daoinibh an chondaé sin beag-nach mar tá sí ag muinntir Arann. Ni minic fághmaoid prós i n-áit dáin, ann sna paidreachaibh seó, acht ag so paidir áluinn i bprós do chualaidh mo charad Seághan Mac a' Bháird ann sna Ceallaibh Beaga i nDún-na-ngall go minic, agus do
sgríobh an Liathánach an píosa céadna ó bheul Róis ni Ghallchúbhair éigin as an gcondaé céadna. ORTHA MHUIRE A Thighearna ró-mhilis, a Íosa Críosta, a Dhia na n-aingeal, a Aon-mhic na Maighdine glórmhaire Muire, Fóirigh orrainn-ne na peacaigh bochta, ann gach cruadh-chás d'á bhfuil orrainn, ann do láthair, A Mhaighdean ghlórmhar, a Mháthair Dé, a bhean do b' uaisle de gach cineamhaint, 's atá diongmhalta ann gach moladh, déan idir-ghuidhe . ar ár son i bhfiadhnuise do mhic ghrádhaigh féin, mar shúil a's go bhfuighimis an ghlóir shíorruidhe i d' aice. A Bhuime gach h-uile mhilseacht', a bhainríoghain nár chionntaigh, a thobair na trócaire, 's a dhóthchuis lucht' an chreidimh, a reult na maidne, is " mór " ghoireas Párrthas thu. A theampoill Dé, a pháláis Íosa Críosta, is tusa congnamh sláinte dhúinn. Guidhimid an té do chrothuigh sinn agus do cheannuigh sinn a's do chuir na tri tonn fola dhé ar ár son. A Mhuire Mháthair, a Mháthair na nGrásta, bi agam i n-aimsir mo bháis, i láthair mo bháis, agus roimh mo bhás. Bi agam, bí rómham 'san phort. Agus ná leig m'anam thart, Seo aimsir na trócaire, agus tóg an t-ualach mór so de m' anam a's dem' chroidhe. A Mhuire Mháthair agus a Mhic, go ndéanaidh tu mo leas, abhos agus thall; nár leigidh tu m' anam ar leic na bpian, Aingle Dé liom. Teachtaire Dé rómham. [A] Ghárda na n-aingeall taraidh os mo chionn. Ola Chríosta ar mo chorp. Dia liom agus rómham. A bhainríoghan na mbocht, do bhain impidhe thar mhnáibh an Domhain, tarraigh agus déan cogar ar mo shon, an peacach bocht mar i ndúil a's go bhfuighinn an ghlóir shíorruidhe i d'aice.
A bhláth na bpatriarc, a dhealradh na n-easball, a dhóthchais na glóire, a mhaise na h-Óighe, air ar smaoin uachtaráin na n-aingeall agus na n-arc-aingeall. Is tu an pálás, Is tu an t-úbhall as a dtigeann gach uile shubháilce do théid i dtairbhe do 'n chine daonna. A deallradh na glóire, agus a dhóthchais lucht' an chreidimh, a's gur b'é do choinfiosóid leis na h-ainglibh a chuirfeas sólas orra. A bhean mhilis, guidhim thu go h-umhall gan ár dtréigbheál i n-aimsir thruaighmeileach ár mbáis, an uair bheidheas ár n-anam ag sgaradh le n-ár gcolainn. Gabhaim do choimre a Íosa Críosta, i siocair do pháise, a' luidhe dham 'san oidhche 's ag éirighe dham ar maidin. Ag so rann milis eile na maidne do chualaidh mé ag mnaoi dar bh ainm Brighid ni Chromaigh i bparráiste Tighe Baoithin, i gcondae Roscomáin. Is rann é atá le rádh nuair dúisighthear thu le ceól na n-éan ar maidin PAIDIRÍN CÚBHARTHA Paidirín cúbhartha mhúin Mo leanbh dam féin Gan mo shúil do bheith dúnta I n-aimsir sgreadta na n-eán, Ag dul ar mo ghlúnaibh, ag guidhe 'S ag agairt Mic Dé, Cuimhniughadh ar an Uan atá brúighte Marbh faoi 'n gcré.
Ag so paidir bheag eile na maidne do chualaidh mé óm' charaid Tomás Bárclaigh atá as Condaé Mhuigh Eó. Dubhairt sé go raibh si le bheith ráidhte le linn éirighthe agus tusa ag cur ort. A RIGH NA GCARAD. A Righ na gcarad A athair an tSlánuightheór', Fág ann mo sheasamh mé Ar maidin drádhachóir [?] Déan mo theagasg Gan mearbhal a Shlánuightheóir, Sábháil m'anam Ás ceangail ó'n Aidhbherseóir. Ag so ceann eile do chualaidh mé ó'n bhfear céadna. A RIGH NA GCRÉACHT A Righ na gcréacht Céasta i mbárr an chrainn, Agus croidhe do chléibh Gur reub sin lámh an daill, Fuil do chléibh Gur théacht ar lár na linn', Faoi sgáth do sgéithe Beir féin go Párrthas sin.
PAIDREACHA AN TRÁTHNÓNA. Is sompla maith ar phaidreachaibh na maidne an méad do thug mé shuas. Casfamaoid anois ar phaidreachaibh an trathnóna. Tá siad an-iomadamhail agus tá siad le fághail ann s gach áit i n-Éirinn, acht amháin ann sna h-áiteachaibh sin ann ar ghoid na sgoilte "náisiúnta" a n-oighreacht féin óna daoinibh. Tá siad níos fairrsinge 'ná paidreacha na maidne, mar is faitighe, do ghnáth, gach aon duine san oidhche 'ná san ló, agus is mó mhothaigheas sé 'san uair sin go bhfuil urnaighthe ag teastál uaidh. Ag so paidir do chualaidh mé óm' charaid Tomás O Coinceannain ó Innis-Meadhon. LAIDHIM LE DIA Laidhim le Dia, a's go laidhidh Dia liom, Nár laidhidh mé leis an Olc, A's nár laidhidh an t-Olc liom. Crios Bhrighde faoi mo chúl, A's brat Mhuire faoi mo lár, Tar, a Mhichil Óig Agus glac mo lámh. Déanaim mo shíothchán le mac díleas Dé. Guidhim Peadar, guidhim Pól, Guidhim Muire Óigh 's a mac, Guidhim an dá easbol déag Atá i bhflaitheamhnas Dé Gan mise d'eug, le n-a gcead. O Íosa chuir brigh ann san tSacraméid A d'fhuasgail na mílte bhí cráidhte i bpéin, Tig braon ar mo chroidhe de do mhór-ghrásta féin [Ann] gach aon pheacadh d'á ndearna mé.
Tá Muire ag tigheacht ó dheas Lá aitheanta na gcleas, A's na h-aingle roimpi amach, a's í ceusadh, O thig sí amach Bainfidh sise amach A's tiubhraidh sí go flaithis Dé sinn. Ní'l neach, fir ná mná, A déarfadh é sin 'ch aon tráth, A d'fheicfeadh cloch ifrinn go brath. Fuair mo chara Eóin Mac Néill, paidirín eile atá an-chosmhúil leis seó, i n-Inis Meadhon. GO LAIDHEAD LE DIA Go laidhead le Dia a's go laidhidh Dia liom, Nár laidhead leis an olc a's nár laidhidh an t-olc liom, Crios Bhrighde faoi mo lár, Agus brat Mhuire faoi mo cheann, Tarr a Mhichil óig agus glac mo lámh, Agus déan mo shíothchán le mac na ngrás. Má tá droch-rud ar bith ar mo thí Cuirim Mac Dé idir mé féin agus é féin, O 'nocht go dti bliadhain ó 'nocht, Agus anocht féin, Agus go deó, Agus go bráth! Is fada an bealach ó Árainn go Lochábar i n-Albainn, acht tá an phaidir seó le fághail ameasg na nGaedheal ann san tír sin, beag-nach mar tá sí aca i n-Eirinn féin. Ag so mar do sgríobh fear de mhuinntir
Stiúbhairt í ó bhéal Ard-Albannaigh o Lochábar. Thug sé "Altachadh [beannacht] leabtha" uirri. ALTACHADH LEABTHA. Laidhidh mise 'nocht Le Moire 's le mac, Le máthair mo righ 'Ní mo dhíon ó dhroch-bheart. Chá laidhidh mé leis an Olc S chá laidhidh an t-Olc leam. Ach laidhidh mé le Dia, 'S laidhidh Dia math riom. Lámh dheas Dhé fo m' cheann, Crios na naoi n-aingeal leam, O mhullach mo chinn Go craiceann mo bhonn. Guidhim Peadar, guidhim Pól Guidhim Moire óigh 's a Mac, Guidhim an dá ostal déag Gan mise dol éug le 'n cead. A Dhia 's a Mhoire na glóire 'S a mhic na hOighe cúmhraidh Cumaibh mise o na piantan dorcha 'S Micheal geal an códháil' m' anama. Do shaoil na sean-daoine, mar is dóigh, gur comhartha deagh-aingil é do theacht ó'n taoibh ó dheas, ar an ádhbhar sin adeir an phaidir seó, Tá Muire ag teacht ó dheas Lá aitheanta na gcleas, agus chonncamar i "nDán an Tuir" mar dubhairt an peacach, Chonnairc me gaisge an bháis ag cruinniugadh, Taobh ó thuaidh na múrtha dubha teineadh,
Taobh ó dheas Muinntir Chríosta, Ag cruinniudh measg na n-aingealgha, An Mhaighdean ghlórmhar 'gá ndeifriughadh. Is coitchionnta an rádh "Cros na n-aingeal" agus do mhínigh an t-athair O Gramhna dham mar so é, .i. na h-aingil do bheith i bhfoirm croise, ceann aca 'san lár, agus dá cheann ann s gach árd de na ceithre árdaibh, amach dé, mar so. Ag so paidir-na-h-oidhche do fuair an Liathánach ó bheul duine as Tír-Eóghain. SÍNIM-SE AR AN LEABAIDH SEO. Sínim-se ar an leabaidh seó Mar sínfear mé 'san uaigh, Ag iarraidh toraidh agus brigh' Na sacramuinte beannaighthe. As ucht Muire agus grádha Dé Gabhaim le Dia mar athair chugam, 'S gabhaim le Muire mar mháthair chugam. Gabhaim leis na Flaithis mar dhúithche A's mar lón síorruidhe ag m'anam. A Thighearna, go slánaighidh tu ar m' anam. A Chríost déan trócaire orrainn. Ag so paidirín eile do sgríobh mé ó bheul mná i n-aice le Coillte-mach i gcondaé Mhuigh Eó. Tosaigheann sé mar thosaigheann an ceann deireannach. SÍNIM SÍOS Sínim síos ar an leabaidh seo I n-ainm Íosa Críosta [do] ceusadh beó, Bheith do mo shábháil, do mo thárrtháil, Agus do mo chúmhdach;
Agus nuair bhéidheas mo dháta Caithte ar an saoghal so Go dtógaidh an t-athair síorruidhe Go ríoghacht na bhflaitheas Agus do'n fhlaitheas is úirde mé. Ag so paidir eile na h-oidhche do fuair an Gramh- nuigheach ó bheul Thaidhg Ui Sgannail oide-sgoile i mBaile-mhúirne i gcondaé Chorcaigh, paidir ann a bhfuil mórán de na líntibh do gheibhmid i bpaidreachaibh eile i nÉirinn agus i nAlbainn. Ni thig liom a mhíniughadh cionnus fághmaoid na línte céadhna so ann s gach cúinne agus cearn i n-Éirinn agus i n-Albainn ann a bhfuil an Gaedheal, munab é gur cheap an Eaglais óg i n-Éirinn dánta diadha agus immunna, chum na ndaoine do theagasg, agus chum na Críostaigheachta do mhúnadh dhoíbh, b'éidir níos mó 'ná míle bliadhain ó shoin, agus gur chuir sí amach agus gur sgap sí na píosaidh seó ann s gach áit ann ar ghabh a cuid teachtaire; agus na línte do gheibhmid andiú ann s gach aon áit ameasg na nGaédheal, na línte atá beag-nach ar aon fhocal le chéile, is fuighleach na sean-dán so iad. I N-AINM AN ATHAR I n-ainm an Athar 'seadh tagaim chum suaimhnis Ag laidhe ar mo leabaidh i d'ainm a righ uasail. A Chríost do cheannaigh sinn Beannaigh a's líon suas sinn, Do ghrása ceangail Go daingeann dom' chroidhe a's buanaigh.
Coimrighe m'anam' ort A Athair righ-chúmhachtaigh, A Mhíchil aingil An teachtaire ó's tú é. An dá 'réag abstal Tá i gcáthair na glóire, A Chríost beir-se m' anam leat Go cáthair na Trionóide. Coimrighe m' anam' ort a Dhia 'S ni raghad 'na dhiaidh ort go bráth, Cuirim a fheinéidh cúghat a Mhuire Go dtugas m' anam do Righ na ngrás. [Cuirim a fheinéidh ort a Mhuire Do righ na ngrás go dtugas é,] Aingeal coinnleacht na láimhe deise Am' sheachaint ar spiorad na láimhe clé. Anna máthair Mhuire, Muire máthair Chríost, Eilís máthair Eóin Baisde, Cuirim triúr de mhnáibh b'uaisle cailce Ag córúghadh mo leabtha, Cuirim an crann gur céasadh Críost [air] Idir mé a's an trom-luidhe Idir mé a's gach Droch-nidh. A Mhaighdean bheannuighthe, A bhanaltra an Righ ghlórmhair, Bí mo chonalbhughadh d'oidhche, Agus fair 'san ló mé.
Pé mo shuidhe dham no mo luidhe Mo chodladh no mo shuan, Bí mo chonalbhughadh, bí mo thimchioll, Bí am' fhaire gach uair. Tarr a Mhaighdean agus tóg mo lámh, Déan mo shíothcháin le Mac Dé, Má tá ainspiorad ar mo thaobh Cuirim righ na ngrás idir mé 'gus é. Ag so paidir-na-h-oidhche ó Chonamara do thug an t-Athair O Gramhna dham. Creidim go gcualaidh seisean í ó Dhomhnall O Fotharta. LUIGHIM LEAT A ÍOSA Luighim leat a Íosa A's go luidhidh tu liom, Ola Chríost ar m' anam, Cré na n-abstal os mo chionn. A Athair do chruthaigh mé, A Mhic do cheannaigh mé, A Spioraid Naoimh do bheannuigh mé! A bhainríoghain na gile 'S a bhainríoghain na h-Óighe, Tóg mé as na peacadhaibh Agus cuir mé ar an eólas, Cuir an aithrighe ann mo chroidhe Go silfead na deóra.
'S má tá sé i ndán dam Bás fhághail roimh maidin I seilbh na glóire Go raibh m'anam. Amén. Ag so ceann eile do fuair an Gramhnuigheach i n-Arainn. LUIGHIM LE DIA Luighim le Dia, go luighidh Dia liom, Croidhe Dé liom, dhá láimh Dé liom, Íosa a's Muire liom, a's cúirt na n-aingeal, Íosa cheannaigh mé, Íosa beannaigh mé! Íosa cheannaigh mé, saor a's leasaigh mé! Saor ó gach peacadh mé 'nois a's go bráth. Íosa mhilis ghlórmhair, sábháil m'anam Ar na piantaibh dorcha tá déanta dhúinn. Ag so rann beag áluinn ó Dhomhnall O Fotharta as Chonamara. LUIGHIM AR MO THAOBH DHEAS Luighim ar mo thaobh dheas Agus codlaighim ar mo thaobh chlé, Tugaim mo chúl do'n fhear is measa Agus [tugaim] m'aghaidh ar Mhac Dé. Ag so paidir eile de'n tsórt céadna do fuair an Gramhnuighneach i n-Árainn. LUIGHIM SÍOS Luighim síos ar an leaba so anocht, Mar luigheanns Mac Dé ar an gcrois,
Brat Bhríghde faoi mo bhrollach, Muire dhíleas, mo dhian-ghrádh thu. Is tu dochtúir m'anama, Is tu mo charaid ar uair mo bháis, O' [n] nGleann na ndeór so tóg mé seasta, Tuill mo chroidhe le grádh do'n Fhear, Ar uair mo bháis Go bhfághaim na Flaithis. Amén. Ag so paidir-na-h-oidhche do fuair mé óm' charaid Éamon o h-Ógáin, sagairt S.I. Chualaidh seisean í ó bheanuasail i gcondaé Chiarraidh. Thug sise "Údhacht Eadbhaird" uirri. ÚDHACHT EADBHAIRD A anam Chríost beannaigh mé. A chuirp Chríost slánaigh mé. [A] fhuil Chríost sásaigh mé. [A] uisge thaoibh' Chríost nigh mé. A pháis Chríost neartaigh mé. A Íosa na ndúl éist liom O [a] Thighearna. Déan díon dam i d' chréachtaibh Ná fuilig [= fulaing] mé bheith sgartha leat. Cúmhdaigh mé ar aimsir [aimsiughadh?] an Airseóra [Aidhbhirseóra] Goirim chugad me ar aimsir mo bháis. Mar shúil a's go molfainn thu. Mar aon leis na h-ainglibh Le saoghal na saoghal. Amen. Ag so paidir-na-h-oidhche do fuair an Liathanach o fhear as Chondaé an Chláir. MAR LUIGHIM Mar Luighim ann san leabaidh seo Seadh luighfead ann san uaigh.
Déanaim m'fhaoisidin Go cruaidh Leat a Dhia, Le crois na n-aingeal Ann san leabaidh seo luighim. Braon as na flaithis Go dtigidh ann ár gcroidhe, A dhíbreóchas na peacaidh A's na sganaill seó dhínn. Ag so rann na h-oidhche eile o Inis Meadhoin. A MHAIGHDEAN BHEANNUIGHTHE. A Mhaighdean bheannuighthe, Mháthair Dé [A] shoillse Ghlégeal tá gan smál, A choinneal shoillseach i láthair Dé Go raibh tu againn lá ár mbáis. Is leór iad so mar shomplaibh ar phaidreachaibh na h-oidhche, agus iompóchamaoid ar phaidreacaibh gearra eile de'n tsórt céadna,paidreacha adeir na daoine ar ocáidibh speisialta. PAIDREACHA OCÁIDEACHA. Thug mé cuid de na paidreachaibh ocáideacha so, shuas; mar atá, paidir le bheith ráidhte ar ndúisiúghadh nuair cluintear abhráin na n-éan ag cur fáilte roimh an lá óg, paidir atá ráidhte nuair thógann an sagart an cailís ann san aifrionn, paidir atá ráidhte nuair chídhtear uait séipéal no teampoll, agus ceann no dó eile. Is beag nach fíor le rádh é, nach raibh gníomh sonnradhach no speisialta ar bith d'a dtigeadh le beith deunta ag an Éireannach ar feadh an laé nach raibh
focal no dó den phaidir aige roimhe, anuas go dtí seal gearr ó shoin. Bhí gníomh sonnradhach de'n tsórt so le deunamh aige h-uile oidhche nuair chuireadh sé cuid de'n teine do bhí ar an dteaghlach i dtaisge, ag folughadh splainnc no dó go doimhin faoi an ngríosach agus faoi an luaithre, "d'á gcoigilt," mar dubhairt sé i riocht go mbeidheadh pór na teineadh beó aige arís ar maidin. Budh é sin gníomh déigheannach an laé aige; do tháinig an oidhche agus dorachadas na h-oidhche leis an ngníomh sin. Is dóigh nach gan paidir bhig do ghnídheadh sé é, agus tá an phaidir seó le fághail ann s gach uile áit i n-Eirinn ann a bhfuil an Ghaedheilg beó fós, agus i n-Albainn mar an gcéadna. Ag so mar sgríobh mo chara Eóin Mac Néill í ó bheul Mhartain Ui Fhualáin i n-Inis Meadhon. COINGLIGHIM AN TEINE SEO. Coinglighim an teine seo Mar choingligheas Críost cáidh, Muire i mullach an tighe Agus Bríghid ann a lár. An t-ochtar ainglidhe is tréine I gcathair na ngrás A' cúmhdach an tighe seo 'S a shoine thabhairt slán.
Ag so mar bhí sé ag Brighid ni Donnacha COIGLIGHIM AN TEINE SEO. Coiglighim an teine seo Le crann clanna Pádraig, Aingle Dé dá'r ndúiseacht 'S nár fhuasglaid an námhaid. Ocht n-each faoi an teach Teach nach luigeann ceó air, Nach n-imtheóchaidh aon mharbh as 'S nach ngointear duine beó ann. Ag so mar fuair Dómhnall O Fotharta as Conamara é. COIGLIGHIM-SE AN TEINE SEO. cóip eile. Coiglighim-se an teine seo Mar choigil Críost cách, Bríghid faoi n-a bun Agus Mac Mhuire ann a lár. Na tri aingeala is mó cúmhacht I gcúirt na ngrás A' cúmhdach 's ag coimhéad an tighe seo 'S a mhuinntir arís go lá. Coiglighim an teine seo le clann de clanndaibh Padraig, Mac Dé dá'r réidhteach a's nár mhúsglaidh an námhaid, Ocht n-each faoi 'n teach againn a's teach a luigheann ceó air, Nár imthighidh duine marbh as, 's nár ghointear duine beó ann.
Ag so arís mar fuair mo chara Pádraig O Laoghaire nach maireann, an phaidir chéadna i gcondaé Chorcaigh. COIGLIM AN TEINE SEO. Cóíp Chorcaigheach Coiglim an teine seo Mar choigleann Críost lách, Muire ar dhá cheann an tighe Agus Bríghid ann a lár. Gach a bhfuil d'ainglibh 'S de naomhaibh i gcathair na ngrás Ag cosaint 's ag coimeád Lucht an tighe seó go lá. Ag so mar tá An phaidir chéadna aca i nGaodhaltacht na h-Albann. SMÁLAIDH MISE AN TEINE. Smálaidh mise an teine Mar a smálas mac Muire, Gu mba slán an tighe 's an teine Gu mba slán do'n chuideacht uile. Co sid a'r an lár ? Peadar agus Pól. Co air a bhitheas an aire 'nocht? Air Muire geal a's air a mac. Beul Dé a dh'innseas, Aingeal Dé a lannras, Aingeal an doras gac taighe Go solus geal a máireach. Ag so Paidir le bheith ráidhte ag dul chum aistir mar chualaidh an t-Athair O Gramhnaigh i n-Árainn í. SEACHT bPAIDREACHA. Seacht bpaidreacha fo seacht Chuir Muire faoi n-a Mac, Chuir Brighid faoi n-a brat, Chuir Dia faoi n-a neart,
Eidir sinn 's an Sluagh Sidhe Eidir sinn 's an Sluagh Gaoithe, Eidir sinn 's an uisge báidhte, Eidir sinn 's na cathuighth(ibh) cráidhte, Eidir sinn 's an náire shaoghalta, Eidir sinn as bás braighde. Is follusach gur ársa an píosa so, ó tá trácht ann ar spioradaibh nach saoghalta, ar an Sluagh Sidhe agus ar Shluagh na Gaoithe. Fuair mé an phaidir seó faoi chuma eile ó mo charaid Tomás O Coinceannainn. Ag so mar do bhí sí aige- sean. SEACHT bPAIDREACHA (cóip eile.) Seacht bpaidreacha faoi seacht Chuir Muire d'á mac, Chuir Brighid faoi n-a brat, Chuir Micheál faoi n-a sgiath, Chuir Dia faoi n-a neart, Eidir mé agus uisge mo mhúchta Eidir mé agus uisge mo bháidhte Eidir mé agus bás bíodhga [obann] Eidir mé agus gaoith na gcnoc, Eidir mé agus droch-chroidhthibh Agus droch-shúilibh na ndaoine. le mo chúmhdach, le mo shábháil [le mo chosaint] agus le mo ghárdáil.
Ag so paidir le rádh ag dul chum aistir, do sgríobh an Liathánach é o bheul duine éigin as Tír-Eóghain. PAIDIR ROIM AISTEAR I n-ainm an Athar le buaidh Agus an Mhic a d'fhulaing an phian Muire's a Mac go raibh liom ar mo thriall. O a Mhuire cas dam ag an phort Na leig m' anam thart. Is mór m' eagla roimh do Mhac. I gcumaoin na naomh go raibh muid [sinn] Ag éisteacht le guth na n-aingeal A's ag moladh Mic Dé le saoghal na saoghal. Amén. Tá an creideamh an-choitchionn i n-Éirinn 's i n Albainn go mbíonn daoine ann, chaitheas droch-shúil ar rud ar bith is mian leó. Má chaithid droch-shúil ar do chuinneóig ni bhéidh aon im san máighstriughadh, má chaithid ar do bhó í, b'éidir go dtuitfidh sí agus go loitfighear í, má chaithid ort féin í b'éidir gur trom- ghalar no tinneas thiucfas ort. Ag so ortha anaghaidh na droch-shúile do sgríobh an Liathánach ó bheul duine as Dún-na-nGall, agus fuair an Gramhnuigheach an ortha cheádna i n-Arainn. ORTHA ANAGHAIDH DROCH-SHÚILE Ortha chuir Mac Dé ar ghach neach Paidir na bhfeart ar a dhá ghlúin, Sileadh fola as a chneadhaibh, a Mhic gan locht is maith do rún.
Nuair chonnairc Muire a Mac féin Ar an chroich le n-a dhá súil Shil sí tri frasa fola Agus í fá chosaibhrigh na ndúl. A shúil úda [úd] do rinne mo loit Do bhain díom mo dhreach 's mo shnuadh, Guidhim-se Muire a's a Mac A's Righ na bhflaitheas a tógbháil uaim. Do casadh páiste beag ar an Athair Eóghan O Gramhnaigh i n-Arainn, lá, agus bhí siad ag caint le chéile, gur thrácht siad faoi dheireadh ar na sidheógaibh, agus dubhairt an páiste leis an nGramhnuigheach go díreach mar so; "Tá sé ráidhte, a athair," ar sé, "gur rud ar bith a feicthear ar thaoibh do láimhe clí, gur droch-rud sin, acht rud ar bith éireóchas ar thaoibh do láimhe deise nach baoghal duit sin. Acht pé ar bith taobh a n-éirigheann siad, so ortha 'na n-aghaidh le rádh ag dul an bhealaigh dhuit." GUIDHIM AINGEAL DEAS DÉ Guidhim aingeal deas Dé Go gcuirfidh sé ar mo leas mé. Guidhim as ucht Dé Ar na spioraid' chlé Uile go léir leigean dam. Ag so ortha bheag eile chualas ó'n Athair O Gramhna anaghaidh síobhradh sidheóg. ORTHA ANAGHAIDH NA SIDHEÓG Gabhamaoid le n-a gcoimirce Agus diúltaighmid d'á n-imirce,
A gcúl linn A n-aghaidh uainn, As ucht báis a's páise Ar Slánaightheór Íosa Críosta. Ag so ortha anaghaidh doigh-fhiacal do chualas o Thomás Barclaigh as Condaé Mhuigh Eó; tá an ortha so, no ortha cosmhúil léi, le fághail ar fud na h-Éireann. ORTHA AN DOIGH-FHIACAL. Bhí Peadar ar an bhfásach Tháinig Críost ann sin i láthair. "Cadé tá ort a Pheadair?" "Tá m' fhiacail atá tinn." "Éirigh a Pheadair bí agus slán Ni tusa amháin acht a maireann beó, D'á n-iomchóraidh mo mhairinn Gan bheith trioblóideach níos mó." ORTHA EILE. (ó'n bhfear céadna.) Sin arad [ortha] do chuir Peadar Ar fhiacail Mhic Ui Fhloinn, Ar chruaidh ar ghiall Na ar tinneas cinn. Á Mhuire an n díbrigh [n dibeóraidh] tu An chrot chruaidh chrapach [chnapach] Atá i gcruaidh-leac an chinn. Ag so mar fuair mé an ortha anaghaidh doigh-fhiacal sgríobhtha le Seághan Mac Mathghamhna ar oileán san tSionnainn timchioll ceithre fichid bliadhan ó shoin. ORTHA EILE (anaghaidh an ruid chéadna). Lá d'á raibh Pádraig 'na shuidhe ar chloich mhearbhail do tháinig Dia go dti é.
"Cad é sin ort a Phádraig." ar san Tighearna Dia. "Atá tinneas fiacal." "Eírigh ann do shuidhe a Phádraig," ar an Tighearna, "agus bí saor ó'n bpéin, agus ni tu amháin acht gach aon neach eile do bhéarfas na focail seo leo 'na dtimchioll, ar n-a rádh cúig paidir, cúig avé agus cré, dhóibh. Tá na h-orthanna so coitchionn go leór, agus lorg na págántachta ar chuidh aca, agus tá focail i gcuid aca nach bhfuil aon chiall ionnta anois. Rinne cuid de na daoinibh féin magadh fútha, acht na dhiaigh sin thánga- dar anuas chugainn go dti an lá andiú. Ag so mar rinne duine éigin magadh faoi ortha an doigh-fhiacal, mar do chualaidh Dómhnall O Fotharta i gConamara é. ORTHA MAGAIDH. Ortha a chuir Seumas do Dhiarmaid Ortha gan athchuinge gan iarraidh, An diaidh [doigh] atá ann do chlár-fhiacail A bheith san bhfiacail is fuide siar ann do charbad! Do bheir an Fothartach cúig ortha déag dúinn do chualaidh sé ameasg muinntire Chonamara, mar atá Ortha Coisgthe Fola, Ortha an Ruaidh, Ortha an Tachttha, Ortha an Bhraoinín, Ortha le a gcoisgthear madadh le duthcus [madadh cuthach], Ortha an Fhiabhrais Bhig, Ortha An Diaidh Fhiacail, Ortha Mhuire do mhnáibh ann a luidhe seóil, ortha deirthear ag dul thart leis an gCrois Bhríghde, ortha anaghaidh easbhuidh, etc, Ortha Cholaim-Cille no Ortha na Seilge, Ortha an Trom-luidhe, Ortha Seirce, agus ortha anaghaidh deamhan aéir. Cidh gur "orthanna" tugthar orra so ni'l ionnta acht paidreacha gearra, no
ceathramhna beaga. Ag so beagán eile de'n tsórt céadna, do sgríobh Seághan Mac Mathghamhna:- ORTHA AN TRIUCHA. Artha [ortha] do chuir Muire d'á Mac, Artha do chuir Críost 'na ghlaic, Adubhairt Peadar, adubhairt Pól, Adubhairt Eóin go raibh go maith. Chuir Colam Cille [í] le n-a chroidhe, Le n-a chliathán a's le n-a uchd, Ag díbirt na triucha tréin, I n-ainm an Athair, an Mhic, 's an Spioraid Naoimh. ORTHA AN CHREATHA. An t-am do chonnairc Íosa an chrois a raibh sé le ceusadh uirri do chrith a chliabh agus a chorp. D'fhiafruigh na gaduighthe dhé an fiabhras no crith do bhí air, "no an re eagla rómhainn-ne do chritheann tu?" D'fhreagair Íosa agus adubhairt, "ni bhfuil fiabhras na crith orm, agus ní chraithim le eagla romhaibh-se, agus gach aon do bhéarfas na línte seo leó, na dtimchioll, do mheabhar no i sghríobhnóireacht i n-onóir damh-sa, ni bhéidh fiabhras ná crith go bráth orra. ORTHA DÉID. Artha do chuir Muire d'á Mac I ndorus cáthrach Críost, Ar chnuimh, ar dhoigh, ar phiastaibh an chinn. Cnumh do chuaidh san bhfeóil, A's do rinn dith de'n déad, Goirim Íosa Críost A díbirt 's a cur i n-éag. Do chuir mé i gcló shuas píosa o bheul duine as Con- daé Dhún-na-ngall, air a dtugthar Ortha Mhuire, acht ag
so píosa eile de'n ainm céadna do sgríobh duine éigin i leabhar an Mhathghamhnaigh, mar leanas:- ORTHA MHUIRE. [An dara cóip de]. Ar thuamba do frith an ortha so, agus atá de bhuaidh innti cia bé do léighfeas í, no bhéarfas fá deara a léigheadh, no iomchóras í, go saorfar ó bhás obann é, mar atá teine, uisge, agus cómhrac. Fóirfidh sí bean i dteineas leinbh, acht a cur [uirri] no a léigheadh dhí; no an tigh ann a mbéidh sí ní bhéidh baoghal a dhóighte air. A thighearna rói-mhilis Íosa Críost, a aon-Mhic an Athar, a Dhia na n-Aingeal, a Mhic na Maighdine ró-ghlórmhar, cúmhdaigh, a Íosa, an peacach bocht, agus saor mé as gach cruadh-chás ann a bhfuilim do-láthair, agus atá chugam. O a Mhaighdean ghlórmhar a Mháthair Dé, a bhean os gach céim, atá diongmhálta do gach moladh, déan eadar-ghuidhe ar mo shon-sa, an peacach bocht, chum do Mhic ghrádhaigh féin. O a bhaintíghearna ró óirdhearc na millseachta, a Mháthair na n-aingeal agus na n-Árdaingeal, fórthaigh agus saor mé ó gach olc d'á ndeacha tharm, d'á bhfuil láithreach, agus atá chugam. O a bhláith na bpatriarc, a dheallradh na n-easpol, a dhóthchuis na n-aingeal, a mhaise na n-óigh, a smuaíneadh uachtarach na n-aingeal agus na n-árd-aingeal, guidhim thu go luthgháireach fá gan mé do thréigean i n-aimsir chrith-eaglach an bháis, nuair sgarfaidh m' anam agus mo chorp le chéile, ionnus go dtaisbéanfainn mé féin i bhfiadhnuise do Mhic ghrádhaigh féin, agus go bfhághainn an ghlóir shíorruidhe maille ris. A reultion na fairrge, a dhoruis teampoill Dé, a pháláis Iosa Críost, is tu cuan na sláinte. O! a bhláith na bpeacach, a dhóthchuis lucht an chreidimh, a thobair na trócaire, a dheallradh na n-óigh a's gach aingil, is é do chonbharsáid ris na h-aingil agus ris na h-árd-aingil, do bheir sásadh dhóibh chum an teampoill ann a bhfuil do shiúbhal, do dhul i dtairbhe dhaona. O a bhainríoghain
róóirdhearc na millseachta, agus ár neirt, bhus tusa lér fulaing- theach gach saothar, agus bhus tríot-sa is luthgháireach gach aingeal agus gach árd-aingeal. O a iomhair(?) na trócaire tiomnuighim agus dírighim mé féin mo spiorad agus mo chogús agus mo smuaínte, ionnus go dtaithneóchainn riot féin, agus le d' Mhac mór-ghrádhach. Bíodh mar sin. Ag so paidir le rádh i ndiaigh an tabaic. Do sgríobh mo chara Eóin Mac Néill í o bheul Mhicheáil Mhic Ruaidhrigh, ó Chondae Mhuigh Eó, agus thug sé dham í. Paidir i ndiaigh an tabaic. Ocht lán déag de roilig Phádraig, de bhrat Bhríghde, de thuamba Chríosta, de phalás na Rómha, d' eaglais Dé, le d'anam agus le h-anam an té a raibh an tobac so os a chionn" - má bhíonn sé os cionn duine- "agus le h-anam mharbh Purgadóra go h-iomlán. Nár budh liachtaighe Grána gainmhe ar an tráigh, Ná ribeacha féir ag fás, Ná braonta drúchta ar an mbárr. Ná an méad sin beannachta le d'anam, Agus le h-anam na marbh go h-iomlán, 'S le m-anam féin ar uair mo bháis, Is le Dia dídionn soillse agus glóir na bhflaitheas thabhairt d' anam mharbh Purgadóra. Mar is cóir do dhuine bheith buidheach de Dhia ar son a bhéile, is amhlaidh budh cheart dó bheith buidheach ar son an tobaic, agus 's so sgeul beag do sgríobh an Niallach ó bhéal an Mhicheáil Mhic Ruaidhrigh chéadna, ag cur i gcéill dúinn gur cóir paidir an tobaic do rádh ó am go h-am.
SGEUL AR AN TOBAC. Bhí bean ann fad ó, agus bhí aon mhac amháin aici. Nuair tháinig sé i n-aois chuir sí i gcoláiste é agus rinne sí sagart dé. Tar éis a theacht ó'n gcoláiste bhí sé tamall beag gearr 'san mbaile; agus bhí sé lá amháin ag spaisdeóracht amuigh san ngáirdín, agus 'tháinig naomh os a cheann agus labhair sé anuas leis, agus dubhairt sé leis an sagart, go raibh sé féin agus an méad do bhain dó, damnaighthe mar gheall ar a mháthair. D'fhiafruigh an sagart dé, cia an chóir do rinne a mháthair, agus dubhairt an naomh leis go raibh sí [ag] caitheamh tobaic le dhá bhliadhain déag agus nár dhubhairt sí paidir an tobaic ar an bhfad sin. "Dona go leór," ar san sagart, "bhfuil rud ar bith ó fhlaitheas anuas le sin do réidhteach?" ar san sagart. "Ní'l acht aon rud amháin," ar seisean, "agus 'sé seó, nuair ghabhas tusa asteach chuig do mháthair innis dí mar tá inniste agam-sa dhuit-se, agus mur [muna] mbí' sí sásta leis an bás d'fhuiling innseóchas mise dhuit-se, radharc ar dhúithche flaitheas ni fheicfidh do mháthair ná aoinne d'á bunadh go bráth." "Cia an bás é?" ar san sagart leis. "Caithfidh sí leigean duit-se," ar seisean "a sgláradh [minghearradh] h-uile ghreim d'á colainn chomh min le snaoisín." Chuaidh an sagart isteach ann a theach, agus ualach trom ar a chroidhe. Shuidh se ar cháthaoir, agus bhí brón mór le feiceál ann a éadan. D'fhiafraigh an mháthair dhé cé [cad é] bhí air, agus créad d'éirigh dhó ó chuaidh sé amach. "A! ní'l orm acht tuirse bheag," ar seisean, "dearg dam píopa a mháthair," ar seisean, "budh mhaith liom gal tobaic fhághail." "Deargóchad, agus fáilte," ar sise, "shaoil mé, a mhúirnín," ar sise, "nach raibh tu caitheamh tobaic." "A! b'éidir go mbainfeadh gal an tuirse seó dhíom," ar seisean. B'fhíor an sgeul. Chuir sí splanc 'san bpíopa agus tar éis a sáith do chaitheamh de'n phíopa, sheachaid sí do'n sagart é, agus níor dhubhairt sí an phaidir. Agus sin é an t-ádhbhar adubhairt an sagart léi an píopa dheargadh, théinte (?) go ndéarfhadh sí an phaidir, acht níor dhubhairt. "Dona go leór!" ar san sagart ann a inntinn féin. D'innis an sagart dí mar d'innis an naomh dó. Agus chaith sí í
féin ar a dá ghlúin ag guidhe Dé agus ag seilt na ndeór, agus, ar sise, "céad fáilte roimh ghrásta Dé, agus má sé an bás é do gheall Dia dham tá mé sásta ar a fhulaing. Gabh amach a mhic anois," ar sise, "agus nuair bhéidheas mise réidh dhuit-se le dul i gcionn d'oibre, glaodhfaidh mé asteach thu." Chuaidh an sagart amach, ag léigheadh agus ag guidhe Dé go duth- rachtach. [Do] nigh agus ghlan an mháthair í féin. Fuair sí braithlínte agus sgeannta geura réidh, le h-aghaidh na h-oibre, agus nuair bhí h-uile short réidhte aici ghlaodh sí asteach ar an sagart. Agus ar tionntógh thart de'n sagart ar a chois tháinig an taithneamh os a ceann arís, agus dubhairt sé leis go raibh maitheamhnas fágháilte ag a bhunadh uilig [uile] i n-eiric a bhpeacaidh, de bhárr an aithrighe dúthrachtach bhí a mháthair léis [tar éis] a dhéanamh, agus an t-an-bhás do bhí sí lán-shásta le n-a fhulaing. Tháinig an sagart asteach chum an tighe agus lúthgháire mhór ar a chroidhe, agus bhí a mháthair sínte ar fad a droma ar an mbord agus braithlínte fúithi agus thairsti, agus a dá láimh sínte amach uaithi, agus í ag guidhe Dé, agus dhá sgín ghéar le n-a taoibh, agus ar san sagart léi, "Éirigh suas, a mháthair," ar seisean, "tá maitheamhnas fághailte agam ó righ na ngrásta ann ár bpeacaidhibh, agus cuirim impidhe ort anois ó'n lá so amach ná déan dearmad gan paidir an tobaic altughadh suas go dúthrachtach 'ch aon uair chaitheas tu é." Agus b'fhíor an sgeul. Ni raibh aon uair ó'n lá sin go dtí an lá chuaidh máthair an tsagairt ann san gcré nár altaigh sí an phaidir go dúthrachtach do Dhia agus do'n Mhaighdin Ghlórmhair. Agus tá na sean-daoine ar fud na tíre ag altughadh an phaidir chéadna suas [go] laétheamhail, agus béidh, fhad 's bhéidheas focal d'ár nGaedheilg beó ar oileán glas na naomh. Ag so ortha eile do fuair mé i leabhar an Mháthghamh- naigh. Is cosmhúil gur anaghaidh tinnis na n-aé é. ORTHA EILE. Artha do chuir Dia fá chliabh Chríosta, chuir Peadar, chuir Pól, chuir Eóin do bhaist Críost, chuir Muire agus Seanan a leigeant tseanal [?] anois. Abstal fionn do d' leigheas' abstal donn do
d'leigheas, abstal aoin Mhic Dé do d' leigheas, cuig (?) an leac sleamhan atá fá chúmhdach do chléibh agus an meall odhar dá dtugtar ar na h-eagh. Guidhim chuig Muire agus Seanain t'ochd do bheith slán agus tseanal do bheith réigh. Ag so ortha do mhnaoi i dtinneas leinbh, ó'n áit chéadna. Fuair an Fothartach rud éigin cosmhúil leis i gConamara. ORTHA DHO MHNAOI. Brat na mbuan-bhrat, Brat na gceithre cros, Brat fo n-ar geineadh Críost S a dtáinig Críost as. "A Mhuire fóir an bhean Atá i n-eagla an bháis." "Fóir féin í a Mhic O is agad atá, Baiste leis an ngein Agus tabhair an bhean slán." Ag so beannughadh-an-bhidh mar bhí sé ag Micheál Mac Ruaidhrigh agus mar chualaidh mise é i gcondaé Roscomáin, agus i n-áiteachaibh eile, creidim. BEANNUIGHEADH AN BHIDH. Bail na gcúig arán agus an dá iasg mar roinn Dia ar na cúig míle fear. Rath ó'n righ do rinne an roinn Ar ár gcuid 's ar ár gcomh-roinn. Beannughadh tar éis bidh. Dia grás [.i. deó grátias] Íosa, míle moladh mór agus buidheachas duit a Dhia. A Mhuire an té thug an bheatha sin dúinn go dtugaidh sé an bheatha shíorruide agus glóir na bhflaitheas dá'r n-anam. Amén a Thíghearna.
Ag so beagán de phaidreachaibh gearra eile do fuair mé óm' charaid Tomás O Coincheannainn ó Innis- meadhon. Ni orthanna iad so acht paidreacha beaga bhéarsuigheachta iad, mar na paidreacha gearra eile do thug mé roimhe seó. A BHAINRIOGHAIN NA BHFLAITHEAS. A bhainríoghain na bhflaitheas Agus a righ ghil na trócaire Nach leat-sa ghnidhim mo chasaoid Ar maidin agus trathnóna. Ná leig mé ar seachrán Acht cuir mé ar an eólas Go poball an aifrinn Go silfimid na deóra. Glóir a Dhia, glóir a Dhia, Glóir a Dhia naomhtha, Glóir do'n athair síorruidhe Agus glóir do'n Spiorad naomhtha. Glóir do'n reult eólais 'S d'á aon mhac-san Íosa Agus míle glóir síorruidhe Do'n righ [do rinne ár ndídionn] Do'n righ d' iomchair an chrois 'S é dul 'ceannach an chine dhaonna. Ag so cúpla paidir bheag eile do Mhuire Máthair do chualaidh me ó'n bhfear céadna. A Mhuire dhíleas. A Mhuire dhíleas Is tu dídionn gach peacaigh
Guidh orm, gach puínte, Agus na leig mé choidhche dhamaint. A Mhuire bheannuighthe mháthardha Maighdean gheal ghlégeal atá gan smál, An ghlóir atá i bflaitheamhnas Mhic Dé Go raibh sí againn ar uair ár mbáis. SE DO BHEATHA 'MHUIRE. Sé do bheatha 'Mhuire Atá lán de ghrásta, Agus sé do bheatha linn-ne Do rugadh ann san stábla, Nach beannuighthe an naoidhean É sin idir do lámhaibh! A MHATHAIR BHEANNUIGHTHE. A mháthair bheannuighthe atá ann san bhflaitheas ag afairt(?) [agairt ?] ar righ na ngrás, iarraim agus athchuingim ort m' anam do bheith taithneamhach ann do láthair, anois agus ar uair mo bháis. A ÍOSA. A Íosa, a Mhuire, a Naomh Iósef Ofráilim m'anam agus mo chroidhe go deó dhaoibh Anois agus ar uair mo bháis. Ag so paidirín beag do chualaidh mé ó'n bhfear céadna. Críochnuighthear gach líne le "briathar-oib- righthe" a bhfuil trí siollaidh ann, agus tagann brigh an ghotha ar an chéad-shiolla de'n fhocal. Do thug mé paidir ghearr, shuas .i. "Toil Dé gó ndéanamaoid" atá cumtha go díreach ann san módh céadna. DLIGHE DÉ. Dhlíghe Dé go ndeunamaoid Aitheannta Dé go gcongbhuighmid Ar bhualadh Chríost go gcuimhnighmid,
glóir na bhflaitheas go bhfeicimid Agus ceól binn na n-aingeal go gcluinimid. Do fuair mé abhrán diadha eile, cumtha ar an nós iongantach só, ó Sheumas O Maolmhuaidh (no O Maoildhia mar sgríobhann seisean an t-ainm) atá 'na chómhnuidhe i gCluain-bú láimh le Druim Dréifin, i gcondae na Gaillimhe. Bhí an dán so ag sean-fhear, dar bh' ainm Micheal Ó Conghalaigh do sgríobh é i litreachaibh béarla do réir fuaime na bhfocal, acht ní'l fhios aige cia cheap é. GRÁSTA AN SPIORAID NAOIMH. Grásta an Spioraid Naoimh go ngabhamaoid, Agus ann san gcreideamh fíor go gcómhnuighmid, Sompla na bhfíreun go leanamaoid, Agus i dteampoll Chríosta go bhfanamaoid. An Trionóid Shiórruidhe go n-iarramaoid, Ár ndóthchus i n-Iosa go bhfágamaoid, Ar leath-throm na mbocht go bhfóirimid, Agus do réir tola Dé go siúbhalamaoid. Cathaighthe an Diabhail shalaigh go ndiúltaighmid, Agus do theagasg an chléir go n-úmhlaighmid, Anaghaidh gach loit go dtroidimid, Agus ó aithris na mbréag go sgaramaoid. Le cúmhlódar bruigheanach nár mheasgamaoid, Acht urnaighthe cráibhtheacha go dtáithighmid, Tíodhlaicthe ár dTighearna go n-altaighmid, Agus ó n-ár ndroch-bhéasaibh go n-athruighmid.
Ár mbeatha mhí-riaghalta go leasuighmid, Ar n-an-toil féin go smachtuighmid, Gach uile mhéad peacaidh go seachnuighmid, Agus i gcarthanas diadha go neartuighmid. Srian le n-ár dteangthachaibh go gcuirimid, Ó chraos na meisge go sgaramaoid, Ar na h-uilc arís nár fhillimid, Acht aithrighe thráthamhail go ndeunamaoid. Thar ghníomharthaibh trosga nár bhrisimid, Gach sean-luibhre peacaidh go sgriosamaoid, D'ár n-eas-caraid shaoghalta go maithimid, Agus ar gcóinsias [go] ró-mhaith go nglanamaoid. Cuid duine eile nár shanntuighmid, Cumann gach duine go gcúmhduighmid, Námhaid ár n-anma go sáruighmid, Ann san ngeamnuigheacht bhuain go mairimid Clú na cómharsan go gconghbhuighmid, Aitheannta Dé go gcoimhlíonamaoid, Aon nduine le feirg nár shamhluighmid (?) A's le sgannail aon nduine nár shaluighmid. Ann san bhfírinne molta go labhramaoid Na críocha déigheannacha go meabhruighmid, Ar dhíol (?) na truaighe go gcabhruighmid, Agus ar pháis Íosa Críost go smaoinimid.
Glóir na bhflaitheas go saothruighmid, Na fiacha tá orrainn go n-íocamaoid, Le claonadh ár n-inntinn go n-úmhluighmid, Agus ár g"confiteor" le dúthracht go n-abraighmid. Le párdún an áird-righ go bhfanamaoid, Leis an tSacraiméid naomhtha go nglacamaoid, Le beannacht Dé agus Duine go ngluaisimid, Agus congnamh na naomh a's na n-abstal go dtuillimid. Beannacht Mhuire 's Naomh Iósef go bhfághamaoid, Le bás beannuighthe go n-imthighmid, Glóir na n-aingeal go gcloisimid, Agus ar bhantracht Mhuire go suidhimid. Ag feitheamh na glóire gile go rabhmaoid Gnúis mhic Dé go bhfeicimid Ag moladh 's ag grádhughadh Dé go rabhmaoid le linn na saoghal. Amén. Do chualaidh mé dán fada eile i gcondaé Mhuigh Eó, air a dtugadar "Dán Pheadair Seóighe." Do sgríobh mé cuid dé síos o bheul sean-fhir de na Giobúnaibh, i 'n-aice le Clár-Cloinne-Mhuiris. Do chualaidh mé an dán céadna arís ó fhear eile, taobh shiar de Bhealach-a- doirín san gcondae chéadna, acht níor sgríobhas uaidh é. Ni raibh an dán iomlán ag ceachtar aca, acht timchioll a leath dhé no a dhá dtrian eatorra. Shaoil mé go raibh an chuid eile de'n dán caillte, acht thárla go bhfuair, go h-ádhamhail, mo chara an t-Athair Mac
Fhir-léighin S.I., cóip dé, nuair bhí sé ag obair ann san Acadaimh Ríoghamhail Éireannach ar dhántaibh Sheathrúin Céiting. D'innis sé dham, go cineálta, cá bhfuighfinn é, agus sgríobhas amach go h-iomlán é do réir na cóipe do bhí san Acadaimh. Sgríbhinn Mhuimhneach do bhí ann, mar mheasaim, agus bhí iongantas orm an dán Connachtach so d'fhághail innti. Ag so an tiodal do bhí air: "Aithrighe an Sheoigh o Chondaé Mhaighe Eó láimh le Baile an Róba," agus do chríochnuigh an sgríobhnóir mar so é, .i. "iar na sgríobhadh le Peadar Ua Conuil, an 7 mhadh lá fichead do Iúil san mbliadhain d'aois Chriost, 1782. Foircheann mar fuaras rómhaim." Do bhí fíor-bheagán difre idir an gcóip seó agus an chóip do sgriobh mé síos ó bheul an Ghiobúnaigh, acht go bhfuil sé go mór níos faide. Níor fheud an Giobúnach ná aon duine eile innsint dam cia r bh'é an Seóigheach do chum an dán fíor-bhinn áluinn seó, ná cia an uair ar mhair sé. Níor chualaidh mé an dán ariamh taobh amuigh de Chondaé Mhuigh Eó, agus deir an láimh-sgríbhinn mar chonncamar, gur "láimh le Baile-an-Róba" ann san gcondaé sin, do mhair an file do chum é. Is cosmhúil gur cumadh é i Rannuigheacht Mhóir ar dtús, acht tá sé rud-beag truaillighthe anois, agus tá níos mó na seacht siollaidh ann san line go minic, agus críochnuighthear dá rainn de, le focal dá shiolla, rud nach cóir. Ni féidir a rádh anois an amhlaidh do cheap an Seóightheach, go neamh- shuimeamhail é, no an truailliughadh é, do tháinig air ag
dul ar feadh, b'éidir, dhá céad bliadhain, ó bheul go beul. Ag so an dán. DÁN PHEADAIR SEOIGHE. (Aliter aithrighe an tSheoigh.) Is domhan m'osna, a's ni gan fáth, 'S is tuirseach an lá ag fear mo sgéil, Gan fhios ag aen neach, fir no mná, Cia an nós atáim no cia mé. Is peacach cionntach mise atá Anois i sáin (?) ag an Éag, Ní'l orlach bacaird ionnam slán Le 'n fhad atáim 'i n-aghaidh Dé. Mo liaigh, mo shagart, mac na ngrás, Is mairg atá ar lár gan é, Is é mo riocht anois, 'g os árd, Saighead ann mo lár 'na neascóid cléibh.
Is iomdha buille as cneadh go cnáimh A's gortughadh gáibhtheach ag dul i bpréimh Ar m' anam bocht, gan fhios do chách, O sgar mo pháirt le grásaibh Dé. An tráth saoilim mé bheith slán Ni chómhnuighim lá go ndeunaim bréag Mar an lacha a thig ó'n snámh 'S a luigheas i lár na linne léith' Is truagh sin othar i ndochar báis Ag dul a' spáirn le fathach tréan Mar shean-loing bhriste ar mhuir gan snámh, 'S an tonn bháidhte ag rith 'mo dhéigh. Och! mo loit, mo chreach, mo chrádh, Mo bhrón báis a's m' ádhbhar léin, Mo thighearna d'fhulaing do mo ghrádh A's [a] fhad atáim 'na aghaidh i dtréas. Daoradh Ádhamh, a chlann 's a bhean, Fá'n úbhall do bhain do neamh-thoil Dé, Is mise an té nár fheuch ar m'ais Gur réab fá seach na cúig aithne déag. Má chaith mé seal ar an stáid do b'fhearr Mo chreach! is gearr gur bhuail mé, béim, Do réir mar d'apuigh m'aois a's m'fhas Thug mé grádh do mhalairt béas.
Craos, leisge, dimheas, saint, Tnúth, fearg, drúis, a's pléidh 'S é bheir m'anam anbhfann fann, Mar is ionnta súd do chuir mé spéis. Tuig súd a dhuine shláin Cuir i gcás go bhfuil tu tréan, Go dtiucfaidh dhuit go mbéidhir mar táim 'S ní bhéidhir mar táir arís go h-éag. Fuair mise sealad, fear mar chách, Gur chaith mé an dáta bhí ar mo léas, Gidh táim anois ar bhruach an bháis Im' chuailín cnámh gan rith gan léim. Ar son go raibhe riamh, atá A' teacht mo dháil, 's ni andhiú ná andhé, Athrughadh crotha gotha a's gnás, Galar gránda, a's malairt béis. Ná séada searca do bhailigh uaim, N thug mé luach riamh do mo cheard, Eisteacht, amharc, meamhar, stuaim, Gluine, lúth, a's oibriughadh lámh. Tháinig orm, gach le n-uair, Fuireann truaillighthe ann a n-áit, Bodhaire, bacaoil, ceataoil, truas, Uirgeall duairc, a's fuath ar dháimh.
D'imthigh an t-amharc as mo shúil D'imthigh an stuaim as mo láimh, D'imthigh an spreacadh an seasamh lúth, An smior 's an súgh do bhí ann mo chnáimh. D'imthigh an lasadh as mo ghruaidh, Thuit mo ghruag, a's chríon mó bhláth, Tá mo leaca ar dhath an ghuail, 'S an t-ath-chur suas ni bhfuighfead go bráth. Sé r'd deir mo bhean, sé r'd deir mo chlann, Trath bím ag caint, "dún do bhéal, Má tá tu bodhar ní 'l tu balbh, 'S dá mbeidhtheá marbh budh bheag an sgéal." Sé deir mo cháirde gaoil a's dáimh Ni h-é amháin sé deirim féin Dá mbeith' m'anam ar stáid na ngrás Go mbudh é m'áit do bheith san gcré Mo thoil-se a Thighearna le do thoil, Is mó mo choir 'na mo cháin, Leig mo phianta ar mo chorp A's ó gach olc saor m'anam slán. Sgreadaim ort de ghuith [mhóir] áird Gidh gur dána an gníomh dam é, 'S a liacht bliadhan mhaith fuair mé slán 'S gan oibriughadh sáimh ar bith im' dhéigh.
Is truagh mo chor anois thar chách, Chaith mé an lá 's níor thóg mé an féar, Fáth mo ghola -'s níor bh'é a thráth Mo shraith ar lár, dul faoi de 'n ghréin. A righ tá ar neamh ná h-agair m'uaill, Acht cuingibh uaim uair mo bháis, Go n-aclaighidh an aithrighe an sean-chroidhe cruaidh Faillightheach fuar atá ann mo lár. Éist mo ghuidhe 's ná stop do chluas, Acht fliuch mo ghruadh as sruth na ngrás. Féach ar an bpeacach bocht i nguais, 'S gan fear a thruaighe acht tusa amháin. Dóchas m'anma as do ghealladh, Tá mo sheasamh ar do láimh; 'S mó do thrócaire, a bhuidheachas leat-sa, Ioná cóir peacaidh síl ádhaimh. Taobhaim leat a righ na bhfeart Gach uile bheathadh 's gach uile bhás, Ná féach a thighearna i ndiaigh mo lochd A's ní bhéidhead bocht ó 'nocht go bráth. A Íosa d'aith-bheódhaigh, fad ó, cuirp, 'S do naomhaigh an gaduidhe ar uair a bháis, A Dhé bhí an uair sin a's tá anois ann, Ni cruas ort mise dhéanamh slán.
A Íosa céasadh ar an gcrois D'fulaing tairngidhe, cos a's lámh, Iompuigh liom, a's iompóchad leat, 'S nár iompuighead uait arís go bráth! A righ na righ a righ na cruinne. A righ do bhí, do bhéidheas, 's atá, Go maithir dúinn-ne agus d'á bhfuil uile, Gabh do ghuidhe, a righ na ngrás. Atá an chómhairle seo, "memorare novissima tua et in aeternum non peccabis," an-choitchionn ameasg na ndaoine, agus is iomdha caoi atá aca le n-a chur i gcéill dúinn, acht ní casadh orm ariamh aon rud cos- mhúil leis an bpíosa neamh-ghnáthach so leanas, do fuair mé ó Phróinsias O Conchubhair, nach maireann, do chualaidh é, adubhairt sé, ó mhnaoi dar bh'ainm Máire Ní Chathasaigh, as Condae na Gaillimhe, acht níor innis sé dham cia an áit speisialta ar budh as í. Is agallamh no chómhrádh idir bheirt mhnaoi é, agus is dóigh gur sean- duine cráibhtheach éigin, no, b'éidir, bráthair bocht de na bráithreachaibh do bhidheadh ann céad bliadhan ó shoin, do cheap agus do chum é. Mar d'innseadh é budh chosmhúil le píosa beag drama é, acht gur iompuigh an t-agallamh go sgeuluigheacht ann san deireadh. Is mé féin do chuir ainm an chainteóra os cionn ráidhte gach mná aca. Acht chuir an bhean d'innis an sgeul ar dtús, i gcéill le n-a guth agus le n-a teangaidh cia aca do'n dís bhí ag labhairt. Acht, cor-uair, chuir sí asteach "arsa Máire," no "arsa Síghile," acht nuair tháinig sin asteach d'fhágas amach é.
COMHRÁDH IDIR BHEIRT SHEAN MHNAOI. Máire. Céad fáilte rómhad, a Shíghile, is leigheas do shúilibh nimhneacha d'fheiceál [d'fheicsint], suidh síos agus leig do sgith, agus innis do sgeul. Síghile Maiseadh! ní'l aon sgeul agam, ní sgeulta atá ag cur imnidhe orm. Máire. Ara! cad tá ag cur imnidhe ort? Stóca ['s dóigh] ní'l tú breóidhte! Síghile. Ní'l mé breóidhte, buidheachas le Dia agus le n-a Mháthair Bheannuighthe, Acht bím ag cuimhniughadh ar na ceithre críochaibh déigheannacha, ar an mbás agus ar an mbreitheamhnas, ar ifrionn agus ar fhlaitheas, mar tá 's agam nach mbéidh mé mórán níos fuide [faide] ar an tsaoghal brónach so, acht ni miste liom dá mbeidhinn d'á fhágbháil amárach. Máire. Ní thagann mí-chéill -ar bith de'n tsórt sin ann mo cheann-sa, agus tá mise níos sine 'ná thusa; ní'l mé tuirseach de'n tsaoghal so fós. Tá eólus agam ar an domhan so, agus ní'l eólus ar bith agam ar an domhan eile. Ni tháinig aon duine ar ais ariamh le h-innseacht dam d'á thaoibh. Béidh mé i n-am go leór [ag] cuimh- niughadh ar an mbás nuair thiucfas sé. Agus rud eile - ni chreidim gur chruthaigh Dia aon duine le n-a los- gadh i n-ifrionn go síorruidhe.
Síghile. Tá tú dul amúgh', a Mháire. An raibh tú ag Aifrionn an Dómhnach so chuaidh thart? Máire. Go deimhin ni rabhas! Bhí mé ag deunamh ruid budh thairbhighe; ag tabhairt aire do mo chuid cearc do bhí mé, le n-a gcongbháil ó bhreith amuigh, no ní bheidheadh luach gráinne tae no snaoisín agam ar feadh na seacht- mhaine. Ni thiúbhradh an bolgán-béiceach, an t-Athair Brian, pighin dam, dá gcongbhóchadh sé mé ó chrochadh. Ní'l ann acht santachán suarach. Bí storc beag muice agam an Nodlag so chuaidh thart, agus d'iarr sé orm í dhíol, le sgilling do thabhairt dó lá Nodlag; agus mar nach ndearna me sin, gháir sé m'ainm amach an Dómhnach na dhiaigh sin ann san teach-pobail. Ní'l sé sásta le biadh maith, le coirce d'á chapall, le ór agus le airgead ann a phóca; mar dubhairt mé go minic, ni fheicim aon cheird chomh maith le ceird shagairt; feuch an t-éadach breágh oibre chaitheann siad, agus daoine bochta d'á shaothrughadh go cruaidh dhóibh. Síghile. Tá iongantas mór orm faoi do chómhrádh. Is mór do mhí-chreideamh! Tá iongantas orm go laibheórthá chomh mi-mhódhamhail sin faoi an Athair Brian, agus dá mbeidhtheá ag fághail bháis amárach cia bhéarfadh absolóid duit acht an t-Athair céadna?" Maire. Ara! bí do thost, a Shíghile, ni chasfadh An t-Athair Brian a shál, duit-se ná damh-sa, gan tuarasdal, dá mbeidheadh fhios aige go gcongbhóchadh sé as ifrionn sinn.
Síghile. Crois Críost orrainn! níor shaoileas go mbudh bean de'n tsórt sin thú. An ndeachaidh tú chum faoistine ariamh? Máire. Chuadhas, an lá pósadh mé, acht níor chrom mé mo ghlún faoi, ó shoin ná roimhe. Síghile. Ní'l mórán le déanamh agad anois, agus budh chóir dhuit cuimhniughadh ar d'anam bocht. Máire. Ní chongbhóchadh sé sin na cearca ó bhreith amuigh, agus dá dtéidhinn le faoisidin do dhéanamh leis an Athair Brian, i n-áit absolóide is maslughadh do gheobh- ainn uaidh, muna mbeidheadh leath-chróin agam ar bhárr mo mhéar le tabhairt dó. Síghile. Ní'l an t-Athair Brian chomh h-olc agus deir tu. Tá mé le dul ann [chum] a thighe an trathnóna so le uibheach- aibh úra agus le prionsa ime. Laibheóraidh me leis do thaoibh-se, má thugann tu an cead dam. Máire. Ná cuir an trioblóid ort féin mo thaoibh-se, mar ní'l mise dul anaice leis an Athair Brian. Nuair bhéidheas mise ar leabaidh mo bháis tiucfaidh seisean chugam-sa. Síghile. Agus cá fhios duit nach bás obann do gheobhthá, agus créad thiucfadh ort dá bhfuighfheá bás gan sagart?
Máire. Agus nach mbeidhinn chomh maith leis na míltibh do fuair bás gan sagart ar bith? Ni'l morán dóchuis agam as na sagartaibh. Peacaigh atá ionnta-san uile, is mar támaoid féin, iad, go díreach. Sé mo thuairm- se nach bhfuil i gcreideamh acht caint. An gcualaidh tu ariamh trácht ar Pháidín Críona. Síghile. Chualaidh mé go minic. Máire. Maith go leór, acht an gcualaidh tu ariamh a thuairm ar chreideamh? Síghile. Go deimhin níor chualas, acht innis dam é, má sé do thoil é. Máire. Maiseadh innseóchad. Bhí triúr oifigeach 'na gcómh- nuidhe i n-aon tigh, agus bhí Páidín Críona 'na shearbh- fóghanta aca. Ni raibh aon bheirt aca de'n chreideamh céadna, agus bhídheadh achrann eatorra go minic, agus h-uile fhear aca ag rádh go mbudh é a chreideamh féin an creideamh do b'fhearr. Aon lá amháin dubhairt fear aca, "Fágfamaoid ag Páidín Críona é cia againn a bhfuil an creideamh is fearr aige." "Támaoid sásta," ars an bheirt eile. Ghlaodh siad asteach ar Pháidín agus dubhairt fear aca, "A Pháidín, is Catoilceach mise créad thárlóchas dam i ndiaigh mo bháis"? "Innseóchaidh mé dhuit," ar sa Páidín. "Cuirfidhear síos ann san uaigh thú, agus éireóchaidh tú arís, agus rachaidh tú suas go geata flaitheas. Tiucfaidh Peadar
amach agus fiafróchaidh sé dhíot, "Cia an creideamh ar de thusa?" Innseóchaidh tú dhó, agus déarfaidh sé, "Teirigh agus suidh ann san gcoirnéall úd ameasg na gCatoilceach."" "Is Protestún mise," ar san dara fear, "agus créad thárlóchas damh-sa andhiaigh mo bháis?" "Go díreach mar an fear eile, cuirfidhear do shuidhe i gcoirnéall na bProtestún thu." "Is Eabhrach mise," ar san triomhadh fear agus créad thárlóchas damh-sa andiaigh mo bháis. "Go díreach mar an bheirt eile, cuirfidhear thu do shuidhe ameasg na n-Eabhrach." Anois, ni raibh duine ar bith aca, níos fearr 'ná an duine eile, mar d'fhág Páidin iad; agus ann sin d'fhiafruigh an Catoilceach de Pháidín, "a Pháidín cad é do chreideamh-sa?" "Ní'l creideamh ar bith agam-sa," ar seisean. "Agus créad thárlóchas duit-se andíaigh do bháis- se?" "Innseóchaidh mé sin duit. Cuirfidhear síos ann san bpoll mé; éireóchaidh mé arís agus rachaidh mé suas go geata flaitheas. Tiucfaidh Peadar agus fiaf- róchaidh sé "cia 'n creideamh thusa"? Déarfad nach bhfuil creideamh ar bith agam-sa, agus déarfaidh Pea- dar ann sin, "tar asteach, agus suidh no siúbhail, i n-áit ar bith is toil leat"." Anois a Shíghile nach bhfeiceann tu go raibh an té
nach raibh aon chreideamh ar bith aige níos fearr 'na na daoine a raibh creideamh aca. Bhí gach aon díobhtha [díobh] sin ceangailte do choirnéall a chreidimh féin, acht d'fhéad Páidín dul ann a rogha áite, agus béidh mise mar an gcéadna!" Síghile. Go bhfóiridh Dia ort a Mháire, tá faitchios orm go bhfuil tamall fada roimh d'anam bocht san bPur- gadóir. Máire. Bhíodh ciall agad a Shíghile, rachaidh mé tríd an bpur- gadóir chomh tapa le teinntreach tre sgeach spíonáin. Sighile. Níl aon mhaith ag caint leat, ná bheith tabhairt cómh- airle dhuit. Fágfaidh mé annsin thú. Nuair bhí Síghile dul amach leig Máire sgread do cluinneadh míle ar gach taoibh dí. Thionntaigh Síghile, agus chonnairc sí Máire i lár lasrach teine. Rith Sighile chomh luath agus bhí innti go teach an athar Brian, agus d'fhill sí leis ag rith go teach Mháire, acht mo bhrón! bhí an teach dóighte go talamh, agus bhí Máire dóighte leis; agus tá eagla orm go raibh an t-anam bocht caillte. Is neamh-ghnáthach píosa do bheith inniste mar an t-agallamh shuas, acht ag so agallamh beag eile mar é, do chualas ó'n bhfear céadna. Budh le n-a ghuth do thaisbeán an sgeultóir do'n lucht éisteachta cia aca de'n bheirt bhí ag labhairt leis an bhfear eile. Ar an
ádhbhar sin cuirim ainm an chainteóra os cionn cainte gach aoin aca. AN MINISTÉIR AGUS AN GASÚN. Aon lá amháin do bhí gasún beag bocht ar thaoibh an bhóthair agus é ag tabhairt aire do shean-chráin mhuice agus ál banbh léi. Tháinig ministéir an bealach, agus é ag marcuigheacht ar a chapall breágh, agus dubhairt sé leis an ngasún, "Cia an áit a dtugann an bóthar so thu?" [Gasún.] Tá mé ann so le coicídheas agus ni thug sé i n-áit ar bith go fóil mé. [Ministéir.] Nach glic an buachaill beag thu! cia leis na muca beaga? [Gasún.] Leis an tsean-chráin. [Ministéir.] Tá 's agam sin, acht tá mé ag fiafruighe cia h-é máighistir na mbanbh? [Gasún.] An diabhal beag dubh-agus-bán sin a fheiceas tu ag tochailt, thig leisean an t-iomlán aca a bhualadh. [Ministéir.] Ni h-é sin atá me [ag] fiafruighe dhíot chor ar bith, acht cia h-é do mháighistir-se? [Gasún.] Fear-chéile mo mhaighistreasa, fear chomh maith agus gheobhthá as so go dtí é féin.
[Ministéir.] Ni thuigeann tu mé go fóil. Cia h-í do mháighis- treas? B'éidir go dtuigeann tu sin! [Gasún.] Tuigim go maith. 'Sí bean mo mháighistir í. Tá 's ag h-uile dhuine sin! [Ministéir.] Is glic an buachaill beag thu, agus tá sé chomh maith dham leigean duit, acht innis dam bhfuil fhios agad cá bhfuil Pádraig O Dómhnaill 'na chómhnuidhe? [Gasún.] Tá go deimhin. Lean an bóthar so go dtiucfaidh tu go bóithrín ar thaoibh do lámh-ordóige. Ann sin lean do shrón, agus má théidheann tu amúgh', bris an treóir. [Ministéir.] Go deimhin is apuidh an buachaill thu! Cia an cheird bhéidheas agad-sa nuair bhéidheas tu níos sine? [Gasún.] Maor muice. Nach bhfeiceann tu go bhfuil mé ag cur mo théarma asteach. Cad é do cheird féin. [Ministéir.] Deagh-cheird! bídhim ag taisbeant cia h-é an bealach go flaitheas do na daoinibh. [Gasún.] Óra! nach bréagach thu! Ni thig leat-sa an bealach thaisbeánt go h-áit ar bith. Ní'l eólas agad ar an
mbóthar go dti teach Phádraig, fear a bhfuil aithne ag beag agus mór ann san tír air, agus is cinnte mé nach bhfuil eólas agad ar an mbóthar go flaitheas! [Ministéir.] Tá mé buailte. Seó dhuit leath-chróin ar son do ghliocais, agus nuair thiucfas mé arís geobhaidh tu ceann eile. [Gasún.] Go raibh maith agad. Is truagh nach dtagann amadán mar thu an bealach, h-uile lá. Cuireann an cómhrádh so sgeul eile im' chuimhne do chualaidh mé i dtaoibh ghasúin i gCondaé Mhuigh Eó. Rug sagart ar an ngasún ar an mbóthar agus dubhairt leis, "Go mbeannuighidh Dia dhuit." "Go mbeannuighidh an duine céadna dhuit-se," ar san buachaillín. "Cé [cá] 'r b' as thu"? ar san sagart. "As Beul-na-muice," ar san buachaill. "Cia mhéad Dia ann"? ar san sagart. "An oiread a's tá ann so," ar san buachaill. "Saoilim go bhfuil do phaidreacha ann do phóca leat," ar san sagart. "Nois tá do thóin amuigh," ar san buachaill, "diabhal póca ar bith orm"! Ag so sórt cómhrádh bhéarsaigheachta do chualaidh mé ó Phróinsias O Conchúbhair. Bhí bean ann agus b'ainm dí Máire Nic Ghiollacáin agus fuair a fear bás. Thug siad an Caladh Cátach ar a fear, ni'l fhios agam cia an fáth, acht creidim gur ionnann "cátach" agus
carthanach. Thosaigh Máire bhocht ag caoineadh a fir mar leanas. CAOINEADH AR AN GCALADH CÁTACH. Och ón, a Chalaidh, creud fath ar sgar tu liom Agus mé d'fhágbháil i m'aonar ag obair go trom! Agus a liachta sin bliadhan d'oibrigheamar le chéile Ag cur agus ag baint agus ag saothrughadh ár mbéile. Is dóigh go bhfuil tu anois le Íosa Críosta Aon-Mhac Dé, an Dara pearsa de'n Trionóid rónaomhtha, Agus mise ar an saoghal brónach go cráidhte claoidhte, Gan céile, gan cara, gan cabhair, gan aén neach beó de mo ghaol- taibh. A Righ ghil na Trócaire, ni iarraim ort aon spás, Is baintreabhach bhocht mé agus tabhair dham roinn de do ghrás. Tabhair dham maitheamhnas ann mo pheacaidh' go h-iomlán, Agus ná leig m'anam bocht imtheacht ar seachrán. Admhuighim do Dhia do'n Mhac agus do'n Spiorad Naomh, Nach ndearna mé faoisidin ná fíor-aithrighe riamh, Níor ghlúnaigh mé i láthair easboig, sagart, ná bráthar, Agus níor iarr mé eadar-guidhe Mhuire Mháthair. Acht anois déanfad faoisidin ann so ann do láthair, Agus iarraim eadar-guidhe ar an Mhaighdin do Mháthair, Tá mé cionntach anns gach peacadh, beag agus mór, Agus tá mé úmhal do bheith glanta i dteine Phurgadóir."
Chom fad agus fhágfas Dia mé ann san ngleann so na ndeór, Ní sgarfad ó dheunamh urnaighthe agus fíor-aithrighe mhór, I n-ainm Dé tosócaidh mé go moch ar maidin amárach, Agus b'éidir andhiaigh mo bháis go mbeidhinn le mo Chaladh Cátach. [Acht bhí cómharsa ag éisteacht le Máire gan fhios dí. D'athruigh sé a ghuth agus leig sé air féin gur ab é an Bás do bhí ag labhairt léi, agus dubhairt sé de ghlór garbh, gráineamhail]:- Is mise an bás do tháinig le do shábhail ó'n obair throim Má tá tu réidh agus úmhal, déan d'údhacht agus bi liom. Má bhíonn tú ag clamhsán no ag déanamh gearáin, adeirim leat é Trathnóna amárach bhéidh do chnámha sé troighe faoi an gcré. [Acht ni raibh Máire chomh réidh le h-imtheacht agus do leig sí uirri. Tháinig sgannradh mór uirri nuair shaoil sí gur bh'éigin dí bás fhághail, agus dubhairt sí.]: O! ná bíodh deifir ort, acht tabhair 'm aon bhliadhain de spás, Go ndeunaidh mé aithrighe agus síothchán le Righ Mór na ngrás, Tá mórán agam le déanamh anocht agus amárach, Ag gleus sochraid' geanamhail' do m' chéile, an Caladh Cátach. [D'fhreagair an Cómharsa]. Nach gearr ó chualaidh mé thú ag rádh nach n-iarrfá spás, Agus d'innis tu go leór bréaga do Righ Mór na ngrás, Ní bhéidh mórán bróin ná uaignis ort andhiaigh an lá amárach, Acht ag tóruigheacht fir eile bhéidheas tú andiaigh an chaladh chátach. Bhí Máire dul d'á fhreagairt, agus í ag fásgadh a dá láimh le teann-fhaitchios roimh an mbás, mar shaoil sí, acht níor fhéad an fear eile é féin cheapadh, agus sgairt sé amach ag gáiridhe, agus chonnairc Máire nach raibh ann acht duine.
Tá an oiread de bhrostughadh ann sna h-abhránaibh diadha agus atá de bhagairt. Ni ar phiantaibh ifrinn amháin, acht ar ghlóir na bhflaitheas mar an gcéadna, tráchtar, ann sna píosaibh atá ameasg na ndaoine. Ag so rann do chualaidh mé ó shean-fhear i gcondaé na Gaillimhe. CROIDHE-BHRÚGHADH. Croidhe-bhrúghadh dóthchus agus carthanacht, Súd a chóimhlíonas m' aitheannta, Déan iad so a's geobhair na geallamhna Atá le fághail san mbeatha dó-mharbhtha. I dtaoibh na ngeallamhan féin, agus i dtaoibh an tsonais atá i ndán do na fíréanachaibh, chualaidh mé an rann so ó shean-fhear eile ann san gcondaé céadna. NI CHUALAIDH CLUAS. Ni chualaidh cluas, ni fhacaidh rosg, A's fós níor smuaín croidhe aénne An t-aoibhneas mór a bheídheas mar stór Do lucht na h-aithrighe 's na deagh-mhéine. Ag so sgeul ar dhuine do chonnairc an ghlóir sin, agus do chaith céad bliadhan innti, amhail agus nach raibh ann acht cúpla lá. Do chualaidh mise an sgeul ó Phróinsias O Conchúbhair, do fuair é ó dhuine dar bh'ainm 'Liam Mac Dómhnaill ó Bheul-áth-na-muice i gcondae Mhuigh Eó. Tá sgeul de'n tsórt so ar an nidh céadna le fághail ann s gach tír ann san gCríos- tuigheacht, agus is é gan amhras "úghdar agus ádhbhar"
ata leó, an bhéarsa sin, quia unus dies apud Dominum sicut mille anni, et mille anni sicut dies unus .i. go bhfuil aon lá amháin ag an dTighearna mar mhíle bliadhan agus míle bliadhan mar aon lá amháin. Ni miste dhúinn an cur-síos Gaedhealach atá ar an sgeul do thabhairt ann so. AN MAC-LÉIGHIN D'FHÁG AN COLÁISTE. Tháinig dream de dhaoinibh óga ó chondaé na Gaillimhe go coláiste mór ag fóghluim agus ag fághail oideacais, le bheith na sagartaibh. Chualaidh mé ainm an choláiste go minic ó mo mháthair, acht ni chuimhnighim air. Ni Magh Nuadhat do bhí ann. Bhí fear aca so dar bh'ainm Pádraig O Floinn. Mac sgolóige saidhbhre do bhí ann. Budh mhian le na athair agus le n-a mháthair sagart do dhéanamh dé. Budh bhuachaill deas caoimheamhail é. Ni théidheadh sé ag rinnce leis na buachaillibh eile ann san trathnóna acht budh ghnáth leis dul amach le clap-sholus an laé, agus bhidheadh sé ag siúbhal leis féin suas 's anuas, faoi sgáile na gcrann mór do bhí timchioll an choláiste, agus d'fhanadh sé ann sin ag smuaíneamh agus ag meabhrughadh leis féin go dtuicfadh duine éigin le n-a thabhairt asteach chum a sheomra. Aon trathnóna amháin, i mí na Bealtaine, chuaidh sé amach mar budh ghnáthach leis, agus bhí sé [ag] spais- deóracht faoi na crainn [crannaibh] nuair chualaidh sé ceól binn. Tháinig dorchadus no sórt daille ar a shúilibh, agus nuair fuair se amharc arís chonnairc sé
balla mór árd ar gach taoibh dé, agus bóthar lonnrach amach roimhe. Bhí na fir-ceóil ar an mbóthar agus iad ag seinm go binn, agus chualaidh sé guth ag rádh, "tarr linn go tír na sógh agus na suaimhneas." D'fheuch sé taobh shiar dhé agus chonnairc sé balla mór árd ar a chúl agus ar gach taoibh dé, agus níor fhéad sé filleadh ar ais thar an mballa, cidh go raibh mian aige filleadh. D'imthigh sé ar aghaidh ann sin andhiaigh an cheóil. Ni raibh fhios aige cá fhada shiúbhail sé, acht bhí an balla mór ard i gcómhnuidhe ar gach taoibh dé agus 'na dhiaigh. Bhí sé ag imtheacht agus ag sír-imtheacht go dtan- gadar go h-abhainn mhóir, agus uisge innti chomh dearg le fuil. Tháinig iongantas air ann sin, agus eagla mhór. Acht shiúbhladar na fir-ceóil thar an abhainn gan a gcosa do fhliuchadh, agus lean Pádraig O Floinn iad gan a chosa féin do fhliuchadh. Shaoil sé, i dtosach, go mbudh shluagh-sidhe na fir-ceóil, agus shaoil sé ann sin go bhfuair sé bás agus go mbudh shluagh aingeal do bhí ann do bhí d'á thabhairt go flaitheas. Thuit na ballaidh uatha ann sin, ar gach taoibh, agus thángadar go machaire mór leathan. Bhí siad ag imtheacht agus ag sír-imtheacht ann sin, go dtangadar go cais- leán breágh do bhí i lár an Mhachaire. Chuaidh na fir- ceoil asteach ann, agus d'fhan Pádraig O Floinn amuigh. Níor bhfada go dtáinig uachtarán na bhfear ceóil amach chuige agus thug asteach go seomra áluinn é. Níor labhair sé focal, agus níor chualaidh Pádraig O Floinn aon fhocal amháin chomh fada agus bhí sé ann. Ni raibh aon oidhche ann san áit sin, acht solus laé
ar fad. Níor ith agus níor ól sé aon nidh, agus ni fhacaidh sé aon duine ann ag ithe ná ag ól, agus níor stop an ceól. H-uile leath-uair, mar shaoil sé, do chluineadh sé clog, mar bheidheadh clog teampoill, d'á bhualadh, acht ni fhacaidh sé an clog, agus níor fheud sé a fheiceál i n-áit ar bith. Nuair théidheadh na fir-ceóil amach ann san machaire, i láthair an chaisleáin, do thigeadh treibh de gach uile shórt d'éanachaibh ann san spéir ag seinm an cheóil budh bhinne dá'r chualaidh cluas ariamh. Is minic adubhairt Pádraig O Floinn leis féin "is cinnte go bhfuil mé ann san bhflaitheas, acht nach aisteach é nach bhfuil cuimhne agam ar thinneas ná ar bhás ná ar bhreitheamhnas, agus nach bhfacaidh mé Dia ná a mháthair bheannuighthe mar atá geallta dhúinn." Ní raibh fhios ag Pádraig O Floinn cá fhad bhí sé ann san áit aoibhinn sin. Shaoil sé nach raibh sé innti acht tamaillín gearr acht bhí sé innti bliadhain agus céad. Aon lá amháin bhí na fir-ceóil amuigh anns an bpáirc agus bhí seisean ag éisteacht leó, nuair tháinig an t-uachtarán chuige. Do thug sé amach é, agus chuir sé é taobh-shiar de na fir-ceóil. D'imthigheadar ar siúbhal, agus ni raibh stop ná stad aca go dtángadar chum na h-aibhne do bhí chomh dearg le fuil. Chuadar trasna sin gan fliuchadh boinn, agus d'imthigheadar ar
Da cluindis for eoin gin acht In coicedal caemh comhnart, adbeldais uili, mór in mod, Ar eistecht re n-airfidiud.
aghaidh go dtángadar chum na páirce i ngar do'n choláiste, an áit a bhfuaradar é i dtosach. Ann sin d'imthigheadar as a amharc mar cheó. D'fheuch sé thairis, agus d'aithin sé an coláiste, acht shaoil sé go raibh na crainn níos áirde agus go raibh athrughadh éigin ann san gcoláiste féin. Chuaidh sé asteach ann, ann sin, acht níor aithin sé aon duine do casadh air agus níor aithin aon duine eisean. Tháinig uachtarán an cholaiste chuige ann sin, agus dubhairt leis, "ca'r b' as thu a mhic, no cad é 'n t-ainm atá ort?" "Pádraig O Floinn as chondaé na Gaillimhe mé," ar seisean. "Cá fhada ann so thu?" ar san t-uachtarán. "Tá mé ann so ó chéad lá Mhárta," ar seisean. "Saoilim go bhfuil tu mi-chéillidhe." ar san t-uach- tarán, "ní'l aon duine de d'ainm-se ann san gcol- áiste agus ni raibh le fiche bliadhan, mar tá mise níos mó na fiche bliadhan ann so." "Dá mbeidhtheá ann ó rugadh thu, tá mise ann so ó'n Márt so chuaidh thart, agus thig liom mo sheomra agus mo leabhra thaisbeánt duit." Leis sin d'imthigh sé suas an staighre agus an t-uachtarán 'na dhiaigh. Chuaidh sé asteach ann a sheomra, d'fheuch sé thart agus dubhairt, "is é seó mo sheomra- sa, acht ni h-é sin mo throsgán, agus ni h-iad sin mo leabhra atá ann." Chonnairc sé sean-bhíobla ar an mbord, d'fhosgail sé é agus dubhairt sé, "'sé seo mo bhíobla-sa, thug mo mháthair dham é nuair bhí mé ag teacht ann so, agus feuch tá m' ainm sgríobhtha ann."
D'fheuch an t-uachtarán ar an mbíobla agus chomh cinnte agus tá Dia ann san bhflaitheas bhí ainm Phádraig Ui Fhloinn sgríobhtha ann, agus an lá de'n mhi d'fhág sé an baile. Anois bhí buaidhreadh mór inntinne ar an uachtarán agus ni raibh fhios aige créad dhéanfadh sé. Chuir sé fios ar na máighistribh agus ar na h-oidibh agus d'innis sé an sgeul dóibh. "Dar m'fhocal," ar sa sean-shagart do bhí ann, "chualaidh mé caint nuair bhí mé óg ar mhac-léighinn d'imthigh as an gcoláiste seó agus ni raibh aon chúntas air, beó ná marbh, ó shoin. Chuairtigh na daoine an abhann agus na poill móna acht ni raibh aon chúntas le fághail air, agus ni bhfuaradar an corp." Ghlaodh an t-uachtarán orra, ann sin, leabhar mór do thabhairt chuige, a raibh ainm gach uile dhuine sgríobhtha ann, do tháinig chum an choláiste sin ó cuireadh ar bonn é. D'fheuch se tríd an leabhar, agus feuch! bhí ainm Phádraig Ui Fhloinn ann, agus an lá de'n mhí tháinig sé, agus bhí sé seó sgríobhtha os coinne an anma, gur imthigh an Pádraig O Floinn sin, a leithéid de lá, agus nach raibh fhios ag duine ar bith créad thárla dhó. Anois bhí sé go díreach bliadhain agus céad, ó'n lá d'imthigh sé go dti an lá tháinig sé ar ais mar sin. "Is iongantach agus is ró-iongantach an sgeul é seó," ar san t-uachtarán, "acht fan, thusa, go socair ann so a mhic, agus sgríobhfaidh mise chum an easboig." Rinne sé sin, agus fuair sé cúntas ó'n easbog an fear do chongbháil go dtiucfadh sé féin. Faoi cheann seachtmhaine, 'na dhiaigh sin, tháinig an
t-easbog, agus chuir sé fios ar Phádraig O Floinn. Ni raibh aon duine i láthair acht an bheirt amháin. "Anois a mhic," ar san t-easbog, teirigh ar do ghlúnaibh agus déan faoisidin mhaith." Ann sin rinne sé gníomh croidhe-bhrúighte agus thug an t-easbog absolóid dó. Ar an mball tháinig laige agus trom-chodladh air agus bhí sé ar feadh trí lá agus trí oidhche mar bheidheadh duine marbh. Nuair tháinig sé chuige féin, bhí an t- easbog agus na sagairt ann a thimchioll. D'éirigh sé, chraith é féin, agus d'innis sé a sgeul dóibh, mar tá sé inniste agam-sa, acht chuir sé iongantas thar bárr ar h-uile dhuine aca. "Anois," ar seisean, "tá mé ann so slán beó, agus déanaidh mar is toil libh." Rinne an t-easbog agus na sagairt cómhairle le chéile. "Is naomhtha an fear thu," ar san t-easbog ann sin, "agus bhéarfamaoid ord beannuighthe dhuit ar an mball." Rinne siad sagart dé ann sin, acht ni túisge bhí ord beannuighthe tugtha dhó 'ná thuit se marbh ar an altóir, agus chualadar uile san am céadna an ceól budh bhinne do cualaidh cluas ariamh os a gcionn ann san spéir; agus dubhradar uile go mbudh h-iad na h-aingle do bhí ann, ag iomchar anma an athar O Floinn suas go Flaitheas leo. Do bhí na h-Éireannaigh, thar gach náisiún eile, b'éidir, tugtha do phictiúirí do dhéanamh ann a n-inntinn féin ar neithibh an tsaoghail eile, ar ghlóir na bhflaitheas agus ar phiantaibh ifrinn. Do bhí sin ar a gcumas ó aimsir Naoimh Fursa anuas, agus tá "Fis Adhamhnáin" 'na phíosa sár-aithnighthe san Eóraip. Ni thráchtaim ann so
an Dhanté agus ar an gcomaoin fá a raibh sé (no nach raibh sé) do na h-Éireannaighibh, acht cuirfidh mé síos taidhbreamh no taisbeántas beag ar bhreitheamhnas an anma mar chonnairc fear i gCondaé Mhuigh Eó é. Is minic chualas trácht ar an bpíosa so agus rinne mé ceithre iarrachta le n-a fhághail, acht theip sin orm, ní bhfuaireas acht fír-bheagán dé. Faoi dheireadh do sgríobh mo chara, an Niallach, an méad so ó bheul mo charad Micheál Mac Ruaidhrigh, o chondaé Mhuigh Eó. Is doigh nach bhfuil ann acht blodh, acht, mar sin féin, is fearr a thabhairt ann so. Ag so go díreach, focal ar fhocal, mar do labhair Mac Ui Ruaidhrigh é. MAC AN MHINISTÉIR. Bhí cailín Romhánach ar aimsir i dteach ministéir, agus bhí sí [ag] caitheamh éideadh na Maighdine Muire. Bhí sí gluasacht aon uair amháin ag dul chum aifrinn, agus nuair bhí sí d'á nighe féin bhain sí an t-éideadh dhí agus leag sí i leith-thaobh é. Tháinig mac an mhinistéir asteach, agus thosuigh sé ag gábhailleacht(?) anonn 's anall ar fud an tseomra, agus casadh an t-éideadh leis. Rug sé ann a láimh air, agus bhreathnuigh sé go géar air. Chuir sé timchioll a mhuinéil é, agus nuair thionntuigh an cailín thart, chonnairc sí an t-éideadh ar mhac an mhinistéir, agus d'fhás báinidhe mhór uirri. Thug sí coiscéim chum cinn, agus streachail sí an t-éideadh d'á mhuinéal. Thosaigh sí 'gá dhíobladh agus 'gá mhas-
lughadh. Dubhairt sí leis nach raibh sé ceart ná foil- leamhnach, ag fear d'á chreideamh breith ar an éideadh sin ann a láimh, agus go raibh fuath agus gráin aige anaghaidh na Maighdine glórmhaire, "agus," ar sise leis, "ó thárla go rug tu ar an éideadh beannuighthe mur [muna] dtroisgidh tu an Aoine seo chugainn, i n-éiric do Pheacaidh, radharc ar dhúthaigh flaitheas, ni fheicfidh tu go bráth." Tháinig brón agus dólás mór ar Mhac an mhinistéir, faoi an díobladh thug an cailín dó, agus dubhairt sé léi go dtroisgfeadh sé an Aoine. Bhí go maith agus ni raibh go dona. Nuair chuaidh mac an mhinistéir ann a chodladh an oidhche sin, fuair sé taom tinnis, agus bhí sé go h-an-dona ar maidin, agus dubhairt sé le n-a mháthair nach leigfeadh sé aon-'ne faoi ná thairis acht an cailín-aimsire, agus go raibh súil aige nach mbeidh' sé a bhfad san taom tinnis. Ni raibh aon-'ne freastal air acht an cailín, mar bhí rún mór aige an Aoine throsgádh. Bhí fios maith aige dá mbeidh' a mháthair [ag] tigheacht asteach ann a sheomra go gcaithfeadh sé tonnáladh (?) do chaitheamh uaithi, agus sin é an t-ádhbhar nach leigfeadh sé a mháthair asteach. Nuair tháinig an Aoine, níor bhlas sé greim ná deoch ar feadh na h-Aoine. Ar maidin, Dia Sáthairn, d'fhiafruigh an mháthair de'n chailín, cia an bhail do bí air. Dubhairt an cailín léi go raibh sé ag tigheacht i dtír. Agus nuair chuaidh an cailín asteach ar uair a dó-dhéag san lá bhí sé 'na stolp
[corpán]. Agus tháinig an-bháthadh mór ar an gcailín, agus thosaigh sí ag caoineadh. Chuaidh sí amach agus d'innis sí do'n mháthair go raibh sé marbh. Chuaidh an sgeul ó bhéal go béal ann sin, agus dubhairt ceann le chéile, gur ab í an cailín do mharbh é, agus ni raibh fhios aca cia an t-an-bhás bhéarfadh siad dí. Bhí cárnán móna i n-éadan na cisteana, agus cheangail siad an cailín le slabhradh greamuighte de bhacán iarainn bhí i mbinn an tighe, agus nuair bheith an cholann curtha aca, bhí siad le ola agus "gréis" chur ar an móin agus teine do thabhairt dí, agus an cailín do dhóghadh agus do losgadh ann. Ar maidin Dia Luain, nuair chuaidh siad asteach ann san seomra leis an gcorp do chur san gcómhra, bhí mac an mhinistéir beó bídhgeamhail ann a leabaidh, agus d'innis sé dhóibh an taisbeánadh do chonnairc sé. Chonnairc sé [dubhairt sé] na tri teinte Purgadóra, maistíní ifrinn, agus an diabhal mór Iúdás, agus dubhairt sé leó [.i. le n-a mhuinntir] gur ab í an Mhaighdean ghlórmhar do shábháil é, agus do fuair a phárdún dó. D'iarr sí impidhe ar a h-Aon-Mhac a chur ar an saoghal arís ag teagasg na ndaoine, agus fuair sí an impidhe sin dó, agus mur mbeith gur chaith sé éideadh na Maighdine, móiméid amháin, nuair bhí sé ar an talamh, ni fheicfeadh sé radharc ar dhúthaigh flaitheas go bráth; agus sin é [do] shábhail é as fír- íochtar ifhrinn.
Chaith sé seacht mbliadhna ar an saoghal ag teagasg na ndaoine, agus ag innsint dóibh an creideamh ceart. Agus thionntaigh a mhuirighin uile 'na gCatoileacaibh, agus is é mac an mhinistéir do chum an dán:- DÁN MIC AN MHINISTÉIR. Tá an cholann 'na laidhe agus í 'na suan. Solus lasta ar a h-uachtar. Tá na mná críona 'na suidhe go málla, Agus deóir ar ghruaidh na mnaoi óg' (sic) go cráidhte. Éistigidh, éistigidh, go mothaigh' sibh mo sgéala, An tri nidh is mó leis an bpeacadh do dhéanamh. Gealltanas neamh-chaillteanas, bréagacht, Nach buaidheartha mallaighthe damanta mo sgeula! Níor bhfada go bhfaca mé an t-iongantas Tri theinidh mhóra. An teine budh lúgha aca, budh mhó í 'Ná cúig céad déag móna, Agus 'ná lán-sléibhe cidh budh mhór í. Ann sin do chonnaic me an t-iongantas, Na trí maistíní móra, A gcraosa fosgailte; Agus iad ar lasadh Mar choinneal céirach Ar thaoibh an tsléibhe Ag feitheamh le m'anam bocht
D'alpadh 's do réabadh, Agus a thabhairt go h-ifrionn salach Ag fulaing na péine. Tugadh mé go geataibh ifrinn Dóigheadh an ghruag de mo mhalaigh', Cuireadh criathar poll tre mo cheart-lár, Níor mhór dham féin an oidhche throisgeas, Agus éideadh na Maighdine Muire chaitheas, Ná bheidh' mo chuid fola agur feóla ann a luaithreamhán loisgthe Ameasg na ndiabhal go lá an bhreitheamhnais. Ann sin cuireadh coisde an dá'r 'éag orm, Budh threise le n-a n-olcas 'ná le n-a maitheas. [Aliter-budh threise le m'olcas 'nó le mo mhaitheas] Gach a ndearna mé ó bhí mé mo leanbh, Sgríobhtha i bpáipéar' dubha agus geala. Ceann ann mo láimh, agus ceann ar an talamh. Gan árthach agam mo chóir chur a bhfolach. Ar thionntódh thart díom, taobh mo láimhe deise, Chonnaic mé an giúiste breágh beannaighthe Faoi n-a chlócaib geala, D 'fhiafraigh sé dhíom, de na briathraibh beannaighthe, Cá raibh mé mo chómhnuidhe nuair bhí mé ar an talamh, Nár mé an t-anam bocht atá le dhul san mbarra ? Ar thionntódh thart díom, taobh mo láimhe cléithe Chonnaic mé an diabhal mór do fuair brailis (?) Ag dhul i mbárra mo ghéaga Agus ann sin d'fhás an tart ar m'anam bocht, Agus, a Dhia, ó ! níor bh'iongnadh!
cruaidhe neamh-gnáthacha ata ann san dán so, mar, "go málla," "gealltanas."neamh-chaillteantas," "brailis."
Dhearc mé suas ar an Maighdin bheannuighthe D'iarr mé impidhe uirri-mé thógáil ó na diabhail salach' D'ísligh sí anuas go lúthmhar tapa, Leig í féin ar a glúin mhín dhleamhain, D'iarr sí impidhe ar a h-Aon-Mhac 's ar a leanbh Mo chur i mbárr géag ná i lúb na cloiche, Ná faoi an talamh mar théidheas an easóg, Ná an taobh o dtuaidh mar shéidtear an sneachta, Ná ann san gcolainn chéadna ag teagasg na ndaoine, -agus beannacht Dé do bheul d'á innsint. Ag so urnaige an-áluinn do fuair mé sgríobhtha le Micheál Piocóid éigin, i ndeireadh an leabhair sin an Mháthghamhnaigh air ar labhair mé cheana. Tá an píosa so tarraingte ó'n Laidion agus is fiú a shábháil ó'n mbás. Ar an ádhbhar sin, bheirim ann so é. Sé is ainm dó "Urnaighe coitcheann ar an uile ocáid." No i Laidion, "Oratio universalis ad omnia salutem spectantia." Is fiú an chulaidh Ghaedhealach ar an urnaighe seo do shábháil. URNAIGHE COITCHEANN. O, a Dhia, creidim ionnat, neartaigh mo chreideamh; Muinighim ionnat, daingnigh mo mhuinighin; Grádhuighim thu, dúbail mo ghrádh. Is aithreach liom gur chuireas fearg ort Méadaigh m'aithreachas. Adhruighim thu mar chéad-tús mo bheathadh, Sanntuighim thu mar mo chríoch dhéigheannach, Bheirim buidheachas duit mar mo shíor-chabharthach, Gairim ort mar mo thréan-chosantach.
Líon mo chroidhe le h-uamhain gan éadóthchus, Le muinighin gan an-dóthchus, Le crábhadh gan saobhadh, Agus le gáirdeachas gan iomarcaidh. Mo Dhia! aontuigh mo threórughadh le d'eagna; Mo thoirmeasg le d' cheart, Mo chomphórtacht led' thrócaire, Agus mo dhídionn led' chomhachta. Naomhaim m'uile smuaínte, briathra, gníomhartha, agus fulaing, duit, Ionnas, uaidh seo amach, go smuaínfinn ort, Go dtráchtfainn ort, go saothróchainn duit, Agus go bhfulóngainn duit. A thighearna, iarraim go ndéantar do thoil' de bhithin gur ab í do thoil, Agus ar an modh is toil leat. Athchuingim ort soillsigh mo thuigsint, Ionlais (?) mo thoil, glan mo chorp, agus naomhaigh m'anam. Mo dhia! tabhair neart dam Ionnas go ndéanaim cúitiughadh im' éagcóiribh, Go mbéarfainn buaidh ar mo cathuighthibh, Go gceartóchainn mo dhroch-chlaonta láidre, Agus go dtáitheóchainn na subháilcidhe. Atá foilleamhnach dom' stáid bheathadh. Líon mo chroidhe le gean do d' mhaitheas, D'fhuath dom' lochdaibh, de ghrádh dom' chómharsain, Agus de tharcuisne do'n tsaoghal. Go gcuimhnighim, a Dhia, Bheith úmhal dom' uachtaránaibh, Aontaigheach do m' íochtaraibh, Díleas do m' cháirdibh, Agus carthanach dom' náimhdibh.
Cuidigh liom buaidh do bhreith Ar cholnuigheacht le crábhadh, Ar shaint le h-almsa, Ar lasántacht le miochaireacht, Agus ar fhuar-chrábadh le caondúthracht A Dhia, dean críona mé sna neithibh ghabhas le[m'] ais, Cródha i gcontabhairt, foighidneach i n-anró, Aghus úmhal i ndul-ar-aghaidh 'san tsaoghal. Nár dhéanaim choidhche dearmad Fá aire do chur le m' urnaighthibh, Measardhacht le m' bhealaighibh, Díthchioll le m' chúram. Agus buantas ann sna neithibh chuirim rómham. A thighearna, músgail mé chum cóinsias ceart do coimhéad, [tabhair dham] módhamhlacht do'n leath-amuigh, Cómhrádh tairbheach, agus iomchar riaghalta. Deónaigh dam do shíor Le treise do bhreith ar mo nádúir, Le faomhadh do d' grásaibh, Le cóimhlíonadh d'aitheannta, Agus le h-oibriughadh mo shlánuighthe. Foillsigh dham, a Dhia, neimh-nidheacht an domhain-se, Mórdhacht flaithis Dé, Giorracht na h-aimsire. Agus fad na síorruidheachta. Tabhair dham mé féin do chur i n-oireamhain do'n bhás, Faitchios do bheith orm roimh do bhreitheamhnas, Damnadh do sheachaint, Agus fá dheóigh neamh do ghnóthughadh. Gurab toil leat fá dheireadh. Aithrighe do thabhairt do h-uile pheacach,
Síor-dhul ar aghaidh do na fíreunaibh, Síothchán do na beódhaibh, Agus síor-aoibhneas do na creidmheachaibh fuair bás. Iarraim so uile ort, a Thighearna do aontughadh, Tre luaidheacht ár dTighearna Íosa Críost, Tre eadarguidhe ár mBaintighearna Beannaighthe, Agus na n-uile naomh, Agus tré thoil ár Naomh-Mháthair an Eaglais. Amén. Ag so paidir ghearr gan mórán slachta ann, do fuair mé ó'm' charaid, an t-Athair Eóin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, C.I., do sgríobh í síos ó bhéal duine i gcondaé na Gaillimhe. BEANNACHT DÉ. Beannacht Dé le h-anam ár n-aithreacha, ár máithreacha, ár ndear- bhraithreacha, ár ndeirbhsiúracha; agus beannacht De le ár n-anam féin an lá deiridh. Maith, a Dhia, faoi fhaill faoisidin, breitheamhnas-aithrighthe,dear- mad aifrinn lá saoire ná Dómhnaigh, ná smál peacaidh ar bith. Go méaduighidh tu ar an nglóire, agus go laghduighidh tu ar na piantaibh. Amén. Má's maith atámaoid anocht, go mbudh seacht míle fearr a bhéidheas muid bliadhain ó anocht [sinn féin agus] ár gcuid i n-aen- fheacht, [i] saoghal agus i sláinte, i ngrádh agus i n-abhantúr, i ngrádh agus i bhfaitchios Dé, i ngrádh Dé agus na ndaoine, agus a bheith ó na peacaidh. Agus an Té a chuir slán ó'n lá muid, go gcuiridh sé slán tar an oidhche muid, go gcuiridh Tu slán ó gach gábhadh go deó muid. Amén. Do chuir mo charad, Cathal Mac Néill, cóib de'n Laidion chugam, acht ní'l an tríomhadh rann ná na deich líne déigheannacha innti. Tosaigheann sé mar so san Laidion,
Ag so an Laidion atá ar an seiseadh rann agus Deir mo charaid an Niallach liom go bhfuil faitchios air gur as an mBéarla do cuireadh Gaedheilg air.
An chéad uair do chualas an dán so, leanas, do b'é ag Féis na Gaillimhe é. D' aithris sean-fhear bocht, air a dtugann siad annsan gcathair sin an "Ceannuidhe Cóir," i gcomórtas ar son duaise é - ní'l fhios agam cad é a sloinneadh. Rug mé do leith-thaoibh é, idir dhá chomórtas, agus sgríobh mé síos uaidh níos mó 'ná a leath dhé, acht ní raibh an t-am agam le n-a chríochnughadh. Dubhairt mé sin le mo charaid, Eóghan Ua Neachtáin, agus nuair fuair sé féin faill ar an seanfhear do sgríobh sé síos an t-iomlán uaidh, agus do chuir go cineálta chugam-sa é. Is dóigh nach bhfuil ann acht blódh, agus go bhfuil dá phíosa measgtha tré n-a chéile ann, óir ní mheasaim go mbaineann na h-ocht línte tosaigh leis an gcuid eile dhé, ó cheart. Thug mé cheana píosa gearr do thosaigh mar thosaigheann sé seó. Ní raibh aon ainm ag an sean-fhear air, is mise do chuir an tíodal air. Is coitchionn an sgéal i dtaoibh an choiligh. Adhlacadh Íosa. A Mhaighdean mhódhmhar, mhódhamhail, mhaiseach, Is tú mo stór, mo lón, 's mo thaisge, Is tú mo chrann-soillse le m'anam Do threórughadh go Ríoghacht na bhflaitheas. An t-Aon Mhac Naomhtha, rígh na n-Aingeal, A d'fhulaing an pháis, an sgath, 's an maslughadh, Ag tabhairt sásadh ar an bpeacadh Do ghnímid ar an talamh. Cuireadh ann san tuamba é, le toil righ agus deacair, Agus b'é an sompla ann san eadarthra Dia h-Aoine,
Fuil a chroidhe ag dhul trí n-a thaoibh a's gach braon de ag dhul trasna. A's go saoilfeá nach seasfadh sé choidhche. Bhí leac ann san dorus, dar go deimhin chomh daingean 'S nach dtógfadh céad fear í gan spíonadh, Go dtáinig aingeal as fhlaitheas, gur réidhtigh sé an bealach, 'S gur thóg sé an leac as a bhfiadhnuis'. Tháinig Muire Magdaléine go h-éasgaidh asteach ann, Go léighisfeadh sí cneadhacha ár dTighearna, Chuartaigh sí an tuamba, thart thimchioll, go sgioptha. A's ní bhfuair sí aon amharc ar Íosa. Go bhfacaidh sí an t-aiséad go réidh cois an bhalla, San mEad a bhí folach de do bhí sé D'fhiafruigh sí go faiteach "an fhear thú no fath (?) thú?" No cé ndearnaidh sibh acaid (?) ár dTighearna. "Níor fhágbhaigh mé an áit seó," deir an gárda bhí 'gá fhaire, 'S ní feasach mé cia rachadh d'á iarraidh, Tá éinín beag coiligh ag fiuchadh san gcoire." ('S iad a' deis-mhagadh fá n-ár dtighearna).
[" tá éinín beag coiligh ag fiuchadh san gcoire," Adeir sé, ag magadh fá n-ár dTighearna.] "'S go n-éirigh an coileach amach as an gcoire, Ni féidir an aiséirighe dhéanamh. Acht d'éirigh an coileach aníos as an gcoire, Chraith sé a dhá sgiathán, 's chuir sé glaodh as, "M'ochón!" ar san gárda, 's dar ndóigh ní gan ádhbhar, "ní'l gar ag cur barradh ar Íosa." [dubhairt an mhaighdean.] Tá mise tinn breóidhte, 's ní beó mé d'á easbhuidh, Mur seólaidh tú mé i mbealach a bhfuigh' mé é, Cuirfidh mé bám anns gach sáthadh 's gach gearradh D'á ndearnaidh siad trasna 'na chliabhrach. I nGaililidh tá Sé 'n áit a bhfuil na h-easbail, Is ann súd a gheobhas tú Críosta. [Deir Críost.] Tá mo theampoll-sa déanta go naomhtha ag Peadar, 'S an creideamh thri lasadh, gach taobh de, Má bhuailtear an cholann ní baoghalach do'n anam Act ná séanagaidh m'ainm-se choidhche. Ag so píosa beag binn eile ar an dá Mhuire, do fuair mé ó mo charaid, Aignéas ni Fhaircheallaigh,
do fuair é ó ghasún óg i n-Inismeadhon, no i n-Arainn Mhóir, ní'l fhios agam cia aca. D'ÉIRIGH AN DÁ MHUIRE. D'éirigh an dá Mhuire Dá uair roimh an lá, Chuadar 'n a' teampoill Ag caoineadh a ngrádh. Tháinig an t-aingeal 'S a choinneall gheal 'na láimh, "Sé do bheatha, 'Mhuire," Deir Diá mór na ngrás. "Cad chuige nach gcuimhnigheann tú Nuair d'fhulaing tú an pháis? Cad chuige nach gcuimhnigheann tú Nuair d'fhulaing tú an bás? "Cad chuige nach gcuimhnigheann tú An tsleagh nimhe tré do lár, Feabhas agus chuimhneóchadh Clann Éabha agus ádhaimh?" Cuimhnigh orm-sa, A chlann ádhaimh agus Éabh, Agus geobhaidh sibh na flaithis Le congnamh Dé.
Ag so píosa beag ó'n ngasún céadna : A Mhuire na ngrás. A Mhuire na ngrás, A Mháthair Mhic Dé, Go gcuiridh tú Ar mo leas mé. Go sábhálaidh tú mé Ar gach uile olc [Go sábhálaidh tú mé Idir anam a's corp] Go sábhálaidh tú mé Ar muir a's ar tír, Go sábhálaidh tú mé Ar leic na bpian. Gárda na n-aingeal Os mo chionn, Dia rómham Agus Dia liom. Ag so abhrán ar shagart de na Ruarcachaibh do phós bean agus do thréig a creideamh. Ní'l fhios agam cia h-é do rinne é, no cia an uair ar iompuigh an sagart, no cia 'r bh'é féin. Fuaireas an dán i leabhar do sgríobh Seóirse Giolla-an-chloig, no Bell i mBéarla, do chómhnuigh i gClár-cloinne-Mhuiris, i gcondaé Mhuigh Eó, agus do bhí 'na Ghaedheilgtheoir cliste. Fuair sé bás go déigheannach, agus tháinig an leabhar so ar sheilbh mo charad an Dochtúir Conchubhair Maguidhir ann
san mbaile céadna, agus is uaidh-sean do fuair mise é. Is dóigh gur sgríobh Seóirse Giolla-an-chloig é o bhéal duine éigin, san mbliadhain 1892, óir budh ghnáth leis gach nidh do casadh air agus do thaithnigh leis do chur síos ann a leabhar. Nuair bhí sé óg do chaith sé mórán dhá shaoghal i n-iar-gConnacht agus i n-áiteacaibh iar-gcúlacha eile ag tarraing cáirte na tíre ar pháipéar, agus 'gá map-ál do'n Uachtaránacht, agus ní'l aon áit a rachadh sé nach mbeith sé ar thóir na sean abhrán, agus do sgríobh sé iad so ann a leabhar do réir mar fuair sé iad. Budh bheag de sgoláiridhibh na Gaedheilge i gConnachtaibh do b'fhearr 'ná é. Ni bréag a rádh go mbudh chlú é d'á chineadh. Go gcúitighidh Dia é. AN SAGART TADHG O RUAIRC. Sagart de na Ruarcaigh do ghluais leis na caoirigh straé, Ar chas an ghaoth o dtuaith no an cruadh-fhortún do'n tír seo é? nach é seó díol na truaighe 's a luaithe a théidheas na daoine i gcré, Branda Chríosta air, buailte, agus é ag cur suas arís d'á thréad. Is truagh liom do thréad bocht a mealladh,'s a sgapadh fo 'n tír, 'S gan aon duine le n-a bhféachaint no le na bhfilleadh arís. Lá an tsléibhe do bhéarfair freagairt do Chríost Faoi n-a thréigean ar chéile do bheith agad san oidhch'.
Nach mairg do rinne sagart de Thadhg O Ruairc, 'S leis na Gallaibh gur iompuigh sé an taobh o dtuaith, Má 's é laige do chreidimh thug ort iompódh uainn Ar an gcarraig sin Pheadair ni raibh tu buan. A Dhia ghlégil go bhféachaidh tu ar pheacachaibh an tsaoghail Ó's léir dhuit gach aon choir d'á gcuirfimid dínn. Nach truagh an té sin do thréig thu agus do ghlac le mnaoi, Gan spré ar bith acht éadach lom caithte críon. A righ na n-abstol a mhaitheas do na daoinibh a n-olc Acht casadh go h-aithrigheach croidhe-bhrúighte ort, Mur nglacfaidh tu le peacach atá lán de locht I n-amharc na bhflaitheas is deacair do thadhg do dhul. An té do tháinig as Phárrthas d'ár gceannach go daor, 'S ar chrann na páise gur tarraingeadh fuil a chroidhe, As a lámhaibh nár ghránna dhuit imtheacht arís Ar fhearr-a's-bárr beag d'fhághail de do thoil ar an saoghal. Is éadtroime céille agus cáidhe do bhí Ar an té sin a d'éalaigh as aibíd Chríost. Ni féidir nach bhfuil fréamh éigin gan caitheamh ann do chroidhe, Do dhéarfadh leat gan aon stad, acht casadh arís. A Athair Tadhg na páirte, nach náireach a d'imthigh tu A-ngan-fhios do do cháirdibh agus anaghaidh an Phápa gur mhionnaigh tu, Má fuair cathughadh an tsaoghail ghránna buntáiste ar do mhealladh uainn. Cas arís i dtráth, agus béidh fáilte ann sna flaithis rómhat. Ni de iasgairibh Chríost tadhg O Ruairc, Acht sagart do dhíol an ríoghacht a mhairfeas go buan, Má casadh caol-bhean chnaoidhte leat, thana chruaidh, Sgaoil an bealach léi arís, agus déan aithrighe luath.
Is fada Tadhg bocht ceangailte i mbuaidhirt an tsaoghail, Ag cruinniughadh peacaidh ann s gach bealach d'á bhfuair an tslighe, Is de'n tsíol é do craitheadh ar an mbealach nár chuir fréamh cheart faoi, No de na caoirigh seachmaill a d'éalaigh as an treud úd Chríost. 'Sé peacadh na drúise do mhúch na grásta Bhí agad ar dtús le cúmhacht an phápa. Acht athruigh do chúrsa agus diúltaigh do mhnáibh an tsaoghail, Tarraigh go h-úmhal agus béidh gach cúis d'á ndearnais saor. Tréig do chéile agus tarraigh gan sgith Faoi dhéin an té do céasadh d'ár gceannach go daor. Nach bhfuil séala ort nach féidir do sgaramhain leat choidhche, A's ó'n tréad sin liúter go gcasaidh tu arís. Is truagh liom an Ruarcach do cailleadh le mnaoi, 'S a chruadh-fhortún níor chualaidh mé ar shagart ariamh, Gluais leat faoi bhuaidhreadh chum t'athar arís Agus geobhair fuasgailt anuas o fhlaitheas na naomh. Tréig gach aon chóir de do shlighe pheacaigh, 'S fágh réidhteach i n-éiric do neamh-aithrighe, Is beag éifeacht ar éirigh de'n tsaoghal leat-sa, 'S an tréad sin liúteir sgaoil uait feasta. A shagairt bheannuighthe a d'athruigh do thréithre O theampoll Pheadair, ag teagasg bréige, Is díreach nár feacas duit do chuid dith-chéille 'S a ghiorraide dhuit-se an lá ann a n-éagfair. Ann a sínfear síos do cholann bhréagach Ann san uaigh ag beathughadh péiste 'S nach dtiucfaidh do ghaolta arís do d' fhéachaint, B'fhurusa aithne dhomh-sa go raibh tu [ag] cailleamh' do chéille.
O! súd é an lá, mo chreach-mhaidne! go mba léir dhuit Gach a ndearnaidh tu ariamh de pheacaidh' ar tsaogal so, Tiucfaidh drong mhalluighthe na láimhe cléithe Ar dhath an ghuail, a' sgreadaigh 's ag béicil. Ag cómhrac, 's ag leagan milleáin ar a chéile, Ni bhéidh cead saortha aca na seunta, Béidh a gcóirtheacha sgríobhtha i gclár a n-éadain, An t-olc 's an mhaith, 's iad sgríobhtha i n-éinfheacht Féach asteach ann sna críochaibh déigheannach' 'S i bhfocalaibh cruaidh an "Recantation," Déan do chasaoid leis an athair O Laoghaire, 'S muna ndéanaidh sin maith dhuit, ní'l neart agam féin ort. Ni léir dham cad é an "Recantation" air ar labhair an dán shuas, acht tá an focal céadna i n-abhrán eile do chualaidh mé, cómhrádh idir bheirt mhnaoi. Faraor nach bhfuil an t-iomlán de'n abhrán aisdeach greanna- mhail so agam, acht deir an tsean-chailleach Phrotastúin leis an tsean-cailligh Ghaedhealaigh. Diúltaigh do na h-acair (?) sin Agus seun an creideamh Gaédhealach, Agus iompuigh leis na protastúin Agus léigh do Recantation. Béidh fiúntas an do family, Agus buadhachtáil agad t'réis sin, Geobhaidh tu deise o'n n Government Ni h-ionnann a's lucht na déirce. Is dóigh gur dhiúltaigh an bhean Ghaédhealach do'n chuireadh so, agus gur dhubhairt sí rud éigin ar son an
chreidimh do bí aici, óir d'fhreagair an tsean-bhean eile arís í, ag cur i gcéill dí cia an sórt creidimh é sin, dar léi féin! Má mhúineadar do lesson duit Níor fhosgail siad do shúile, Níor léigh tu riamh do "Thestament," Ná focal de na h-úghdair. Dá mbeith do phócaidh lán agad Ni baoghal nach bhfuighfeá maitheamhnas, Dá mbainfeá ceann de Phrotastún Geobhaidh tu absolution! Aor breágh é seo, is truagh gan an t-iomlán de agam. Níor bh'é an sagart Tadhg O Ruairc amháin do mealladh le mnaoi. Ní mheasaim go bhfuil aon abhrán níos coitchionnta i gConnachtaibh ó thuaith, ná an "Caisideach Bán" no an "Bráthair Buaidheartha." Is iomdha duine chualas cuid de'n abhrán truaithmhéileach so uaidh, agus chuir mé le chéile é ó na cóipeannaibh éagsamhla do fuair mé ó bhéal na ndaoine, agus ó'n gcóip do fuair mé i leabhar Sheóirse Giolla-an-chloig, acht creidim go bhfuil dá abhráin, no tri cinn, measgtha le céile ann so. An Caisideach Bán no An Bráithrín Buaidheartha. A dhaoine, an truagh libh an Bráithrín Buaidheartha, Atá d'á ruagadh anonn 's anall, Measg gleannta dorcha agus sléibhte uaigneach, Go ndearnadh gual d'á chroidhe 'na lár. Ag so mar fuair mé an dá cheathramhain seó ó dhuine eile. Buachaill buaidheartha mé, cuireadh ar fuadradh Agus cuireadh ruaig orm anonn 's anall, I ngeall ar chailín tá m'inntinn buaidheartha Agus rinneadh gual dem' chroidhe ann mo lár. Báitheadh mo ghuala go dti mo chluasa Agus fuair mé fuagradh glan géar ó'n mbás,
'S ní'l duine a chualaidh mo sgéal an uair sin Nár dhubhairt go mbudh thruagh bocht an Caisideach Bán.
D'at mo ghuailne go dti mo chluasa, Agus fuair mé fuagradh glan géar ó'n mbás, Ní'l duine do chualaidh mo sgéal an uair sin Nár dhubhairt go mbudh truagh é an Caisideach Bán. Is súd í siar, an eala ghlégeal Agus í chomh gleusta le mnaoi an righ, An oidhche rugadh í as broinn a máthar I gcoinne mo bháis do tháinig sí. Nár suarach 'na h-éagmhais dá bhfághainn Éire A's mé 'g mo shéanadh ag mo cháirdibh gaoil, A's tu g mo mharbhadh le do ghean, a spéir-bhean, A chuaidh mé [d'á] h-éiliughadh agus nach bhfuighinn. Ni ar shléibhtibh fraoich a bhidheas mo mhian-sa Acht i ngleanntaibh aoibhne mbíonn meas ag fás, Ba agus laoighthe agus bric na sgaoithibh Cruithneacht bhuidhe agus eórna bhán. Bíonn mil ar luachra agus im ar uachtar A's i lár an fhuacht' bíonn na ba faoi dháir, 'S dá mbeinn-se críona bheith m'árus déanta Agus mil d'á taodhmadh ag mo mhuirnín bán. Nach bradach bréagach cuireadh i gcéill di Nach bhfásann féar ann san áit a mbím, Nach dtig ó'n n-gealaigh a soillse bréige 'S nach lasann réalt ann ar feadh na h-oidhch'!
Go n-éalaigh an fuacht a's teas na gréine, Go n-éagfaidh éisg san muir gan braon, Go n-éirigh' an fhairrge os cionn na sléibhte Go bráth ni shéanfad cuid mo chroidhe. Sigrín (?) lághach a dtug mé grádh dí, An bhean is áillne sna bailtibh í, Tá cách d'á rádh gur baoghalach damh-sa Má leagaim lámh ar a brollach mín. Ní'l cóir ná cáin im' aghaidh san áit seo Acht súgradh a's meadhar, 's go ngabhaim fonn, A phobail chátaigh fiafruighim tráth dhíbh An milleann grás bheith déanamh grinn. Lá dá'r éirigheas faoi'n gcoill chraobhaigh Do casadh orm spéir-bhean a's í buaint cnó Nach olc na tréithre thig im' inntinn Cur feirge ar mo Shlánuightheóir! D'aithris mé léi go mba bráthair Dé mé S go ndéanfain a h-éisteacht ar cúpla póg. agus lean an ceathramha eile seo nach dtugann Seóirse Mac Giolla-an-chloig ar chor ar bith. D'úmhlaigh an cúilfhionn dam ar a glúnaibh Agus faraor, rinneas an nidh nár chóir Óir budh é an breitheamhnas-aithrighe bhí ar an gcúis sin Gur ghoid mise uaithi siúcra a póg. D'athruigh mé an line dheireannach, rud beag.
Mo chrádh go bhfághad má gnidhim níos mó é Go dtéidh mé i gcómhra sínte i gcill, Agus cuirim impidhe ar Righ na glóire Na peacaidh móra so thógbháil díom. Cuireann sgéal an bhráthar bhuaidheartha do cuireadh ar mire le grádh do mhnaoi, sgéal ar shagart eile ann mo chuimhne. Do cuireadh an sagart eile seo ar mire go míorbhúileach, má's fíor do'n sgéal, agus níor dhuine cionntach do bhí ann, acht leath-naomh. Is maith an sompla an sgéal so ar an gcaoi a n-iompuigheann na daoine rud nádúrdha go rud míorbhúileach ann a n-inntinnibh féin, d'á dheisiughadh agus d'á ghleusadh fá chulaidh iongantaigh. Fuair mé an sgéal so ó Phróinsias O Conchubhair, agus fuair seisean é ó fhear da'r bh'ainm Tomás Gruairc - budh é sin an t-ainm do thug sé damh-sa- láimh le Loch-ghlinne i gcondae Roscomáin. D'athruigh me na h-ainmneacha ann san sgéal so, óir tá cuid de na daoinibh beó fós, mar chreidim. Ní'l an áit acht cúig nó sé de mhíltibh óm' áit-chómhnuidhe féin. Dho bhí bhean-uasal seal d'á luadh liom Agus chuir mé suas dí, céad faraoir géar! Agus phós mé an stuaic-bhean na mala gruama Do rinne gual díom, i lár mo chléibh. Dá mbeith an chance sin ar tharsainn an teampoill Bheidhinn san am sin ar mo chómhairle féin, Acht, anois, tá mé caillte a's ní'l gar i gcaint orm Agus béidh mo chlann bhocht ag gol mo dhéigh. Chualas, i dtríomhadh líne na céad cheathramhna shuas, i n-áit "na mala gruama" na focail "san mbaile gruama," agus ó dhuine eile na focail "ag Bonn na Cruaiche."
AN SAGART CHUAIDH AR MIRE. Níos mó ná deich mbliadhain agus dá fhichead ó shoin bhí muilleóir dar bh'ainm Donnchadh O Riain 'na chómhnuidhe i mbaile beag air a dtugann siad.... i bhfoigseacht míle do... i gcondae Ros- comáin, agus bhí muileann aige i ngar do'n bhóthar. Bhí Donnchadh na chrapall [mairtíneach] ó'n am ar chuir sé an muileann ar bonn. Deir daoine go dtáinig gruagach beag ruadh chuige aon oidhche amháin nuair bhí sé ag priocadh na brón-muilinn, agus gur leig sé do cheann de na clochaibh móra tuitim air, agus gur ab é sin do chreapaill é. D'fhiafruigh an fearín beag gruagach dé, "Cia aca is fearr leat," ar sé, "do bhean, do mhac, ná thú féin do bheith ar mire?" "Ní'l agam acht aon mhac amháin agus ní'l baoghal mire air, tá sé san gcoláiste anois agus béidh sé 'na shagart faoi cheann míosa, agus maidir le mo mhnao, 'sí an bhean is ciallmhaire ann san bparráiste í." "Is maith an sgeuluidhe an aimsir," ar san fearín beag ruadh. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. D'imthigh mí thart, agus tháinig Eóghan mac Dhonnchaidh Ui Riain a- bhaile 'na shagart. Bhí fáilte mhór roimh an Athair Eóghan, ní h-é amhain ag a athair agus a mháthair féin acht ag h-uile dhuine ann san gchómharsanacht, mar bhí
sé féin agus a athair agus a mháthair faoi mheas mór. An chéad Dhómhnach, tar éis teacht a-bhaile dhó, léigh sé Aifrionn i dteach-pobuil....- budh é sin a chéad-Aifrionn, acht mo léan! budh é an t-Aifrionn deiridh dá'r léigh sé riamh. An oidhche sin féin tháinig mire air. Fuair sé rásúir agus shaoil sé sgornach a mháthar do ghearradh. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, stróc sé h-uile ghreim éadaigh do bhí air, agus as go bráth leis, tríd an tír, agus é lom-nochta, agus leabhar mór do sgríobh sé féin i nGaedhilg agus i Laidion ar mhullach a chinn. Bhí an t-athair líonta le brón agus le briseadh croidhe, agus nuair chualaidh an mháthair an riocht a raibh a h-aon-mhac ann, bhí sí féin beag-nach ar mire, chomh maith leis. Cuireadh searbhfóghantuighe i ndiaigh an Athar Eóghan, agus tugadh ar ais é, acht bhris sé uatha arís, agus arís eile, agus b'éigin dóibh cead a chinn do thabhairt dó faoi dheireadh. Ni choideóladh sé áit ar bith acht ann san muileann agus ni chaithfeadh sé greim bidh ar bith acht min agus biolar, agus ni rachadh sé a chodladh gan an leabhar mór faoi n-a cheann. Is minic shaoil na daoine an leabhar do thoid uaidh, acht níor fhéadadar, agus ni sgarfadh sé leis, chor ar bith. Budh ghnáth leis dul go páirc mhór, i bhfoigseacht leith-mhíle do'n mhuileann a raibh go leór caoirigh agus uain innti. Shuidheadh sé síos i lár na páirce agus ni raibh caora ná uan innti nach mbeith cruinnighthe 'na thimchioll, agus thosuigheadh seisean ag léigheadh dhóibh as an leabhar mór, agus sheasadh siad ag éisteacht leis go mbeith sé sáruighthe, Ann sin do
thigeadh gach aon aca, agus do ligheadh siad a lámha. Bhí fear dár bh'ainm Peadar O Ríordain ag éisteacht leis aon uair amháin, a-gan-fhios dó, agus thug sé a-bhaile leis an tseanmóir do chualaidh sé an t-Athair Eóghan d'á tabhairt dona caorchaibh. "I n-ainm an Athar an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amén. "Éist liom, sibh-se atá gan peacadh. Tá sibh faoi chúram Dé. Tá feur agus luibheanna ag fás daoibh, agus tá culaidh dheas bhán orraibh le bhur gcongmháil teith agus tirm. Agus ní'l aon bhreitheamhnas orraibh i ndiaigh bhur mbáis. Tá sibh níos sóghna 'ná clann Éabh do rugadh i bpeacadh, agus bheith siad d'á ndóghadh i dteine mhóir i n-ifrionn go síorruidhe tar éis a mbáis, muna mbeith gur chuir Dia, Righ an Domhain, a aonMhac anuas as Flaitheas le sompla agus le teagasg do thabhairt dóibh, agus le n-a sábháil. Acht feuch an cúitiughadh thugadar dhó ar son A thrioblóide. Mhas- laigheadar agus bhuaileadar é, agus chaitheadar smugairle salach ar a éadan rónaomhtha. Chuireadar cróin dhealgach ar a cheann, agus bhrúigh siad síos í go daighion [daingean] air; agus 'na dhiaigh sin chrochadar é ar chrann. Acht nuair bhí sé ag fághail bháis d'iarr sé ar a Athair maitheamhnas do thabairt dóibh i ndiaigh na droch-úsáide thugadar dhó, óir do rinne sé iad ann a dheilbh féin, agus thaisbeán sé dhóibh a mhór-chúmhachta le míorbhúiltibh ar an tsaoghal so. Bhraith Iúdás bradach é, agus cheil Peadar an t-easbal é, acht 'na dhiaigh
sin thug sé eochracha Flaithis dó, agus budh é an chéad Phápa, agus chuir sé ar bonn an Eaglais Chatoilceach le n-ár dtreórughadh i mbealach na ngrása; agus ní'l baoghal ar an té leanfas dí, acht mo bhrón! ní'l mórán ag leanamhaint dí!" Dubhairt sé mórán eile de'n tsórt céadna leis na caorachaibh. An tráthnóna sin casadh an sagart parráiste ar an Athair Eóghan O Riain, agus thosaigh sé ag tabhairt cómhairle dhó. Acht dubhairt an t-Athair Eóghan leis, "Coisg do bheul! Is peacach gránna thú, atá ag cur na ndaoine amúgh' le droch-shompla." "Cia an chaoi?" ar san sagart parráisde. "Innseóchaidh mé sin duit," ar san t-Athair Eóghan. "Nuair ghlac tú ord beannuighthe, rinne tú trí geal- amhna do Dhia, mar atá rún faoisdine, geanmnaigh- eacht, agus úmhal-bhochtanas. Anois atá fhios agad go righ-mhaith nach bhfuil tú ag congbháil do gheallamhna i dtaoibh an úmhal-bhochtanais; óir tá teach, talamh, ba agus caoirigh agad, agus tá na céadta punt agad ann san mbanc. Fuair tú an ciste sin ó na daoinibh bochta, agus ní'l lá san tseachtmhain nach bhfeiceann tú do chómh-chréatuiridhe beag-nach [ag] fághail bháis leis an ocrus, agus ni roinneann tusa do shaidhbhreas leó - ni thugann tu greim le n'ithe dhóibh. Ná cuir ceist ormsa go n-athruighidh tú do shlighe, no dóighfidh mé an méad féir agus coirce atá i d' ogard, agus fágfaidh mé thú gan capall gan caora." Budh é ar an mbóthar mór dubhairt sé an chaint seó, agus bí dream de dhaoinibh ag éisteacht leis, agus is dóigh go bhfuil cuid díobh beó fós.
Ni fhacaidh duine ar bith an t-Athair Eóghan ag teacht chum an mhuilinn an oidhche sin, mar budh ghnáthach leis, agus bhí imnidhe mhór ar a athair agus ar a mháthair, ar eagla gur báidhte do bhí sé. Nuair bhí sé mall [déigh- eannach] ann san oidhche, agus nuair bhí na searbhfógh- antaidhe uile 'na gcodladh, fuair an t-athair laindéir agus chuaidh sé chum an mhuilinn. Nuair d'fhosgail sé an dorus, chonnairc sé an muileann lasta suas, chomh lonnrach agus dá mbudh é an ghrian do bhí d'á lasadh. Budh mhisneamhail an fear Donnchadh O Riain, acht bhí faitchios air dul asteach. D'fhill sé ar ais agus dhúisigh sé fear eile, fear de na Giolaránaigh, agus rug leis é. Chuaidh an bheirt aca ann sin chum an mhuilinn, agus nuar chuadar asteach chonncadar an t-Athair Eóghan 'na chodladh, agus an leabhar mór faoi n-a cheann, agus reithe mór glégeal 'na sheasamh ar gach taoibh dé. Thuit an t-athair i laige, agus b'éigin do'n fhear eile a iomchar a-bhaile leis. Bhí sé tinn breóidhte 'na dhiaidh sin, agus níor fhág sé an leabaidh go ceann trí mhí. Do bhíodh solus mór ann san muileann h-uile oidhche 'na dhiaigh sin, tar éis a deich a chlog, agus bhíodh eagla mór ar na daoinibh siubhal ar an mbóthar do bhí le h-ais an mhuilinn, ó thuiteadh dorchadus na h-oidhche; agus ní thiubhradh siad coirce chum an mhuilinn le n-a thrimiughadh no le n-a mheilt. Acht do bhíodh an roth-uisge ag dul thart, h-uile oidhche, agus na clocha ag obair. Seal gearr 'na dhiaigh sin do cuireadh an t-Athair Eóghan go teach mór i mBail-ath-cliath a raibh daoine ann do bhí ar mire nó as a gcéill, acht níor mhair sé
a bhfad ann. Fuair sé bás; agus níor mhair an t-athair ná an mháthair a bhfad 'na dhiaigh. Druideadh -suas an muileann, agus ní'l braon uisge ag teacht chuige le bliadhantaibh, acht deir siad go gcluineann muinntir na h-áite an roth-uisge ag obair h-uile oidhche fós ann. Ag so dán eile do fuaireas ó mo charaid Tomás Barclaigh do chualaidh é ag a mháthair do rugadh tim- chioll ceithre mhíle ó Bhéal-an-átha i gcondaé Mhuigh Eó. Dubhairt sise go mba ghnáth leó an píosa so do ghabháil ann san tséipéal h-uile Dhómhnach nuair bhí sise óg. Truagh gan leanamhaint do'n deagh-nós sin anois ! Shaoil mise gur lochtach truaillighthe do bhí an dán so aici, agus leasuigh mé é, mar shaoil mé, le foclaibh do chur i slabhrachaibh chum na línte do dhéanamh comh- throm, acht fuaireas amach ó shoin go raibh sé aici beag- nach i gceart, agus gur baineadh é as an leabhar aisteach sin air ar thrácht mé cheana, an "Rós Spioradálta," leabhar a bhfuil h-uile shórt droch-fhilidheachta ann. Bheirim ann so é mar do leasuigh mise é, ar na fhághail dam ó'n mBarclaigheach, óir níor bhfiú morán é mar tá sé ann san leabhar. Tá a lán eile san leabhar acht ni thugaim ann so acht an méad fuair mé ó'n mBarclaigheach. FÁILTE A MHÁTHAIR Fáilte a mháthair a's a mhaighdean, De'n Aon Dia ann a Thrí, A theampoill lúthgháireach na bhflaitheas, [A] lóistín gan cathadh [choidhch'].
[A] shóláis gacha tuirsigh [A] chrainn pailm ann a suidhe, A gháirdín na bpléasiúr [Atá] lán-gheanmnuidhe. Fáilte a airc na reachta, A cháthaoir Sholaimh an righ, Buaidh baiste na bhflaitheas An t-ór le teine [í]. [Fáilte] a lomra dhídinn [Fáilte] a shlat lán de bhláth, [Fáilte] a mhil h-aoibhe(?) Shampson, [Fáilte] theach Dhé go bráth. Budh cheart do'n Mhac Ríoghdha A sábháil ó [gach] spot, Ann o raibh clann Ádhaimh [Do bhí] geinnte i locht. An bhean naomh do thogh sé Le bheith ag diúil a taoibh', Ionnas nach luighfeadh Smál peacaidh uirri choidhch'. Fáilte a ghrian ríoghamhail Air a dtionntaigheann an fhíor-ghlóir, [Do chuaidh] deich gcéim ar ais, Agus rinneadh de'n Bhriathar Feóil.
Chum duine árdughadh ó ifrionn Go Párrthas [geal] an Righ, [Feuch] Dia mór na bhflaitheas I stábla ann a luidhe. An lile ameasg críonach A chruithnios an t-athair-nimhe, A ghlan-reult ann san oidhche Bheireas solas do'n chruinne. Guidhmd a naomh-Mhuire Go h-úmhall, ó chroidhe, Na h-uaire caintice seo Gan diúltadh dóibh a-choidhch'. Stiúraigh do shearbhfóghanta Go radharc Chríost na ngrás, Guidh orrainn a Mhaighdean ['Nois a's] ar uair ár mbáis. Tá cuid mhaith bhéarsaigheachta ann san tsean-leabhar, acht tá sé uile go h-olc. Tá an chuid is mó dhe cumtha le daoinibh nach raibh aon eólas aca ar fhíor-fhilidheacht na nGaedheal, is dóigh gur tarraingeadh an chuid is mó go deifireach as teangaidh éigin eile. Ar an ádhbhar sin tá sé mi-bhinn droch-bhlasta, agus cuid mhór de droch- litrighthe dói-léighte. Ag so sompla no dó, as Failte mhathir agus a Maighdion Don aon Dia dtri Teampull luaghir na naingiol Lostin gan chaoidh. Solas gah turseach crann pailim na sith. Gardin a phlesir on geanamnaigh. Failte Ghrian riahghal Ar son a dtiontain a nfhioghir Deith goeim air ais Rinnamh feoil dombreithir. Chum a duine ardamh o Ifrion go Parthus a righ Dia mor na bhflaighios A stabla na liugh (sic).
"Offic ainnim Iosa." Glaodhann an leabhar" neamh- nuaill" (?) ar na ranntaibh gearra so. Cuir na ruda bochta so i gcompráid le fíor-abhránaibh spioradálta na ndaoine féin. "NEAMHNUAILL" AS AN RÓS SPIORADÁLTA. Iosa an tra mhusclas tu an mo mheomhair Bion mo chraoidh air lasamh le gah luaghair, Ach nuair a thig tu lathair a rarc gah maitheis Bioghain manam ambuil aoibhnis Flaighos. no arís:- Iosa bheir trocaire uaid na cheatha Soilse ar gceadfaidh lan fhuaran na beatha, Le fior sholas bhethaidh tu ar gcradh Ta da thiolcaid os cionn ar fior iaraidh(!) no arís:- O Iosa glac seilbh air manam a nocht Agus dibir uainn a hule locht, Ionas go mbeamh shinn saor o gah innis Go mblasaidh an saogh'l do thiolcaith bhills. Tá cuid de na "neamhnuaill" níos binne 'ná iad so, acht tá an chuid is mó aca dona go leór. Ag so cupla ceann de na cinn is fearr, sgríobhtha amach agus litrighthe i gceart. Ni bhfuil ceól chomh sáimh no moladh chomh grinn, No ag éisteacht cluas glór chomh binn, Ni thig a smuaíneamh le croidhe go bráth An t-ainm róghlórmhar sin, Íosa ár ngrádh. Agus arís :- [A] Íosa atá rólíonmhar i ngrás, Fuair buaidh ar ghéar-gheata an bháis,
Tarraingeann do ghean sinne go dlúth Ár n-easbuidh ann sin sasuigheann tu. Is cosmhúil go bhfuil na ceathramhna so aistrighthe ó'n mBéarla acht tá cúig dánta fíor-Ghaedhealacha i
ndeireadh an leabhair, an chéad cheann aca ar phiantaibh ifrinn, thosuigheas mar so: Beith le ghlacan[?] na dhcharaand [?] tiugh siordhubh, Dorochadas cruinnigh a niffrion iotrach, Nil cuimsiot dearbh air Fhairsinge a crhaois duibh; Na air fhad a dhoimhnat nil rarc no fis air. Tá naoi gceathramhna déag san dán so. Is é an dara dán "Cómhrádh an Anam damanta leis an gCorp." Tá naoi gceathramhna ann. Ag so an chéad cheann aca, go díreach mar clóbhuaileadh é: A Dear an Tanam a gleacamh uime a cliugh chulip(?) Le heasgain threan a neigin dioltais Narab e do bheatha a chuirp mhallaigh an ghoiomh uile; A cru bocht ghrana nar ghraidh an rioghat mhaith. Is é an tríomhadh dán, "Iarracht ar phréimh ár gCreidimh, i ndán." Tá ceithre ceathramhna déag ann, agus tosuigheann sé: Gach molamh Gloir onier is buidheachas, Do thabhairt don Tronaid fiormhoa dhligh muid Do athair na Gloir is do mhor mhac Iosa, Is don Spirod naomh na gras air chach do scaoilas, Is é an ceathramhadh píosa an Dies Irae, i nGaedheilg, leis an Atair Bearnard O Coláin (?). Tá eólas agam ar chúig aistrighthibh de'n dán so i nGaedheilg, ar a laghad. Tosaigheann sé seo: La na feirge laud (sic) an leurscrios, La mbeidh criocha thrid a cheile, Mur deir Dabhi 'is Tybeala.
Is é an dán deireannach "Dán an Dhuine Dhosgidh," do chum an sagart céadna. Tá deich gceathramha ann, ag so an dá cheann tosaigh, sgríobhtha amach i gceart. San am a raibh mise óg Is iomdha sin póg, faraor! Le h-ionmhuinn na colla romhór Do thug mé do óg-mhnáibh an tsaoghail. Is iomdha sin teagasg ó'n gcléir A déarfadh liom féin, go fíor, Dá bpeacainn le toil a's le méin, Gur bh' ionnann 's dá ndéanfaidhe 'n gníomh. Do thug mé an méad so as an leabhar sin mar shompla ar an sórt ruid mi-shlachtmhar droch-bhlasta atá ann, óir ní'l duine ann san míle do chonnairc an leabhairín seo no do chualaidh trácht air ariamh. Ní bhfuair na daoine aon bhlas ar na píosaibh seo, agus ni raibh siad coitchionn; ni chualas riamh aon cheann aca acht an "Fáilte a Mháthair" ó bhéal duine ar bith. Ag so Beannacht an Sgabail mar fuaireas é ó m' charaid, Norma Bortuic, do fuair é ó fhear i gCondaé Mhuigh Eó: BEANNACHT AN SGABAIL. Éideadh fuair mé ó mháthair Íosa, Maighdean naomhtha atá ar neamh, Peacach mé nach fiú mé fhághail, Acht slán m'anam' le do bhrat.
A Mhaighdean chúmhachtach ghlórmhar bheannuighthe, Ag a bhfuil mé faoi do sgiath. I n-ainm an Athar atá ar neamh Agus an Mhic a d'fhulaing an phian. An Spiorad Naomh d'ár neartughadh, Agus an Mhaighdean Mhuire d'ár dtreórughadh! 'Nois agus go bráth. Agus ar uair ár mbáis. Amén. Ag so ceann gearr eile do fuair mé ó Mhac Ui Ruaidhrigh as Chondaé Mhuigh Eó, air a nglaodhtar "Dán na Leaptha": DÁN NA LEAPTHA. Sínim ann san leabaidh so Mar shínfead ann san uaigh, Faoisidin cruaidh do ghnídhim leat. O 'Dhia, asbolóid tá mé 'iarraidh ort, Faoi dhroch-ráidhtibh mo bhéil, Faoi dhroch-smuaíntibh mo chroidhe, Faoi dhroch-ghníomharthaibh mo cholla, Gach nidh dubhras nach raibh fíor, Gach nidh gheallas agus nár chóimhlíonas. Pronnaim [bronnaim] m'anam duit, a Mhic Dé, Eidir do dhá láimh. A Mhaighdean bheannuighthe. Na trí h-aingle is airde i bhflaitheas Go raibh [ag] cúmhdach m'anam 'Nois agus anocht agus go bráth, Agus ar uair mo bháis. Amén. Ag so paidir eile le rádh ag dul 'na luidhe do dhuine. Ní chuimhnighim cia uaidh sgríobhas síos é.
PAIDIR NA h-OIDHCHE. Sínfidh mé síos ar an leabaidh seo Mar [do] síneadh Mac Dé ar an gcrois. Brat Bhrighde do bheith mar sgabal orm; A Mhaighdean ghlórmhar mo mhíle grádh thú, Caraid m'anam' leis an bhflaitheas d'fhághail, A Íosa Críost do ceusadh ar an gcroich, D'fhulaing na ceudta 'gus na mílte loit, Díbir gach uile olc D'á bhfuil ag brath orm anocht I dtaoibh anam' agus cuirp, Anois agus ar uair mo bháis. Amén. Ag so urnuighe eile do fuair mo chara norma Bortuic ó pheadar O Coinceannainn ó Inismeadhon. Is cosmhúil í leis an bpaidirín do thug mé cheana fá'n tiodol "a Bhainríoghan na bhFlaitheas." GLÓIR A ATHAIR. Glóir 'n Athair, glóir 'n Mhac [sic], Glóir 'n Dhia naomhtha, Glóir do'n Righ d'iomchair an chrois Agus do cheannuigh na daoine. Moladh mór eis an Réalt Eólais 'S í Muire Máthair Íosa. A's a Mhaighdean na soillse 'S a Mhaighdean na glóire, Is leat gnidhim mo chasaoid Ar maidin agus tráthnóna. Tarraigh faoi mo choimridh Agus cuir mé ar an eólas, Agus cuir mo chroidhe chum aithrighe Go silfidh mé na deóra, Go dtéid mé go [dtí] na flaithis Ar feadh na glóire.
Ag so paidirín ó'n duine céadna atá le rádh ar gcórughadh do leabaidh dhuit - CÓIRIGHIM AN LEABAID SEO. Cóirighim an leabaidh seo I n-ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh. I n-ainm na h-oidhche geineadh sinn, I n-ainm na h-oidhche rugadh sinn, I n-ainm an laé baisteadh sinn, I n-ainm gach oidhche, gach laé, gach eoin, (?) Gach aingil d'á bhfuil ann sna flaithis. Créad tá tú 'rádh, a Mháthair? Paidir bheag eile, a ghrádh! Is maith i do phaidir, a Mháthair, le rádh. Duine ar bith déarfadh do phaidir trí h-uaire 'dul a chodladh, go mbeith [a] anam féin ann sna flaithis arís go bráth. Agus maitheamhnas le fághail Ó Righ geal na ngrás. Ag so dán eile do chualaidh mé ag mnaoi bhoicht i bparáiste na Bríghdeóige i gCondaé Roscomáin. Bhi mé fliuch ag seilg ar éanachaibh, agus bhí me 'gam' thriomughadh i dtigh éigin nuair tháinig bean bhocht asteach do bhí ag iarraidh déirce, agus labhair sí an píosa so ag an dorus. Is sórt cóipe Gaedhilge de'n t-Salve Regina é. Sgríobh mé síos, chomh luath agus chualas, é, ón-a beul féin, níos mó na ceithre bliadhna fichead ó shoin. Ní'l focal Gaedheilge san áit sin anois. GO MBEANNUIGHTHEAR DHUIT-SE. Go mbeannuighthear dhuit-se A bhainríoghan na glóire, Tuar ár mbeatha Agus ár ndóthchas,
Is ort-sa guidhimid A chlann íodhbhartha Áidhe, [= Ádhaimh?] Go dtí thú cuirimid Ár n-osna 'gus ár mbrón, Ag deunamh tuirse 'San ngleann na ndeór so. A stóir mhilis, Feuch orrainn go trócaireach Le súilibh deagh-thrócaire, 'S trá bhéidheas ár ndeagh-oibreacha Críochnuighthe ar an tsaoghal so Tarr agus taisbéan dúinn Toradh do bhroinne Íosa. A mhór-thrócaireach, Mhóir-éifeachteach, Mhór-chráibhtheach. A Mhaighdean Mhuire, A mháthair bheannaighthe Mhic dhílis Dé. Go ndéanfá fiúntach sinn Ar uair ár mbáis Geallamhain Chríost Ár dtighearna d'fhághail! Amén. Fuaireas le deireannaighe cóip eile de'n phíosa so do bhí sgríobhtha ar oileán ann san tSionnain le Seághain O Mathghamhna éigin, air ar labhair mé cheana, timchioll ceithre fichid bliadhan ó shoin:- GO MBEANNUIGHTHEAR DHUIT. Go mbeannuighthear dhuit,a bhainríoghan, a mháthair na trócaire ár mbeatha,ár millseacht agus ár ndóthchus. Go mbeannuighthear dhuit. Ort-sa glaodhamaoid na díbirteóiribh seo clann eadhbha chugad cuirimid ár n-osna, ár n-ochlan agus ár ngolthairt ann san ngleann so na ndeór. Ar an ádhbhar sin, ár n-adhbhocóid ró- ghrástamhail, iompuigh orrainn do shúile trócaireacha, agus tar éis ár ndíbirthe ann so bheith i gcríoch taisbeán dúinn toradh beannuighthe do bhroinne Íosa, a mhaighdean cheansa...? Mhilis Mhuire, guidh orrainn a naomh-mháthair Dé. Ionnus go mbfiú sinn geallamhnacha Chríost d'fhágail.
Ag so paidir le rádh ar ndul asteach i séipéal nó i dteampoll. Fuaireas í ó m' charaid Úna ní Fhaircheallaigh do chualaidh i n-Árainn é:- PAIDIR AN TSÉIPÉIL. Beannuighim duit, a Theampoill Dé, Agus go mbeannuighidh tú féin dam, Mar shúil a's go mbeith an dá abstal déag Ag guidhe orm féin andiú. Íslighim ar mo ghlúin dheas dó'n Áird-righ, Agus ar mo ghlúin chlí do'n Spiorad Naomh, Mar shúil go dtógfainn A mbeith rómham a's mo dhiaigh Óleac na bpian, Agus amen na dhiaigh. Ag so anois ceann eile ó Chondae Chorcaighe. Fuair Norma Bortuic é ó Dhonncadh Ua Riain agus chuir sí i gcló é 'san n-Irisleabhar "Naomh Pádraig," agus thug sí cead dam a ath-chlóbhualadh ann so:- PAIDIR AN T-SEIPÉIL. Cóib Chorcaigheach. Úmhluighim duit-se, a Íosa Críost, Úmhluighim duit, a Mhaighdean ghlórmhar, Úmhluighim duit-se, a Eaglais Dé, Úmhluighim duit, a shéipéil na Trionóide. Im' chroidhe tá an t-olc, Im' bheul agus im' chlos, Triúr do chuirim d'á chosg, An t-Athair, an Mac agus an Spiorad Naomh. Bronnaim m'anam duit, a Íosa Críost, Ní iarrfaidh mé ort é Choidhche ná go brách. Cuirim m' athchuinge chugat-sa, a Mhuire, M'anam do bhreith ar do dheas-láimh, Ar urlár do thighe féin.
Admhuighim duit, a Dhia Mhóir na n-uile cúmhacht, [An t-olc do rinneas] Ó lá mo bhaiste go dtí lá mo thóraimh, Trí [tré] radharc mo shúl, Trí chlos mo chluas, Trí ráidhtibh mo bhéil, Trí smuaíntibh mo chroidhe, Trí ghlac mo lámha, Trí chúrsa mo rian, Trí n-a ndubhart a's nár dheineas [nach ndearnas], Trí n-ar gheallas agus nár cóimhlíonas, Trí n-ar réabas de dhlighthibh agus d'aitheantaibh naomhtha, Iarraim-se an easpalóid [absalóid] ort anois féin, I n-ainim mhilis Íosa Críost, Ar eagla nár iarras í riamh mar budh chóir, Agus ná [nach] mairfinn le h-í iarraidh arís. I n-ainm an athar agus an mhic agus an Spioraid Naoimh. Amén. Dubhairt an Dochtúir Conchubhar Maguibhir, as Clár Chloinne Mhuiris, liom, gur chualaidh sé sean-bhean ag rádh, ar bhfágbháil an t-séipéil di, na bhfocal so, má chuimhnighim orra i gceart:- AR FÁGBHÁIL SÉIPÉIL. Beannacht leat, a Mhuire, Beannacht leat, a Chríost, Go gcúmhdaigh sibh m'anam Go dtigidh mé aríst [arís]. Ag so rann eile de'n tsórt céadna as Condaé na Gaillimhe. Ní chuimhnighim cia uaidh chualas é:- AN RUD CÉADNA. Beannacht leat, a Theach Dé, Agus beannacht Dé 'n ár dtimchioll, Nár sgaraidh uainne grásta Dé Go bhfillfimid chum a Theampoill.
Ag so píosa do fuair mé óm' charaid Úna ní Fhaircheallaigh, do fuair é ó dhuine i n-Inis-meadhon, ó bhuachaill de mhuinntir Choinceannainn. TÁ DO SHÚILE. Tá do shúile [ag] dúnadh 's do bhéal ag osgailt Agus t' inntinn ag imtheacht le fána, Tá do ghéaga 'fuaradh 's do chroidhe d'á stracadh, Agus Dia leis an anam an lá sin. [A] Mhicheáil naomhtha, glaodhaim an t-ainm ort, Agus Naomh Eóin Baisde láidir, 'S gach uile naomh eile d'á bhfuil ann sna flaithis Le m'anam bocht do shábháilt. Tiucfaidh an mhaighdean 's a géaga [ag] sgaradh Ag iarraidh na h-aithrighe is feárr dhúinn, A's go bhfuighfimid sásadh i gcúirt na bhflaitheas Le congnamh ó Mhuire Mháthair. Ag so cóip eile de'n dán céadna, ó Dhoire Cholum- cille, do fuair mé óm' charaid norma bortuic:- CÓIP EILE. A Mhichil naomhtha, glaodhaim ar t'ainm, 'S ar Naomh Eóin Baiste grádhmhar, Ar naoimh uile an domhain chum cabhair dom' anam Aimsir na catha na[ch] [d]táinig. Nuair bhéidh an béal 'á dhúnadh 's an tsúil 'á bhriseadh 'S an meabhar ag imtheacht chum fáin uaim, An coiste 'á glaodhadh 's an téarma caithte Agus Dia le n-ár n-anam an lá úd!
Is cinnte nach bhfuil ann so acht píosa beag de dhán spioradamhail do bhí ar bhéal na ndaoine ó Árainn go Doire, agus b'éidir ar fud na h-Éireann, aon uair amháin, cidh nach bhfuaireas riamh é féin ná a chom- phíosaidh i n-aon láimh-sgríbhinn ná i n-aon leabhar. Fuair mac giolla mhichil cuid de'n dán céadna i n-Uidhist ó Dheas, i n-Albainn. Ag so paidirín beag eile do chualas i gCondaé Mhuigh Eó agus i n-áiteachaibh eile' le rádh ar n-éirighe ar maidin:- ÉIRIGHIM SUAS. Éirighim suas le Dia, Go n-éirighidh Dia liom. Lámh Dé ann mo thimhchioll, Ag suidhe 's ag luidhe 'S ag éirighe dham. Agus ag so rann eile le rádh ar ndul ann do leabaidh: Ceithre coirnéill ar mo leabaidh, Ceithre aingle orra sgartha; Má bhfágh' mé bás go dtí maidin Go mbudh i bhflaitheas bhéidheas mo leabaidh. Nó mar chualaidh mé é ó Úna ní Fhaircheallaigh, do chualaidh i n-Árainn é:- CÓIP EILE. Ceithre phosta ar mo leaba, Ceithre aingil ar mo sgaradh, (?) Mathú, Marcus, Lúc a's Seághan, Agus Dia mo chúmhdach arís go lá.
Ag so píosa beag do fuaireas i láimh-sgríbhinn eile ann mo sheilbh, sgríobhtha ag duine de mhuinntir Ghormáin. Tá rud cosmhúil leis ins an sean-déantús aisteach sin, "An Teanga Bith-nuadh." DIA h-AOINE. Dia h-Aoine do pheacaigh Ádhamh, Dia h-Aoine do cuireadh as phárrthas amach é, Dia h-Aoine do h-iadhadh neamh agus fosgladh ifrionn. Dia h-Aoine do mharbh Cáin Abel. Dia h-Aoine do cuireadh an díle thar an domhan. Dia h-Aoine do cuireadh clanna Israel tre'n Mhuir Ruaidh. Dia h-Aoine do ceusadh Críost. Dia h-Aoine do rinneadh dris agus draighne, Agus gach luis mín [ain-mhín ?] i dtalamh. Dia h-Aoine do cuireadh Stephán chum báis. Dia h-Aoine do mharbh Herod na leinbh i n-uimhir 4020. Dia h-Aoine do crochadh Peadar agus Pol. Dia h-Aoine do baineadh a cheannd' Eóin Baiste, Agus Dia h-Aoine tugadh toradh do'n talamh. Tá sean-rádh aca, do chualaidh mé i gCondaé na Gaillimhe, "tús Aoine nó deireadh Sáthairn is olc iad." Tá sgéal ann i dtaoibh "Buille luath an Luain, agus buille deiridh an t-Sathairn," agus do réir mar deir an sgéal, ní bhíonn rath ná ádh ar cheachtar aca. Mo leun, nár sgríobh mé síos an sgéal sin nuair chualas é, bliadhanta ó shoin, óir b'aisteach é. Fuair mé an nóta so, leanas, as sean-sgríbhinn an- aosta, do fuair mé ar iasacht óm' charaid Pádraig O Dómhnaill ó Bhaile Ui Fhiadhcháin i n-iarthar Chondaé Mhuighe Eó. Tá an nóta so ag trácht ar laéthantaibh mi-ádhamhla na bliadhna, agus ag rádh gur mi-ádhamhail
an lá é an chéad Luan i n-Aibreán, an dara Luan i mi Lúghnasa agus an Luan déigheannach i mi Nodlag. Ag so an nóta go díreach mar sgríobhadh é insan sean leabhar:- "Táid tri laithe toirmeaisgthe do réir na ndoch- tuireadh san mbliadhain, agus an chéad Luan do mhi Aprill, agus an lá do rugadh Cain agus do mharbh a dhearbhráthair Abel: an dara Luan do mhí Agust agus an lá do sgriosadh Sodom is Gomorah, agus an treas Luan agus an Luan déigheannach do mhi December agus an lá do rugadh Iudas, an ti do bhraith ar ttigearna Críosd." Ag so dán do fuair mé ó Phádraig O Dómhnaill ó Bhaile-ui-Fhiadhcháin i gCondae Mhuigh Eó,atá 'na Ghaedh- ilgtheóir breágh cliste fóghlamtha. Tá an dán coit- chionn ann sin. MOLADH GLÓIR AGUS ONÓIR. Moladh glóir agus onóir Bheirim go deó dhuit, a fhíor-mhic Dé, Daor do cheannuigh tú an ghlóir, Le d'fhuil uasail onóraigh féin. Trí bliadhna agus an deich fá thrí Do shiubhal tú an saoghal [dúinn] go bocht Ag teagasg 's ag fóghluim an chine dhaonna 'S ag múnadh na slighe dhúinn le dul ar neamh. Nach beag a smuaínimid ar ghrasda [Mhic] Dé A's gur céasadh é ar ár son, Ag déanamh síothcháin ar fhearg Dé Do'n chine daonna i bpeacadh ádhaimh.
Nach mairg damh-sa tháinig ar an tsaoghal Agus breitheamhnas Dé go bhfuil sé rómhainn, 'S a liachta fearg agus chuireamar ar Dhia, Le n-ár gcroidhe agus le n-ár mbéal. Nuair thiucfas an bás d' ár gclaoidh Nach gearr an saoghal do bheir sé dhúinn, Go marbhóchaidh sé ár gcosa agus ár lámha Agus fágfaidh ár gcnámha gan aon lúth. Brisidh sé an t-amharc'n ár dhá súil Ár gcluasa go ndúnaidh mar chlár, 'S ann sin chaitheas an t-anam gluasacht Agus dul an uair sin i lathair Dé, 'S ann sin lasas an fhearg i n-éadan mhic Dé Nuair fheicfeas sé an peacach bréagach Ag teacht os a chómhair. Tiucfaidh spiorad na láimhe cléithe Agus labhróchaidh sé gan aon fhaitchios, "Mórán do rinne sé dhamh-sa ar an tsaoghal, Ins gach nidh d'ar chuir sé roimhe. O ghlaoidh tusa air. Anois, a mhic Dé, is damh-sa féin feasta is cóir é." 'S ann sin a ghlaodhfas Mac Dé Ar aingeal glégeal na láimhe deise, "Innis anois damh-sa gach nidh D'á ndearnaidh an cholann ariamh do'n anam Nuair do bhí sé ar an tsaoghal." [AN T-AINGEAL]. "Labhaireadh sé urnuighthe béil ar a ghlúnaibh, Theidheadh sé go h-aifrionn an Dómhnaigh Ag éisteacht leis an naomh-íodhbairt ar an altóir. Bheireadh sé déirce uaidh i n-ainm Dé. Agus thugadh lóisdín na h-oidhche do fhear an leath-throim,
O! A thighearna agus a fhíor-mhic Dé, Ó is tusa féin a bhfuil agad an bhreith Ná leig an t-anam go h-ifrionn i dtuaidh Agus é dá shluasdáil ins na teintibh." Is ann sin bhéidheas an t-anam ar an sgála Agus é d'á mheadhchan i n-aghaidh a pheacaidh, 'S ann sin bhéarfas Mac Dé breitheamhnas fíreannach Gan aon éagcóir: "Cibé shaothruigh sé ar an tsaoghal Má'sé flaitheas Dé no ifrionn [bíodh aige]." Ag so dán áluinn d'oidhche Nodlag do fuair mé as láimh sgríbhinn do rinneadh i n-áit éigin i leath chuinn thimchioll dá chéad bliadhan ó shoin; do fuair mé í ar iasacht ó'm charaid an blácach, láimh leis an Eamhain. Ní fhacaidh mé i n-aon sgríbhinn eile é, agus ar eagla go mbeith sé caillte tá sé chomh maith dham a chur síos ann so. DÁN D'OIDHCHE NODLAG. Dia do bheatha a naoidhe naoimh 'S an mainséar cidh tá [tu] bocht, Meadhrach saidhbhir atá tú, 'S glórmhar id' dhún féin anocht. A naoidhe bhig atá mór, A leinbh óig atá sean, [S] an mainséar níor chuir a lán [?] Cidh nach bhfuigheadh áit ar neamh.
Dibh gan [aon] mháthair ariamh Gan athair ar ndóigh anocht, Id' Dhia ariamh atá tú 'S do dhuine ar tús anocht. Ní sine h-athair ná sibh, Óige an mháthair, a mhic Dé, Is sine's is óige an mac, Is sine's is óige í 'ná é. Ag so rann beag eile do fuaireas ó Phádraig O Dómhnaill ó Bhaile-ui-Fhiadhcháin, i n-iarthar Condae Mhuigh Eó. Ó BHUN NA CROICHE. Ó bhun na croiche féachaim suas A Íosa ár dtighearna claon anuas. Admhuighim creideamh Dé go fíor Le grádh croidhe a's le dóchas síor. Ag so abhrán beag binn i n-onóir do Naomh Pádraig do fuair mé ó'n bPádraig O Dómhnaill céadna. Ní chuimhnighim gur chualas aon rann eile ariamh i n-onóir Phádraig ameasg na ndaoine acht an ceann so, rud chuireas iongantas orm.
DO NAOMH PÁDRAIG. A Phádhraig atá i bpárrthas Mhic Dé gan locht, 'Bheir sláinte le do ghrásda Do'n té bhíos bocht, Tháinig mé ann do láthair-se A's mé lag gan lúth, Tabhair árus dam i bpárrthas 'N áit a bhfeicfidh mé thú. Acht má tá dánta i n-onóir N. Phádraig gann, tá sgéalta d'á thaoibh iomadamhail go leór. Cuirfidh mé síos sgéilín gearr ann so, a bhfuil trácht ar Phádraig ann, óir cuireann sé i gcéill dúinn gur chuir Pádraig an oiread sin suime i n-innsint na fírinne gur fhág sé de bhuaidh ag leic ar ar chrom sé a ghlúna, nach bhféadfadh duine bréag innsint os a cionn. Do chuir na sean-Ghaedhil suim an-mhór in san bhfírinne. Nuair d'iarr Pádraig ar Oisín ann sna sean-dántaibh cionnas do rinne Fionn agus an Fhiann a mór-ghníomhartha, d'fhreagair Oisín é. FÍRINNE NA FÉINNE. Ní chanamaois, an Fhiann, gó, Agus bréag leó níor thaithnigh riamh, Le fírinne a's le neart ar lámh Do thigimís slán as gach gliadh. Ní chanamaois-ne an Fhiann gó, Bréag riamh níor samhluigheadh leó, Acht ar fhírinne 's ar neart ár lámh Do thigimís slán as gach gleó.
Níor shuidh cléireach i gcill Cidh binn mar chanaid na sailm, Do b' fhírinnighe 'ná sinn-ne an Fhiann Fir nár lagaigh i ngliadh garg. Níor geineadh aon neach ariamh, A Phádraig chaoin is binne glór, Do b'fhírinnighe na Fionn na bhFiann, Fear thar dháimh do bhronnadh ór. Ní'l an cháil ar mhuinntir na h-Éireann indiú go bhfuil siad tugtha go speisialta do'n fhírinne, acht do bhí siad tugtha go mór dí fad ó; agus an duine atá réidh le milleán do chur orra anois, budh chóir dhó a chuimhniughadh gur fhulaing siad beag-nach dá chéad bliadhan fá a leithéid sin de dhlighthibh pianamhla, agus d'fhágfadh spiorad na Bréige plannduigthe agus leathnuighthe 'na measg, dá mbudh aingle féin do bhí ionnta. Fuair mé an sgéal so ó Phróinsias O Conchubhair i mB'l'áthluain, agus níor athruigh mé acht cúpla focal ann. Is fiú an sgéal do shábháil, ar an ádhbhar eile seo; go dtugann sé cuntas dúinn do réir mar bhí an sgéal ameasg na ndaoine, ar bhun-ádhbhar Croise Chonga. CLOCH NA FÍRINNE no CEANNUIDHE NA SEACHT MÁLA. Bhí fear ann, na céadtha agus na céadtha bliadhan ó shoin, dar bh'ainm dó Páidín O Ciarbháin, agus do bhí sé 'na chómhnuighe i ngar do Chonga i n-Iar-Chonnachtaibh. B'aisteach an fear Páidín, níor chreid sé i nDia ná i n-aon nidh d'á thaoibh. Is minic do shaoil an sagart Páidín do thabhairt chum aifrinn, acht ní raibh aon
mhaith dhó ann, mar nach nglacfadh Páidín cómhairle sagairt no easboig. Chreid sé go raibh an duine mar an beithidheach, agus chreid sé nuair gheobhadh an duine bás nach mbeith aon fhocal eile d'á thaoibh. Chaith Páidín droch-bheatha. Bhíodh sé ag dul ó theach go teach san lá, agus ag goid san oidhche. Anois, nuair bhí Naomh Pádraig i n-Iar-Connachtaibh ag iarraidh Críosdaidhe do dhéanamh de na Págánaigh, chuaidh sé aon lá amháin ar a ghlúnaibh ar leic mhóir chloiche le urnaighthe do rádh, agus nuair d'éirigh sé d'fhág sé lorg a dhá ghlúin in san gcloich, agus d'fhág sé brígh mhór ins an gcloich chéadna, óir duine ar bith do laibheóradh os cionn na cloiche sin, b'éigin dó an fhírinne ghlan d'innseacht, níor fhéad sé bréag inn- seacht, agus ar an ádhbhar sin thug na daoine cloch na Fírinne mar ainm ar an leic sin. Bhíodh faitchios mór ar Pháidín i gcómhnuidhe roimh an gcloich sin, agus is minic chuir sé roimhe i do ghoid. Aon oidhche amháin, nuair fuair sé faill, d'árdaigh sé an chloch ar a dhruim, thug sé leis í, agus chaith sé í síos i ngleann mór idir dhá chnoc, seacht míle ó'n áit i mbíodh sí: agus shaoil an bitheamhnach go raibh leis, acht bhí an chloch ar ais in a sean-áit féin, an oidhche sin, a-gan-fhios dó! Oidhche eile'na dhiaigh sin, ghoid sé géadha an tsagairt paráiste, agus mar bhí amhrus ag na daoinibh air, dubhairt siad go dtiubhradh siad é go Cloch na Fírinne. Bhí Páidín ag gáiridhe in a inntinn féin, óir bhí fhios aige go raibh an chloch goidte aige, agus budh mhór an t-iongnadh do bhí air nuair chonnairc sé an chloch roimhe,ina h-áit féin. Nuair cuireadh é os cionn na
cloiche b'éigin dó innseacht gur ghoid sé na géadha, agus fuair sé bualadh mór ó'n tsagart. Rinne sé rún daingionn, ann sin, dá bhfágadh sé faill ar an gcloich arís go gcuirfeadh sé í i n-áit nach dtiucfadh sí ar ais as. Cúpla oidhche 'na dhiagh sin fuair sé faill arís, agus ghoid sé an chloch an dara h-uair. Chaith sé síos i bpoll mór doimhin í, agus d'imthigh sé a-bhaile,ag déan- amh lúthgháire leis féin. Acht ní dheachaidh sé ceathramha míle ó'n áit , gur chualaidh sé toran mór ag teacht 'na dhiaigh. D'fheuch sé taobh shiar dé, agus chonnairc sé dream de dhaoinibh beaga, agus iad gléasta i n-éadach chomh geal leis an t-sneachta. Tháinig an oiread sin faitchis an Pháidín nár fhéad sé coisceim do shiubhal, go dtáinig na daoine beaga suas leis, agus iad ag iomchar Cloiche na Fírinne leó. Labhair duine aca leis agus dubhairt :- "A Pháidín mhalluighthe, beir an cloch so ar ais chum na h-áite a bhfuair tú í, nó íocfaidh tú as go cruaidh." "Béarfad, agus fáílte," ar seisean. Chuireadar an chloch ar a dhruim, agus d'fhilleadar ar ais ar an mbóthar do thángadar. Acht mar do bhí an diabhal ag cur cathuighthe ar Pháidín d'imthigh sé agus chaith sé an chloch isteach i bpoll budh dhoimhne 'ná an chéad pholl, poll do rinne na daoine le dul i bhfolach ann nuair bheith an cogadh ag teacht. D'fhan an cloch annsan bpoll sin níos mó 'ná seacht mbliadhna, agus ní raibh fhios ag duine ar bith cia an áit a raibh sí acht ag Páidin amháin. I gceann na h-aimsire sin bhí Páidín ag dul le taoibh na cille nuair d'fheuch sé suas ar chrois do bhí
'na seasamh ann sin, agus thuit sé i laige. Nuair tháinig sé chuige féin bhí fear in a láthair agus é gleusta chomh geal leis an tsneachta. Labhair sé le Páidín agus dubhairt sé, "a Pháidín mhalluighthe, tá tú cionntach in sna seacht bpeacaidh marbhtha, agus muna ngnidh tú aithrighe rachaidh tú go h-ifrionn. Is aingeal ó Dhia mise, agus cuirfidh mé breitheamhnas aithrighe ort: cuirfidh mé seacht málaidh ort agus caithfidh tú iad d'iomchar bliadhain agus fiche. Tar éis an ama sin teirigh i láthair croise móire bhéidheas i mbaile Chonga agus abair tri h-uaire "M'anam do Dhia agus do Mhuire." Caith beatha dhiaganta [diadha] go dtí sin, agus rachaidh tú go flaitheas. Teirigh chum do shagairt anois, má tá tú úmhal le mo chómhairle do ghlacadh." "Tá mé úmhal," arsa Páidín, "acht béidh na daoine ag déanamh magaidh fúm." "Ná bac leis an magadh, ní mhairfidh sé i bhfad," ar san t-aingeal. Tar éis an chómhráidh seó tháinig trom-chodladh ar Pháidín, agus nuair dhúisigh sé bhí seacht málaidh air, agus bhí an t-aingeal imthighthe. Bhí dá mhála ar a thaoibh dheis, dá mhála ar a thaoibh chlé, agus bhí trí cinn eile ar a dhruim, agus bhí siad greamuighthe chomh cruaidh sin air gur shaoil sé gur ag fás air do bhí siad. Bhí siad ar dhath a chroicinn féin, agus bhí croicionn orra. An lá ar n-a mhárach nuair chuaidh Páidín ameasg na ndaoine chuir sé iongantus orra, agus thug siad "Ceannuidhe na Seacht Mála " air, agus do lean an t-ainm sin dó go bhfuair sé bás. Thosaigh Páidín ar bheatha nuaidh anois. Chuaidh sé
chum an tsagairt agus thaisbeán sé dhó na seacht málaidh do bhí air, agus d'innis sé dhó an fáth ar cuireadh air iad. Thug an sagart deagh-chómhairle dhó agus thug sé dhó cóta-mór le folach do chur ar na seacht malaibh ; agus do bhíodh Páidín 'na dhiaidh sin ag dul ó theach go teach agus ó bhaile go baile, ag iarraidh déirce, agus ní bhíodh Dómhnach no lá saoire nach mbíodh sé ag an aifrionn, agus bhíodh fáilte roimhe ins gach uile áit. Timchioll seacht mbliadhna 'na dhiaidh sin bhí Páidín ag dul le taoibh an phuill ar chaith sé Cloch na Fírinne ann. Tháinig sé go bruach an phuill, chuaidh síos ar a dhá ghlúin, agus d'iarr sé ar Dhia an chloch do chur suas chuige. Nuair bhí críoch ar a phaidir, chonnairc sé an chloch ag teacht aníos, agus na ceudta de cholumaibh bána thimchioll uirri. Bhí an chloch ag éirighe agus ag síor-éirighe go dtáinig sí i láthair Pháidín ar an talamh, agus ann sin d'imthigh na coluim ar ais arís. Lá ar n-a mhárach chuaidh sé chum an tsagairt agus d'innis dó gach nidh i dtaoibh Cloiche na Fírinne, agus an chaoi a dtáinig sí aníos as an bpoll. "Rachaidh mé leat," ars an sagart, "go bhfeicidh mé an t-iong- antas mór so." Chuaidh an sagart leis go dti an poll agus chonnairc sé Cloch na Fírinne. Agus chonnairc sé rud eile do chuir iongantas mór air - na mílte agus na mílte colum ag eitil timchioll béil an phuill' ag dul síos ann agus ag teacht aníos as. Thug an sagart Poll na gColum ar an áit, agus tá an t-ainm sin uirri go dtí an lá indiú. Tugadh an chloch bheannuighthe asteach go Conga, agus níor bhfada gur cuireadh suas cros mhór os a cionn; agus
ó'n lá sin go dtí an lá indiú tagann daoine as gach uile áit le breathnughadh ar Pholl na gColum, agus chreid na sean-daoine gur aingle Naoimh Pádraig do bhí ann sna columaibh sin. Bhí Cloch na Fírinne le bliadhantaibh na dhiaidh sin i gConga, agus is cinnte go ndearnaidh sí maith mhór, óir chongbhaigh sí go leor daoine ó choireacha do dhéanamh. Acht goideadh í fa dheóigh, agus ni'l cuntas uirri ó shoin. Mhair Páidín go raibh sé ceithre fichid bliadhan d' aois, agus d' iomchar sé a chuid aithrighe go cráibhtheach. Nuair bhí an bhliadhain agus fiche do thug an t-aingeal dó críochnuighthe, agus é ag iomchar na seacht mála ar feadh na h-aimsire sin, tháinig teachtaire chuige, i n-aisling, le rádh leis go raibh a bheatha ar an tsaoghal so críochnuighthe, agus go gcaithfeadh sé dul an lá ar n-a mhárach i láthair Croise Chonga, agus é féin do thabhairt suas do Dhia agus do Mhuire. Ar maidin go moch chuaidh sé chuig an sagart, agus d'innis dó an fuagradh do fuair sé ins an oidhche. Deir daoine nár chreid an sagart é, acht ar chaoi ar bith dubhairt sé le Páidín déanamh mar dubhairt an teachtaire leis. D'imthigh Páidín agus d'fhág sé a bheannacht ag a chómharsannaibh agus ag a dhaoinibh muinntireacha, agus nuair bhí an clog ag bualadh an dó-déag agus na daoine ag rádh Fáilte an Aingil, tháinig Páidín i láthair na croise agus dubhairt trí h-uaire "M'anam do Dhia agus do Mhuire," agus ar an mball thuit sé marbh. Bhí an chrois sin i mbaile Chonga le bliadhantaibh. Chuaidh easbog de shloinneadh Dubhthaigh chum na Rómha agus fuair sé píosa de'n fhíor-chrois agus chuir sé
isteach i gCrois Chonga é. Bhí sé ann sin go dtáinig na Gaill agus gur leagadar go talamh é. Tá Crois Chonga i n-Éirinn fós, agus tá tuarim ag na daoinibh go mbéidh sí árduighthe suas i mbaile Chonga arís le congnamh Dé. Do fuair mé i leabhar beag eile, sgríobhtha leis an Seághan O Máthghamhna céadna air ar labhair mé cheana, ar oileán ann san tSionnainn, timchioll ceithre fichid bliadhan ó shoin, sórt liodáin no oifige i n-onóir do'n Mhaighdin Mhuire, a bhfuil blas fíor-Ghaedhealach ar chuid dé, óir tá cuid dé i bhéarsuigheacht agus cuid dé i bprós, agus ní cinnte gur aistriughadh é, - an bhéarsuigheacht ar mhódh ar bith. Ní fhacaidh mé riamh aon chóip eile dhé, agus bheirim ann so é le n-a shábháil. Tosaigheann an píosa so le paidir, agus ó am go h-am tagann asteach na briathra aith-ráidhte arís agus arís eile, "O a bhaintighearna deónaigh teacht le cabhair Chum mé d'fhíorchosaint ar mo námhaid. Glóir do'n Athair don Mhac agus don Spiorad Naomh." Agus an rainnín; O a Thighearna éist le m' urnaighe, Agus go rachaidh m'osna i d' láthair, Molamaoid an Tighearna, Buidheachas le Dia. Agus an suan síorruidhe tré thrócaire Dé Go bhfuighidh anam na bhfíréan. Agus ann sin tagann na focla "o a Naomh Mh. a mháthair ár dTighear. I. C., agus c." Is iad so na céud- fhocla de'n urnaighe atá sgríobhtha i dtús na h-oifige mar leanas:- O a naomh-Mhuire, a mháthair ár dTighearna Íosa Críost, a bhainrioghan na bhflaitheas, a bhaintighearna an domhain uile na(ch) tréigeas agus na(ch) tarcuisnigheas aon neach, feuch orm go
trócaireach le súil truaighmhéile agus saothraigh dham ó d' mhac múirneach párdún i n-iomlán mo pheacaidhe .... tre ghrásta agus trócaire ár d' Tighearna Íosa Críost do thug tusa a mhaighdean ó d' bhroinn, an té mhaireas agus riaghluigheas mar aon leis an athair agus leis an Spiorad Naomh, aon Dia amháin, i dTrionóid rónaomhtha, le saoghal na saoghal. Amen. Ann sin tagann na rainnínídh, agus fiche líne de shórt bhéarsuigheachta ag tosughadh Fáilte rómhad a óigh chialldha A theagh duine do Dhia an t-árd-Tighearna, Acht ní chuirim ann so iad mar ní roshoilléir iad. Tar éis sin tagann na rainnínidh, agus tar éis na rainnín an chuid eile de'n liodán mar leanas:- Go mbeannuighthear dhuit a airc an reachta, A cháthair ríoghdha Sholaimh mhic Dáibhi, A bhogha baiste shoillseach na bhflaitheas, A thór an tiosphona do stiúraigh Maoise, A lomra mhiorbhuilleach Ghideon chródha, A shlat bhláthmhar Aaron chómhachtaigh, A mhil chúbhartha Shampson mhórdha, Agus a bheag-sheomra an tSlánuightheóra, Budh nidh oireamhnach go sabhálfadh Mac go fíor-uasal, Ó'n ulc dfhág clann Éabha, Faoi bhuaireamh. An Mhaighdean rónaomhtha, Do thogh sé mar mháthair, Ionnus nach mbainfeadh Aicíd an pheacaidh, Ná truailleadh go bráth dhí, Cómhnuighe[ann] [sé] ann san bhflaithios is aoirde, Agus is é mo shíothchán ríoghdha
Pioláir na sgamlla. A bhaintighearna go mbudh deónach leat, Teacht le cabhair, Chum mé d'fhíor-chosaint ar mo námhad. Go mbeannuighthear dhuit A mháthair agus a mhaighdean, A theampuill na Trionóide, Is tu luathgháire na n-aingeal, A pháláis na fíor-óigheacht', A chompórd na ndóbhrónach, A chrainn ghrásamhail na foighde, A Gháirdin an tsóláis, An óir-chiste na maighdean, Is ithir na talamh sagartamhail (sic) thu Do shaor iomlán i n-éifeacht A's ó pheacadh an tsinsir, Gur saoradh thu go haonda A gheata na bhflaitheas, A chathair na Trionóide, A phéarla óirdheirc na maighdean Lán do'n uile ghrása gan teóra Mar an lile measg na ndraigheann Ar an meodhan sin, sin mo ghrádh ameasg inghean Ádhaimh: O a naomh Mhuire, a Mháthair ár dTighearna Íosa Críost. A bhaintighearna go mbudh deónach leat Teacht le cabhair Chum mé d'fhíor-chosaint ar mo námhad, agus c. Go mbeannuighthear dhuit A cháthair na coimirce, A thuir Dháibhi an righ Cosanta go comhachtach, Le arm an áird-righ,
Ann do ghabháil naomhtha, Do bhí an charthanacht ar Íosa, Agus [do h-ísligheadh] lucifer an uair Go bhfuair sé tríot masla Is tu iudit neamh-chlaoidhte Do rinne mór-ghníomh le n-a h-arm, No aibisaig, réir mar sgriobhthar, Le n-a bhfuair deaghrigh ris a thapa (?) Ioiseph mac Raéchil Do líon égipt le beatha, A's go dtug Muire ó na broinn An té thuill dúinn na flaithis Is roáluinn thu go hiomlán, o mo ghrádh, Agus spota de pheacadh an tsinsir Ní raibh riamh ionat. Go mbeannuighthear dhuit A ghrianáin ghlórmhuir, Is ionat iompuidheas an ghrian tar ais Deich gcéim d'á cúrsa, Agus gur faoi do bhroinn Do thuirling mac Dé 'n ár measg Ionnus go n-éireóchadh an cine daonna Go flaitheas ó ifrionn na bpian Cidh gur mór é thar na h-aingil Gur rugadh é i stábla folamh gan biadh Budh mhinic an ghrian so [Ag] soillsiughadh ar Mhuire Nidh do rinne a gabhail naomhtha, Mar gluinne na maidne- Is tu an lile ro áluinn ameasg na ndraighean
Na naithreacha nimhe go dtéidhid siad rómhad-sa Ann san dorchadus, Is tu an Raé ghlan eólais Do'n té bhíos ar seachrán. Is tu an soillseán 'san lóchrann. Ann san bhflaitheas do chuir mé Solus síorruidhe ar bun, Agus d'fholuigh mé an domhan uile Mar cheó braonach. O a Naomh-Mhuire, agus c. O [a] bhaintighearna go mbudh deónach led' mhac ár dTighearna Íosa Críost tré t' impidhe-se bheith síothchánta linn, sinn do chongbháil ar stáid na ngrást[a] agus [a] fhearg d' iompódh uainn. O [a] bhaintighearna go mbudh deónach leat teacht le cabhair chum mé d'fhíor-cosaint ar mo námhaid. Go mbeannuighthear dhuit A Mhaighdean rósheunmhar, A dheagh-cháil na geanmnuigheacht', A Bhainrioghan na trócaire Atá crónuighthe le reultaibh. Is gloine thu 'ná na h-aingil Ag amharc ar do mhac glórmhar, Ad shuidhe ar a dheas-láimh. Is tu togha na h-oighreachta, A mháthair na ngrásta, A dhóthchais na bpeacach, A reultóig shoillseach na bóchna, Ad fhorus ar an ndruing le basgadh. Deónaigh geata na bhflaitheas Do bheith osgailte rómhainn-ne. Ionnus, leis an gcualacht bheannuighthe, Go sealbhóchamaois do Mhac múirncach, I suaimhneas na glóire. Is ola naomhtha t'ainm againn a Mhuire, Is mór an gean atá ag do sheirbhisigh dhuit. A Naomh-Mhuire, agus c., agus c.
Bronnnamaoid go h-úmhail duit A Mhaighdean róchráibhtheach Na trátha canonda so Dubhramar le grádh dhuit. Stiúraigh sin[n] oilithrigh Go dtagamaoid le Críosta, A's ar uair ár mbáis Guidh orrainn i láthair Íosa. 'Sí seó an brainse Nach fuaras innti riamh Smál peacaidh an tsinnsir, Ná coir peacaidh an ghníomh'. An tan do gineadh thu I mbroinn do Mháthar ó mhaidin, Do bhí tu gan spota Na smól ar bith peacaidh, Guidh chum an athar shíorruidhe ar ár son. O! (a) Dhia noch d'ollmhuigh ionad cómhnuighthe dod' Mhac, tre ghabhail neamh-thruaillighthe na Maighdine beannuighthe, tre roimh- fheicsint báis a h-Aon Mhic gur shábháil tú í ó spota ar bith peacaidh, go mbudh deónach leat tre n-a h-impidhe-se ar an módh gcéadna sinne do shaoradh ó pheacaidhibh, ionnus go sealbhamaois thú féín, tré ár dTighearna Íosa Críost do Mhac, do mhaireas agus do riaghaluigheas mar aon leat, agus leis an Spiorad Naomh, an aon Dia amháin, i dTrionóid ronaomhta, le saoghal na saoghal. Amen.
Ag so ortha anaghaidh na ndaoine maithe do fuair mé óm' charaid Una ní Ógáin i gCondaé Port-Laoighire, nó Condaé na Bainríoghna, do fuair é ó Dhómhnall O Fotharta i gConamara. ORTHA ANAGHAIDH NA NDAOINE MAITHE. A Mhic Dé an gcluin tú an gleó chugainn Go mór san ngleann? Cluinim, a Mháthair. Ná bíodh eagla ort. Go sabhálaidh an t-Athair beannaighthe sinn, Go mbudh dún daingionn, an dún a bhfuilmid ann. Go mbudh sluagh dall an sluagh so chugainn. O a Íosa Críost, a Mhaighdean ghlórmhar, A chidheas ár ndochar agus ár ndíoghbháíl Go sgaraidh tú do chochall beannuighthe tharrainn. Amen. Ag so paidir bheag eile do fuaireas óm' charaid an t-Athair O Flanagáin atá san gcoláiste i Sligeach. Fuair seisean ó bhéal sean-mhná é: TEACHTAIRE Ó DHIA Teachtaire ó Dhia rómham, Aingeal Dé os mo chionn, Ola Chríost ar mo chorp, Dia rómham agus liom. Muire Máthair [Dé] [Muire] agus a Mac, Go ndéanaidh siad mo leas Thuas agus thall. Nár leighidh sibh m'anam uaim i bpian, agus nuair béidheas sé réidh le cuarughadh an tsaoghal, go dtugaidh tú [é a Dé] ar do dheas-láimh féin go bráth. Amen.
Ag so ceathramha eile do fuair an t-Athair o Flan- agáin ó'n mhnaoi chéadna: Ó A THIGHEARNA DO PIANADH Ó a thighearna do pianadh agus d'fhulaing an pháis Do d'stialladh le h-iarann ó mhullach go sáil, A Thighearna fuair na tairngidhe in do chois a's do láimh A Thighearna is ag iarraidh do choimirce táim. Ag so giota beag eile acht ní chuimhnighim cia an áit a bhfuaireas é: SLÁINTE. Sláinte an tSáir-Fhir Do leath a ghéaga Ar chrann na páise Ag sábháil an chine daonna, Agus sláinte na mná mánla Do rug a Mac gan céile, Agus sláinte Naoimh Pádraig Do bheannuigh Éire. Ag so rann beag eile, acht creidim gur i gCúige Uladh fuaireas é: NÁ h-AMHARC. Ná h-amharc go minic ar do bhróig Agus ná déan stró as do bhrat, Siubhal go h-úirísioll i ród Agus beannuigh fá dhó do'n duine bocht. Bhí caint ar Sholamh insan Liodáin do thug mé shuas; agus insan dán "Fáilte, a Mháthair" do thug mé roimhe seo, tugtar "a cháthaoir Sholaimh an rígh," ar an Mhaighdean Muire. Chualaidh mé níos mó 'ná aon sgéal
amháin ar an Solamh so, acht measaim gur i dtaoibh daoine eile do h-innseadh iad ar dtús, agus gur leagadh ar Sholamh cuid aca nár bhain leis ó cheart. Ar chuma ar bith, ag so sgeul do sgríobh mé focal ar fhocal ó innsint Mhicheáil Mhic Ruaidhrigh ó iarthar Chondaé Mhuigh-Eó ocht mbliadhna ó shoin. Níor chuireas focal leis agus ní bhainim focal de. Is fíor go bhfuil blas an domhain-shoir ar an sgeul so, agus ní'l mé 'rádh nach ó'n oirthior tháinig sé. SEANCHAS AR SHOLAMH. Nuair bhí máthair Sholaimh tinn, chuireadh Solamh fear as an mbaile a raibh sé ann, d'á faire 'ch uile oidhch'. Agus 'ch uile fhear do bhíodh dh'á faire, chaithfeadh sé tigheacht roimh éirighe na gréine ar maidin le sgeul chuig Solamh cad é an chaoi a raibh a mháthair. Agus an chéad fhear a déarfadh go raibh a mháthair marbh bhí a chloigionn le baint de, agus a chrochadh ar sleigh bhí os cionn an doruis mhóir. Agus théidheadh siad, fear ar fhear, gach aon oidhche ar a thurn. Agus cúig púnta an luach saothair a d'fhághadh siad gach aon oidhche. Bhí go maith agus ni raibh go dona go dtáinig sé ar thurn mic baintreabhaighe dul ag faire máthar Sholaimh. Agus an oidhche bhí sé ag dul d'á faire bhí sí an-lag claoidhte agus tugtha suas do'n bhás. Nuair tháinig cuntas ag mac na baintreabhaige le dul ag faire máthar Sholaimh tháinig laige agus allus an bháis air, agus thosaigh a mháthair d'á chaoineadh mar nach raibh aici acht é. Agus ag tigheacht a-bhaile dhó ó'n
obair laé do bhí aige, an tráthnóna sin, bhí sé ag caoin- eadh go buaidheartha, agus casadh leath-pháit [leath- amadán] air, agus d'fhiafruigh sé de mhac na baintreabhaighe cad é an t-ábhar bhí sé 'caoineadh, agus d'innis mac na baintreabhaighe dhó mar tá mise dh'á innseacht daoibh-se. "Cia an luach-shaothair gheobhas tu?" ar san leath- pháit, le mac na baintreabhaighe. "Cúig púnta," ar seisean leis. "M'anam do Dhia na ngrásta," ar san leath-pháit, "má thugann tú na cúig púnta dham-sa, go rachaidh mise i d'áit anocht." "Bhéarfaidh mé cúig púnta agus aguisín duit," arsa mac na baintreabhaighe, "má theidheann tú ann." B'fhíor an sgeul. Chuaidh an leath-pháit [ag] faire máthar Sholamh an oidhche sin. Agus bhí sí insan n-eaglach dheiridh nuair chuaidh sé asteach insan seomra; agus bhí sé dh'á faire go dtí léir uair an dó-déag san oidhche. Agus mhaoithigh sé toran ag an dorus mór agus d'éirigh sé ar a chosaibh, agus shiubhal sé go dtí an dorus mór. Agus bhí fear ag an dorus mór agus é [ag] faire asteach ar fhuinneoig do bhí ar an dorus mór. Agus budh é an fear do bhí ann searbhfóghanta- cuirp do bhí ag Solamh, agus bhí an-chionn ag Solamh ar an bhfear so, agus chuireadh sé an fear so 'ach uile oidhche le sgeul do thabhairt faoi láimh [= os ísioll] chuige ag rádh - an fear do bhí ag tabhairt aire d'á mháthair an raibh sé ag deunamh a ghnáthaigh [gnódh] ceart. Agus ní raibh aon fhear de na fir do bhí 'faire a mháthar ar feadh bliadhna chomh tóir-bhfaireach leis an leath-pháit bhí d'á faire an oidhche sin. Níor mhaoithigh aon fhear an fear do bhí ag an dorus mór, aon oidhche, acht é
D'fhosgail an leath-pháit an dorus mór ann sin, agus bhí sean-chlaidheamh crochta os cionn an doruis mhóir. Agus nuair bhí an dorus mór fosgailte shaoil an searbh- fóghanta-cuirp do thigheacht asteach, agus tharraing an leath-pháit an claidheamh agus chaith sé an ceann dé. D'fhág sé ann sin é, agus chuaidh sé asteach san seomra- codalta, 'n áit a raibh máthair Sholaimh, agus ní raibh sé i bhfad astigh go bhfuair máthair Sholaimh bás. Bhí Solamh ag éirighe an mhí-shuaimhneach faoi n-a shearbhfóghanta, cad é an fáth nach raibh sé tigheacht chuige le sgeul, mar thigeadh sé gach uile oidhche eile. Acht cé-ba-sin-dé [ar chuma ar bith] níor fhág Solamh an teach go maidin, agus ní dheachaidh sé d'á éileamh. Acht ní tháinig sé. Agus nuair tháinig an lá ní raibh mac na baintreabhaighe ag Solamh roimh éirighe na gréine mar bhí na fir eile. Ní dheachaidh Solamh faoi chomhnuidhe acht é dólaimh ag faire [ag fíor-faire] amach tríd an bhfuinneóig, agus, ar deireadh shiar, chonnaic sé mac an baintreabhaighe - mar shaoil sé gur b'é bhí ann - ag tigheacht chuig an gcáthair. Agus nuair tháinig sé asteach chuig Solamh bheannuigh siad d'á chéile. Agus, ars' an leath-pháit - is é bhí ann - le Solamh, "Tá mé 'g iarraidh do phárdúin ort, a righ 's a phrionnsa." "Cia fáth deir tú sin?" arsa Solamh. "Chaith mé an hata de do shearbhfóghanta-cuirp indé," ars' an leath-pháit. "Tá do phárdún fághailte [fáighte] agad," arsa Solamh. "Acht a righ do b'fhearr de na rightibh," ar san leath- pháit, "bhí an cloigeann leis an hata." Agus mar bhí
Solamh tár éis an phárdúin thabhairt dó, níor fhéad sé dul ar ais-fhocal. "Bhfuil aon sgéal eile nuadh leat?" arsa Solamh leis. "Tá," ar seisean. "Aisrigh [= aithris] é," arsa Solamh. "Tá soillse Dé ar an talamh," ar seisean. "Tá an ghrian 'na suidhe," arsa Solamh. "Tá," ar san leath-pháit. "Na clocha bhí i n-uachtar indé," ar seisean, "tá siad dul i n-íochtar anois." "Tá an chéacht ag treabhadh mar sin," arsa Solamh. "Tá," ar seisean , "agus an chéad theach ar oileadh thusa ann, tá sé ar lár." "Tá mo mháthair marbh mar sin," arsa Solamh. "Tá," ar san leath-pháit. "Béidh do cheann agam ar an tsleigh," arsa Solamh. "Ní bheidh, a righ mhacánta uasail," ar san leath-pháit, "tú féin an chéad-fhear adubhairt é." "Ar m'onóir," arsa Solamh, "is mé." Feicidh sibh anois, chomh críona agus bhí Solamh, go bhfuair an leath-pháit an bhuaidh air le críonacht. Bíonn ádh ar amadán. Tá sean-fhocal ann, i nGaedheilg, adeir, "Bíonn uair na h-athchuinge ann." In san sgeul sin ar "Éirighe Chuinn faoi na Gabhair," sgeul do chuir mé i gcló im' Sgeuluidhe Gaedhealach, do thug bean-an-tighe a mal- lacht do'n té sin do bhlasfadh an chéad ghreim de'n fheoil; "Go dtachtar e," ar sise. Budh í féin d'ith an chéad ghreim dí, agus do thachtadh í féin, óir, a-dubhairt an sgeuluidhe, "bíonn uair na h-athchuinge ann."
Do réir mar chualaidh mé, bíonn móimid amháín in sna ceithre uairibh fichead - móimid na h-athchuinge - agus guidhe ar bith, beannacht nó mallacht, má deirtear é go dúthrachtach, agus go díreach ar an móimid sin, cóimh- líontar é. Is sórt guidhe, mallacht; is droch-ghuidhe í. Ní thug mé go dtí seó sompla ar bith orra sin. Acht is fiú cuid bheag díobh do chur síos, agus - go méadaighidh Dia an mhaith agus go laghduighidh Sé an t-olc - ní as droch-rún atá mé dh'á dhéanamh, acht amháin le sompla do shábháil ar gach uile shórt. Ní bheith an leabhar so iomlán gan ceann nó dhó aca do bheith ann. Ní'l na mallachta iomadamhail. Nuair chumann duine urnuighe dhó féin ag guidhe Dé agus Muire, bíonn sí foileamhnach do na míltibh daoine eile; acht ní mar sin do'n mhallacht, ní bhaineann sise acht do'n duine do cheap í, agus do'n duine faoi a sgaoiltear í. Baineann an urnaighe leis an gcoitchiontacht, ní bhain- eann an mhallacht acht leis an bpearsain speisialta. Ní chualaidh mé ariamh mallacht i bhfoirm dáin, ar bhéal na ndaoine, mallacht ag gabháil na tíre, mar déarthá, agus í réidh le n-a sgaoileadh fa námhaid ar bith. Ní mheas- aim go bhfuil a leithéid ann. Acht ag so sompla no dó, mar do cheap daoine mallacht dóibh féin, nuair d'iárr siad a n-easgcáirde do chlaoidhe. Bhí dall bocht ag iarraidh deirce i gCondaé na Gaillimhe, agus tháinig sé go dorus tighe-mhóir agus d'iarr sé deoch. Bean Ghallda do bhí i mbean-an-tighe, agus ó nár
thuig sí é d'iarr sí de'n tsearbhfóghanta ceurd do bhí an dall 'iarraidh. Dubhairt an searbhfóghanta go raibh sé ag iarraidh dighe. "Water is good enough for the blind beggar." ar sise. Do thuig an dall an rud a-dubhairt sí, agus d'fhreagair sé. MALLACHT AN DAILL. Im ná raibh ar do bhainne, Clúmh ná raibh ar do lachain, Siubhal ná raibh ag do leanbh, Agus feannadh ar do bhó. 'Sgo mbudh mó 's go mbudh leithne an lasair A bheag ag dul tre d'anam Ná Sléibhte Chonamara, Agus iad do bheith dá ndóghadh. Ag so ceathramha as abhrán do rinne duine éigin i gCondae Mhuigh-Eó i n-aghaidh "súipeirí" éigin do bhíodh ag iarraidh na daoine d'iompódh leó. Chualaidh mé é óm' charaid Dochtúir Conchúbhair Maguidhir i gClár Chloinne Mhuirís. Go h-ifrionn má théidhis, a Mhic-Adam, ná dearmad Sam Bíodh leat an préacher, ó 'sé shéidfeas na boilg go teann, Béidh Séamas agus a phórta d'á ndíbirt go 'Mericá 'nonn Béidh Mac Adam d'á thóramh agus na bróinte a' meilt os a chionn. Ag so cuid de mhallacht do sgaoil Raifteri fa Sheághan a Búrca, sórt file, námhaid dó féin, do bhíodh ag cur 'na aghaidh. Sgríobh mé síos é ó dhuine dar b'ainm Mártain Ruadh O Giollarnáth ag Muine-Mheadha i gCondaé na Gaillimhe. Ní raibh aon Bhéarla aige.
Tugann an mhallacht ainmneacha an oirid sin d'aicídibh dúinn i nGaedheilg gur fiú í do shábháil. Ní mheasaim gur dá ríribh ar fad do bhí Raifteri acht gur sórt comór- tais ag rannuigheacht do bhí idir é féin agus an fear eile. MALLACHT RAIFTERI. Na cosa go gcaillidh tú ó na glúnaibh, Radharc na súl agus lúth na lámh, Loibhre iób go dtigidh anuas ort achma, ruadh, agus easbuidh bhrághad. Fiabhras creathach, fail, as docht-fuail ort, Sin go luath, agus galair an bháis, Do ghruag go dtuitidh de d'mhala gruama, A's ná raibh aon chluas ort, acht amháin a n-áit. Gráin agus deacair, bácail a's truaill ort, Rith agus ruaig, agus fuath ag do dhámh, Sgamhthach iongan agus galar súl ort Agus smior ná súgh ná raibh in do chnámh. Bearradh crosach, agus lomadh luain ort, Nár théid tú i n-uaigh ná i gcónra cláir, Acht an ghaoth ag séideadh go géar ó thuaidh ort, Ar chúinne fuar, 's tú do chuaille fáil.
Nioscóid cléibhe agus fiolún fuar ort, Criotán, múchadh, agus seile siadháin, Domblas dragúin agus nimh tríd, suaithte, Go mbudh í deoch do shuain í ar uair do bháis. Bráithre Bhalla agus Bhuin na Cruaiche, Na Coille Ruaidhe, agus Bhaile-an-Chláir, A ndiombuaidh uile [go léir] anuas ort, Agus breith ó'n tsluagh ort mur bhfuil tú sáthach. Acht ní chuimhnighim go bhfacaidh mé ná go gcualaidh mé aon mhallacht, ag teacht amach chomh searbh as cochal an chroidhe-'stigh, le mallacht do fuair an t-Athair O Duinnín i láimh-sgribhinn le Mac Uí Bhroín, i gCaisleán Chnuca. Chuir sé i gcló í, i n-Irisleabhar na Gaedheilge, gan aistriughadh, acht bheirim ann so arís é. Is dóigh nach ró-fhada ó ceapadh í, ó tá caint innti ar "peeler." Ní cosmhúil gur sine í 'ná tri fichid bliadhan no deich mbliadhain agus tri fichid. Acht file fíor-ealadhanta do bhí in san bhfear do rinne é. Tabhair fá deara chomh cliste agus figheann sé ainmneacha a thriúir námhad tríd-a-chéile, Bruadar Smiot agus Glinn, Glinn Bruadar agus Smiot, Smiot Glinn agus Bruadar, agus chomh dúthrachtach agus agrann sé Dia fá gach ainm d'á dtug na Gaedhil Dó, An Mac, Righ na n-Aingeal, Righ na Gile, Righ an Dómhnaigh, Mac na h-Óighe, agus c. Is páganta agus fíor-pháganta an giota so ó thús go deireadh, i n-aimhdheóin na n-ainm seo.
BRUADAR SMIOT A'S GLIN. [MALLACHT.] Bruadair, Smiot a's Glin, Amén a Mhic, - an triúr - Nára cian go rabhaid fé leacaibh, Go marbh, lag, fuar 'san úir. Amén! Bruadair, Smiot, a's Glin, Go fánach, singil, fuar, Amén, a Righ na n-aingeal, A's go tréith-lag truithill truagh. Amén! Bruadair, Smiot a's Glin, Fa ghlas, ar lic na bpian, Cúis caoi agus sile deor Go raibh gach ló ag an dtriar. Amén! Dalladh ar Smiot go grod, Lagughadh ar gheugaibh Bhruadair, Amén, a Righ na Gile, A 's Glin ar easbaidh luadair. Amén! Smiot i gcarcair pian, Bruadair gan rian gan rath, Amén! a Righ na ndúl, A's Glin gan lúth i meath. Amén!
Bruadair go grod san uaigh, Glin go fuar 'na chriaidh, Amén, a Righ an Dómhnaigh, A's Smiot fá shlabhraibh an Diabhail. Amén! Dith-chéille ar Bhruadair chlaon, Pian ar muin péine ar Ghlin, Amén, a Righ na Reann[a] An Diabhal ag cabhair ar Smiot. Amén! Glin i bhfiabhras creatha, Cancar i dteangain Bhruadair, Amén! a Righ na bhflaitheas, A's Smiot a measg na gcruadhtan. Amén! Glin fé thart gan deoch, Smiot go docht fé bhrón, Amén ! a Righ na Naomh, A's Bruadair go faon ag dreógh'. Amén! Smiot gan neach ar a shliocht, Bruadair gan bun gan stór, Amén! a Righ na h-Aoine, A's Glin gan bhrigh 'na ghlór. Amén! Bruadair gan bhrigh 'na bhallaibh, Glin d'á thachtadh i gcnáib, Amén! a Righ an tsoluis; A's Smiot i nglothar báis. Amén!
Glin go fuar 'na stalca, Smiot go creathach truaill, Amén! a Righ na bhFeart, A's Bruadair go beacht 'na thruagh. Amén! Smiot 'na chriathar poll, Bruadair ag lobhadh 'na ghoile, Amén! a Righ na n-órd, A's Glin 'na bhoc-seó ar buile. Amén! Creach-ruathar gan mhoill ar Smiot, Glin fa choir a chrochta, Amén ! a Righ an Luain, A's Bruadair san uaigh go lobhtha. Amén! Mo mhallacht go buan do Ghlin, Mallughadh a's meath ar Bhruadair, Amén! a Righ na bhFlaitheas, Agus Smiot i gcarcair truagh lag. Amén! Mí-ádh ar an dtriúr, 'na cheathaibh, Masladh, mí-rath, a's máchail, Náire shaoghalta dhearbh, Amén! a Righ na ngrás ngeal. Amén! Léirsgrios a's leaghadh go h-obann I ndáil an triair adubhart, Bruadair Smiot a's Glin, Gan rath gan rith gan lúth. Amén!
Gréim nimhe tríot-sa, a Smiot! A's nár imthighidh mo ghuth le gaoith, Fuil do chroidhe fé bhliadhain ó 'ndiú Go raibh 'na sruth le d' thaoibh. Amén! Gan tigh gan ait do Smiot! Fán fada ar Bhruadair! An Diabhal ar dheas-láimh Ghlin Gach maidin ag ceangail suas de. Amén! Olc a's ár-ghoin ós gach áird Go bhfeicead-sa i ndáil an triair, A's sin fé bhliadhain ó indiú, I gcarcair dhuibh gan rian. Amén! Briseadh a's brúghadh ar Ghlin! Fuil a's inchinn le Bruadair claon! Amén, a Íosa! éist le m' ghuth. A's Smiot gach lá go féig. Amén! Gearánaim Glin a's Bruadair, A's Smiot, go cruaidh le Dia, Basgad a's bearnadh ar an dtriúr, A's mo mhallacht go dlúth 'na ndiaidh. Amén! Gach n-aon do chuir ionnainn lámh, Ar bhearna a n-aimhlis dóibh! Creach-ruathar anuas ó neamh Go dtugaidh sgrios 'na measg aon-lá. Amén
Gan sliocht os cionn a mbáis, Cé b' obann a dtásg 'san tslógh, Gach easgaine i Sailm na bhFáidh Go bhfeicead 'na ndáil ar sógh. Amén! Gan cluas, gan croiceann a bplaesg, Gan éisteacht, gan radharc, gan glór, Sul a mbéidh an bhliadhain seo astigh, Agus amén! a Mhic na h-Óighe. Amén! Ní deireadh do'n díogras, trick of the loop, Nimh gach a ndubhart, maille le cách, Go dtuitidh ar an "bpeeler" ciar, A's amén ! a Dhia, gach lá. Amén! Bhí dá shlighe eile go coitchionta aca i gConnachtaibh le mallacht do chur ar dhuine, tar abhrán do dhéanamh air. Do bhain slighe aca so leis an gCríostaigheacht agus an tslighe eile leis an bPágántacht. Is é "An Turus Tuathal" (nó "tuafal" mar labhairthear é i gConnachtaibh) do tháinig ó'n gCríostuigheacht, agus "Mallacht na hInneóine" do bhain leis an bPágán- tacht. Is amhlaidh déantar an "Turus Tuathal," duine do dhul go dtí an séipéal agus turus na croiche do dhéanamh i n-aghaidh a chúil, is é sin an turus do thosughadh ag an bpictiúr deiridh, agus a chríochnughadh ag an gcéad-phictiúr, agus é ag agairt an Diabhail ar feadh an ama sin, ag iarraidh air, díoghbháil no droch-rath éigin do chur ar a námhaid. Dubhairt mo chara Dochtúir
Conchubhar Maguidhir liom an lá cheana "nach raibh sé ácht achar beag ó shoin ó chuaidh sean-bhean chuig sag- art agus dubhairt sí leis go ndearnadh a leithéid seo d' eugcóir uirri, agus, ar sise, rachad chum an team- poill go ndéanad "turus tuafal" dó. Mhínigh an sagart di go mbudh mhór an peacadh mallacht de'n tsórt sin do dhéanamh, agus bhí obair mhór aige sul fuair sé géilleadh uaithi nach ndéanfadh sí é." Ann san dán sin do leagadh ar Naomh Pádraig a dtugthar "Lúireach Phádraig" nó an "Faedh Fiada," air, chímíd Pádraig ag glaodhach ar "neart Dé, cúmhach- ta Dé, ciall Dé, rosc Dé, cluas Dé, briathar Dé, lámh Dé, sgiath Dé," agus c., d'á chosnamh féin ar "brichti ban ocus GOBAND agus druad," is é sin an orthaibh ban, gabha, agus druadh. Nuair fuair daoine (nach raibh aca acht an úmha no an prás roimhe sin) eólus ar an iarann ar dtús, do chuir sé iongantus orra, nidh nár iongnadh, agus chreid siad go raibh brigh dho-fheicsionnach ann. Is dóigh gur chreid siad 'na dhiaigh sin go raibh cuid de'n bhrigh iongantaigh so agus de'n bhuaidh do bhí insan iarann, insan ngabha d' oibrigh an t-iarann, agus do mhair an creideamh so ó aimsir Phádraig go dti an lá indiú. Mar sin de, má 's mian le duine mallacht do chur ar dhuine eile téidheann sé go dti an gabha agus iarrann sé ar an ngabha "an inneóin do chasadh" ar a námhaid, i riocht go dtiucfadh leaghadh agus gach uile shórt mi-ádh air. Do thairgeóchadh sé airgiod do'n ghabha ar son sin do dhéanamh, agus dá mbudh dhroch- fhear do bhí insan ngabha do ghlacfadh sé an t-airgiod agus chuirfeadh sé (deir Conchubhar Maguidhir liom)
"aghaidh siar ar an gcor chip," is é sin ar adhairc na h-inneóine, agus "chuirfeadh sé impidhe ar an Diabhal a dhíthchioll oilc agus mi-ádh do chur ar an duine eile." Ní raibh aon mhallacht eile ann chomh dona leis an mallacht so, do réir baramhla na ndaoine, no mar deir Conchubhar Maguidhir "ní bheith luach leith-phinghine agad faoi cheann bliadhna dá mbeith aon mhaith leis an ngabha, agus ní bheith aon lá de'n ádh ort arís go gcuir- feadh an gabha an inneóin thart duit arís, is é sin casadh-thart-thimchioll do bhaint aisti ar fad, agus a rádh "crosaim mo mhallacht agus maithim do.... gach a ndearnaidh sé ar...."" Deir na daoine gur ab é an mhallacht so an ghabha, an mhallacht budh mheasa ar bith, go raibh sé chomh millteach sin "gur anamh agus gur ri-anamh do rinneadh é." Nuair rinne na daoine urnuighthe anaghaidh na ndaoine maith, no na sidheóg, ag rádh: "A Mhic Dé an gcluin tu an gleó chugainn go mór san ngleann!" Agus arís: "Go mbudh dún daingionn an dún a bhfuilmid ann, go mbudh sluagh dall an sluagh so chugainn," do chreideadar go dearbhtha go raibh sluagh do-fhaic- sionnach 'na dtimchioll, réidh le n-a ngortughadh dá leigfidhe dhóibh. Ag so cuntas beag ar chuairt ó n-a leithéid sin de shluagh do sgríobh mé síos timchioll cúig bliadhna ó shoin ó bhéal Mhártain Ui Bhraonáin anaice le Cill-Aodáin trí mhíle ó Choillte-mach i gCondae Mhuigh-Eó. Ag so a chuntas féin go díreach mar do labhair sé é, agus budh fhear é nár innis riamh rud nach raibh fíor. Faraor! fuair sé bás ó shoin.
SGÉILÍN AR NA DAOINIBH MAITHE. Bhí mé idir dhá bhliadhain agus trí bliadhna déag do aois an t-am sin. Chuaidh mé mar cúmhlódar [comh- luadar] chuig mo dheirbhsiúr. Ní raibh aon duine aici mar cúmhlódar 'san oidhche. Cuaidh muid a chodhladh timchioll a dó-déag a chlog san oidhche. D' airigh muid mar bheith sionnán mór gaoithe ag tigheacht os cionn an tighe, agus mar bheith páiste óg ag caoineadh taobh-amuigh. Tháinig sé, - an tuaim (i.e. fhuaim) - gur chuir sé asteach an dá dhorus, gur bhuail sé ar a chéile iad. Shaoil muid gur airigh muid na soithighe bainne d'á ndórtadh agus nach raibh ceó na frighid san teach nach raibh briste. D'airigh mé an toran ag tigheacht aníos 'un na teineadh, go dtáinig sé le h-ais mo leaptha agus chaill mé mo mheabhair ann sin, agus nuair fuair mé í arís d'airigh mé mo dheirbhsiúr a rádh éirighe agus an solus a lasadh. Nuair las muid an solus fuair muid nach raibh aon rud déanta, ceó na frighid." Ag so abhráinín beag binn do fuair mé óm' charaid Conchubhar Maguidhir ó'n gClár. Chualaidh seisean é ó dhuine anaice leis an mbaile mór sin. AN BÁS. Nuair d'éirigh mé ar maidin An ceathramhadh lá de'n Mhárt so, Bhí mé lúthmhar aigeanta Ag amharc ar an áirnéis,
Ag dul amach an bealach dam Cia casfaidhe acht an Bás liom, Bhí mé dul a' bladar leis, Fios agam go raibh sé láidir. "Gluais ort, a Sheághain, agus bí liom." Maiseadh! a Mháire, ta mé 'sgaradh leat, Mo mhíle grádh go deó thú, Is maith do chuirfinn fataidh dhuit, Níos fearr do bhainfinn móin duit. Cheannóchainn [an] bhó bhainne dhuit, Agus déarfainn duit an t-abhran, Nuair luidhfinn síos ar leabuidh leat Is cliste bhainfinn póg díot. A Mháire, ná leig leis mé go fóill. Tá Doimnic beag 'na shean-duine, Is beag an mhaith níos mo é, Ní'l maith amuigh ná i mbaile ann, Ar maidin nó trathnóna. Tá'n bhean 's na páistidhe sgriosta aige Ag iarraidh a bheith d'á thógáil, 'S an lá nach mbéidh tabac aige Is corruightheach an cómharsa é. Tabhair leat é, agus fág mé go fóill. Is truagh nach bhfuil an t-abhrán só ar fad againn, acht ní raibh aige acht na trí rainn seo. Ag so paidir atá an-chosmhúil leis an dara "Ortha Mhuire" do thug mé roimhe seó. Fuair mo chara Conchubhar Maguidhir í ó shean-fhear dar ab ainm Mac Uí Éagartaigh anaice le Clár-Cloinne-Mhuiris. Níor dhubhairt Mac Uí Éagartaigh mar dubhairt an fear eile gur fríth ar thuamba é, acht do chuir sé leis an bpaidir
na briathra so, amhail agus dá mbudh chuid de'n phaidir féin iad: "Seo paidir an-bheannuighthe. Duine ar bith a déarfas é seo 'ch uile lá geobhaidh sé oiread fábhair ó Dhia 's go bhfeicfidh sé Máthair Dé os a choinne sul má chailleas é." Tar éis an roimh-rádh so do thosaigh Mac Uí Éagar- taigh an phaidir leis na briathraibh seo, nach mbaineann léi ó cheart, mar shaoilim, acht le paidir eile: "A Thighearna ró-mhilis, Íosa Críost, a aon Mhic Dé, athair Dé (sic) na n-aingeal," aon mhic na Maighdine glórmhar" cuidighidh leis an bpeacach bocht, saor sinn as gach cruadh-chás d'á bhfuilmid in a láthair." Tar éis sin, thug sé an "Ortha chum na Maighdine," acht fuair mé a bhfad níos fearr í i leabhar áluinn láimh-sgríobhtha do bhí ag Seóirse Mac Giolla an Cloig, i gClár-Cloinne-Mhuiris, agus do thug Dochtúir Maguidhir go han-chineálta damh-sa ó shoin. Do sgríobhadh an leabhar so le h-Edhmond Ó Conchubhair éigin san mbliadhain 1740. Cuirim síos an phaidir go díreach mar do sgríobh seisean é, agus ó nach n-ath- ruighim aon nidh insan litriughadh nó oiread agus ponc féin, chidhfidh an léightheóir chomh maith agus chomh beacht agus atá an leabhar. ORTHA DO CHUM NA MAIGHDINE MUIRE A Mhaighdean glórmhar a Mháthair Dé, a bhean os cionn gaca céime; atá ionmholta ionn gach moladh dá mhéad, déan a eadar- ghuidhe ar mo shon-sa chum d'aoin-mhic gráduigh féin. A bhean onórach, as tusa máthair righ na n-aingeal agus na narcaingeal, furtaigh oram agus saor mé ó gach cruadhchás agus olc.
A bhláth na ppatriarc, na n-ógh, agus na n-aingiol, a dhóthchuis na glóire a mhaise na nógh, a smuaineadh uachtarach na n-aingiol agus na n-arc-aingiol cuimhnigh oram, agus guidhim thú gan mo treigint ann aimsir critheagluigh mo bháis. O a realt na fairge, a dhoruis Phárrthais, a theampall Dé, a Phálais Íosa Críosd, a chuan na sláinte, a bhláth na nuile chinidheach, a phéarla na huile milseachta, a bhainrioghan tearmonaigh na cciontach, a dhothchuis luchta an chreidhimh, a dhealradh uachtarach n-óigh agus na n-aingeal: gurab é do conbhearsaid ris na h-aingil agus ris na h-arcaingeil is sásamh dhóibh; da bhríogh san a mháthair na trócaire cuirim ar cuimeirce do lámh beannuighthe féin, mo dul amach, mo theacht asteach, mo luighe m'éirghe amharc mo shúl, glacadh mo lámh, labhairt mo bheóil, eisteacht mo cluas, iondus go ttaithneóidís le d' mhac grádhach féin. Amén. Do chuir Mac Uí Éagartaigh leis an bpaidir na briathra eile seo, g'á críochnughadh, mar thosaigh sé í, le gealladh: "Tá de luaidheacht innti, an té iompróchas [iomchóras] í, an té a léigheas í, agus an té éisteas léi d'á léigheadh, saoghal fhaghail ar bhás tobann [obann]. Tá leigheas innti ar theine, ar uisge, ar fhairrge, agus ar easgan [easganuidhe ?], a' súil go bhfeicfimid í trí h-uaire sul má gheobhamuid bás. Mac Dé agus an Mhaighdean dá thabhairt dúinn." Bheirim ann so píosa filidheachta atá fá mheas mór i gcúige Múmhan agus i gcúige Connacht ó dheas. An chéad uair ariamh dá'r chualaidh mé é budh é ag fear dar bh'ainm Pádraig O Braonáin do bhí ag obair do Chúnt De Bastro, ag Dúbhros ar bhruach na fairrge taobh dheas de Chinn-mhara i gcondaé na Gaillimhe. Dubhairt seisean liom gur bh'é máighistir sgoile i gcondaé Luimnigh do rinne é. Tháinig sean-chailleach agus a mac asteach ag iarraidh lóistín na h-oidhche ar an máighistir sgoile, agus thug sé sin dóibh, agus phioc sé greann an domhain as an ndiaspóireacht
do bhí ar siubhal idir an mbeirt nuair bhí a mbéile ithte aca, agus chuir sé i bhfoirm dáin é. Fear de na Coilleánaibh do bhí ann san máighistir sgoile do réir an Bhraonánaigh. Do chaill mé, go mi-ádhamhail, an méad de'n dán do sgríobh mé ó bhéal an Bhraonánaigh, acht fuair mé cóib eile dhé do rinne Seóisse Giolla- an-Chloig i gClár Chloinne Mhuiris i gcondaé Mhuigh Eó san mbliadhain 1870. Is dóigh gur ó bheul sean duine éigin, mar Pádraig O Braonáin, do sgríobh seisean síos é, óir is follusach nár thuig sé cuid d'á raibh sé 'a sgríobh. Fuaireas 'na dhiagh sin cóip eile de'n dán sgríobtha le Micheál O Loinnse éigin, Muimhneach, agus do cuireadh cóib eile dhe i gcló i n-Irisleabhar na Gaedheilge sé bliadhna ó shoin, ó bhéal Éamuin Ui Fhóghlugha i gcondaé Chorcaigh. Ní raibh ann san dán mar bhí sé de mheabhair ag Éamon O Fóghlugha acht 144 línte, acht tá 220 líne ann san dán mar bheirim-se ann so é. Rinne mé an dán chomh so-thuigseannach agus do b'éidir liom, as na trí cóipeannaibh seó, tar éis a gcur, go h-aireach, i gcompráid le chéile. Tugaim ann sna nótaibh G., L., agus F., ar chóipeannaibh Sheóirse Mhic Giolla-an-Chloig, Mhiceál Ui Loinnse, agus Éamoin Ui Fhóghlugha, ar leith. AN SIOTA 'S A MHÁTHAIR. Do ghluais chugam cúpla i dtúis na h-oidhche, Ath-tuirseach, dúbhach, ó shiubhal na tíre, Ag iarraidh déirce, 's ag éiliomh cabhartha, 'S ag guidhe chum Dé ar gach aon d'á dtabharfadh.
Bean mhór choranta mhursanta bhláthmhar, 'S a mac, 'na shiota de shomachán dána. Bhí an chailleach go garsamhail blárnamhail bréagach Luisneamhail dántamhail fáigheamhail faobhrach. Bhí an siota go stuacach buaidheartha brónach, Faoi dhoithcheall 's faoi ghruaim gur dhuaidh sé a dhóthain, Do thagair faoi luathas nuair duaidh sé a bhéile, Cá raibh a dhuais chum gluaiseacht léithe. "Cá bhfuil mo stór de bhó 's de chaora, Cá bhfuil mo lón do ló 'gus d'oidhche, Cá bhfuil mo cháil, cidh náir liom innsint, Acht ag sodar le d'shálaibh a's málaidh im' thimchioll?" Stadas féin go ciúin 's ní dhúbhras aén-nidh, Do leagas mo shúile go dlúth le chéile, Mar is minic ar fán gan fáth fear réighte, Do rinneas mo gháire 's do shaghas fá chéile iad. Bhí an dias ní b'fheárr na Pairis as Aesop, Do chorruigh sí suas go buacach bríoghmhar, Do thocas a gruag 's do chaith uaithe a píopa, Do tharraing sí anuas a cuid dánta díoghaltais, Agus an-chuid mhór nach féadaim cuimhniugh' air. An Chailleach: Maidir le duais ná luaidh é ar aén chor, Ó d' athair ní bhfuaireas duais ná béile, Ná dadaidh de'n áird acht náire shaoghalta, Ag sagairt 's ag bráithribh dom' chrádh 's dom' chéasadh. An Siota: Súd é an fáth do chrádh 's do chéas thu, Mar bhíos a-lán de mhnáibh dith-chéille, Ag gabhail le fear gan cead gan cómhairle, A imreas a chleas gan meas gan pósadh. Sgríobhann Mac Giolla-an-Chloig "suttach," agus is é "Siota" atá ann sna cóipeannaibh eile. Dubhairt an Braonánach liom gur buachaill mór nó "stócach" é.
Cailleach: I gcúrsaidh an cháis sin fág tar éis é, Ná cluineadh a-lán d'á rádh, thú, ar aén-chor. 'S a liachta bean óg, pósta as aonta, Le dúil san gcleas, ghnidheas beart budh chlaoine Siota: Maidir le claonadh 's é budh choir dhuit, Ag agallamh déirce ar thaobh na mbóithre, Go dearbhtha deimhin muna bhfaigh mé fóirighint Go rachad do'n chill le dian-éadóchas. Cailleach: Seachain an nidh sin choidhche, a chladhaire, Athraigh do smuaínte a's guidh an Mhaighdean, Atá aici stór go leór a's roinnfidh, 'S níor dhearmad sí riamh croidhe na foighde. Siota: Tá m'fhoighid rófhada, 's ní fearr dham mar tá mé, Ó réabadh mo hata, 's ó stracadh mo chába, Tá mo bhróga caithte 's ní'l snáithe ar mo shálaibh, Agus ní'l acht magadh 'n a n-abrann tu, a mháthair. Cailleach: A chladhaire mhallaighthe, ó chaithidh mé innsint, Biadh níor altuigh tú maidin ná oidhche, Ní abrann tú paidir, a's gearrann tú Íosa, Is é fáth t'anacra olcas do ghníomhartha. Siota: Maise! ní'l aon mhaidin trá 's mian liom dúiseacht, Nac bhfághaim thú caithte cois cnaiste nó cúinne, Ag rádh do phaidreacha gur at do ghlúna, 'S nach bhfeicim d'á bhárr agad acht fataidh gan annlann, Agus feóil dá h-alpadh ag bacaigh na dúthaigh.
Cailleach: A mhéirligh mhallaighthe, mallacht mo chroidhe ort, Do liaigh ná sagart ní mheasann tú stríocadh; 'S go bhfuil na naoimh a's an Eaglais ag teagasg na ndaoine, Gur do na boicht ceapadh na Flaithis mar shaoirse. Siota: Má's do na boicht ceapadh na Flaithis mar shaoirse, 'S gur áit é bhfuil fairsinge beatha 'gus dighe ann, Nár chóra dhuit preabadh go tapa do sgíord ann, Ná bheith ag siubhal bailte, lorg eistios(?) na h-oidhche ? Cailleach: A chladhaire mhallaighthe, mallacht mo chléibh ort, Nó an nidh é do mheasais dam, preabadh de léim ann. Na Naoimh a's na h-Absdail 's an Eaglais naomhtha, Ní rachaid i seilbh na bhFlaitheas go n-éagfaid. Siota: Má's áit chomh daingion sin, gan geata gan céim, é, 'S nach bhfuighfeadh duine casadh 'gcionn seachtmhain' nó lae as, Ar eagla easnamh nó easbhaidh mo bhéile, Do b'fhearr liom bheith ag baile ag stealladh na déirce. Cailleach: 'Sé árd-ríoghacht na bhFlaitheas an fearantas naomhtha, Ó nach gcasann aon neach ar charaid ná ar chéile, Ní'l ceó, ní'l peacadh, ní'l aindheis ar aon ann, Acht gloir agus áthas 's ní fada leó a laethe. Siota: Má's áit chomh maith sin gan obair gan gnó é, 'S go bhfaighinn-se comhthrom, a's codladh mo dhóthain, 'S go bhfuil biadh 'gus bainne 'gus fairsinge mhór ann, Do rachainn sna Flaithis go dtigeadh an fóghmhar.
Cailleach: Ní'l gleó ann ná obair, ná cogadh, ná cómhrac, Ní'l bruid, ná toran, ná codladh, ná gnó ann, Ní'l ceó, ní'l peacadh, ní'l lasracha 'dógh' ann, Acht ceólta ag aingil a's iomdhad glóire. Siota: Muna bhfuil [in] do bheatha sna Flaithis acht ceólta, Ní bhfaigheadh [an] bolg bocht ocrach spórt ann, 'Ná naoimh a's 'ná h-aingil ag greadadh a gcuid ceólta, Ba bhinne liom toran an phota 'mbeith spól ann, Ná dorn de bhocannadh gorma rósta, Codail, a chailligh, 's ná h-abair níos mó liom, 'S nuair rachair sna Flaithis nár thagaidh tú beó as. Cailleach: Má's beó nó marbh dham, mallacht mo chroidhe ort, Do liaigh ná sagart ní mheasann tú stríocadh, Acht móide mallaighthe, peacadh a's daor-chóir, Ní rachaidh riamh go Párrthas fear do ghníomh-sa, 'S go bhfágfaidh do chóireacha i n-ifrionn shíos thú. Siota: Muna dtéidh aon pheacach go Párrthas choidhche Acht an té bhéas beannaighthe, béidh fairsinge slighe ann, Má's daor a's má's damanta an té leanas mo shlighe-se, Tá bliadhain a's fiche ó bhí ifrionn líonta, 'S ní glacfaidhe [ann] mise, le h-uireasbhuidh slighe ann. Cailleach: An trá bhí na h-Absdal ag teagasg na ndraoithe 'San seachtmhadh caibidil, 's é Peadar do sgríobh é, Gur b'é dubhairt an Leanbh do cheannuigh na mílte An té shéanfadh ar thalamh é, nach Flaitheas budh dhíon dó.
Ach má's saor nó damanta (G.). Fá bliadhain agus fithche beig (L.).
Siota: Níor phráin dó Pheadar labhairt danartha ar aén neach, 'S gur gearr an chaismirt do sheasaimh sé féin ann, Dá mbudh phlé dhó le cailligh gan earradh gan éadach Gan cóir gan comhthrom acht codladh 's gach aén tigh, Míola dá phriocadh faoi ghiobail na déirce, Budh stuacach an duine é, 's do chloisfeadh an saoghal é. Cailleach: Sul ar buaileadh thusa orm is minic do léigh mé Ar Iób a d'fhulaing an iomarcuidh péine, Bhí míola 's gearba air, carra, gus loibhre, Agus fuair sé na Flaithis de bhárra na foighde, An t-árus breágh beannuighthe measaim nach bhfaighir-se. Siota: Éist, a chailligh! leig feasta do'd ghleó liom, Bailigh do dhéirc, ó is é budh chóir dhuit, No cuirfidh mé fút-sa cúrsa fallsa Mar do chuir Lúiter tuirc san bPápa, Cailleach: Is nidh é bhfuil súil a's dúil gac aenne ann, Is measa go mór do ghnóthaidh féineach, Bheith ag séanadh Críosta a's dlighe na cléire. Siota: Eist, a chailligh na bac liom ar aon chor, An té chuairteóchadh d'aigne, 's measa thú féineach,
Críosta ní ghlacann sé bladar ó aen neach Acht réir thola an Athar san bhFlaitheas, do dhéanamh. 'S go bhfeicim-se sagart 'na sheasamh 'na léine A ghníomh 's a theagasg seacht n-acra ó chéile. Cailleach: Na bac leis na sagairt, tabhair aire dhuit féineach 'S é Maois do cheap iad 's thug aitheanta Dé dhúinn, Críosta 's na h-abstail a d'achtuigh iad na dhéigh sin, Ag stiúradh an pheacaigh cum 'anam do dhéanamh, Chum pósadh a's baisteadh a's Aifrionn do léigheadh dhúinn. Siota: Maidir le pósadh is gnó ródhaor é, Trí guinea óir agus c'róin do'n chléireachh, Glaodhtar go h-árd ar cháirdibh an chúpla' Chum airgid d'fhághail bíonn pláta ar stiúr ann, 'S muna n-íocann tú láithreach táir do bhrúta. Till the bishop is paid ní léightear Nobis, 'S, a chailligh, nach daor é an tEgo Vobis. 'S gur b'é deir gach aon tar éis na ngnóithe Gur b'é an Mamram (?) pego do ghnídheas an pósadh. Cailleach: Is acht san tír 'gus is dlighe róchóir é, 'S is duine gan croidhe nach mbíonn i gcóir leis, Ó thús an tsaoghail tá dlighe agus órd leis, Dáibhi a's Maoise bhíodar pósta, A's de'n uisge do ghnídheadh Críost fíon ar chóisir 'S is anamh do bhíod i dtigheas neamh-chórach.
Siota: Is baoth, a chailligh, 's is leamh do ráidhte, 'S dá mbeitheá-sa marbh ar maidin amárach 'S go mbéarfainn chum sagairt thú, ceangailte i mála, Ní léighfeadh dhuit Aifrionn gan airgead láimhe. 'S i gcúrsaidhe an Charthanais is searbh leis trácht air. Cailleach: Gan congnamh na sagart budh dhoiligh ár saoradh, Mar is ró-árd an t-ainm [ag] fear ionaid Dé againn, Is nidh é go maitheann sé peacadh a's daor-chóir, 'S is cinnte gur ceapadh slighe beatha dá réir dó. Siota: Éist, a chailligh, nó caithfead thú áitiomh Cad é an tslighe bheatha thug Peadar do'n Phápa, Acht fearantas sléibhe agus réim na dúthaigh 'S gur fiosach an saoghal gur bh'é budh chionntaighe An bheatha go léir bheith ag préimh-shliocht Lútair. Cailleach: Is duine gan céill thú, 's is bréag a dúbhrais, Nó neach chuirfeadh spéis i mbréithribh Lútair, Rachaidh fear ar an gcoill go mbainfidh sé sgiúrsa Go mbuailfidh a leanbh ag cur smacht agus stiúir air, Is gairid andhiaigh an fhearg do mhúchadh Gur míle measa leis an leanbh ná an sgiúrsa. Is gairid an cúrsa an cúig le cómhaireamh Maithfear an chóir is béidh an sgiúrsa dóighte, Fearantas sléibhe 'gus réim na h-áite Ag eaglais Dé a's an Béarla caillte. Siota: Ná trácht liom, a chailligh, ar bata ná ar sgiúrsa, Is mithid doibh bheith caithte ó bharra go stúmpa, Mar a bhfaighidh an t-athair an leanbh le múnadh Do bheir sé a mhallacht do 's leigeann chum siúbhail é.
Cailleach: An té d'imthigh ó'n athair le fearg gan réidhteach, I gciantaibh dannartha a bhfad ó na ghaoltaibh, Gan súil le casadh dó i gcaitheamh a laéthe, Nuair tháinig sé a-bhaile tar éis a théarma, Do thug sé a bheannacht dó, 's marbh sé laogh dhó, 'S an té d'fhan san mbaile níor mharbh sé gé dhó. Siota: Do b' an-fhada an fhearg é, 's níor bhfurus a réidhteach 'S budh mhithid dó casadh dá gcasfadh sé ar aon chor, 'S go bhfuil sé suigte dearbhtha ag grathin (?) an Bhéarla Nach bhfuil dream ar an talamh is measa ná Papists 'S an té dhíol Críosta nár dhíobh féin é ? Cailleach: Créad tá aca féin le léigheadh ná innsint Acht an rud a d'fhág Calbhin an clampadóir sgríobhtha, ,S go bhfuil ocht gcéad ocht ndeich agus ocht naoithe Do litreachaibh cam-sgéal a's bréag 'na mBíoblaibh. Cá' 'uil an té is mó do léigh de úghdair Chonnairc naomh no fáigh de phréimh-shliocht lútair ? Cá 'uil an té chonnairc Críost ná Maois na dteampoll Ná pobal na diadhachta teacht 'na gcampa ? Ní leanann Críost acht binn an teampoill 'S tá damanta na mílte ar an mbíobla Gallda. Siota: Sguramaois d' achrann is fearr dúinn réidhteach Ag críoch na beatha nár dhamantar aon neach, 'S ar rinneadh de pheacadh ag Clann Ádhaimh a's Ebha
Sé dubhairt an Leanbh do cheannuigh go daor sinn 'S do dhóirt a chuid fola 's do crochadh dá'r saoradh Dá mbeith an duine chomh dubh leis na daoltaibh Fill orm feasta a's slánfaidh mé féin sibh. Gidheadh, deir sagairt bráithre a's cléire Grádh Dé agus carthanas ghlanfas gach aon neach, Téirigh ar maidin a's ceannuigh dam léine, Pósfaidh mé feasta 's ni fhanfaidh mé ag plé leat. Sin eachtra na caillighe 's an dailtín thréithigh Sgríobhtha síos i bhfíor 's i n-éitheach Léigh go sáimh ó bhárr go cúl í, A's fiosruigh de chách cia 'ca b'fhearr de'n chúpla. Má tá baois ann, Críost dá réidhteach, Trócaire ó Dhia orrainn 's iarradh gach aon é. Amén. Chonncamar in san sgeul sin, " Déirc na Nodlag," mar do tháinig sgata dardaol amach as béal na drochmhná do bhí ag fághail bháis. Budh iad sin na drochspioraid do bhí ag teacht amach aisti no b'éidir gur bh'iad na diabhail féin do bhí ag fanamhaint i ndorus an bhéil, leis an anam do theacht amach as an gcroidhe, go mbéarfadaois air. Ag so sgéal an-iongantach ar an nidh sin, do fuair mé as sean-láimhsgríbhinn do cheannuigh mé ó fhear i gCondae na Midhe. I Leith Chuinn do sgríobhadh í, acht ní fhéadaim a rádh an sgríbhinn Chonnachtach í. Is dóigh liom go bhfuil an leabhar so idir dá chéad agus tri chéad bliadhan d'aois, acht is sine go mór an chaint atá ann 'ná an sgríbhinn féin, mar is follus ó na sean-fhoirmibh atá innti, mar "tainigset," agus c.
Ní mheasaim go bhfuil aon chóip eile d' Aisling Naoimh Pól cosmhúil leis an gcóip seo. Is dóigh gur i nGréigis do cumadh í ar dtús, agus tá cóip eile dhe i dteangaidh na Siria, agus ceann eile i Laidion. Tá an sgéal so le fághail i sean-árd-Ghearmáinis, i Loclannais, i bhFraincís, agus i Slabhais. Tá an chóip Laidne is fearr agus is fuide dhe, le fághail insan mBibliothéque Nationale ag Paris. Acht ní'l focal innti (ná insan nGréigis ná insan Siridhis) ar imtheacht an anma as an gcorp, ná ar Naomh Micheál ag déanam an eólais do Naomh Pól go leabaidh an duine do bhí ag fághail bháis. Ní féidir a rádh, indiú, an é as a cheann féin do chum Gaedheal éigin an méad sin, no an aistriughadh é ar chóip Laidne eile atá caillte anois. Is cosmhúil an píosa so leis an "Teanga Bith-Nuadh," no le "h-Aisling Thundail," do cuireadh is dóigh, i nGaedheilg ó'n Laidion. Níor frith ariamh aon sgríbhinn Laidne de'n "Teanga Bhith-Nuadh." Má bhí a leithéid ariamh ann - agus is cinnte go raibh is cosmhúil nach bhfuil sé ar fághail anois. Is dóigh go bhfuil giotaidh eile ann de shean-litridheacht
na Críostuigheachta, taobh-amuigh de'n "Teanga Bhith-Nuadh," do bheith caillte ar fad anois, acht gur shábháil na Gaedhil iad, agus gur díobh sin an chuid is mo de'n sgéal so. Tá "Páis Naoimh Pól" insan Leabhar Breac, acht ní'l focal ann ar an aisling seo. Acht tá dá dhroch-chóip eile dhí le fághail san Acadaimh Ríoghamhail, nach bhfuil chomh maith, chomh lán, ná chomh h-aosta le mo chóip-se. Ar an ádhbar sin bheirim mo chóip-se féin ann so, le n-a sábháil ó'n mbás, agus cuirim le na h-ais nótaidh as an dá chóip eile. Ag so cuntas as láimh-sgríbhinn Ghaedheilge eile ar Naomh Pól: "Duine beag dearóil an t-apstal Pól. Slineáin leathna aige. Aghaidh bhán, go h-iomchar forusda aige. A cheann beag. Súile geanamhla glinne aige. Malaidh fada, srón seasamhach, agus feusóg fada, agus beagán do ghruaig liath." Ní athruighim aon fhocal insan sgeul so, acht sgríobhaim "ea" i leabaidh "e" agus i leabaidh "io," agus ceartuighim anois agus arís litriughadh focail, agus cuirim síneadh fada orra. CRÍOCHA DÉIGHEANNACHA AN DUINE AG A MBÍ DROCH-BHEATHA. Thárla Pól Easball i n-am áiridhe i gcáthair dar ba ainm Smirná i gcrích na Siria, agus is amhla do bhí Pól
ag eadarghuidhe Dé uile - chúmhactaigh fa nidh éigin do phianaibh ifrinn do thaisbeánadh dó, ionnus go [mbudh] móide a dhéanfadh toil Dé é, agus do bhéarfadh teagasg dona puible an taisbeánadh sin fhághail. Agus ar mbeith dó ag guidhe Dé amhlaidh, tig óglach d'á ionnsuidhe, agus d'iarr air dhul leis, a neartughadh duine in a chreideam do bhí i bpuinc a' bháis. Do ghluais Pól leis an óglach chum na h-áite a raibh an duine tinn, agus do fuair é [ag] spairn leis an mBás, rompa. So an módh a sgarann an t-anam leis an gcorp (mar adeir S. Bernard, aon do árd-Dochtúridh na Trionóide). Adeir sé go dtig an bás 'na dheilbh fhuair anaithne dhófhulaing ag gabhail do bhearraibh agus do shaoighdibh san gcorp ; agus tig ar dtús insna buill foirimileacha, mar atá i gcroidhe na mbonn agus na mbas, insna cuisleanaibh agus in gach ball eile do'n chorp, no go ruaigeann an t-anam uasal roimhe as gach ball do'n chorp, mar a ruaigeas an t-iasgaire an [t-i]as[g] fo chuasaibh na babhanne (?) gus an anach a mbí an líon na shuidhe chum a ngabhal. Mar sin do ghnidh an bás a' ruagadh an anam roimhe gus an croidhe - an chéad bhall beó agus an ball déigheannach do gheibh bás do'n duine. Acht cidh trácht, ar thigheacht do Phól agus do'n teachtaire gus an duine tinn [thugadar fa deara], mar a raibh féin agus an bás a' gleic le chéile, agus go raibh an bás ndéis seilbh an chuirp uile a ghlacadh, acht go raibh an
t-anam i seomra íochtaraigh an chroidhe ag iarraidh é féin a fholach ó'n mbás. Agus budh dhiamhaoin dó sin, óir an uair tháinig an bás gus an croidhe, do ghabh a' treabhadh agus a' tolladh an chroidhe, óir do bhí a dheimhin aige gur ab ann do bhí an t-anam. Mar do mhothaigh an t-anam a námha agus a eascara .i. an bás, i gcomh- fhogus dó, do shaoil an corp fhágbháil, agus tigheacht amach as an mbeul, ó nach fuair ionad cómhnuidhe ná díon san gcorp. Agus 'sé gheibh sé roimhe ann, sluagh amhusasach (sic) ath-uathfar do dhiabhlaibh dubha dath- ghránna, agus lasaracha tinntighe lán do bhréantas, agus droch-bholadh gránnamhail dó-fhulaing as a mbéalaibh amach; agus gach aon aca feitheamh le broth ar an anam [do theacht] as an mbeul agus as an gcorp amach. - Óir ar stáid dhamanta gan aithrighe fuair an peacach so bás. Agus ar fhaicsint an ghárda dhiabhlaidhe so do'n anam bocht roimhe, do fhill an t-anam go ceisnigheach critheaglach, agus tig go slighe na sróna, agus shaoil do thigeacht amach ann. Agus do chidh an sluagh céadna roimhe. Fillis lán d'athtuirse agus do thruaighbhéil agus téid gus na súile, agus 'se gheibh roimhe ann, iomad do dhiabhlaibh dubha dath-ghránna, lasarach[a] tinntighe as a mbeulaibh agus as a mbráighid, agus gach aon aca d'á rádh " Godé an cómhnuidhe seo ar an mbás gan an t-anam damanta so a ruagadh amach chugainn as an gcollainn chraoisigh in a bhfuil, go mbéaramaois linn dá áitreabh féin é, áit a bhfuil dorchadus agus pian shíorruidhe tre shaogal na
saoghal, mar do thuill a mhi-ghníomha an feadh bhí ar a chumas féin?" Ar chlos na mbriathra so do'n anam bocht do sgread agus do éimh go marbh-lag, agus do chaoi go deurach dobrónach géar-thuirseach, óir do aithin ann sin go raibh sgartha leis an mbeatha shíorruidhe le saoghal na saoghal, agus iompuighidh sé ar ais go tollamh na gcluas, mar do shaoil slighe fhághail amach, agus 'sé a gheibh ann sin roimhe, an iomad do phéistibh gránna, agus do aithreachaibh nimhe do-dhealbhtha ath-fuathfar[a] éag- samhla. Mar do chonnairc an t-anam sin fillis tar a ais gus an croidhe mar do shanntuigh, dar leis féin, dul a bhfolach. Agus do fuair an bás roimhe ann, a' treabhadh agus a' tolladh an chroidhe. Do mheas an t-anam, ann sin, nach raibh dul as aige do aon taobh. Téid i mí-dhochus ar Dhia 's ar an gCúirt-ainglidhe uile, agus do chuaidh suas go báthais an chinn. Fágbhas an corp amach agus suidhis ar mhullach a' chinn. Féichis síos an tuamba sin in a raibh .i. a chollann, agus dubhairt, "A Dhia Uile-chúmhachtaigh! an féidir gur ab í seo an chollann in a raibh mise feadh aoibhnis ghearr, agus má's í, ca'r ghabh an rosg gorm glan-radharcach no an ghruadh chorcair? 'S é do chím [i] n-áit na rosg, cuasa tolla tiorma, ar na slugadh 'steach 'san chloigionn; an ghruadh chorcair dheagh-mhaiseach, í anois dorcha daol-dhathach; an béal do bhí indiú dearg deagh-chumtha, é anois dúnta dofhosgailte bán-ghorm bith-ghránna, gan uirghiall gan úrlabhra, agus a Dhia Uile-chúmhachtaigh is mairg a mealladh
leis an [g]compán, fá thogbhall (?) neirt cumais uabh- air is aigne in chuirp, do geineadh, agus do bhí beó, agus budh mhór a chuid óir agus ionnmhuis, agus ní fhaicim aon nidh dhé sin uile ar fághail aige no dul i sochar no i sólás ar bith dhó. Acht chím gur ab olc do chaith sé na tiodh- laicthidh thug Dia dhó, agus dá bhrigh sin gur dhamnaigh mise go síorruidhe." Do labhair an chollann agus dubhairt, "Muna mbeith thusa ní thiucfaidís na sluaighte diabhlaidhe amhusach' so do m'éiliughadh-sa anois. Óir is amhlaidh do bhí tusa an uair do cheangladh dhiom-sa thu, do spiorad lúthmhar lán-neartmhar, lán do thuigse, do mheabhar agus do ghlaninntleacht, d'uaisle agus d'onóir; aithne agad idir olc 's maith; agus gan mise acht mo lán doirn do chriadh, gan sgéimh, gan neart, gan mhothughadh, gan céill, gan tuigse, gan cumas, gan treóir, gan siúbhal, gan radharc, gan éisteacht, no gur ceangladh thusa dhíom, agus dá bhrigh sin gur tusa is cionntach agus ní mise." "A phiasd chraoisigh cholnuidh dho-cheannsaighthe ní fíor a n-abair tú, óir do bhíos mo spiorad ghlan ghlórmhar," ar an t-anam, "gan riachtanas agam le biadh no éadach, no nidh ar bith eile d'á bhfuil ar a' talamh, acht aoibhneas na beatha naomhtha, no gur ceangladh dhíot-sa mé, agus is uime do ceangladh diot mé, chum tú chaitheamh lúth do chos, saothar do lámh, radharc do shúl, éisteacht do chluas, labhairt do bhéil, smuainídh do chroidhe, agus gach tabhartus eile thug Dia dhuit, le fóghnamh, le h-úmhlacht [agus]
le gach seirbhís eile a dhéanamh do Dhia glórmhar ar feadh do raé ar an saoghal-sa; agus 'na dhiaigh sin go bhfuighfinn-se agus tusa toradh na ndeigh-ghníomh sin i gcaitheamh na glóire síorruidhe i gcómhluadar Dé, na h-óigh' beannaighthe Muire, agus na cúirte ainglidhe neamhdha uile, mar [a] bhfuil gach dá ndearna na deigh- ghnímh, mar atá trosgadh, déirce, urnaighthe, carthanacht le cómharsainn, [bheith] ag éisteacht le briathraibh Dé go fonnmhar, agus déanamh dá réir, agus nach ndiultaigheadh cosg riachtanais na mbocht, agus c. Agus ní h-iad sin do rinne tusa, acht na tíodhlaicthe thug Dia, a chaitheamh le craos, le póit, le hadhaltranus, le uabhair, le díomais, le saint, le milleadh coda na gcómharsann, le bréaga, le cailios, le fearg, le h-athrann (?), le cúl- ghearradh, le mi-chiall, le neamh-thruagh, le h-éagcóir, le dibhfeirg, le leisg, le formad, le drúis, le creich na mbocht, agus le gach cineál eile peacaidh ba sáimh leis a' gcollainn dhaonna. Agus féach! god é an toradh atá agat ar son na mi-ghníomh sin? Is marbh lag do bhuill do bhí lúthmhar láidir, is dúnta an beul le labhairtheá an cómhrádh mi-dhlistinigh, is lag an teanga le a gcanfá na briathra graosda barbardha, a' tabhairt mi-chlú, tarcuisne, dímheas' náire, táire, mi- thaithneamh, a's gach cineál eile dar bhféidir le do smuaínidh agus le do inntleacht thabhairt id chuimhne. Is bodhar an chluas d'éistfeadh le monbhar, le sgannall, le cúl-ghearramh na gcómharsan go fonnmhar. Is dall tollta an tsúil do fhéachamh [sic] go sanntach claon
mailíosach. Ní'l gnaoi ná maise ar a' láimh air [a] mbíodh na seóide ar na méaraibh, ní fheicim iad ort anois, agus fós ní fheicim an t-ór ná an t-airgead no gach iolmhaitheas eile do mheall tu, do shlad tu, agus do chnuasaigh tu ó an bhfann, ó an dilleachta, agus ó'n dearóil, le cealga [agus] le mi-rún. Táid anois ar sheilbh dhaoine eile, agus gan aon nidh dhióbhtha, déanamh maith ar bith dhuit, acht gach olc dar budh fhéidir áireamh. Agus, mar sin, a chollann chraoisigh ainmhianaigh agus a phiasd is do-cheannsaighthe da'r chum Dia, is tusa is cionntaighe agus ní mise," ar a' t-anam. Tar eis na briathra sin a rádh do'n anam go truaigh- bhéil tuirseach, do labhair ainspiorad do'n tsluagh dhamnuighthe sin do bhí feitheamh leis an anam fhághail ar a sheilbh féin, agus adubhairt, "Is iongnadh an fad tá an bás gan an t-anam damanta so a ruagadh chugainn as an gcollainn amach." D'fhreagair diabhal eile é agus adubhairt, "Ní féidir dhúinn a sheilb no [a] ghlacadh no go dtugaidh Íosa Críost breith air, ar dtús, do réir a ghníomha olc a's maith, gidheadh is linn go síorruidhe a sheilbh - go síorr- uidhe, do bhrigh gur dúinn do rinne seirbhís a's fóghnamh an fad do bhí in a bheatha, agus is linn seilbh a anam agus a chuirp ó lá na breithe déigheannaighe amach go síorruidhe." Tar éis na briathra so a rádh dona diabhlaibh, do ísligh sluagh soillseach soilbhir do ainglibh neimhe go canntannamh (sic) ceóil aca timchioll a' chuirp, agus óglaoch budh ghlórmhaire 'ná an ghrian in a gceart-lár.
An iomad do chneadhaibh aidhbheul' mór-osgailte in a chneis, a's iad a' silt fola. Do labhair an t-óglaoch leis an marbh, agus d'fhiafruigh god é mar chaith an saoghal a fuair sé, no na tíodhlaicthe thug Dia dhó. D'fhreagair an chollann agus dubhairt: "A Íosa Críost, a Uain Mhic Dé, ní fhéadaim sheunadh gur ab olc do chaith mé mo raé, agus na tíodhlaicthi fuair mé, gur fhulaing tusa pian-pháis a's bás ar mo shon, gur i neamh-shuim chuir mise sin, agus dá bhrigh sin atáim féin adbhálach nach bhfuil cumas agad-sa ó fhíor-cheart do dhiadhacht, agus ó líonmhaire mo dhroch-ghníomha an uair nach ndearna mé aithrighe luath ná mall ionnta, gan breith dhamanta thabhairt orm anois. Agus faraoir! do chím anois, deachair, dith, agus díoghbhála na faillighe do rinne mé, an aithrighe a chur ar cáirde, go dtáinig do theachtaire an bás chugam, agus mo nuair! ní raibh mé ollmhuighthe roimhe, agus fós ní bhfuair mé cáirde an uair tháinig sé gur chlaoidh mé... agus sin é mo chuntas ar mo bheatha, agus go deimhin is mó is olc é 'ná is maith é." "Maiseadh," ar an t-óglaoch air a raibh na cneadha, "in a ndearna tu do lochta agus do mhi-ghníomha ar feadh do bheatha, dá ndéantá aithrighe fhíreannach ód' chroidhe ionnta, do dhéanfainn-se chomh glan leis an ghrian thu, agus do chuirfinn i gcuideachta na n-aingeal agus na naomha thu, i gcaitheamh na glóire síorrsuidhe, agus ní bheith cumhachta na féidhm ag an sluagh diabhlaidhe atá 'feitheam leat ort. Agus ó nach ndearna tú sin is éigin breith a thabhairt ort réir do ghníomha olc a's maith." Ann sin do tháinig gach aon do'n tsluagh deamhnaidhe bhí 'feitheamh leis an anam bocht, agus stuaidh do mheamram ciar-dubh i láimh gach [aoin] aca, ann a raibh sgríobhtha
gach a ndearna an marbh do sheirbhis an diabhail. Ar fhaicsin sin do'n Slánuightheóir Íosa Críost, 'sé dubhairt, "Beiridh libh an t-anam damanta so go h-ifrionn d'á phianadh go lá na breithe generálta, agus ó sin amach béidh an chollann mar aon leis an anam aguibh, i gcaitheamh na bpian síorruidhe." Ann sin táinicset an sluagh diabhlaidhe sin bhí 'feitheam leis an anam, do tharraingset le camógaibh tinntidhe an t-anam bocht, agus do rinnset meall teinidh dhé, agus do bhíset d'á ruagadh rompa go h-ifrionn, agus é ag gártha agus ag éimhidh go fann uathbhásach. Do bhí Pól easball a' feitheamh gach nidh dhíobhtha sin, do bhrigh gur ab é Dia do chuir A theachtaire chuige,ionnus go bhfuigh' sé amharc ar an duine ag [a] mbeith droch [bheatha] i bpuinc a bháis, do réir an ghuidhe do rinne. Ar imtheacht do'n tsluagh mallaighthe agus do'n anam a radharc ann sin, d'éimh Pól, ag gol agus ag éagcaoin, amharc fhághail ar an gcrích bhí d'á thabhairt ar an anam. Ann sin d'fhiafruigh an teachtaire do Phól, ar mhian leis amharc fhághail ar phian an anam' úd agus na n-anamann eile damanta. "Budh mhian liom," ar Pól, "dá mbudh toil le Dia é." "Maiseadh," ar an teachtaire, "do bhéarfaidh mise amharc duit orra, óir ní duine saoghalta mé, acht aingeal do chuir Dia chugad-sa, do thaisbeánadh na neithe seo dhuit, agus is mise Micheál Arc-Aingeal," ar sé. Tar éis na mbriathra so do rug an t-aingeal go
bruach gleanna do b'athfhuathmhar ar uirde agus ar uathbhás. Do chonnairc Pól, do na chéad-neithibh ann sin, abhann mhór dhorcha ghránnamhail. Budh dhuibhe 'ná an gual a ghné, [budh chiar-dubh] an t-uisge aedhartha athfhuathmhar do bhí innti, go muirbhfeadh fir a's mná na cruinne aen tséideadh amháin do'n ghaoith nimhe thigeadh aisti-mar mbeith Spiorad Dé dá bhfurtacht go sgriosfa[dh] clocha agus crainn, - agus an iomad do phiasdaibh gránna, agus do aithreacha nimhe, agus do diabhlaibh do dheilbhthibh éagsamhla innti, a' gleó, a' leadradh, a' cramuigh (?) agus a' cnámh-ghearradh a chéile, a' mallughadh an lae in ar geineadh no in ar cruthuigh[eadh] iad. Do'n leith eile thall do'n abhainn do bhí uaimh dhorca, in a raibh iomad do anmannaibh damanta, a' sgreithigh (?), iad dá gciabhruigh (?) agus dá lasgadh, agus is amhlaidh do bhí drong dhíobhtha na suidhe ar theallach tinntidhe na bpian, an iomad do dhiabhlaibh dubha deilbh-ghránna a' freasdal agus a friothóladh na bpian do-fhulaing orra, mar táid teinte agus lasaracha geur' greatigh (?) agus na diabhail dá n-iomruagadh agus da n-iomluadhaill le bearaibh rinn-ghéara insna lasarachaibh sin. Agus do bhí fos- loch(?) adhfuar oighreata lán do nimh in a léimidís
na h-anmanna damanta ag iarraidh fionnfhuaradh agus furtacht ó gheur-ghreadughadh na teine. Gidheadh, ní túisge do théidís do'n loch 'ná léimidís as arís san teine, le méad an fhuacht agus an gheur-nimh do bhí san uisge, agus ag so na briathra déarfadh cuid díobhtha: "A Dhia uile-chúmhachtaigh an bhfuil fuasgladh no furtacht i ndán [dúinn], no' mbéidhmid go bráth insna piantaibh seo, no cá h-áit a bhfuil bás nach dtig chugainn dá'r gcuir ar neimh-nidh, ionnus go bhfuighmís suan le bheith marbh dúinn?" Do fhreagair spioraid eile dhíobhtha agus adubhairt, "A spioraid mhalluighthe dhiabhlaidhe dhamanta," ar sé, "ní'l furtacht no fuasgladh i ndán daoibh le saoghal na saoghal, dá bhrigh gur ab é sin críoch do thuill bhur mi-ghníomha an feadh do bhí sibh in bhur mbeatha, le h-uabhar, le díomus, le craos, le h-antoil, agus le gach cineál eile peacaidh. Do chaith sibh na tiodhlaicthe thug Dia dhíbh, mar atá, meabhar, sgéimh, neart, aedhar, aoibhneas, radharc súl, éisteacht cluas, labhartha béil, gluasacht baill, agus iad uile chum seirbhís Dhé do dhéanamh, gidheadh is é rinn sibh-se a [g]caitheamh le seirbhís an diabhail, agus is é bhéarfas luach saothair daoibh i bpiantaibh gan furtacht gan fóirighin le saoghal na saoghal." "An fios duit," ar an t-aingeal, "a Phóil, cia h-iad a phiantar mar súd."? "Ní fios dam," ar Pól, "acht is orra tá an dochar nach féidir [a] aireamh ná fhaisneis." "Súd í," ar an t-aingeal, "lucht an díomuis agus an uabhair, do bhíodh ag comh-bhrughadh na mbocht, thug
iad féin d'ól agus do ainmhianaibh an tsaoghail. Táid na diabhail úd da gcomhthuargant, agus a' friothólamh na bpian síorruidhe orra, agus béid [mar sin] re saoghal na saoghal, i n-éiric na gcionnta sin." Do chonnairc Pól drong eile ar theallach tinntidhe na bpian, an iomad do dhaoil-phéistibh gránamhail agus do aithre nimhe ag creim agus ag cnámh-ghearradh gach baill díobhtha, cuid do na péistibh dul isteach in ambeólaibh, agus in a mbráighidibh, agus a' tigheacht amach as a gcluasaibh [agus] na spioraid féin a' tacar(?) agus a tarraing na ndiabhal agus na n-ilphéist gránnamhail sin chuca féin. "An bhfuil fhios agad, a Phóil," ar an t-aingeal, "ca dream a phiantar mar súd?" "Ní'l fhios," ar Pól. "Súd," ar an t-aingeal, "lucht an adhaltranuis agus na drúise gráineamhla, agus i n-éiric na n-éadaigh dath áluinn dathamhla do chuiridís orra, eidir mná agus fir, a' mealladh a chéile, táid na diabhail úd dá gcreim agus dá gcosgairt agus dá gcnámh-ghearradh go síorruidhe." Do chonnairc Pól drong eile ar theallach tinntidhe na bpian; sléibhte mór' teine ar gach taobh dhíobhtha, an iomad do dhiabhlaibh deilbh-ghránna a tliginn na sléibhte sin san gceart-mhullach orra dá gcomh-bhruith agus dá ngéar-ghreadadh go bráth. "An fios duit, a Phóil," ar an t-aingeal, "cá drong a phiantar mar súd?"
"Ní fios," ar Pól. "Súd," ar an t-aingeal, "lucht na sainte, dream do bhíodh a' tacar agus a' tiomsughadh cuid na gcómharsann go neimhdlisdinnidh, nach ndéanadh truaighe, déirce, ná daonacht do na bochtaibh, [agus] do dhéanadh leathrom ar an bhfann." Do chonnairc Pól dream eile ar theallach tinntidhe na bpian, diabhla bith-ghránna, a súile ar mearughadh in a gceann, dá bpianughadh agus dá ngéar-chrádh, dá dteannughadh le slabhraibh tinntidhe. "An bhfuil fhios agad, a Phóil," ar an t-aingeal, "ca dream a phiantar mar súd.?" "Ní'l," ar Pól. "Súd lucht na tnútha, dream do bhíodh dá gcrádh agus dá losgadh le tnú, agus le h-éad, an uair do chídís maith ná maoin ag a gcómharsainn, nach mbeith sásta leis na tíodhlacthibh do bhéarfadh Dia dhóibh féin, agus i n-éiric sin béid da gcrádh amhlaidh súd go síorruidhe." Do chonnairc Pól dream eile ar theallach na bpian tinntidhe, go nuige a smige in uisge ath-fhuar sioc- aighthe ar dhath a' ghuail. Ba bhréine an t-uisge sin ná conablach marbh tar éis morrgaidh. An iomad de phéistibh a' snámh in a bhfiadhnuise san uisge, iad dá gcrádh do ghorta agus do thart, a mbeóil osgailte, a' gártha ar biadh agus ar dhigh-é os a gcómhair, agus gan ar a gcumas a bhlas. Óir gach minice bheireadh amus air, go n-imthigheadh níos faide uatha. "Ní fios," ar Pól, "Súd iad lucht an chraois, dream nach ndearna trosgadh na tréidheanus, déirce ná urnaighthe, bhíodh ag ithe agus ag ól an bhidh agus na dighe toirmeasguighthe, do bhéarfadh a sásadh féin do'n chollainn le póite a's craos [a's] le h-an-toil agus nár chosg riachtanus na mbocht." Do chonnairc Pól drong eile ar theallach na bpian tinntidhe, agus is amhlaidh do bhí an dream sin agus lasaracha teine as a mbeóil agus as a mbráighdibh; drochbholadh gránamhail do-fhulaing ar a' lasair sin; a súile ar siadhbhartha, ar seachrán, agus ar mearughadh in a gceann; iad a' tarraing a chéile, a' leadrughadh a chéile, mar bheith leómhain lán-ghortach[a]. "An fios duit, a Phóil," ar an t-aingeal, "cá drong a phiantar mar súd."? "Ní fios dam," ar Pól. "Súd lucht na feirge, na h-easúmhla, agus an mhídhóchuis, béid amhlaidh saoghal na saoghal." Do chonnairc Pól drong eile ath-fuar, chomh-dhorcha ar theallach na bpian, cheangailte le slabhra[ibh], ar leaptha chaol chúmhaing, dá mbruith agus dá ngreadadh agus dá ndaor-theannadh ag na slabhra[ibh] sin, lán do bhréantas agus do dhrochbholadh gránamhail agus gach pian nach féidir a smuaíneadh.
"Cá dream iad súd?" ar Pól. "Súd," ar an t-aingeal, "lucht na leisge, d'fhanadh ó Aifrionn, ó sheanmóir, agus ó sheirbhís Dé. Le leisg do ghnidís faillighe agus neamh-shuim do na deagh-ghníomha, agus is mairg a bhíos ag triall don righeacht úd," ar an t-aingeal, "ó'sé súd áitreamh na bpian tinntidhe [agus] an dóláis, loch an fhuacht, príosún an dhomluis, uaimhe an dorchaduis, coimhthionól na mallacht, teallach na feirge, áth an tsneachta, daorbhruid na leisge, árus an amhgair, carcar an nimh, cúirt an imreasáin, cogadh na ndiabhal damanta, loch a's fairrge tá líonta do dhibhfeirge, do dhith, do thnú, do fhormad, do éad agus do'n uile olc. Uch ón uch! is mairg bhíos triall chuige." Acht cheana do thaisbeán an t-aingeal go fóir- leathan do Phól pianta ifrinn go h-iomlán. Agus ar na fhaicsint do Phól sin uile, le grása Dé agus le congnamh an aingil, do thug buidheachas do Dhia fo an tais- beánadh sin fhághail, agus do chlaoidh geurgort(?) a smuaíneamh liacht duine ar an saoghal do bhí triall chum na bpian úd. Ann sin do threóruigh an t-aingeal Pól ó mhúrthaibh ifrinn go dtug amharc dó ar ghlóir fhlaithis Dé. Ar fhaicsin an amhairc sin dó, níor chuir doilghios dá mhéad d'á bhfuair 'na shaoghal [air]. Do chonnairc glóir uile an righ-thigh neamhdha, do chonnairc ár Slánuightheóir Íosa Críosd i meadhon na n-aingeal ar a righ-cháthaoir, agus do chuir an Tighearna fáilte mhiochair mhuinntirdhea roimh Phól, agus dubhairt leis gur gearr go
dtiucfadh sé chum [n]a glóire síorruidhe. Ann sin do rug an t-aingeal Pól leis ó amharc na glóire agus d'fág é san áit a bhfuair é ó thús, d'fhág beannacht aige, agus d' imthigh go flaithis. Do bhí Pól ar feadh a bheatha ag teagasg agus ag seanmóir dona puiblibh, agus do na cinidheachaibh, ar ghlóir fhlaitheas agus ar phiantaibh ifrinn. Glóir do Dhia beó. Ag so giota do fuair mé óm' charaid Dochtúir Maguidhir i gCondae Mhuigh Eó, agus ó dhaoinibh eile as an gcondaé chéadna. Dubhairt sé liom go n-abruigh- eadh sean-fhear éigin an chéad chuid, agus an Sólas no an tSubháilce, agus go bhfreagraigheadh na daoine uile do bhíodh i láthair leis an rann " Molamaoid thu a Íosa," agus c. SEACHT SÚBHÁILCIDHE NA MAIGHDINE. Molamaoid Thu a Íosa agus molfamaoid Thu choidhche, agus molamaoid bainríoghain na glóire. An ghlóir shíorruidhe go bhfághaidh an sean agus an t-óg, a dtiucfaidh agus a dtáinig, faoi éidheadh na Maighdine. O a Thighearna nach aoibhinn sólásach, agus beannughadh Dé 'nár dtimchioll! Míle beannacht Dé go bhfághaidh aon neach beó ar an tsaoghal so a déarfas "Seacht Subháilcidhe na Maighdine." An CHÉAD shubháilce fuair an Mhaighdean bheannuighthe, go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin go bhfuair sí É le n'iomchur. RANN. Molamaoid thu a Íosa agus molamaoid thu choidhche, agus molamaoid bainríoghain na glóire, agus beannacht Dé do neach ar bith fa'n saeghal, a déarfas seacht súbháilcidhe na Maighdine.
An DARA subháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin go ndeachaidh Sé ag diúil na cíche. RANN. Molamaoid thu, agus c. An TRÍOMHADH súbháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin gur bogadh É in san gcliabhán. RANN. Molamaoid, agus c. An CEATHRAMHADH súbháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin go ndeachaidh Sé ag siúbhal an Urláir. RANN. Molamaoid, agus c. An CÚIGEADH subháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin go ndeachaidh Sé ag léigheadh an Bhíobla. RANN. Molamaoid, agus c. An SÉAMHADH súbháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go bhfuair a h-aon Mhac Naomhtha an chúmhachta sin go ndearnaidh Sé fíon de'n uisge. RANN, Molamaoid, agus c. An SEACHTMHADH súbháilce fuair an Mhaighdean Bheannuighthe go ndeachaidh Sé go cúirt na ngrása. RANN. Molamaoid, agus c. Ní ar aon bhealach amháin do bhí na Seacht Súbháilcidhe ag na daoinibh. Ag so eagar eile orra, mar do chualas ó dhuine eile é. 1. Nuair fuair Sé an chúmhacht gur thuirling Sé in a broinn. 2. Nuair fuair Sé an chúmhacht go rugadh É san stábla i mBetlethem.
3. Go ndeachaidh Sé ag diúil na cíche. 4. Go ndeachaidh Sé ag siubhal an urláir. 5. Go ndeachaidh Sé ag léigheadh an Bhíobla. 6. Go ndeachaidh Sé go Garrdha an Phárrthais. 7. Go ndeachaidh Sé go Flaitheas Dé na nGrásta. Ag so urnaighe bheag le rádh i ndiagh an Pháidirín Pháirtigh, do sgríobh mo chara an Dochtúir Maguidhir ó bhéal Mhicheáil Ui Éagartaigh as Teachín i gCondaé Mhuigh Eó, agus thug sé dham-sa é. URNUIGHE I NDIAIGH AN PHÁIDIRÍN PHÁIRTIGH. A Thighearna déan trócaire orrainn, A Chríost déan trócaire orrainn, A Bhainríoghan na Soillse Gile, Déan trócaire orrainn. Go dtugaidh sibh trócaire dhúinn agus grásta, Maitheamhnas agus trócaire d'ár n-anmannaibh. Nár chuiridh sibh nidh ar bith in ár gcroidhthibh A bhainfeas ár gcion De ghlóir shíorruidhe na bhflaitheas dínn. Go sabhálaidh sibh ar chith an anachain Agus ar aicídibh na bliadhna sinn. Go gcongbhaighidh sibh ár gcuid agus ár ndaoine Ar saoghal agus ar sláinte, I ngrádh Dé agus na gcómharsan. Amén. Ag so cóip eile de fhaoisidin na leapthan do chualaidh mé i gCondae Mhuigh Eó. Tá cuid mór dé seo nach raibh agam cheana agus is fiú a chur síos go h-iomlán. FAOISDIN NA LEAPTHAN (CÓIP EILE) Go luidhimid le Dia agus do luidhidh Dia linn, Pearsa o Dhia linn, dhá láimh Dé linn, Na tri Mhuire linn, Dia 'gus Colum-cille linn.
Nach daingean an dún a bhfuilmid ann Idir Muire agus a Mac, Brighid agus a brat, Micheál agus a sgiath, Dia 'gus a lámh dheas, Dul idir sinn agus gach olc. Nár luidhimid le h-olc. Nár luidhidh olc linn. Cuimrigh na dtri gcrann, Crann na croiche, Crann na cró, Crann air ar crochadh Críost, 'Gus [ó] ar éirig Sé arís beó. O a righ na cathrach ar neamh Coimhéad spiorad m' anma Ar fhíor-chathaighthibh an Áidhbhearsóra. Ag so urnuighe adeireadh Pádraig O Tuathail, fear i gClaira, i gConndae Mhuigh Eó, roimh an bPáidirín Páirteach san oidhche. Fuair mé é óm' charaid Norma Bortuic de chaith tamall ar an oileán sin, agus do sgríobh é. ÚMHLUIGHMID. Úmhluighmid agus sléachtamuid i n-ainm Íosa Críosta, ag iarraidh maithteanais agus párdúin in ár bpeacaidh. Cuidiughadh agus congnamh atámuid ag iarraidh ort leas ár n-anam a chur rómhainn, le gan rud ar bith a thabhairt Ins an tsaoghal so dhúinn Do bhainfeadh ár gcuid De ghlóir shíorruidhe na bhflaitheas dínn Acht gach uile nidh Is mó rachas i soirbhe Agus i leas ár n-anam.
Le bheith nidh(?) seacht fearr bliadhain o 'ndiú I gcuid agus i ndaoinibh, I ngrádh díleas Dé, Agus i ngrádh na cómharsan. le bás Críosdaidhe, Ola udhachta agus aithrighe, Thabhairt ar ár n-anam, Agus leaba Chríosdaidhe i bhflaitheas. Ag so sláinte aisteach as Condae Mhuigh Eó do fuair mé óm' charaid Pilib Ó Uladráin ó Dhroim Bán timchioll trí mhíle ó Bhéal-áth-thamnais. SLÁINTE Seo é faoi thuairm sláinte a bhfuil i láthair, Agus Righ na nGrásta go gcómhnuighidh liom; Ólfamaoid an gloine seo mar d'ólfadh Pádraig, lán de na grástaibh a's é gol go trom. Gan mhuirg gan mhairg gan fhearg gan náire Gan fhios amárach go rabhamar ann. Seo paidirín eile a bhfuil trácht ar Phádraig ann. RATH DÉ AGUS BAIL PHÁDRAIG. Rath Dé agus bail Phádraig ar a bfeicfidh mé 's ar a nglacfaidh mé, ó éirighidh mé ar maidin go gcodlaighidh mé san oidhche. Ag so paidirín beag eile ó Philib O Ualdráin. A Mháthair Bheannuighthe, ins an bhflaitheas, Atá ag agairt ar Righ na nGrás, Iarraim ort m'anam 'bheith taithneamhnach in do láthair, Anois agus ar uair mo bháis.
Ag so ceann beag eile ó'n bhfear céadna. CÉAD FÁILTE RÓMAD. Céad fáilte rómhad, a Cholann bheannuighthe, Céad fáilte roimh do Chorp do céasadh, Céad fáilte roimh do Chorp, a Thighearna. A Aon-Mhic Dé, 'Sé do bheatha, Is tú Géag gach ratha, A Chrainn nár chríon blátha. Mar sgríobh Marcus agus Matha, O, a Dhia, má's fiu leat muid a ghlacadh, Go mbadh saoghalta slán muid ó do lámhaibh. Tá mise ag iarraidh trócaire agus grásta, Dam féin a's do shaoghal Éabha a's Ádhaimh, D'ar órdaigh Dia 's an Eaglais dúinn iarraidh dóibh. Amén. Ag so sgéal aisteach do fuair mé óm, charaid Dochtúir Conchubhar Maguidhir ó'n gClár. Creidim go bhfuair seisean é ó Éamon Mac Giobúin, an seanfhear céadna a bhfuair mise an dán áluinn sin "Aithrighe an tSeóghaigh" uaidh. Mínigheann an sgéal so dhúinn mar cruthuigheadh an chéad chat agus an chéad luchóg. Chualaidh mé a lán de sgéaltaibh de'n tsórt so ó na h-Indianachaibh ruadha i gCanada, ag cur i gcéill mar do cruthuigheadh é seo no é súd, ar dtúis, acht ní raibh aon trácht aca ar aon rud do bhain leis an gcreideamh Críostuidhe. Ní féidir a rádh cia 'n aois é an sgéal so, acht is dóigh go raibh sgéalta de'n tsórt céadna coitchionn i n-aimsir na bPágánach fad ó, mar atá siad coitcheann anois ameasg na nDaoine Ruadh,
agus ameasg daoine fiadhain eile nach iad, agus b'éidir go bhfuil an sgéal níos sine 'ná an Chríostuigheacht féin, agus gur cuireadh naomh i leabaidh draoidh- eadóra, ann, nuair bhí na daoine ag teacht asteach ar an gcreideamh Críostuidhe. Is í mo bharamhail nár bhain an sgéal so ó thús acht amháin leis an bplúr - biadh an duine - agus leis an luchóig - námhaid an phlúir - agus leis an gcat - námhaid na luchóige ; agus nach bhfuil insan gcráin mhuice agus a h-ál acht aguisín gan chéill gan réasún do tháinig asteach ann go déigheannach. Ní'l ann so acht buille-fá-thuairm, agus cuirfidh mé síos an sgéal ann so gan aon rud eile do rádh d'á thaoibh, agus gan aon rud d'athrughadh ann. MAR DO CRUTHUIGHEADH AN CHÉAD CHAT. Lá amháin, bhí Muire agus a Mac ag siubhal an bóthar, agus iad trom tuirseach, agus thárla go ndeachadar thar doras tighe ann a raibh glac cruithneachta dh'á cháthadh. Chuaidh an Mhaighdean Bheannuighthe asteach, agus d'iarr déirce de'n chruithneacht, agus d'eitigh bean an tighe í. "Gabh asteach arís chuici," ar san Mac, "agus iarr uirri é i n-ainm Dé." Chuaidh, agus d'eitigh sí arís í. "Gabh asteach arís chuici," ar Seisean, "agus iarr uirri cead do thabhairt duit do lámh do chur san bpéal uisge, agus a sáthadh síos san gcarnán cruithneachta, agus gach'a ngreamhóchaidh do do láimh a thabhairt leat." Chuaidh, agus thug an bhean cead dí é seo do dhéanamh.
Nuair tháinig sí amach chuig ár Slánuightheóir dubhairt Sé léi, "Ná leig aon ghráinne de sin amugha, mar is fiú go leór leór é." Nuair d'imthigheadar sgathadh ó'n tigh d'fheuchadar siar' agus chonnaic siad sgata deamhan ag teacht chuig an tigh, agus sgannruigheadh an Mhaighdean [ar eagla] go ndeanfadh siad dochar ar an bhean [sic]. "Ná bíodh imnidhe ort," arsa Íosa léi; "ó thárla go dtug sí an méad sin déirce dhuit-se ní bhfuighidh siad aon bhuaidheacht uirri." Shiubhaladar leó, ann sin, gur shroitheadar chomh fada le áit a raibh muileann ag fear a raibh Mártain air. "Gabh asteach," arsa ár Slánuightheóir le n-a mháthair, "ó thárla go bhfuil an muileann ag obair, agus iarr orra an gráinnín sin do mheilt duit." Chuaidh. "O maiseadh! ní fiú dham," ars' an buachaill do bhí ag freastal ar na bróintibh, "an méidín sin do chur d'á mheilt duit." Chualaidh Mártain iad ag caint, agus dubhairt sé leis an ngearr-bhodach, "O maiseadh! déan do'n chréatúir é, b'éidir go dteastuigheann sé uaithi go géar," ar seisean. Rinne, agus thug sé di an méad plúir do tháinig uaidh. D'imthigheadar leó ann sin, agus ní rabhadar aon achar imthighthe, nuair bhí an muileann lán le [sic] plúr, chomh geal le sneachta. Nuair thug Mártain fa deara an mhíorbhuilt mhór so, chuimhnigh sé go maith gur ab é Mac Dé agus a mháthair do chas an bealach. Rith sé amach agus lean sé iad ar a dhithchioll, agus rinne sé trasna na ngort go dtáinig sé suas leó, acht bhí an oiread sin deifir' air' ag dul trí sgonnsa sgeithigh, a's gur
theangbhuigh 1 steac de'n sgeathach le n-a bhrollach agus loit sé go mór é. Bhí an oiread de dhíothchois[?] air, a's nár airigh sé an phian, acht bhuail sé a lámh air, agus níor stad sé go dtáinig sé suas leó. Nuair chonnaic ár Slánuightheóir an loit ar Mhártain bocht, leag sé a lámh air, agus cneasuigheadh é ar an bpuinte. Dubhairt Sé le Mártain ann sin, go mbudh fhear foileamhnach i láthair Dé é, "agus gabh a-bhaile anois," ar Seisean, "agus cuir ladhar [lán do ghlaice] de'n phlúr faoi bhias [mhéis] agus na coruigh é go maidin. Nuair chuaidh Mártain a-bhaile rinne sé sin, agus chuir sé an bhias [mhias] ar a bhéal-faoi. agus an ladhar plúir faoi. Bhí cailín aimsire ag faire air, agus cheap sí go m'fhéidir go mbudh mhaith an rud é da gcuirfeadh sí bias dí féin ar an mbealach céadna, agus bhí a riocht uirri, chuir. Ar maidin, lá 'r na mhárach, thóg Mártain a bhias féin agus créad do ritheadh amach as acht cráin bhreagh mhuice, agus ál mór banbh aici. Thóg an cailín a bias féin, agus rith luch mór amach as, agus ál luchán óg aici. Rith siad anonn 's anall, agus cheap Mártain ar an bpuinte nár mhaith iad, agus tharraing sé miotóg mhór d'á láimh, agus chaith sé leis na lucháin í, agus chomh luath agus bhuail sí an talamh d'iompuigh sí in a cat, agus thosaigh an cat ag marbhadh na luchán. Sin é tús na gcat. Budh Naomh Mártain ó'n am sin, acht ní'l fhios cia de na naomhaibh ar a dtugadh Mártain é.
Ag so paidir bheag ó Chondae Mhuigh Eó. A Íosa. A Íosa a Mhuire a Naoimh Ióseph Ofráilim m' anam 's mo chroidhe go deó dhaoibh Anois agus ar uair mo bháis. Amén. Ag so giota beag do chualas óm' charaid Pádraig O Dómhnaill ó Bhaile ui Fhiadhcháin i gCondae Mhuigh Eó. A CHOLANN. A cholann cuimhnigh ar do chríochaibh Ná codail i bhfiachaibh ná i bhfeirg, Is fuar an brat do-gheobhair san gcill Agus béidh do chrios leis an gcré dheirg. Is mithid damh-sa dul anonn Acht ní buan-eólach mé ann. Acht 's misde liom thall na 'bhfus, A's fairíor nach thall do threabhas. Ag so rann beag binn eile as an gcondae chéadna. Chualas ó Philib Ó Ualdráin é. AN TRIÚR IS SINE. An triúr is sine, an triúr is óige An triúr is treise i bhflaitheas na glóire, An t-athair an mac 's an Spiorad Naomh Do m' shábháil 's do m' ghárdáil ó 'nocht go dti bliadhain. -agus anocht féin!
Ag so paidir le rádh ag dul a chodhladh dhuit. Is ionnann í, no beagnach, le ceann do thug mé roimhe seo. LUIGHIM LEAT-SA. Luighim leat-sa, a Íosa, 'S go luidhidh Tú liom, Go raibh ola Chríosta ar m' anam bocht, Agus cré na n-Easbal os mo chionn. A Athair do chrothuigh mé, A Mhic do cheannaigh mé, A Spioraid Naoimh do bheannuigh mé. [Go raibh sibh liom]. Fuair mé an t-abhrán diadha so leanas óm' charaid an t-Athair Seághan Mac Diarmada atá 'san gCais- leán-Riabhach i gCondae Roscomáin. Sgríobh seisean é ó bhéal sean-mhná dar bh'ainm Rock ó Chúirt an Chro- náin in san gcondae chéadna. Chuir mé síos cheana an dá rann tosaigh ó mhnaoi i n-aice le Gort-Innse- Guaire i gCondae na Gaillimhe. Ní bhfuair mé an chuid eile dhé an uair sin. GO BHFÓIRIDH DIA. Go bhfóiridh Dia ar an bpeacach bocht Bhíonns go síorruidhe dul ar-strae, Nuair éirigheann sé ar maidin Ní ar a Thighearna chuimhnigheann sé. Ní théidheann sé choidhche chum aifrinn Ná ag éisteacht bréithre Dé, Acht nuair fhágfas sé an saoghal so Mo leun! cé rachaidh sé?
An gcluin sibh mise a Chríostaidhthe? Smaoinigidhe ar an mbás. Tigeann sé 'gus is cuma leis An oidhche aige ná an la. 'S an té nach ndéanfadh an aithrighe Nuair bhí sé beó ar an tsaoghal, Is amuigh a bhéas a leabaidh Faoi shioc a's faoi fhuacht na hoidhche. Nuair rachaidh an t-anam go geata na bhflaitheas Nach ndearnaidh a shíothcháin le Mac Dé, Guidhfidh na h-aingle a's sgreadfaidh na naoimh Nach maith nár chuimhnighis go dtiucfá ann so Nuair bhí tu beó ar an tsaoghal. Ann sin rachaidh an Mhaighdean ar a glúnaibh [An uair sin] i bhfiadhnuise Mhic Dé, "Cá bhfuil an gealladh do thug Tú domh-sa Nuair bhí Tú beó ar an tsaoghal?" "Gheall mise sin duit [go fíor, a mháthair], Agus ní dhéanfaidh mé leat [aon] bhréag, An sean a's an t-óg a chaithfeas do bhrat Béid leat i bPárrthas Dé." Nuair rachas an t-anam go geata na bhflaitheas, Tiucfaidh Naomh Símon fa n-a dhéin, "An de thréad na Maighdine Beannuighthe [thusa] No ar chaith tú a libhré."
"Is de thréad na Maighdine Beannuighthe mise, Agus chaith mé a libhré." "Béid tú léi i bPárrthas, D'á moladh ameasg na naomh." Ag so paidir eile do fuair mé óm' charaid Norma Bortuic do sgríobh í ó Phádraig O Tuathail i gCliara i gcondae Mhuigh Eó. AR SON NA MARBH. Trí paidreacha, trí Abhé Máire, agus cré, le h-anam na marbh, Le h-anam gach uile dhuine dh'ar bhaluigheamar [sic] A bheagán ná a mhóran, I ngan-fhios ná i ngo-bhfios, Ná i g-os-áirde; Má chidh Dia fuigheal faoisdine Ná breitheamhnais-aithrighe ar a n-anam [guidhimid é] Méadughadh ar a nglóiribh Agus laghdughadh ar a bpiantaibh. Agus maithteanus a thabhairt dóibh in a bpeacaidh Agus [guidhe] le h-anam gach créatúir boicht Nach bhfuil aon duine aige féin le guidhe ar a shon. Ag so sean-dán ar lá an bhreitheamhnais do chuir duine asteach chum na feise i gCathair-na-Mart. Is dóigh gur i meadaracht dána do ceapadh é ar dtús, acht ní'l i gcuid mhóir de acht prós anois. Chualaidh mé é i bhfad níos fearr ná mar atá sé ann so agam, ó
shean-fhear as Uarán-Mór i gcondae na Gaillimhe, acht níor sgríobh mé síos uaidh-sean é. LÁ AN BHREITHEAMHNAIS. An chéad-bhuille de'n stoc bhinn [Crithfidh an spéir os ár gcionn.] Gabhfaidh gach anam truaigh [lag] Agus gach fuar-cholann d'á dtáinig. An darna buille de'n stoc bhinn Cruinneóchaidh Ádhamh-chlann ar aon-rian. An tríomhadh buille de'n stoc bhinn Go Sliabh Síon gluaisfear linn. Ann sin tiucfaidh Críosta [a-leith] Go dtugaidh Sé féin a bhreith. Tiucfaidh na naoi sgiúrsa ag ar sgiúrsáladh É. Tiucfaidh an dá thairnge do chuaidh ann a gheal-bhois. Tiucfaidh na córdaidh caola cnáibe Do cheangail É i mBaile an Árd-righ. Tiucfaidh fós deoch an bháis do fuair Mac Mhuire ann a Pháis. Ann sin labhróchaidh Críost leó: "Cá bhfuil a dtugas daoibh ariamh? Thugas bhur gciall agus bhúr réasún, Radharc bhur súl, agus éisteacht bhur gcluas. Go srig an ribe is lúgha ann bhur ngruaig Íocfaidh sibh liom-sa a bhfuaireabhar." Ann sin béidh dream ann Is gile 'ná an sneachta, Béidh dream ann is duibhe 'Ná an gual gaibhneacht.
Ann sin béidh dream ann Dá losgadh i dteintibh, O is truagh An choir do rinneadar. Ann sin labhróchaidh Críosta [go sáimh] "An gcluin sibh mé a lucht na mbeannacht, Gabhaidh a-leith ar mo dheas-láimh Go dtugaidh mé sibh go Ríoghacht m'Athar." [Labhróchaidh Críosta arís] "Agus sibh-se a lucht na mallacht Imthighidh libh [anois] leis na diabhlaibh dubha salach." Annsin cuirfidh siad sgread na caointe asta, agus ochón! ní h-é sin uair na h-aithrighe. Annsin labhrócaidh Muire, "Nach truagh sin, a Aon-Mhic, nach bhfeiceann tú mo Mhac-sa buailte ar a thaoibh dheas?" "Is fíor dhuit sin, a Mháthair, is tú fuair mé ó m'athair, is tú fuair a bheith do Bhainríoghain ar ríoghacht na bhflaitheas, agus beir, thusa, leat ar toil leat féin de'n mhéid sin." Ann sin déarfaidh sí leó: "An gcluin sibh mé, a chine dhaonna? Gabhaidh ar ais, agus tá bhur bpeacaidh maithte réir tola an Árd-Rígh, agus bígidhe, sibh-se, folamh a dhiabhla dubha salacha. Peachadh síl Éabha agus Ádhaimh, bíodh an méid sin ar aon duine amháin." An té sin do dhóchuigh as Muire is fíor go bhfuighfidh sí dhó trócaire. Ag so cóip eile de'n phaidirín beag sin, "Sínim ar
an leabaidh seó," mar fuaireas ó dhuine eile é, acht ní chuimhnighim ciar'bhé ó'r' sgríóbhas é. SÍNIM-SE. Sínim-se ar an leabaidh seo Mar shín Críost ar an gcroich, Gan coir, gan cáin, gan peacadh. Aibíd na Maighdine glórmhaire Go raibh orm mar bhrat. A Mhaighdean mhilis, a Mháthair Dé, Mo chéad agus mo mhíle grádh thú, Go mbudh thú mo dhochtúir léighis, [Mo dhochtúir léighis] tinn agus slán [thu]. Go mbudh thú mo bhean-teagaisg I n-aimsir mo bháis, Go mbudh thú mo bhean deiscréideach Ag feitheamh na ngrás. Agus Amén! Ag so " ortha" na "airid " do chualaidh mé óm' charaid Dochtúir Conchubhar Maguidhir, air a dtug sé "Airid an bhraoinín." Má théidheann rud faoi do shúil cuirtear fios, arsa an Dochtúir, ar shean-fhear no ar shean-bhean a bhfuil an " airid" aca. Cuirtear cupán uisge ghlain ar an mbord. Béarfaidh an duine a bhfuil an tsúil tinn aige ar an bhforradh uachtair, agus tarróngaidh sé amach de'n tsúil é. Congbhóchaidh sé greim air, mar sin, gó dtiucfaidh deór as an tsúil agus go dtuitfidh sé san gcupán. Béidh an bhean ag rádh na paidre ar feadh na h-aimsire sin, agus ma tá
aon tsalachar san tsúil no má bhuail gortughadh í no má tá aon phioc fúithí, tuitfidh sé leis an deór anuas san gcupán agus béidh sé le feiceál. AIRID AN BHRAOINÍN. Ortha do thug Muire d'á mac, Ar shúil bhradáin, Ar shlis i gcrann, Ar dheilg, ar chalg, ar leó, Gan sal gan fionn gan ceó. Ag so mar chualas é óm' charaid Philip O Ualdráin ó Droim Bán. CÓIP EILE. Ortha do chuir Muire d'á Mac Ar shúil bhradáin i líon, Ar mhódh, ar dheilg, ar cholg, Ar shliseóig i gcrann, Ar shlaiteóig i gcoill, Gan smál gan finn gan ceó I n-Ainm an Athar an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amén. Ag so ortha do chualas ó'n bhfear ceudna, ortha atá le cosg do chur ar fhuil. ORTHA COSGTHA FOLA. Taraidh a athair le Do chabhair, Taraidh a mhic agus fóir, Taraidh a Bhrighid a bhan-naoimh Agus an dá abstol déag, Agus cuir coisg [ar] an fhuil Atá teacht go tréan.
Ag so ortha eile le fuil do chosg, chualas óm' charaid an Ualdránach í. CÓIP EILE. "Alíneas" ainm an fhir Do sgoilt croidhe an chuim ghil, Agus níor tháinig amach de Act Fuil Fíon 's Fíor-uisge, I n-ainm an Athar an Mhic agus an Spioraid Naoimh Coisg an fhuil atá tréan. Ag so ortha eile do chualas ó'n Ualdránach i n-aghaidh tinnis na bhfiacal. Do thug mé, cheana, trí no ceathar d'orthannaibh eile, i n-aghaidh an tinnis seó, acht tá an ortha speisialta so le rádh ar bhfeicsint na Gealaighe Nuaidhe dhuit ar dtús. ORTHA EILE i n-AGHAIDH TINNIS NA BHFIACAL. Seacht bpaidreacha, Abhé Muire,'gus Cré, Do naomh-Bhainríoghain na Gealaighe 'san spéir Ag so paidir no ortha le rádh ag duine, nuair bhíonn sé ag bleaghan bó. Is cosmhúil gur an-aosta sub- staint na paidre seo, ó ghlaodhann sí ar an nGealaigh agus ar an nGréin. Ni thuigim cad is ciall do'n "Fear soir" agus do'n "Fear siar." PAIDIR LE RÁDH AG BLEAGHAN BÓ. Go mbeannuighidh Muire a's go mbeannuighidh Dia thú, Go mbeannuighid an Ghealach 's go mbeannuighidh an Ghrian thú, Go mbeannuighidh an Fear soir,'s go mbeannuighidh an Fear siar thú, 'S go mbeannuighim féin ar deireadh fíor (?) thú. Amén.
Ag so rádh beag do fuair mé ó'n Ualdránach, air a dtug sé "Brionglóid Phóil," le rádh ar ndúiseacht duit as do chodladh, tar éis brionglóide no aislinge. BRIONGLÓID PHÓIL. Aisling do bhí ag Pól Agus é ag dul go Róimh in a rith. D'aithris é do Chríost. Dubhairt Críost go mbudh mhaith. Breitheamhnas Mhuire agus a Mic ar m' aisling. Ag so paidir le rádh ag mnaoi nuair bhíonn sí ag déanamh aráin no ag bruith cáca. Fuaireas ó'n bhfear céadna é. PAIDIR LE RÁDH AG DÉANAMH ARÁIN. Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfeas mé agus ar a nglacfas mé. An rath do chuir Dia ar na cúig aráin agus ar an dá iasg go gcuiridh Sé ar an bheatha so é. Ag so líne le rádh agus leanbh ag cur ealaigh amach thar cheis. Paidir na Ceise. Ceis Mhuire faoi do cheithre cosaibh. Ag so ortha do fuair mé o'm charaid Dochtúir Mac Coisteala ó Thuaim, anaghaidh na h-Achma. Sgríobh a shean-athair mór féin, ó pháraiste Dhúnmóir [1753-1838], síos í. Ba fhear de na Caomhánaigh é. Ní'l aon bhaint aca so leis na Caomhánaigh i gCúige Laighean, acht tá siad gaolach ag Clainn Cheallaigh. Bhí a lán de sheansgríbhinnibh aige. D'iarr sagart éigin air iad. Bhí
lán a dhroma díobh ar an bhfear do thug chum an tsagairt iad. B'éigin dó dhá shúgán do cheangal orra. Cá bhfuil siad anois? Ochón! ORTHA ANAGHAIDH NA h-ACHMA. Marbhaim arpuidhean (?) achma úr, Marbhaim cnumh an fhéir, Marbhaim an phéist úr, Cuirim ortha-nimhe nimhneach Ar an gconach marbhthach. Ortha do chuir Peadar agus Pól Mharbhas na cnuimh i bhfeóil Mharbhas cnuimh i ndéid agus i n-éadaigh. Naoi n-aireamh de'n bhfearbán firionn, agus a bhaint oidhche Dhómhnaigh, a bhrúghadh ar chloich mhóir, nachar coruigheadh ariamh, agus nach gcoróchar, má féidir a fághail, agus trian salain do chumasg tríd an luibh brúighte [agus] a cheangailt i gcluais an bheithidhigh oidhche Dhómhnaigh agus ceann-deireannach de'n Diardaoin.
Ag so ortha eile i n-aghaidh na h-Achma do sgríobh an fear céadna. ORTHA NA h-ACHMA [Cóip eile] Ortha sháimh shéimh Ortha d'olmhuigh Críost Ortha Pheadair agus Phóil, Ortha sgaras gach peanaid as feóil, Ortha Chríost ar neamh, Ortha mharbhas cnuimh agus achma. Deir nóta i mBéarla gur cheart Paidir, Abhé agus Cré do rádh roimhe agus 'na dhiaidh. Ag so ortha eile do sgríobh an fear céadna. ORTHA THINNIS AN DROMA. Go dtógaidh Peadar, go dtógaidh Pól, Go dtógaidh Micheál, go dtógaidh Eóin, Go dtógaidh Molaoise, go dtógaidh Maollinn (?) An bhorb-phian so as mo dhruim. Deir nóta i mBéarla gur cheart do'n duine tinn an ortha so do chur i gcois dheir dheiridh gheirrfhiadh agus a iomchar leis.
Ag so ortha do sgríobh an fear céadna i n-aghaidh tinnis na bhfiacal. ORTHA NA BHFIACAL (Cóip eile). Ortha chuir Colum-Cille re fiacail Ui Fhloinn, Ar chnuimh an déidín agus ar thinneas cinn. Ar fheartaibh Phádraig ár n-árd Easbal grinn Go ndíbridh an chruaidh chraptha o leac mo chinn. Do sgríobh sé mar an gcéadna an ortha choitchionn do thug mé cheana, mar so, ni athruighim an litriughadh ná aon rud eile ann. "Do shuidh Peadair air leic adhbhra, thanic Críost os a chion. God é sin ort i Pheadair? O thiagarna si mfhiacail tá tin. Eirghidh, a Phaidir, agus bi slan agus gach neach cui[r]fios oirtha an dead ghill[?]a meabair;" agus deir Dochtúir Mac Costeala liom gur cuireadh Béarla ar an ortha so, agus go raibh sí i n-úsáid i mBéarla cúig bliadhna déag ó shoin. Is é an t-aon ortha amháin a gcualas d'á thaoibh gur cuireadh Béarla air. Deir an Coistealach liom nach ameasg na nGaedheal amháin do bhí an ortha so, acht gur cleachtadh i mBéarla i gCúige Uladh mar an gcéadna, mar do chualaidh sé ó charaid do bhí 'na dhochtúir in san gcúige sin. Is dóigh go raibh an ortha so comhchoitchionn do na Gaedhealaibh agus do na h-Anglo Sacsanaibh, agus b'éidir do chineadhibh eile, acht ní féidir liom a rádh cá'rb' as tháinig sí ar dtús. Ag so paidirín binn do chualaidh mé óm' charaid Pilip Ua Ualdráin ó Dhrom Bán i gCondaé Mhuigh Eó, trí mhíle ó Bhéal-ath-thamhnais.
DIA DO BHEATHA, A CHUIRP CHRÍOSTA. Dia do bheatha, a Chuirp Chríosta, Dia do bheatha, a Righ na bhfeart, Dia do bheatha, a Thrionóid Naomhtha Dia do bheatha, a Cheart na gceart. Dia do bheatha, a Righ na ngrás Dia do bheatha, a Fhuil 's a Fheóil A Thrionóid Naomhtha gan deireadh gan tús Ná bí i bhfeirg liom níos mó. [Ná bí i bhfeirg liom níos mó] Báith m' anam i bhfuil do ghrás, A Dia-dhuine céad fáilte rómhad, Anois agus ar uair ár mbáis. Ag so ceann gearr eile cosmhúil leis sin. DIA DO BHEATHA. Dia do bheatha A Mhuire na ngársta, Agus Dia do bheatha A bhainríoghain ghrádhmhar, Is beannuighthe thú Thar na mnáibh, a's Is beannuighthe Íosa Do naomh-pháiste.
Ag so ceann an-ghearr ó'n bhfear céadna. A NAOMH MHUIRE. A Naomh Mhuire a mháthair Dé Guidh orrainn ar feadh an laé Agus ar uair ár mbáis. Amén! Ag so paidir áluinn do fuair mé óm' charaid Pádraig o Dómhnaill ó Bhaile ui Fhiadhcháin. Thug seisean "faoisidin na leapthan," air, acht ní'l sé cosmhúil leis na faoisidinibh eile de'n tsórt sin do thug mé go dtí seo. Chuir mé síos rann cheana atá cosmhúil leis an gcuid dheiridh dhé. A AINGIL UASAIL. A Aingil uasail Gluais liom mar ghárda, [Chum] an righ thóg suas mé An uair sin go láidir. Congbhaigh uaim an sluagh [Na] deamhain atá ar mo thaobh, Tabhair uatha mé in do chuideacht féin Go Párrthás na naomh. A Righ na gcréacht Do céasadh ar bhárr an chrainn Taobh do chléibhe Gur réabadh le láimh an daill, Fuil Do thaobh Gur théacht ar lár mar linn Agus ar do sgáth Tabhair féin go párrthas sinn,
Ag so rann fíor-bhinn fíor-áluinn do chualas ó'n Ualdránach as Condaé Mhuigh Eó. TRI FILLTE. Trí fillte i néadach, 's gan ann acht aon éadach amháin, Trí ailt i méar 's gan ann acht aon mhéar amháin, Trí duilleabhair i seamróig 's gan ann acht aon tseamróg amháin. Sioc, sneachta, leac-oidhre, ní'l ins na trí nidh sin acht uisge, Mar sin tá trí pearsa i nDia, a's gan ann acht aon Dia amháin! Ag so píosa do fuair mé ó Phádraig O Dómhnaill a dtug sé ortha an Sgabail air. ORTHA AN SGABAIL. Guidhim-se sibh-se a luicht an Sgabhail Ná glacaidh faillighe in bhur gcás Is truagh sin fear gan caraid Agus é 'na luidhe ar leabaidh a bháis. A dhuine dhona gan chéill Ná déan bréag Le Muire, Ná h-ith feóil Céadaoin, Agus ná h-éagcaoin tinneas. Úmhlaigh do'n chléir 'S do na cúig féilteachaibh Mhuire, Déan d'fhaoisidin le Mac Dé Agus béidh tú ar féasta ag na h-ainglibh. Crios Mhuire faoi mo chrios Crios na gceithre cros í Crios ann ar geineadh Criost Criosdaidhe do geineadh as.
Bhí Muire ar an bhfáithch' Agus chonnaic sí bean i ngádh, Fosgail do'n mhnaoi a Mhuire. Fosgail féin dithi a Mhic Is tu fhosgaileas gach gádh Leig an leanbh cum baiste Agus tabhair an bhean slán. Ní'l aon neach fir no mná D'á ndéarfaidh é gach tráth nach bhfuil flaitheas le fághail aige Gan radharc ar Ifrionn go bráth. Aliter. Ní'l aon neach fir no mná A déarfas é sin gach aon trath Nach bhfeicfidh sé an Mhaighdean Bheannuighthe Trí uaire roimh a bhás. Ag so rann beag eile ar an tsaoghal bréagach do chualas óm' charaid Pádraig O Dómhnaill i gcondae Mhuigh Eó. SÉ POCRAM POCRAM. Sé pocram pocram (?) An tsaoghail bhréagaigh Do bheir orrainn Gan an aithrighe do dhéanamh, Is dona an sgéal Ag fágbháil in tsaoghail seo, Gan grásta Dé Ná an glóir do shaothrughadh.
Ag so rann aisteach eile uaidh. PAIDIR ÍSIOLL PAIDIR ÁRD. Paidir ísioll, paidir árd, A's a réidhteach sin ort, a Righ na ngrás. ALTUGHADH I NDIAIDH NA COMAOINE. Gabh mo choimirc a Chuirp Íosa, A Abhlann naomhtha is [tú] mo mhaoin, Saor mo chli ó chith na bhpeacadh, Nidh san mbith di dheachaidh dhaoibh, A Thighearna tá faoi mo bhruinnibh Beannuigh mise a ghruadh mar ghrís, Sgar m'anam re m' chli gan cionnta Ní as nach racham ionnta arís. Tabhair ar mo dhán (?) a dhúilimh A Dhé neimhe, a ghnúis mar ghréin, Cuir mo mheanmna i dtaoibh toile, A Shaoir neamhdha ó taoi tréan. í trócaireach dam a Dhúilimh A Dhé neimhe a ghnúis mar gréin, ar bhidhis-se do gach nidh eile; Saor an chli-se a bhfuilir féin.
An corp fuar so a bhfuil an Trionóid O tá neamh-ghlan, a chúil chas. Ó's truaill chlaon í [sin] do m'anam, Díbir a Righ m'fhala as. A Mhichil a Aingil uasail An t-iúl díreach déan dam, Tú mo threise 's mo thor díona, Mise ar son mo ghníomha gabh. Ag so rann beag binn eile ó'n bhfear céadna. A RIGH NA CRUINNE. A Righ na cruinne Do bheir Loinnir sin ngréin go moch, Dílte troma Agus toradh na dhiaidh go grod, Sgríobhaim chugad mo chulpa, Agus feuchaim ort, Agus ná leig tuitim, Níos fuide dam féin san olc. Ag so dhá rann do chualas go minic ar thosach agus ar dheireadh na neithe luaidhtear ionnta. TOSACH. Tosach loinge - clár, Tosach áithe - clocha, Tosach fleadhtha - fáilte, Tosach sláinte - codladh.
Deireadh loinge - báthadh, Deireadh áithe - losgadh, Deireadh fleadhtha - cáineadh, Deireadh sláinte - osna. An deireadh! an deireadh! níor dhearmuid na Gaedhil sin. Respice finem, is é sin focal do bhíodh go minic ann a mbéal. Imtheóchaidh gach nidh thart. Imtheóchaidh saoghal na ndaoine acht mairfidh a gclú ar feadh tamaill 'na ndiaidh, imtheóchaidh cuimhne na ndaoine acht b'éidir go mairfidh sgríbhinn, imtheóchaidh sgríbhinn, acht b'éidir go mairfidh leabhar. IS BUAINE. Is buaine bláth [=clú] 'ná saoghal, Is buaine 'ná daoine meabhair, Is buaine 'ná meabhair sgríbhinn Is buaine na sgríbhinn leabhar. Acht imhtheóchaidh an leabhar féin, imtheóchaidh clú agus cáil, agus ni bhéidh fhios ag éinne go rabhamar ariamh ann. IMTHEÓCHAIDH AN FHIONNÓIGÍN, Imtheóchaidh an fhionnóigín bhearrtha liath, Imtheóchaidh an fhuiseóg is áille ar shliabh, Imtheóchaidh an seanóir 'sa cháil na dhiaidh, Imtheóchaidh a bhfuil beó agus a dtáinig riamh.
Imtheóchaidh siad, imtheóchaidh siad go léir, na daoine agus a gclú, na h-úghdair, agus na leabhair cáil na ndaoine do tháinig, glóir na ndaoine a thiucfas, ní'l acht aon rud amháin, adeir an Connachtach, a bhéas buan ar an tsaoghal so - grásta Dé. IMTHEÓCHAIDH A DTIUCFAIDH. Imtheóchaidh a dtiucfaidh 's a dtáinig riamh. Ní imtheóchaidh na grásta go bráth ó Dhia. Fágaim anois buaidh agus beannacht ag mo lucht- léighte, agus cuirim deireadh ann so leis an seacht- mhadh caibidil d'Abhránaibh Chúige Connacht. Críoch.
NÓTAÍ Luighim síos an nochd Le Muire min 's le mac, Le Micheal finn-gheal 'S le Bríde fo brat. Luighim síos le Dia Us luigheadh Dia lium, Cha luigh mí síos le Briain 'S cha luigh Briain lium.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services