Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aoidhe Chloinne Tuireann Annso Sios.
Title
Aoidhe Chloinne Tuireann Annso Sios.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aoidhe chloinne Tuireann annso sios. [O'Curry's Text: "Atlantis," vol. iv.] Rígh sochrach, saoir-chinealach ro ghabh flai- thios agus forlámhas ar Thuathaibh dath- áille De Danann, dar bo cómhainm Nuadha Airgiodlámh, mac Eachtaigh, mic Eadarlámh, mic Ordáin, mic Allaoi. Agus is amhlaidh do bhí an rígh sin agus leath-lámh airgid air; agus do bhí dóirseóir ar laeth-shúil aige. Lá naon dar eirigh an t-óglach sin amach ó mhúraibh na Teamhrach, do chonnairc sé dias álainn, óg, ildhealbhach san faithche da inn- saighe; agus do bheannaigheadar dhó, agus fuaradar an céadna. Agus d'fhiafraigh an dóirseoir dhíbh scéala. Cá háit as a tán- gabhair, a dhias, óg, ildhealbhach, ar sé? Léagha maithe sinn, ar siad. Más maith na leágha sibh, ar éision, cuirigh súil a n-ionad mo shúla féin. Do chuirfinn féin súil an chait sin ad hucht a n-ionad do shúl, ar fear dhíobh. Do b'ait liom sin, ar an dóirseoir. Agus do chuireadar súil an chait a n-ionad súla an óglaich annsin. Fá gar, agus fá hamhghar dósan sin; óir an tráth ba háil ris codhladh nó chómhsanadh do dhéanamh, is annsin do bhíogadh an tsúil re greadhair na luch, agus re heiteall na n-én; agus re gluasacht na sibheann; agus an tráth fa mhian leis feithiomh sluagh no oreachtais do dhéanamh, is annsin do bhíodh na toirchim suain agus cotalta aige. Agus do chuaidh isteach, agus d'innis don righ go ttángadar leágha maithe go Teamhraigh; ó ar do chuireadar shúil chait a n-ionad mo shúlasa' ar sé. Tabhair isteach iad, ar an rígh. Agus mar tangadar isteach, do chualadar osnadh adhbhal-thruaigh. Do ráidh Miach, .i. fear dona leághaibh, do chluinim osnadh curaidh. A dubhairt Oirmiach .i. an fear oile, féach nach osnadh os cionn daoil í, atá ar n-dúbhadh do leathtaoibh? Is annsin tugadh an rígh as an ionad iona raibh, agus do fhéachadar é; agus do thar- raing fear dhíobh an lámh ón taobh amach aige, agus do sging daol eiste as fud na cathrach; agus do eirgheadar an teaghlach agus do mharbhadar an daol. Agus do shír Miach a fad agus a chóimhrea- mhar do láimh oile do thabhairt chuige; agus do síoradh Tuatha De Danann uile, agus níor fríoth lámh a d'fhoghain dó acht lámh Mhódhain muicidhe. An bh-fhoghanfadh cnámh- arlach a láimhe féin díbh, ar cách. If í do budh feárr linn, ar siad. Agus do ghluais duine ara cionn, agus tug leis go Teamhraigh í, agus tugadh do Mhiach í. Do ráidh Miach le hOirmhiach, an ail leatsa an lámh do shúidi- ughadh no dol d'iarraidh los dochum feola do chur uirre? Is fearr an lámh do shuídiúghadh, ar sé. Téid Miach ar sin d'iarraidh lus, agus tug leis iad; agus do suídígheadh an lámh go neamhuireasbach annsin. Is amhlaidh do bhí an rígh so agus cíos cháin mór trom ag Fómhoraigh ar Thuatha Dé
Danann re na linn; mar atá cíos ar an losait, agus cíos ar an mbróin; agus cíos ar na clochaibh mireabhartha; agus uinge d'ór ar an sróin do Thuath De Danann, ar Mhullach Uisnigh, ar an taobh thiar do Theamhraigh. Agus do bheandais an cíos sin amhach gacha bliadhna; agus an fear nach tio- bhradh sin uaidh, an tsrón do bhuain óna cheann dé. Lá dar comóradh aonach le rígh Eireann ar Chnocan Bhalair, ris a raitear Uisneach aniu, ní cian do bhádar ann, an tan do chon- chadar diorma deaghshluagh is an maigh anoir gach ndíreach da ninnsaighe, agus aon mhac- caomh a tossach na drong-bhuidhne, go smacht uaidh ar chach; agus fa chosmhail re fuineadh gréine dealradh a aighthe, agus a éadain; agus níor fhéadadar a ghnúis d'fhéachain lé méad a taithneimche. Agus is é do bhí ann, Lúgh Lámhfhada, Loinn- bhéimionnach, agus an Marcra Sidhe ó Thír Tairrngire, a chomhaltada féin .i. clan Mhanannáin, mar atá, Scoith Ghleigeal, mac Mhanannáin, agus Rabhach Slaitín, agus Gleigeal Garbh; agus Goithne Gorm-shúileach; agus Sine Sindearg; agus Domhnall Donn- ruadh; agus Aodh mac Eathaill.* Agus dob' í so deise Lughaidh Lámhfhada .i. an tAonbharr Mhanannáin faoi, agus bo cómhdheas dhi muir agus tír, agus ni marbhthaoi a marcach da muin; agus Luireach Mhanannáin uime, agus ni deargthaoi fúithe, na tairse (na trithe); agus Sgaball Mhanannáin ar chleithín a uchta agus a urbruinne, go nach gabhdaois airm greim dhe; agus Cathbarr fá na cheann do imdhídheann, agus liagh Lánmhai- sech lóghmhar iona chúl, agus a dó dhíobh iona aghaidh, agus fá chómhshoillseach lé gréin a lá tirm samhraidh gnúis a aighthe agus a éadain an uair do léigheadh an cathbharr sin dhe; agus an Freagarthach .i. cloidheamh Mhan- annáin tar a thaobh clí, agus níor deargadh leis ar neach riamh do thiocfadh beó uaidh, agus níor nochtadh a n-ionad catha na cómhraic an cloidheamh sin, iona mbeith neart mná seóla a naon da bhfaicfadh é, da mbiadh na aghaidh. Is annsin tángadar an diorma sin mar a raibh righ Eireann, agus Tuatha De Danann archeanna, d'fháiltigheadar le chéile. Agus is gairid do bhadar ann an tan do chonnacadar an dream mhodartha mhísgiamhach da nionnsaighe .i. naoi naonbhair do mhaoraibh na bhFhómharach do bhí ag teacht d'iarraidh cíosa agus cána bhfear nEireann. Ag so anmonna an cheathrair fa bhuirbe, agus fa danardha dhíbh .i. Eine, agus Eathfaith, Coron, agus Compar; agus ní léigfeadh an eagla do neach do Thuatha Dé Danann a mhac na a dhalta do bhualadh tré ansmacht na maor sin. Agus tángadar go haon láthair re rígh Eireann agus ris an Marcra Sidhe; agus do eirigh righ Eireann agus Tuátha De Danann uile rompa. Agus do fhiafraigh Lugh Lámh- fada díbh: Créad fá ar eirgeabhair roimh an n-droing mhodartha mhisgiamhach úd agus nár eirghe abhair rómhainne? Is éigean dhuinn sin do dhéanamh, ar righ Eireann, óir dá mbeith mac againne iona shuidhe rompa, níor bheag leo do chúis dar marbhadh é. Is briathar dhamhsa, ar Lugh, go táinig mian a marbhtha dham féin; agus leis sin a dubhairt Lugh go tainig mian a marbhtha air. Is ní sin do thiocfadh go holc dúinn, ar righ Eireann, óir do gheabhamaoidne ar mar- bhadh agus ar milleadh tríd sin. As fada atáthaoi faoi [an mbroidseo, ar Lugh. Agus ro eirigh agá n-oirleach, agus agá n-athchumadh,]* no gur marbhadh ocht non bhair dhíobh, agus do léigeadh an nonbhar oile fá chadhas agus fa chomairce rígh Eireann. Do mhuirfinn sibh, ar Lugh, acht gurab feárr liom sibh do dhul le sgéalaibh dochum na nAllmhurach na mo theachtaibh féin, ar eagla go bhfuighdís easonóir.
Is annsin do ghluaiseadar an naonbhar sin rómpa no go rángadar a Lochlannaibh, mar a rabhadar fine Fomorach, agus do inn- seadar a sgéala dhóibh ó thúis go deireadh; agus amhail táinig an macaomh óg ildealbhach a nEirinn, agus gur marbhadh na maoir uile leis, acht iad féin; agus as uime do léig sé sinne as, ar siad, chum sgéala d'innisin daoibhse. A dúbhairt Balar: An bhfeadabhair cé hé? Do fheadassa, ar Ceithlion .i. bainchéile Balair; is mac inghine dhuitse agus dhamhsa é súd; agus atá a bhfioghair agus a bhfhais- dine dhuinn, ó do thiocfadh súd a nEirinn nach biadh neart againn a nEirinn go bráth airís. Is annsin do chuadar maithe fine Fomorach a cómhairle .i. Eabh* ua Néid, agus Seanchab ua Néid, agus Sotal Sálmhór, agus Luaith- leabharcham, agus Tinemhor Trischadal, agus Loisginn Lomghlúineach, agus Luath-luaim- neach, agus Lobar draoi, agus Liathlabhar mac Lobair, go naonbhar fileadha agus feal- samhna fáitheamhla fiseacha na bhFomorach, agus Balar bailc-bheimeanach féin; agus an da bhealbhána dhéag meic Bhalair,** agus Ceithlionn Chaisfhiach .i. banriogain Bha- lair. Is annsin do ráidh Breas mac Balair: Rachadsa agus seacht ruadh-chatha ro mhora do mharcra fine Fomhorach a nEirinn, agus do bhéasa cath do Ildhánach, agus bheanfad a cheann dhé, agus do bhéar liom chugaibhse é, ar faithche na Beirbe Lochlannaighe. Do bo cuibhe duitse sin do dhéanamh, ar iadsan. Is annsin a dúbhairt Breas: Cóiríghthear mo longa agus mo luath-bhárca dhamh, agus cuirthear biadh agus lón ionnta. Is annsin do sgríobadar a longa, agus a luath-bharca, go luaith, agus go deághthapa; agus do chuireadar a lór-daoithin bidhe agus díghe ionnta; agus Luaithlíneach agus Luaith- leabharcham do thionól a shluagh chuige. Agus mar rángadar go haon láthair, do ghléasa- dar a n-earradha, agus a n-éideadha, agus a n-airm gaiscidh; agus do ghluaiseadar rompa do ionnsaighe na hÉireann. Agus do lean Balar iad chum an chuan, agus dúbhairt; Tabhraidh cath don Ioldá- nach, agus beanaigh a cheann; agus ceang- laigh an t-Oilean sin ris a raitear Eire andiaigh bhur long, agus bhur ndeagh-bharc; agus léigid don uisce imilltiugh teacht iona hionadh; agus cuirid ar thuaisceart Lochlann í, agus ní leanfaigh neach do Thuatha De Danann go bruinne an bhrátha ann í. Is annsin do cuireadh amach a longa agus a luath-bharca ón cuan, agus do líonadar do phic, agus do thúis, agus do mhior iad; agus do chuireadar a seól-bhréidi siúbhlacha suai- cheanntacha an-áird; agus tugsad bloisc- bhéim sanntach ón cuan agus ón calathphort, ar an tír nach treabhthar, agus ar an bhfairge imleithin, agus ar an aidhbhéis iongantaigh, agus ar dhrimchladhaibh na dileann, agus ar shléibhtibh fhliuchárda fhuair-neimhneacha na fairge fíor-dhoimhne; agus níor sguireadar don tseól-réim sin gur gabhadar cuan agus calathphort an Easdar. Agus do sgaoilea- dar sluaigh fa iarthar Chonnacht, agus do airgeadar go léir é. Agus ise fá rígh ar Chonnacht, an tan sin, Bodhbh Dearg, mac an Daghda. Agus is ann do bhí Lugh Lámhfhada an tan sin a Teamhraigh a fochair righ Eireann. Agus do foillsíoghadh dhó go tángadar fine Fomo- rach a tír a nEasdara, [ait ar thuit Dara Deaarg, draoi do Fomorchaibh do láimh Lugh Lámhfhada.] Agus ar fághail na sgéal sin do Lugh do dheasaigh an Aonbharr Mhanan- náin, a comhrac an lae agus na hoidhche; agus do chuaidh isteach mar a raibh righ Eireann, agus do innis dó go tangadar Allmhuraigh atir a nEasdara, agus gur áir- geadar Bodhbh Dearg, agus dob áil liom cungnamh do fhághail uaitse, ar se, dochum catha do thabhairt dóibh. Ní thabhair, ar an righ, óir an gníomh nach dearna oram ní reach dá chosnamh.
O do chuala Lugh Lámhfhada an droch- fhreagra sin, teadh ar marcaigheacht, agus do ghluais ó Theamhraigh siar, agus do chonnairc an triar óglách armtha éidighthe chuige, .i. trí meic Cáinte; agus do bheannaigheadar dhó. Créad an mhoch-eirghe sin ort, ar siad. Is mór mo chúis, ar Lugh .i. Allmhuraigh do theacht in Eirinn, agus Bodhbh Dearg mac an Daghda d'argain dóibh; agus créad an cung- namh do bhéara sibh dhom? Diongnam, ar siad, ched óglach gach fir dhíotsa 'san chath. Is maith an cungamh sin, ar sé, agus atá cungnamh as fearr liom ina sin do fhághail uaibh, .i. an Marcra Sidhe do thionol chugam as gach áit dá fuilid. Agus do imthigh Cu agus Ceitheann bo dheas; agus do ghluais Cian 'san ard bo tuaidh, agus ni dhearnaidh comhnaighe Magh Muir- theimne. Agus do bhí ag siubhal na maighe; agus as gearr do bhí ann an tan do chon- nairc an triar óglach armtha, éidighthe ara chómhair ag siubhal na maighe; agus is iad do bhí ann .i. trí mic Tuireann dar bho ainm Brian, * Iucharba, agus Iuchair. Agus as amhlaidh do bhadar trí mic Cainte agus trí mic Tuireann, na lucht fuatha agus mios- caise da chéile; ionna gidhbé áit a teangmh- daois dá chéile na rachaidh as acht an drong ba treise dhíobh. Is annsin do ráidh Cian: Da mbeidis mo dhias dearbhrathar annso, is calma an comh- rac do dhéanmaois; agus ó nach fuilid, is maith an chómhairle dhamhsa teitheadh. Agus do chonnairc mall-tréad muc iona ghoire, agus do bhuail é féin do fhleisc draoidheacht a riocht muice dona mucaibh, agus do ghabh ag tochailt na talmhan amhail gach muic dona mucaibh oile. Is annsin a dubhairt Brian mac Tuireann: A Dhearbhbhráithre, ar sé, an facabhair an t-óglach do bhí ag siubhal na maighe ó chianaibh? Do conncamar, ar iadsin. Is mímheanmnach dhaoibhse, ar sé, gan feitheamh maith do dhéa- namh a n-aimsir coghadh, ar mhaighibh, agus ar réidhteachaibh; agus do fheadarsa créad do rug as é; óir do bhuail se é féin do fhleisc órdha, a riocht muice dona mucaibh úd; agus atá ag tochailt na talmhan amhail gach muic dona mucaibh oile; agus ní cara dhuinn é. Is olc atá sin againne, ar an dias oile, óir is le neach éigin do Thuatha De Danann na muca, agus da marbham uile iad do theang- mhadh don mhuic doigheachta dul as fodheiridh. Agus níor chian gur theith an mhuc droigh- eachta as na mucaibh oile amach; agus níor aon mhuc oile acht í féin amháin; agus do chonnairc si doire coille, agus do ionnsaigh é; agus ag dul fá'n choill di, tug Brian urchar da shleigh di, gur chuir tré chompar a cléibh í. Agus do sgread an mhuc agus a dubhairt. Is olc do rinneabhair mo theilg- eann ó aithneabhair mé. Darleam is urlabh- radh daonn sin agat; ar Brian. Is duine mé do bhunadh, ar eision, agus is mé Cian mac Cáinte; agus tabhraidh anacal dam. Bhearam, cheana, ar Iúcharba agus ar Iúchar, agus is olc linn ar bhean riot. Luighimse fá na déibh aedhardha, ar Brian, da thigeadh an t-anam seacht n-uaire ionnat, go mbeanfainnse asat é. Maiseadh, ar Cian, tabhraidh aisgidh dham. Do bhéaram, ar Brian. Léigidh dhom dul am riocht féin, ar Cian. Léigfeam, ar Brian, óir is usa leam féin duine do mharbhadh go minic 'ná muc. Agus do chuaidh Cian ina riocht féin annsin, agus a dúbhairt: Tabhraidh anacal maith dham anois, ar sé. Ní thiobhram, ar Brian. Mais- eadh do mheall mé sibh, ar Cian, óir dá mo a riocht muice do mhuirbhfidhe mé ní bhiadh acht eiric muice ionnam, agus ós am riocht féin murbhfighthear mé, níor marbhadh riamh, agus
ní mhuirfidhthear choidhche, neach bhus mó éiric iná mé; agus na hairm le a muirfigh- thear mé, inneósaidh an gníomh dom mhac. Ní lé harmaibh muirbhfighthear thú, acht lé clochaibh tulamhais na talmhan, ar Brian. Agus do ghabhadar as a haithle sin sair- ghléas air do chlochaibh go hathgharbh, agus do hainmhín, go ndeárnadar díbheal dearóil dian-bhrúite don churadh; agus do chuireadar cubat fir fo thalmhain é. Agus níor ghabh an talamh an fionghal sin uatha; agus do theilg ar uachtar na talmhan aníor é. A dúbhairt Brian go rachadh arís fá thalamh; agus do cuireadh an dara feacht é, agus níor ghabh an talamh ris. Cidh tra acht do adhnaca- dar Clann Tuireann an corp fé huaire, agus ro dhiúlt an talamh é; agus an seacht- mhadh huair do chuireadar fo thalamh é, do ghabh an uir ris. Agus do ghluaiseadar Clann Tuireann rompa andiaidh Lugh Lámh- fhada, d'ionnsaighe an chatha. Imthusa Lugh; ar ndealúghadh re na athair, do tháinig roimhe ó Theamhair siar, do Ghairidh, agus do Ilghairidh, agus do Ath Luain mic Luighdheach, agus do Bhéirn na hEadargána, ris a ráitear Ros Commáin an tan so, agus tar Mhaigh Luirg, agus do Choirr-shliabh na Seaghsa, agus do cheann Sean-tsléibhe, ris a raitear Ceis Choronn an tan so, agus tré chríochaibh an Chorainn chruthsholuis, agus as san go Magh Mor an Aonaigh, áit a rabhadar Allmaraigh, agus creacha Chonnacht fútha. Is annsin do eirigh Breas mac Balair, agus a dubhairt: Is iongnadh leam, ar se, an ghrian ag eirghe aniar aniu, agus anoir gacha laoi aile. Do budh feárr go mad í, ar na draoithe. Créad oile, ar sé. Dealradh aighthe Lóga Lámhfhada, ar siad. Is annsin tainig an t-Ioldhánach na timchioll, agus do bheannaigh dhóibh. Créad ádhbhar do bheannaighthe, ar iadsan. Is mór ádhbhar mo bheannaighthe dhaoibh, ar sé, óir ni fhuil acht mo leath do Thuatha De Danann, agus mo leath daoibhse; agus tabhraidh aisioc bleachtach fhear nEireann dhom, ar sé. Narab moch maith dhuit, ar fear dhíobh, go feargach foirniata ag freagra dhó, sul do geabhair seasgach na bleachtach annso. Is annsin do léigh Lugh briocht draoigheachta fá na creachaibh, agus do chuir a mbleachtacha féin a ndorus gach aon tighe i nEirinn, agus do fhághaibh na seascacha aca, go nach fúig- fidís an fonn sin nó go mbeireadh an Marcra Sidhe orra. Agus do bhí Lugh trí [lá] agus trí oidhche 'na tímchioll, nó go tángadar an Marcra Sidhe, agus do shuidheadar a tímchioll Loga. Agus tháinig Bodhbh Dearg mac Daghda, naoi céad fithchead da n-ionnsaighe; agus do ráidh: Créad ádhbhar bhur moille gan an cath do chur? Ag fuireach riotsa, ar Lugh. Is annsin do ghabh Lugh Lúireach Mhanan- náin uime; agus ní dheargthaoi fúithe, na tríthe, na tairse ar neach fa mbiadh sí. Ro ghabh sgaball Mhanannáin uime fa chaol a mhuinil; agus do ghabh a chathbharr ris a ráitear Cinn- bheart; agus do bhí dealradh na gréine na ghúis ó chlaóchlódh an chathbhar; agus do ghabh a sgiath dubh-ghorm, dath-álainn, dín-leathan, daol-chomhramhach, ós stuigh-leirg a dhroma, do dhíon a chuirp; agus ro ghabh a choidheamh fhos- gadhach, fhírdheas, fhaobh-dhlúith, tar a thaobh clí; agus ro ghabh a dhá shleagh chró-fhairinge, chrann-reamhra, chruaidhneimhneacha, ar na bhfothrughadh as fuil nathrach neimhe. Agus do ghabhadar ríogha agus urríogha fhear nEireann a treallmha catha agus comhlainn umpa; agus do thógbhadar tuirthe bioracha do shlea- ghaibh ós a ceannaibh; agus do rinneadar léibeanna disle daingne dluithe da sgia- thaibh iona n-uirthimcheall. Agus ro ionnsaigheadar Magh Mór an aonaigh; agus do fhreagradar na hAllmhu- raigh iad; agus do chaitheadar a sléagha gonacha gáibhteacha ar a chéile; agus a chomh- bhriseadh a sleagh dhóibh do thairngeadar a cloidhmhe clais-leathna cros-órdha as a tru- aillibh chiumhais-ghorma; agus do ghabhadar ag tréan-thuargain a chéile; agus do eir- gheadar doreadha donn-larracha as a cionn
do neimh agus iolfhaobhar na tréinfhear sin. Is annsin do chonnairc Lugh an cró catha ann a raibh Breas mac Balair, agus do ionnsaigh go hainmhín ainiarmarthach é; agus do ghabh ag tréan-thuargain na tréinfhear sin, no gur torcradh da chéad laoch leis do lucht coiméata mhic Balair ina fhiadhnaise. Is annsin do naisc Breas comairce ar Lugh: Tabhair mo anam dhom, ar sé, don chor so; agus do bhéar fine Fómhorach chugat do chath Mhaighe Túireadh; agus do bhéar Grian agus Easga, Muir agus Tír, a coraigheacht orm féin fá theacht do chómhrac riot aris mana faghthar fine Fómhorach liom. Agus tug an choraigheacht sin anacal a anma dhó. Is annsin a dubhradar na draoithe comairce do thabhairt doibh féin. Is briathar dhómhsa, ar Lugh, da ndeachdaois fine Fomhorach uile ar bhúr comairce na millfidhe leamsa iad. Is annsin do ghluais Breas mac Balair agus na draoithe rómpa d'ionnsaighe a criche féin. Imthusa Lógha: Taréis chosgair agus bhuaidh an chatha sin; do chonnairc dias da bhráithribh, agus ro fhiafraigh dhíobh an bhfaca- dar a athair is an chath. Ní fhacamar, ar iad- sain. Ní hiad, ar siad. Ní mhaireann sé, ar Lugh, agus do bheirimse briathar ris, nach rachaidh biadh na deoch am bhéalsa no go bhfhaighthear fios cá bás do fuair m'athair. Agus do chuaidh Lugh agus an Marcra Sidhe ar aon ris nó go rangadar gus an áit ionar sgar sé féin agus a athair re chéile; agus as sin gus an áit a ndeachaidh sé a riocht na muice ar n-aithne Chloinne Tuireann dhó; Gona annsin do labhair an talamh re Lugh, go ndubhairt: As mór an teannta iona raibh t'athair annso, a Lugh, ag faicsin Chloinne Tuireann dó, óir dob éigean dó dhul a riocht muice [gidheadh, do mharbhadar é iarsin iona riocht féin.] Agus do innis Lugh sin dá mhuinntir, agus do chinn an áit ann a raibh a athair; agus téad da ionnsaighe; agus tug fa dheara a thochailt, ionnas go faicfeadh créad an marbhadh tugadar Clann Tuireann air. Agus do tógbhadh an corp as an uaigh, agus do ghabhadar ag féachain a lot, agus do fríth na cosair chró é, go ndubhair Lugh: is naimhdeamhail an marbhadh so tugadar Clann Tuireann ar m'athair ionmhain. Agus tug teóra póg dhó, agus a dúbhairt: Is olc atáim féin ón marbhadh so, óir ní chluinim éin ní trem' chluasaibh, agus ní fhaicim éin ní trém shúilibh, agus ní fuil aon chuisle beó am chroidhe, do chúmhaidh m'athar; agus a dhé da n-adhraim, ar se, is doiligh leam gan mé féin do theacht do láthair an uair do bhí an gníomh so aga dhéanamh; agus is mór an gníomh do rinneadh ann, ar Lugh; .i. fionghal do dhéanamh do Thuathaibh De Danann ar a chéile; agus ba fada bhias a dhíth dhóibh; agus a dubhairt an rosg so sios:— Sgéal mór fuair Cian um nóin, DO chiorrbhaigh mo chorp leadradh an laoich, An ród seal soir, an fód seal siar, Bí bhiaidh Eire go brát acht go holc, Tre mharbhadh Chéin, curadh na cleas, Do thraoch mo threóir — — Do dhubh mo dhealbh, — — Mo chiall atá claon. — — A leacht atá ar lár, Ros marbh Clann Tuireann Tréith bhéid Tuatha De Danann don- dáil, Fa dhoghra neirt agus tláis. Do cuireadh Cian fo'n feart aris iar sin, agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do fearadh a chuithche caointe, agus do sgríobhadh a ainm oghaim. Is ó Chian ainmneóchar an cnoc son, ar Lug; agus na foillsigheadh neach an gníomh so no foillsigheadar é, ar sé; agus a dubhairt an laoi se síos:— O Chian ainmneóchar an cnoc, Gé 'tá a n-íonad fornocht; Mór an gníomh do ronadh ann, Fionghal ar Thuatha De Danann.
Mic Tuireann do rinne an gníomh, Innisim dhaoibhse tré fhíor, A deirim libh, ní sgéal gúa, Tiocfaidh ré a n-úa, agus a n-iarm-úa. Trí mic Cainte, cródha an dream, Agus Clann Tuireann Beagreann, Is de do raladh bás Chéin, A mbeith cómhárd a cóimhchein. Is briste mo chroidhe am' chliabh, O nach maireann an curadh Cian; Do Chloinn Dealbhaoith ní sgéal gó, Go mbeid uile fa iarghnó. A haithle na laoidhi sin a dubhairt Lugh: Is olc do thiocfas an gníomh so do Thuatha De Danann, agus is fada bhias fionghal aga déanamh a nEirinn dia éis; agus is truagh ataimse ón ngníomh so do rinneadar Clann Tuireann. Agus a dubhairt le na mhuinntir: Imthigh go Teamhraigh mar an fuil righ Eireann agus Tuatha De Danann; agus na foillsigh na sgéala so ann nó go foillsigheadar fein iad. Ar rochtain do Lugh go Teamhraigh, do shuidh go huasal, orórach, ar ghualainn righ Eireann. Agus do fhéach Lugh na thimchioll, agus do chonnairc se mic Tuireann; agus dob' iad sin triúr dob' fhearr lúith agus lámhach, dob' áille agus dob' urramhanta da raibh i Teamh- raigh an tan sin; agus dob' fhearr lámh a cath na Fómorach. Is annsin do fhuráib Lugh slabhradh éis- teachta na cathrach do bhuain; agus do rinneadh amhlaidh, agus do éisteadar uile. A dubhairt Lugh: Créad ara fuil bhur naire anois, a Thuatha De Danann; ar sé. Atá ortsa go deimhin, ar siad. Fiafraighe do ním da bhur maithibh, ar sé; créad an dío- ghaltas do dhéanfadh gach aon agaibh ar an drong do mhuirbhfeadh a athair? Do luigh socht mór ar chách, ar na chlos sin dóibh; agus do fhreagair righ Eireann ar tús é, agus iseadh a dubhairt: Feadamair ní hé t-athairse do marbhadh? Is é, go deimhin, ar Lugh; agus do chím istigh anois an drong do mharbh é; agus n fearr a fhios aca féin an marbhadh do thuga- dar air ná agamsa. A dubhairt righ Eireann: Ní marbhadh aon laoi do bhéarainn féin ar an té do mhuirbh- feadh m'athair, acht ball do bhuain dé gach aon lá as a chéile, no go tuitfeadh sé leam, da mbiadh sé ar mo chomus. A dubhradar na huaisle uile an ní céadna, agus Clann Tuireann mar chách. Atáit ag déanamh an órdaighthe sin, ar Lugh, an triar do mharbh m'athairse; agus tabhraid eiric dhom ann, ó táidh Tuatha De Danann a naoin tigh; agus mana tugaid, ní sháróchadsa reacht righ Eireann, na a chomh- airce; gidheadh, ní lámhóchaid Teach Míodh- chuarta dó fhágbháil nó go réidhid leamsa. Da marbhainn féin f'athair, ar rith Eireann, do budh maith leam tú do ghlacadh earca uaim ann: Is cugainne a deir Lugh súd, ar Chlann Tuireann eatarra féin; agus admham marbhadh a athar dhó, ar Iuchar agus ar Iucharba; óir is ag iarraidh sgéala a athar do fhan sé gus drasta, no go fuair fios a bháis. Dob' eagal dhuinn, ar Brian, gurab ag iarraidh adhmála do bhiadh sé a fiadhnaise cháich, agus nach geabhadh sé éiric uainn iona dhiaigh sin. Do bhéaramne, ar na mic oile; admháil dhó, nó tabhairse ós tú is sine. Do bhéar, ar Brian. Agus leis sin a dubhairt Brian mac Tuireann: Is chugainne a deir tú sin, a Lugh, an triur so; óir is sinn do shaoilfeá do dhéanamh cóimheirge comhraich ré clainn Chainte roimhe so; agus níor mharbhamairne t'athair; gidh- eadh do bhéarfam éiric ann dhuitse amhail is mar go ndéanmaois an gníomh. Geabhatsa éiric uaibh ann, gion go saoil- tighse é, ar Lugh; agus a déar annso í; agus más mór libhse í, do gheabhthaoi maithiomh ar chuid dí. Cluineam uait í, ar siad. Ag so í, ar Lugh; .i. trí húbhla; agus croi- ceann muice; agus sleagh; agus dá each; agus carbad; agus seacht muca; agus
cuiléan con; agus bior fulachta; gus trí ghártha ar cnoc; agus is í sin an éiric atáimse d'iarraidh, ar sé; agus más mór libhse í, maithfidhthear cuid di ar láthair annso dhibh; agus mana mór, tabhraidh uaibh í. Ní mór linn í, ar Brian mac Tuireann; na a chead urdail sin mar eiric; agus as dóchaide linn rún feill agus múdhaighthe do bheith agatsa fa nár comhair a luíghead mar éiric. Ní beag leamsa ar shloinneas féin mar éiric, ar Lugh; agus do bhéar slanaigheacht Thuatha De Danann dhibhse gan ní as mó do iarraidh, agus re dileas go bráth dhíbh; agus tabhraidhse an tslánaigheacht chéadna dhomso. Is truagh sin, ar Clann Tuireann, ní beag do shlánaibh an domhain sinn féin. Is beag, ar Lugh, óir is minic do gheall bhur samhailse éiric uatha mar so a fiadhnaise cháich agus go rachdaois 'na chois arís. Tugadar Clann Tuireann iarsin rig Eireann, agus Bodhbh Dearg mac an Daghda, agus uaisle Thuatha De Danann archeana, fá íoc na hearca sin le Lugh. Is fearr dhomsa anois, ar Lugh, fios na hearca úd do thabhairt dhaoibh. Is fearr cheana, ar iadsin. Maseadh, ar Lugh, is iad na trí húbhla do iarras orraibh, .i. trí húbhla do Ghargha na Hisbéirne, a n-oirthear an domhain; agus ní fhoghnaifid úbhla oile dhom acht iad; óir is iad úbhla is fearr buaidh agus is áille 'san domhan iad; agus is amhlaidh atáid agus dath an óir órloisgthe orra; agus ní mó ceann mic míosa 'ná gach úbhall dhíobh; agus blas meala bhíos orra le na caitheamh; agus ní fhágbhaid gaotha cró, ná aicíd aingide, ar aoin neach do chaitheas iad; agus ní lúghaide iad a mbeith agá siorchaitheamh go bráth; agus do ni gach aon theilgeas úbhall dhíobh a rogha éachta agus tig chuige tar ais arís; agus gidh calma sibhse, a thriar laoch, saoilimse nach fuil ar chomus dhaoibh, ni cach doiligh leam, na húbhla sin do bhreith ón muinntir agá fuilid; óir do rinneadh fáistine dhóibh, go rachadaois triar rideireadha óga ó iarthar na hEórpa da mbreith ar éigean uatha. Isé, imorro, an croiceann muice do iarras orraibh, .i. croiceann muice Thuis, righ Ghréag; agus leighsaigh, agus slánícaigh se aos cneadh agus galair an bheatha da ghusachtaoi, acht go mbeiridh ar an anam ann; agus is amhlaidh do bhí an mhuc sin, agus an sruth na tigheadh sí thríd do bhíodh iona fhíon go ceann naoi tráth; agus an chréacht re mbeanadh sí do bhíodh slán; agus do inniseadar draoithe na Gréige, nach uirro féin do bhí an bhuaidh sin acht ar a croiceann; agus do feannadh í, agus atá a croiceann aca ó shoin; agus saoilimsi fós, nach urasa dhíbhse a fhághail do dheóin na do aimhdheóin. Agus an feadabhair créad í an tsleagh do shír mé orraibh? Ní fheadamair, ar siad. Sleagh sáir-neimhneach atá ag Pisear righ na Persia; Aréadbhair gairmthear dhi; Agus do ghnithear gach rogha eachta le; agus bhí coire do uisce fó na ceann do ghnáth go nach loisgfeadh an chair iona mbí; agus is deacair a fághail. Agus an feadabhair cia an dá each, agus an carbad do 'áil leam d'fhághail uaibh? Ní fheadamar, ar siad,. Dá each uaisle, iongantacha, ar sé , atá ag Dobar, righ Sisle; agus is cóimhdheas dhóibh muir agus tír; agus ní fuil eich is luaithe láidre 'ná iad; agus ní fuil carbad a chomhmaith ar chumhadh ná ar chómhdhaingne. Agus an feadabhair cia hiad na seacht muca do iarr orraibh; .i. muca atá ag Easal rig na Coloman Ordha, ar Lugh; agus gé marbhthar gach oidhce iad, do gheabhthar beó arnamharach iad, acht go faighthear a cnámha re tiomsúghadh; agus ní bí galar na eas- láinte ar neacht fhromas cuid dhíobh; agus is dóigh leamsa nach urasa daoibhse a fághail. Agus isé cuileán con do iarras orraibh; .i. cuiléan atá ag righ na h-Ioruaidhe, agus Failinis a hainm; agus beathadhaigh an do- mhain do faicsin di, do thuitfidís as a seasamh lé; agus is áille í iná an ghrian ina rothaibh teintighe; agus deacair a fághail.
An bior folachta do iarras orraibh; .i. bior dona biaraibh atá ag mnaibh Innse Fianchaise. Agus is iad na trí gártha do iarras orraibh do dhéanamh ar chnoc; .i. trí gártha do léigean ar Chnoc Mhíodhchaoin i tuaisceart Lochlann; agus is geis do Mhíodhchaoin agus dá chloinn gan gártha do fhulang do dhéanamh ar an cnoc sin; agus is acasan do rinn mho athair a fhoghlaim; agus da maithinnse dhaoibh é, ní mhaithfidís sin d'á ndéoin é; agus da n-eirgheadh bhur turus uile libh go tígh iad, is dóigh leamsa go ndíoghaldaois oraibh é; Agus is ísin an éiric do iarras orraibh, ar Lugh. Do luidh socht agus síor-dhúbhadh ar Chlainn Tuireann, re sloinneadh na héarca sin. Agus do chuadar iar sin mar a raibh a n- athair, agus do innseadar an téadtualaing sin dhó. Is olc na sgéala sin, ar Tuireann; agus do gheabaidh sibh nás agus nuan-oidhe do imirt orraibh ag iarradh na héarca sin, agus is cóir a theangmháil dhaoibh. Agus tairis sin uile, dá mádh áil lé Luch féin é, do gheabhadh fibh an éiric le saothrúghadh; agus ní bhfaighdís fir an domhain í acht le chumhachtaibh Mhanannain, nó Lógha féin. Agus eirghidhse do iarraidh iasachta an Aonbhairr Mhanan- ain air; agus ma tá a shúil re fághail na héarca, do bhéara sé an t-each dhaoibh; agus muna fuil iseadh adéara nach leis í, agus na tiobhra iasacht don iasacht amach; aus iarraidh iasacht churaigh Mhanannáin air, .i. Sguaba tuinne; agus do bhéara see sin dhaoibh, óir is geis dhó an dara hathchuinge do thabhairt uaidh; agus is fearr dhaoibhse an curach na in t-each. Is annsin do chuadar Clann Tuireann mar a raibh Lugh; agus do bheannaighdear dhó; agus a dúbhradar nach féadfadaois an éiric sin d'fhághail gan a chungnamh fein; agus gur mhaith leó, ar an adhbhar sin, iasacht an Aonbhairr Mhanannáin d'fhághail uaidh. Ní fhuil an t-each sin agam féin acht ar iasacht, ar Lugh, agus ó nach fuil ní thiobhar iasacht don iasacht uaim. Maseadh tabhair iasacht Curaigh Mhanan- náin dhuinn, ar Brian mac Tuireann. Do beirim, ar Lugh. Ca háit a fuil sé, ar siad. Ag Brugh na Boinne, ar Lugh. Agus tangadar arís mar a raibh Tuireann, agaus Eithne, inghean Tuireann, a ndeirbhshiur; agus innisid dóibh go fuaradar an curach. Ní mór gur feirrde sibh a fághail, ar Tuireann; gidheadh is maith le Lugh gach ní ar a mbiadh feidhm aige fein dochum catha Mhuighe Tuireadh do thabhairt chuige don éiric úd; agus budh ro mhaith leis an ní ar nach fuil feidhm aige .i. sibhse, do thuitim agá hiarraidh fadheóigh. Gluaisid rompa iarsin, agus fágbhaid Tuireann go chúmhach, caointeach; agus do chuaidh Eithne leó go tí an cúan 'na raibh an curach. Agus do chuaidh Brian annsa churach, agus a dubhairt: Ní fuil acht slionad aon- duine amháin oile annso am fharradhsa; agus do ghabh ag ceasacht ar a chumhainge. Is geis don churchan gan ceafacht do dhéanamh amhlaidh sin air, do ráidh Eithnee; agus a bhráithre ion mhaine, ar Eithne, is olc an gníomh do rinne- amhair, .i. athair Lógha Lámhfhada do mharbhadh; agus is cóir gach olc oile do bheith 'na dhiaigh orraibh; agus do rinne laoidh ann:— Truagh an gníomh do rinneabhair, A chuideachta fhial, fhionnsa; Athair Lógha Lámhfhada Do mharbhadh is olc leamsa. A Eithne na habair sin, Mear ar muirn, tréan ar treasa, Is fearr linn ar marbhadh fá chéad Na éag míodhlaoich meata. Síridh iatha agus innseadha, Go ria slios Mara Ruaidhe; Bhur cur a hEirinn, faríor, Noch an fuil gníomh as truaighe. A haithle na mbriathar sin, do chuireadar an chuideacht chathmhileadh sin a curach amach ó chiúmhsaibh áille eochair-ghlana na hEireann. Ca slighe a racham ar túis, ar siad. Racham do iarraidh na n-úbhall, ar Brian, ós iad do hiarradh oruinn ar tús; dá réir sin iarra-
maoid ortsa, a churaigh Mhanannáin atá fúinn, ar sé, ar shéala go Gargha na His- beirne. Agus níor failleadh an fóghra sin leis an curach, amhail bo gháith leis; óir do sheóil roimhe iona réim ar bharr na tonn taobh uaine, an aithghearra gacha haibhéise, no gu ghabh cúan agus caladh-phort a críochaibh na Hisbeirne. Agus ar ndul annsin dóibh, do fhiarfaigh Brian da bhráithribh: Cionnas dob' áil libh dhol d'ionnsaighe Gharga na Hisberne; óir is dóigh leam, ar sé gurab amhlaidh bhíd ríogh- churaidh agus cath-mhileadh na criche agá choiméad, agus an righ féin 'na cheannphort orra? Créad do dhéanmaois, ar an chlann oile, acht dul da n-ionnsaighe ion ar riocht féin, agus na hubhla do thabhairt uatha nó sinn fein do thuitim ann ar a son; ó nach linn dul ón cuntabhairt seo atá ionar ceann, gan bás d'fhághail in áit éigin. Tairis sin, ar Brian, is fearr linn ar n-álladh, agus ar n-árdnós do chur ós árd oruinn, ar ár ngliocas agus ár ngaisce d'aithris ionar ndiaidh 'ná míghliochas agus meatacht do dhol ós árd oruinn. Agus dá réir sin, isí cómhairle is indéanta dhuinn do'n chur so .i. dol a reachtaibh seabhach séit- reach, sárlúthmhar, d'ionnsaighe an ghargha úd; agus ní fuil ag a choiméadaighthe acht a n-airm eadtroma, ionchaithmhe d'ar teilgean; agus babhraidhse da bhur n-aire iadsan do léigean tharaibh go lúthmhar lán-tapaidh; agus an tráth theilgfid siad a mbiaidh urlamh, ion- chaithmhe aca dhíobh sin, cromaidhse ar na húbhla, agus beiridh úbhall gacha fir dhíobh; agus ma fhéadaimse é, do bhéar da úbhall leam .i. úbhall am'ingnibh agus úbhall ann mo bhéal. Do mholadar san an chomhairle sin; agus do bhuail Brian do fhleisg doilbhthe draoidh- eachta iad, iona triur, go ndéarna trí sea- bhaic aille éagsamhla dhíobh. Agus gluaisid d'ionnsaighe na n-úbhall. Agus mothaighid an lucht coimhéadtha iad, agus do ghárieadar ar gach taobh dóibh; agus do chaithsat frasa feargacha firnemhneach riu; agus do bhádar- sab ar a choimhéad féin amhail do aithinn Brian díobh; nó gur chuireadar an lucht coimhéadta a lámh-arma uile dhíobh; agus annsin cromaid ar na húbhla go hurlamh; agus do rug Brian da úbhall ris, agus úbhll gacha fir do'n dís oile; agus fillid slán gan fuiliúghadh gan fóirdheargadh. Agus téid an sgéal sin fó'n cathraigh, acus fó'n crích a coithcinne. Agus do bhádar trí hingheana glioca gaosmhara ag an righ sin; agus do chuireadar íad féin a reachtaibh teóra Gríobha ingneacha; agus do leanadar na seabhaic 'san fairrge, agus do léigeadar saighnéana[teintighe 'na ndiaidh agus rompa agus do bhádar na saighnéana] sin agá los- gadh go mór. Truagh an modh ara fuilmíd anis, ar Clann Tuireann, óir atamaoid d'ar losgadh dona saighnéanaibh so, muna fham cabhair éigin. Da féadain fein, ar Brian, do bhéar- fainn fortacht orraibh. Agus do bhuail do'n fhleisg doilbhe draoigheachta é fein agus a dhias dearbhrathar, agus do rinne shá eala díobh sain agus eala oile dhéféin; agus tuga- -dar léim 'san fairrge síos; agus do im- thígheadar na gríobha uatha ann sin; agus téid Clann Tuireann annsin gus an Curach. Asa haithle sin do cinneadh comhairle leó dul don Ghréig d'iarraidh chroicinn na muice, ar ais nó ar eigean. Gluaisid rómpa nó go rángadar a cómhfhogus cathrach righ Ghréag. Cá riocht a racham annso, ar Briain. Ca riocht a rachmaois ann, ar na macaibh oile, acht ion ar reachtaibh féin. Ní hamhlaidh sin chíthear dhomsa, ar Brian, acht a reachtaibh fileadh agus aosa dána Eireannach ann, óir is amhlaidh is mó ar n-onóir agus ar chádhas idir fholaibh uaisle na Gréige. Is deacair dhuinne sin do dhéanamh, ar siad, agus gan dán againn, agus nách mó is eól dhuinn a dhéanamh. Gidheadh tugadar ceangal fileadh ar a foltaibh, agus buailid dorus na cathrach; agus d'fhiafraigh an dóirseóir cia do bhí ann. Aos dána Eireannach sinn, ar Brian, táinig le dán chum an righ.
Téid an dóirseóir d'a innisin do'n righ go rabhadar aos dána Eireannach 'san dorus. Léigthear isteach iad, ar an righ, óir fá thuai- risg deágh-dhuine tángadar an fad sain as an tír féin go tí so. Agus do fhógair an righ an chathair do chorúghadh ara cionn, ionnas go mbeith re na aithris aca nach facadar ion aon áit da'r shiúbhladar a chómhmaith. Do léigeadh Clann Tuireann isteach a cruth aosa dána [agus do ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas a céadóir; agus] mhea- radar nách facadar féin riamh, agus nach raibh 'san domhan comhmaith na cathrach sin, ná cóimhlíonmhaire a teaglaigh, ná cómhmór a ceana fein innte. Is annsin do eirgheadar aos dána an righ do ghabháil a nduan agus a ndan do chách. Is annsin a dúbhair Brian mac Tuireann le na bhráithribh, dan do ghabháil do'n righ, ní fuil dán againn, ar siad, agus na hiarrsa orainn acht an dóan do chleachtamar raimh, .i. gach ní da theasdann úainn do bhúain amach le neart ar lámh, más dhuinn is treise; agus más dhóibhsin is treise, sinne do thuitim leó. Ní seasgair an déanamh dána sin, ar Brian. Agus leis sin ro eirigh féin iona sheasamh agus d'iarr éisteacht go ngabhadh féin dán; agus do héisteadh ris, go ndúbhairt:— A Thuis ní cheileam do chlú, Molam thú ós ríogh an rail, Iomnocht reise, féibh gan chrúas, Isí dúais do chuinnchim air. Do chogadh cómharsan fria ó, O fionn a chómharsan fris; An té do bheir dhuinn a chródh Ní teircide uaidh a lis. Sluaigh gaoithe is fairrge mhear, Amhnas gean go ngabh ruis, Iomnocht reise, feibh gan chrúas Isi dúais do chuinngim a Thuis. Is maith an dán sin, ar an righ, acht na tuigim aon fhocal dá chéill. Inneosadsa a chiall dhuit, ar Brian: “A Thuis ní cheileam do chlú, Molfam tú ós riogh an rail.” .i. Amhail théid an rail ós righ fheadhaibh na coille, is mar sin théidh tusa ós ríogaibh an domhan, ar feabhas, ar uaisle, agus ar oineach. “Iomnocht feise féibe gan chrúas.” .i. Croiceann muice a Thúis atá agatsa, dob' áil leamsa do fhaghail úait a ndúais mo dhána. “O fionn a cómharsan fris.” [ag.ar.] .i. Ionann ó agus clúas, agus biaidh mise agus tusa clúas ar chlúais .i. ar chlúasaibh a chéile fa'n croiceann, muna fághadh úait do't dheóin é; agus is do sin atá tuicsi mo dhána; ar Brian mac Tuireann. Do mholfainn do dhán, ar an righ, muna mbeith a mhéad atá iomrádh mo chroicinn féin ann; agus ní ciall mhaith dhuitse, a fhir dána, ar sé, an athchuinge sin d'iarraidh oram fein, agus nach tiobhrainn do a fuil do fhileadhaibh agus do aos dána, agus do mhaithibh, agus do mhór uaisle an domhain é, ó nach tiocfadh dhióbh a bhuain dhíom dom'aimhdheóin: agus do bhéar trí láin an chroicinn sin do dhearg-ór dhuitsi ar ceannach do dhána. Go raibh maith agat, a righ, ar Brian; agus do bhí a fhios agamsa féin nách ar fhoircheas an athchuinge do iarraidh, acht gur thuigeas go faghain fúasgladh maith as; ghidheadh, atá mé cómh sanntach sin, nach gea- bhadh gan an t-ór do thómhus ann mo fhiadhnaise féin as an croiceann. Do cuireadh aos feadhma agus friothailmhe an righ leó do thómhus an ionmasa go teach na séad. Tóimhsigh dá lán an chroicinn ar túis d'ionnsaighe mo bhráithreach, ar Brian, agus an lán déigheanach go dhúthrachtach dhom féin, ó as mé do rinne an dán. Acht cheana, ar teacht do'n chroiceann do láthair, tuc Brian síth sanntach solámhadh air,
dia láimh chlí; agus do nocht a chloidheamh, agus tug béim do'n fhear fá foigsi dhó dhíobh, go ndearna da roinn dhé iona lár; agus do chúaidh a seilbh an chroicinn, agus do chuir uime féin é; agus do léigeadar iad a tríur as an cathair amach, agus iad ag slúidhe na slógh ann gach ionad iona teang- mhadaois rómpa; ionnas nách deachaidh uasal gan oirleach, na curadh gan cíorrbhadh, na óg gan marbhadh uatha. Is annsin taínig Brian mar a raibhe righ Gréag féin, agus níor mhoille an righ da ionnsaighe, gur fhearsad cómhrach cródha, curata, cruaidh, calma, re chéile; agus do b'é críoch an chómhraic sin, gur thuit righ Gréag do neimh láimhe Bhriain mhic Tuireann. Dála na díse oile: do ghabhadar ag mar- bhadh agus ag mór oirleach na slóigh ar gach leith, gur chuireadar ár dofhaisnéise ar shluaigh an dúna, no go ndeachaidh aca orra. Agus do fhadadar féin 'san cathraigh trí oidhche agus trí lá, ag cur a sgíse dhíobh tar éis a saothair agus a sár-oirligh. Agus do bhádar roighne ríogh-bhan an dúna ar feis láimhe agus leabtha ag an laochraidh sin an feadh do bhádar ann. Cómhairlighthear aca annsin dul do iar- raidh thuile do'n éiric; agus fiafraighid a bhráithre do Bhrian cá rachadaois ar thúis. Racham go righ na Persia, ar Brian, do iar- raidh na sleagha atá aige. Agus do ghluaiseadar rómpa d'ionnsoighe a curaigh; agus ro fhágbhadar oirear gorm- fhrothach na Gréige. Agus a dúbhradar ann- sin: Is maith atáthar againn, agus na húbhla agus an croiceann do bheith againn. Agus níor fhadadar don réim sin nó go rangadar críochaibh na Persia. Cá riocht a racham go dún righ na Persia, ar Brian re na bráithribh. Cá riocht a rach- maois ann acht ion ár reachtaibh féin, ar na macaibh oile. Ní hé sin do chithear dhomhsa, ar Brian, acht dul a reachtaibh aosa dána ann, amhail do chúadhmar go rith Gréag. Mol- maoidne sin, ar siad, tré fheabhas do chúaidh dhuinn an úair fó deireadh do chúadhmar le dán, gion gur fuiris dhúin bheith ag admháil na céirde nách fuil againn. Agus tugadar ceangal fileadh ar a fol- taibh, agus tigid go dorus an dúna, agus iarraidh osgladh. Fiafraigheas an doirseóir cia hiad, nó cá tír dhóibh. Aos dána Eirean- nach sinn, ar siad, táinig le dán chum an righ. Do léigeadh isteach iad, agus do fearadh fáilte friú ag an righ, agus ag maithibh a mhuinntire; agus do suídheadh go huasal ónorach iad ag an righ iona thímcheall féin. Agus annsin do eirgheadar aos dána an righ do ghabhail a nduan, a ndreacht, agus a ndeágh-dhán. Agus a dúbhairt Brian mac Tuireann re na bhráithribh eirghe agus dán do ghabháil do'n righ. Ná bí ag iarraidh an dána ná fuil againn orainn, ar siad; acht mádh ail leat do dhéanam an dán as eól duinn; .i. urluighe, agus iombualadh arrachta. Do b'annamh an déanamh dana sin, ar Brian, agus ós agamsa féin atá an dán, geabhad do'n righ é: agus a dúbhairt an rosg so:- Foill gach sleagh ag Pisear, Neithibh bíodhbhadh bristear. Ní forlann do Phisear Gach aon ar a ndeargan san. Eo bo háille d'fhíodhbhaibh, Ráitear righ gan dúmhla; Go seólaigh an t-omna fó Cách ionna cosair cró. * Is maith an dán ésin, ar an righ; acht ní thuigim créad an luadh ná an lán iomrádh sin ar mo shleagh féin ann, a fhir dána Eirean- naigh. Atá, ar Brian mac Tuireann, gurab í duais do b'áil leamsa d'fhághail as mo dhán an tsleagh sin agatsa. Olc an chiall duitse sin, an aisgidh sin d'iarraidh ormsa, ar an righ; agus fós ni thugadar na huaisle ná na hard-mhaithe seo cádhas na comairce do aon dán ríamh as mó ná gan do bhás do thabhairt ar an láthair seo! Mar do chúala Brian an cómhradh sin ón righ, do chuimhnigh ar an úbhall do bhí 'na láimh aige, agus tug urchar áitheasach dhe do'n righ a clár a éadain, gu chuir a innchinn tré na chúl siar seachtair; agus nochtas a chloidheamh, agus gabhas ag slaighe na slúagh 'na thím- cheall. Agus níor failleadh sin leis an días oile; acht do Ghabhadar ag cungnamh leis go cródha, curata; go tugadar oirleach ar a tarla ria do lucht na cathrach. Agus do bhádar mná agus mór ríoghna an dúna ar a comus féin aca annsi; agus do fuaradar an tsleagh, agus coire lán do uisce fó na ceann go nach loisfeadh an dún. Iar sin a dúbhradar Clann Tuireann gur mhithíd dhul d'iarraidh tuile do'n éiric mhóir do bhí orra. Fágbhaid an chathair ann- sin, agus fiarfaighid dá chéile ca slighe a rachdaois. Racham go righ, go Dobar, righ innsi Sighir, ar Brian, óir is aige atá an dá each agus carbad do iarr an t-Ioldhánach orainn. Gluaisid iar sin, agus beirid an sleagh leó, agus bo meanmnach móraigeanta do bhádar an triúr curad, taréis an éachta agus an áithis sin do rinneadh leó; agus do ghluaiseadar rómpa go tángadar go dún righ Innsi Sighir. Cá riocht a racham do'n dún so, ar Brian. Cá riocht a rachmaois ann [acht ann ar reach- taibh féin, ar íadsain. Ní hamhlaidh is cóir, ar Brian,] acht téidheam a reachtaibh amos Eireannach ann, agus déanam muinntearas leis an righ, óir is amhlaidh sin do gheóbham fios as a chéile cá háit iona mbiaid na heich agus an carbad ar coimhéad. Agus ar chin- neadh ar an chomhairle sin aca, tángadar rómpa ar faithche dúna an righ. Agus d'eirigh an righ go maithe agus mór uaisle a mhuinntire 'na coinne agus na comhdháil, tríd an aonach do bhí ag a chómhmó- radh aca; agus do rinneadar úmhla do'n righ; agus fiafraigheas an righ sgéal dhíobh, cía híad féin, no cá tír dhóibh. Amhois Eireannach sinn, ar síad, atá ag tuilleamh tuarasdail ó ríoghaibh an domhain. An áil libh anmhain agam féin seal, ar an righ. Is áil, ar siad. Agus do rinneadar cor agus cunnradh ris an righ. Go ceann coicdhís tar mhí dhóibh 'san dún iar sin, agus ní facadar na heich ris an ré sin. Is annsin a dúbhairt Brian: Is olc an cor so orainn, a bhráithre ionmhaine, agus nách mó ata d'fhios sgéala na n-each fa tán- gamar anois againn 'ná an chéad lá thánga- mar do'n bhaile so. Créad do b'áil leatsa do dhéanamh uime sin, ar an dís oile. Déa- nam, ar Brian: gabham ar n-airm, agus ar n-iol fhaobhair, agus ar n-earradha aisdir agus imhtheacha, orainn; agus eirgheam do láthair an righ; agus innseam dhó go fácfam an talamh agus an tír so, muna tasbeánadh sé ha heích dhuinn. Tangadar rómpa an lá sin do láthair an righ, agus d'fhiafraigh an righ dhíobh, créad fá dheará dhóibh an t-inneall imtheachta sin do chur orra féin. Do gheabhaidh tusa a fhios sin, a áirdrigh, ar Brian; .i. na hamhois Eirean- nacha mar sinne, gurab íad bíos iona lucht cóimheata agus díograise ag an righthibh aga mbíd seótaibh buadha acus bisigh; agus gurab íad is lucht cogair agus cómhairle, agus mómhrúin ag gach drong ag a mbíd; agus ní dhearna tusa sin dínne ó thánghamar chúgat; óir atá dá each agus carbad agat is fearr 'san domhan, do réir mar fuaramar a dheimhin, agus ní facamar íad-san fós. Is olc do rinneamhairse tionnsgain tri- allta tríd sin, ar an righ, agus teasbeán- fainnse na heich sin dhíbh an chéad lá, dá saolinn iarraidh do bheith agaibh orra; agus ós anaois atá iarraidh agaibh orra, do chídhfidh sibh íad; ar dóigh leam na táinig do'n bhaile seo raimh, amhais as Éirinn ar mó mo dhísle agus dísle luchta na cathrach so 'na sibh. Agus do chuir fios ar na heich iar sin, agus do cuireadh an carbad orra; agus do budh cómh lúaith le gaoith adhfhúair earraidh an réim, ro reatha do bhí fútha; agus do budh cómhdheas dhóibh ar muir agur ar tír. Agus do bhí Brian ag féachain na n-each go haireach; agus do ghlac an carbad, agus do ghabh an t-ára ar chaol coise, agus do bhuail
fá'n carraig chloiche fá cóimhneasa dhó, gur imir bás air; agus lingeas fein ionna ionad 'san carbad, agus tug urchar do shleigh Phirear do'n righ gur sgoilt a chroidhe ionnna chliabh, agus do léig sé féin agus a bhráithre fa shluagh na cathrach gur chuireadar a ndearg-ár. Agus ar críochnúghadh an dála sin dóibh, fiafraigheas Iuchair agus Iucharba, cá rach- daois annsin. Racham go Asal righ na Colmhan Órdha, ar Brian, d'iarraidh na seacht muc ro iarr an t-Ioldhánach orainn. Is annsin do sheóladar rómpa a n-aith- ghearra gacha slighidh do'n chrích uasail sin, gam toirmesg; agus is amhlaidh do bhádar lucht na críche sin, agus íad ag coimhéad a cuan ar eagla Chloinne Tuireann, óir do ba clos go fóirleathan fó chríochaibh an domhain sgéala na curadh céadfadhach sin; agus a mbeith ar na cur as Eirinn re héadtualang, agus a mbeith ag breith seód búadha an domhain leó. Táinig Asal gha himeall an chuain da n-ionnsaighe, agus fiafraigheas go hachmhasá- nach dhíobh, an leó do chúalaigh ríoghradh an domhain do thuitim, ann agac tír a rabhadar. A dubhairt Brian gur ba leó, gidh bé ní do bh'áil leis sin do dhéanamh, [orra thríd. Créad fá dheara dhaoibhse sin do dhéanamh] ar Asal. Ro innis Brian gur ba éadtúalaing dhuine oile, agus a anbhreath do chuir chuige iad; agus do innis amhail tarla dhóibh; agus mar do chuaidh aca ar gach droan d'ar thairg seasamh riú go tí sin. Créad fá tángabhair do'n chrích se anois, ar an righ. Ar cheann na muc atá agatsa, ar Brian, dá mbreith linn mar chuid do'n éiric úd. Cionnas do bh' áil libh a fághail, ar an righ. Má fhagham re toil mhaith iad, ar Briain, a ngabháil chúghainn go buídheach; agus muna fagham, cath do thabhairt dhuitse agus dot mhuinntir tar a ceann, agus bhur tuitim linn, agus na muca do bhreith linn da bhúr n-aimhdheoin amhlaidh sin. Dá mádh ísin críoch do rachadh air, ar an righ, do b'olc dhuinne an catha do chur. Isí go dheimhin; ar Brian. Is annsin do chuaidh an righ a chómhairle agus a cogar, a muinntire uile fá'n chúis sin; agus is é cómhairle ar ar cinneadh leó .i. na muca do thabhairt dá ndeoin fein úatah do Chloinn Tuireann, ó nách facadar gur seasmhad riú a n-aon áit d'ar ghabhadar go tí sin. Acht cheana, tugadar Clann Tuireann atlúghadh búidhe re hAsal, agus fá móide a n-ongantas na mucaa dfhághail mar sin, mar nach fuaradar aon chuid oile do'n éiric gan chath acht iad; agus ní headh amháin, acht gur mór dá fuil do fhágbhadar ann gach áit d'ar ghabhadar go nuige sin. Agus do rug Asal leis iad dá dhún, agus dá dheágh-bhaile féin, an oidhche sin; agus do freasdladh, agus fritheoladh fá na mianaibh féin iad, idir bhiadh agus dhigh, agus dheigh- leabaidh. Agus eirghid ar na márach, agus tigid do láthair an righ; agus tuadh na muca dhóibh. Is maith mar thugais na muca so dhuinn, ar Brian, ní fuaramar aon chuid do'n éiric gac chath acht iad amháin; agus a dúbhairt Brian an laoidhse síos:- Na muca so, a Asail, Do léigis linn go mbúaidh, Na seóda oile fuaramar A los cómhlainn cruaigh. Cath thugsam do Phisear D'ar thuítseat laoich lána; Nó go tugamair úadha, Iubhar, an t-arm ágha. Cathrigh Innse Sigir, Is mór riómh nách féidir; Ann do thuitfimís uile, Mun bheith croiceann na mor mhuice. A Asail na'a chogair feall, Dá mairdís trí mic Tuireann, Bo mhóide do bhuaidh ir do bla Mar thugais uait na muca. Cá siúbal do dhéantaoi anois, a chlann Tuireann; ar Asal. Racham, ar siad, gus an Ioruaidh, ar cheann an chuiléin con atá ann. Tabhraidh athchuinge dhom fhéin, a Chlann Tuireann; ar asal; agus is í athchuinge
iarraim orraibh, mé féin do bhreith libh ann bhurcuideachtain a ceann righ na hIoruaidhe, óir is ingean dhom is bean dó, agus do b'áil leam a fhuráíl air an chú do thabhairt dhaoibhse gan chath, gan chogadh. Is maith linne sin, ar siad. Agus do coirigheadh a long do'n righ, agus ní haithristhear a leath ar leath, go rángadar go hoirear aoibhinn iongantach na hIoruaidhe. Do bhádar, iomorra, sluaigh agus sochaidhe na hIoruaidhe ag coimhéad a cuan agus a caladh- phort ar a cionn; agus do gháireadar dhóibh só chéadóir, mar do haithnidheadh leo iad. Téid Asal i tír iar sin, go síothchánta; agus téid mar a raibhe a chliamhain, righ na hIoruaidhe; agus inniseas imtheachta Chloinne Tuireann dhó ó thúis go deireadh. Cread do bheir do'n chrích seo iad, ar righ hIoruaidhe. Do iarraidh na con atá agatsa, ar Asal. Is olc an chómhairle dhuitsi teacht leó da hiarraidh, ar an righ, óir ní thugadar na dée do thoice do thriar laoch san domhan go féad- faidis do ais nó do eigean mo cusa do fhághail. Ní hamhlaidh sin is cóir, ar Asal, acht ó do chlaidheadh mórán do ríoghaibh an domhain leó súd, an chú do tabhairt dhóibh gan chomhrach, gan chathúghadh. Acht cheana, ní raibh do Asal ann a ndú- bhairt sé acht díomhaoineas; agus téid tar ais mar a raibh Clann Tuireann, agus do innis na sgeála sin dhóibh. Cidh trá, acht mór foilleadh na freagartha sin leis na feinneadha, acht tugsad lámh thapaidh laochda for a n-armaibh, agus d'fhóghradar chath ar shluaigh na hIoruaidhe; agus ar rochtain do'n tréan-shluaigh sin 'na cómhdháil, do fhearsat cómhlann agus cómhrac go cródha, cóimhdhiochra ar gach taobh. Dála Chloinne Tuireann, do ghabhsat ag leadradh na curadh, agus ag múdhadh na mileadh, nó gur sgarsad féin re chéile 'san chath, le déine agus le dásachtaighe an deabhtha, agus re crúas an chómhlainn; go tárla Iuchar agus Iucharba do thaobh, Brian leis féin do thaobh oile. Bo beárna baoghail, agus brisedh buidhne, raon madhma roimh Bhrian ann gach conair inar ghabh, no go ráinig righ na hIoruaidhe, 'san chró chómhdhain- ghean ann a raibhe; agus fearaid an dias deághlaoch sin, comhrach agus cómhlainn, go féigh fuileach, firneimhneach; agus iombualadh arrachtach ,iolchrúaidh; agus urlaigheacht ath- garbh, atheasach, ainiarmartach. Agus do budh cródha an comhrach é sin, nó gur cheangail Brian righ na hIoruaidhe, agus go tug leis é tré lár na sluagh nó go ráinig an láthair a raibh Asal; agus iseadh a dúbhairt: Ag sin agat do chlia- mhain, ar sé, agus luighim fó mo armaibh gaisgidh, go mbadh usa leamsa a mharbhadh fa thrí na a thabhairt leam aon uair amháín imarso chugat. Acht atá ní cheana, tugadh an chú do Ch- loinn Tuireann, agus sgaoiltear do'n righ; agus ceangailtear síoth agus cáirdeas eatorro. Agus ar críochnúghadh gach neithe amhlaidh sin dhóibh, ceileabhraid do Asal, agus do chách ar cheana. Iomthusa Lógha Lámhfhada. Do foillsigheadh dhó go fuaradar Clann Tuireann gach ní dá raibh do uireasbaidh air féin do'n eiric chum catha Mhuighe Tuireadh; agus do léig briocht draoigheachta ionna ndiaidh chum a cur ar dearmad agus ar díoth chuimhne ar gach ní nach raibh aca do'n éiric; agus do chuir meanma agus mór-mhian orra teacht go h- Eirenn ris an éiric d'ionnsaighe Lógha Lámh- fhada; dóigh amh níór chumhain leó gur theas- daigh cuid do'n éiric uatha. Agus tangadar rómpa do'n réim sin dochum na hEireann. Agus iseadh áit a raibhe Lugh an tan sin, an n-aonach agus a n-oireachtas a fochair righ Eireann, ar faithche na Teamhrach. Agus tángadar Clann Tuireann i tír ag Brugh na Boínne. Agus foillsighthear sin do Lugh; agus d'fhág sé an t-aonach go fuillightheach; agus do chuaidh go Cathair Crobhaing, ris a ráitear Teamhair; agus do dhruid dóirse na Teamhrach dá éis; agus do chóirigh deagh- chulaith Mhanannain uime; i lúireach mhin- ghreagach Mhanannain; agus cocháll inghine Fliodhais; agus a airm gaiscidh ó sin amach.
Agus tángadar Clann Tuireann mar a raibh an righ, agus do fearadh fáilte friú ag an righ, agus ag Tuatha De Danann ar cheana. Agus d'fhiafraih an righ dhíobh an fuaradar an éiric. Do fuaramair, ar iadsain, agus cá áit a fuil Lugh go tugmaois dhó í. Do bhí se annso ó chíanaibh, ar an righ. Agus do síoradh an t-aonach dhó, ní fríth é. Do fheadarsa an áit 'na fuil sé, ar Brian, óir foillsigheadh dhó sinne [do theacht go h- Eirinn, agus na hairm nemhe so linn, agus do chuaidh sé] go Teamhraigh dar seachnadh. Agus do cuireadh teachta uatha iona dhiaidh annsin; agus ise freagra tug ar na teach- taibh do chuaidh da ionnsaighe, nách tiocfadh, agus an éiric do thabhairt do righ Eireann. Agus do rinneadar Clann Tuireann sin; agus ar fághail na héarca sin do'n righ [do chuadar uile go Teamhraigh, agus] tainig Lugh as a haithele amach ar an fhaithche, agus tugadh an éiric dhó; agus iseadh a dúbhairt: Níor marbhadh riamh, agus ní muirbhfithear chóidhche, duine nách fuil a lán éiric annso; gidheadh, atá fuígheall nach dlighthear do fhágbháil .i. fuigeall earca; agus cá áit a fuil an bior fulachta, ná na trí gártha ar chnoc nach tugabhair fós. Mar do chualadar Clann Tuireann sin, do thuit taise agus taimh-néallaibh orra; agus d'fhágbhadar an t-aonach, agus do chua- dar go teach a n-athar an oidhche sin; agus do innseadar a toisg dhó; agus mar do frith Lugh orra. Agus do ghabh dúbhachas agus dobrón Tuireann; agus do caithdar an oidhche sin a fochair a chéile. Agus do chuadar ar na mhárach d'ionnsaighe a luinge; agus do chuaidh Eithne, inghean Tuireann, leó. Agus do ghabh an inghean ag nualldubhadh, agus ag caoi- neadh; agus a dúbhairt an laoidhse síos:- Truagh sin, a Bhriain an anma, Gan do thaghall go Teamhraigh, Tar éis himnedh a nEirinn, Gion go téighim ad leanmhain. A éigne Bainne bailbhe, A mhaighre Linne Life; O nách féadaim tfhasdad, Is leasg leam scarad riotsa. A mharcaigh Tuinne Tuaidhe, A fhir is buaine a n-iorgail, Dá tí do theacht mar shaoilim, Ní ba haoibhinn dod' bhíodhbaidh. An truagh libh Clanna Tuireann Ar uilleanna a sgiath n-úaine; Is lán mhór do mheasg m'inntleacht, A n-imtheacht is cúis truaighe. Bhúr mbeith anocht a mBeinn Eadair, A dhream do mhéadaigh ar n-urg; 'Sa laochra d'ar ghiall an ghaisgedh Go riacht an mhaidhin mhoch throm. Is tpuagh bhur toisg ó Theamhraigh, Is ó Thailltin na magh núaine; Is ó Uisneach mór Midhe, Noch an fuil gníomh is trúaighe. A haithle na laoidhe sin, do ghlúaiseadar amach for thonnaibh anfadacha na glas fhairge; agus do bhádar ráithe ar an muir sin fios an oiléin d'fhághail. Is annsin do ghabh Brian a earradh uisce uime, agus a leasbaire gloine um a cheann; agus rug léim uisce; agus a deirthear go raibh cóicthigheas ag siúbhal na fairge ag iarraidh Innse Fianchaire; agus 'na dhiaidh sin do fuair í; agus do thriall d'ionnsaighe a baile; agus ar ndul do'n chathraigh dhó, ní fuair innte acht banntracht ag cur druine agus corthaire. Agus ameasg gach ní oile dá raibh ionna fochair, tarla an Bior ful- achta aca. Agus mar do chonairc Brian é do ghaibh ionna láimh é, [agus do b'áil leis a breith leis chum an dorais. Do mhuigh a gean gháire ar gach bean dona mnáibh ar fhaicsin an ghníomha sin; agus iseadh a dúbhradar: As dána an ní fa tugais lámh, óir da mbeidir do dhias dearbhráthar maraon leat, an bhean as lúgha gníomh do'n trí chaocat ban so atámaoid annso ní léigfeadh an bior leat
'na leó; gidheadh, beir leat bior dona bear- aibh, ó bhí do churatacht ionat cur chum a bheartha d'ar n-aimhdheóin. Ceileabhras Brian dhóibh agus gluaiseas roimhe d'ionnsaighe a luinge.]* Agus do bo fada le na bhráithribh do bhí Briai uatha; agus an uair do thogra- dar imtheacht is ann do chonncadar chuca é, agus do mhéadaigh sin a a meanma go mór. Agus do chuaidh dá luing; agus do ghluais- eadar rompa d'ionnnsaighe Chnuic Mhiodh- chaoin. Agus an tan rángadar ar an cnoc, táinig Míodhchaoin .i. fear coiméadtha an chnuic dá n-ionnsaighe; agus ar na fhaicsin do Bhrian, d'ionnsaigh é; agus do ba mire dhá mhathghamhan, agus do bo leadradh dhá leómhan, chómhrac na díse sin, gur thuit Miodhchaoin 'san chomhlann. Tángadar annsin trí mic Mhíodhchaoin do chomrac le Clann Tuireann, iar tuitim do Mhíodhchaoin fei roimhe sin le Brian; agus tígheadh neach ó chrich na Hisberne a n-airthear an domhain d'fhéachain cómhraic ar bith, is d'fhéachain cómhraic na buidhne sin bo in- teachta dhó: ar mhéad a mbéimeann, ar bheódhacht a meanman, agus ar arrachtaighe a n-inntenn. Agus is iadso anmanna na mac sain Mhíodhchaoin: .i. Corc, agus Conn, agus Aodh. Agus do chuireadar a trí sleagha tré imlionna Chloinne Tuireann. Gidheadh ní ar thime 'ná ar shlás do chúaidh sin ag Clann Tuireann, óir do chuireadar a trí sleagha féin fré chorpaibh chloinne Mhíodh- chaoin; agus do chuadar féin i taisibh agus i táimhnéallaibh báis. A haithle na n-éacht sin, dúbhairt Brian: Cionnas atá síbh, ar siad. Eirighem, ar sé, óir airighim airgheana uáthbhasa an éaga ag teacht chugainn, agus tabhram na gártha ar an cnoc. Nocha tig sin dhinn, ar siad. Eir- gheas Brian annsin, agus tógbhas fear gach láimhe dhó dhíobh, agus é ag tréigeann a fhola go hiomarcach, nó go tugadar na trí gártha. As a haithle sin do rug Brian leis iad gus an luing; agus do ghabhadar ag siúbhal na fairge aimsir fhada; acht fó dheireadh a dúbhair Brian: Do chim Beinn Eadair, agus Dún Tuireann, agus Teamhair na righ. Do bheidhmís lán do shláinte dá faicmís sin, ar na fir oile; agus ar ghrádh homigh, a bhráthair, ar sias, gabh ar cinn chugat ann do ucht go faicmis Eire úainn, agus as cuma linn bas nó beatha 'na dhiaidh sin. Agus a dúbhradar an laoidh seo síos:- Gabh na cinn seo ann t-ucht a Bhriain, A mhic Tuireann fheil arim-ghliaidh, A choinneall gaiscidh gan fheall, Nó go faiceam iath Eireann. Cungaibh ar t-ucht is ar t-fhormna, Na cinn seo, a churadh Chnodhbha Go faicmís do'n usce amuigh, Uisneach, Tailltin, is Teamhraigh. Ath Cliath 'san Brugh réidh rámhach, Freamainn, Tlachtgha, sodhánach, Magh life, Magh broanach Breagh, Is na slighte um aonach Tailltean. Dá faicmís Beinn Eadair uainn, Agus Dún Tuireann bo thuaidh; Mo cheann éag ó sin amach, 'Sa bheith 'na éag imneadach. Brian. Truagh sin, a chlann Tuireann tréan, Do rachdaois éin tréam' dhá thaobh, Is ní hiad mo dhá thaobh is tinn Acht sibhse araon do thuitim. Do bo fearr linn bas d'ar mbreith, A Bhriain mhin Tuireann nar theith, Ná tusa fó chneadhaibh ad chneas, Is gan leátha re do leigheas. Ó nách fuil re léigheas créacht, Miach, Oirmhiach, na Dianchéacht, Is mairg do Bhrian nár innill feall Do thiodhnaic úainn an croiceann. A haithe na laoidhi sin tángadar go Beinn Eadair, agus as sin go Dún Tuir- eannl agys a dúbhradar re Tuireann: Eirigh, a athair ionmhain, go Teamhraigh, agus
tabhair an Bior Fulachta so do Lugh, agus tabhair an Croiceann Buadha chugainn d'ar cabhair; agus a dúbhairt Brian an laoidh seo síos:- A Thuireann, déin imtheacht uainn, D'agallaim Lóga g mbúaidh, Beir air 'na chodhladh bó theas, Sír an croiceann tré chairdeas. Tuireann. Ar sheóit an bheatha, theas is thuaidh, 'Sa tabhairt do Lugh go mbúaidh, Aseadh go dearbh do bhiadh dhe Bhur fearta, is bhúr n-adhlaicthe. Brian. Fogas ár fuil is ár feóil Do mhac Céin mhic Cháinte cóir; Na déineadh rinn teann i teann A athair gé do mharbhsam. A athair ionmhain, shaoir, shúairc, Ná bí go fada ar do chúaird, Is dá rabhair ní faghair sinn, Rómhat ion ar marthuinn. As a haithle sin do ghluais Tuireann roimhe go Teamhraigh; fúair Lugh Lámhfhada roimhe ann; agus tug an Bior Fulachta dhó; agus do iarr sé an croiceann air do leigheas a chloinne; agus a dúbhairt Lugh na tiobhradh. Agus do fhill tar ais d'ionnsaighe a chloinne, agus do innis dóibh na fúair an croiceann. Is annsin a dúbhairt Brian: Beir leat mise d'ionnsaighe Logha, d'fhéachain an fuighhinn an croiceann uaidh. Do rinneadh amhlaidh; agus do tugadh Brian do láthair Lógha, agus d'iarr an croi- ceann. A dúbhairt Lugh nách tiobhradh, agus dá tugdaois leithead na talmhan do ór dhó nách geabhadh úathaibh é, muna saoileadh a mbás do teacht dhe, 'san ngníomh do rinnea- dair. Mar do chúala Brian sin, ro imthigh mar a rabhadar a dhias dearbhráthar, agus do luigh eatorra; agus do chúaidh a anam as fhéin, agus as an dís sin anaoinfheacht. Agus do rinne Tuireann an laoidh seo ós cionn a chloinne:- Tuirseach mo chroidhe ó bhúr cionn, A thriar fionn do chuir mór ngléo; Taréis bhur lúth, is bhúr cleas, Do b'é mo leas bhúr mbeith beó. Adhbhar dhá righ for Bhanba, Iuchar, is Iucharba; Ro ghabhadar Brian an Ghréig, Is misde nar bhúan a leithéit. Is mise Tuireann gan neart Os bhúr feart, a laochraidh lonn; Fad mhairfeas long ar an muir, Nocha ndiongnaim dúan na fonn. As a haithle sin do thuit Tuireann ar muin a chloinne, agus do chúaidh a anam as; agus do hadhnacadh iad fó chéadoir, i n-aon uaigh. Gurab i Oidhe Chloinne Tuireann, go nuige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services