Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aoidhe Chloinne Tuireann Annso Sios.

Title
Aoidhe Chloinne Tuireann Annso Sios.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Aoidhe chloinne Tuireann
annso sios.



[O'Curry's Text: "Atlantis," vol. iv.]



Rígh sochrach, saoir-chinealach ro ghabh flai-
thios agus forlámhas ar Thuathaibh dath-
áille De Danann, dar bo cómhainm Nuadha
Airgiodlámh, mac Eachtaigh, mic Eadarlámh,
mic Ordáin, mic Allaoi. Agus is amhlaidh
do bhí an rígh sin agus leath-lámh airgid air;
agus do bhí dóirseóir ar laeth-shúil aige.



Lá naon dar eirigh an t-óglach sin amach ó
mhúraibh na Teamhrach, do chonnairc sé dias
álainn, óg, ildhealbhach san faithche da inn-
saighe; agus do bheannaigheadar dhó, agus
fuaradar an céadna. Agus d'fhiafraigh an
dóirseoir dhíbh scéala. Cá háit as a tán-
gabhair, a dhias, óg, ildhealbhach, ar sé? Léagha
maithe sinn, ar siad. Más maith na leágha
sibh, ar éision, cuirigh súil a n-ionad mo shúla
féin. Do chuirfinn féin súil an chait sin ad
hucht a n-ionad do shúl, ar fear dhíobh. Do
b'ait liom sin, ar an dóirseoir. Agus do
chuireadar súil an chait a n-ionad súla an
óglaich annsin.



Fá gar, agus fá hamhghar dósan sin; óir
an tráth ba háil ris codhladh nó chómhsanadh
do dhéanamh, is annsin do bhíogadh an tsúil
re greadhair na luch, agus re heiteall na
n-én; agus re gluasacht na sibheann; agus
an tráth fa mhian leis feithiomh sluagh no
oreachtais do dhéanamh, is annsin do bhíodh na
toirchim suain agus cotalta aige.



Agus do chuaidh isteach, agus d'innis don
righ go ttángadar leágha maithe go Teamhraigh;
ó ar do chuireadar shúil chait a n-ionad mo
shúlasa' ar sé. Tabhair isteach iad, ar an rígh.



Agus mar tangadar isteach, do chualadar
osnadh adhbhal-thruaigh. Do ráidh Miach, .i.
fear dona leághaibh, do chluinim osnadh
curaidh. A dubhairt Oirmiach .i. an fear oile,
féach nach osnadh os cionn daoil í, atá ar
n-dúbhadh do leathtaoibh?



Is annsin tugadh an rígh as an ionad iona
raibh, agus do fhéachadar é; agus do thar-
raing fear dhíobh an lámh ón taobh amach aige,
agus do sging daol eiste as fud na cathrach;
agus do eirgheadar an teaghlach agus do
mharbhadar an daol.



Agus do shír Miach a fad agus a chóimhrea-
mhar do láimh oile do thabhairt chuige; agus
do síoradh Tuatha De Danann uile, agus
níor fríoth lámh a d'fhoghain dó acht lámh
Mhódhain muicidhe. An bh-fhoghanfadh cnámh-
arlach a láimhe féin díbh, ar cách. If í do
budh feárr linn, ar siad. Agus do ghluais
duine ara cionn, agus tug leis go Teamhraigh
í, agus tugadh do Mhiach í. Do ráidh Miach
le hOirmhiach, an ail leatsa an lámh do shúidi-
ughadh no dol d'iarraidh los dochum feola do
chur uirre? Is fearr an lámh do shuídiúghadh,
ar sé. Téid Miach ar sin d'iarraidh lus,
agus tug leis iad; agus do suídígheadh an
lámh go neamhuireasbach annsin.



Is amhlaidh do bhí an rígh so agus cíos cháin
mór trom ag Fómhoraigh ar Thuatha Dé


L. 34


Danann re na linn; mar atá cíos ar an
losait, agus cíos ar an mbróin; agus cíos
ar na clochaibh mireabhartha; agus uinge
d'ór ar an sróin do Thuath De Danann, ar
Mhullach Uisnigh, ar an taobh thiar do
Theamhraigh. Agus do bheandais an cíos sin
amhach gacha bliadhna; agus an fear nach tio-
bhradh sin uaidh, an tsrón do bhuain óna
cheann dé.



Lá dar comóradh aonach le rígh Eireann ar
Chnocan Bhalair, ris a raitear Uisneach
aniu, ní cian do bhádar ann, an tan do chon-
chadar diorma deaghshluagh is an maigh anoir
gach ndíreach da ninnsaighe, agus aon mhac-
caomh a tossach na drong-bhuidhne, go smacht
uaidh ar chach; agus fa chosmhail re fuineadh
gréine dealradh a aighthe, agus a éadain;
agus níor fhéadadar a ghnúis d'fhéachain lé
méad a taithneimche.



Agus is é do bhí ann, Lúgh Lámhfhada, Loinn-
bhéimionnach, agus an Marcra Sidhe ó Thír
Tairrngire, a chomhaltada féin .i. clan
Mhanannáin, mar atá, Scoith Ghleigeal,
mac Mhanannáin, agus Rabhach Slaitín, agus
Gleigeal Garbh; agus Goithne Gorm-shúileach;
agus Sine Sindearg; agus Domhnall Donn-
ruadh; agus Aodh mac Eathaill.* Agus dob'
í so deise Lughaidh Lámhfhada .i. an tAonbharr
Mhanannáin faoi, agus bo cómhdheas dhi
muir agus tír, agus ni marbhthaoi a marcach
da muin; agus Luireach Mhanannáin uime,
agus ni deargthaoi fúithe, na tairse (na
trithe); agus Sgaball Mhanannáin ar
chleithín a uchta agus a urbruinne, go nach
gabhdaois airm greim dhe; agus Cathbarr fá
na cheann do imdhídheann, agus liagh Lánmhai-
sech lóghmhar iona chúl, agus a dó dhíobh iona
aghaidh, agus fá chómhshoillseach lé gréin a lá
tirm samhraidh gnúis a aighthe agus a éadain
an uair do léigheadh an cathbharr sin dhe;
agus an Freagarthach .i. cloidheamh Mhan-
annáin tar a thaobh clí, agus níor deargadh
leis ar neach riamh do thiocfadh beó uaidh,
agus níor nochtadh a n-ionad catha na cómhraic
an cloidheamh sin, iona mbeith neart mná
seóla a naon da bhfaicfadh é, da mbiadh na
aghaidh.



Is annsin tángadar an diorma sin mar a
raibh righ Eireann, agus Tuatha De Danann
archeanna, d'fháiltigheadar le chéile.



Agus is gairid do bhadar ann an tan do
chonnacadar an dream mhodartha mhísgiamhach
da nionnsaighe .i. naoi naonbhair do mhaoraibh
na bhFhómharach do bhí ag teacht d'iarraidh cíosa
agus cána bhfear nEireann. Ag so anmonna
an cheathrair fa bhuirbe, agus fa danardha
dhíbh .i. Eine, agus Eathfaith, Coron, agus
Compar; agus ní léigfeadh an eagla do
neach do Thuatha Dé Danann a mhac na a
dhalta do bhualadh tré ansmacht na maor sin.



Agus tángadar go haon láthair re rígh
Eireann agus ris an Marcra Sidhe; agus do
eirigh righ Eireann agus Tuátha De Danann
uile rompa. Agus do fhiafraigh Lugh Lámh-
fada díbh: Créad fá ar eirgeabhair roimh an
n-droing mhodartha mhisgiamhach úd agus nár
eirghe abhair rómhainne?



Is éigean dhuinn sin do dhéanamh, ar righ
Eireann, óir dá mbeith mac againne iona
shuidhe rompa, níor bheag leo do chúis dar
marbhadh é.



Is briathar dhamhsa, ar Lugh, go táinig mian
a marbhtha dham féin; agus leis sin a
dubhairt Lugh go tainig mian a marbhtha air.



Is ní sin do thiocfadh go holc dúinn, ar righ
Eireann, óir do gheabhamaoidne ar mar-
bhadh agus ar milleadh tríd sin.



As fada atáthaoi faoi [an mbroidseo, ar
Lugh. Agus ro eirigh agá n-oirleach, agus
agá n-athchumadh,]* no gur marbhadh ocht non
bhair dhíobh, agus do léigeadh an nonbhar oile
fá chadhas agus fa chomairce rígh Eireann.
Do mhuirfinn sibh, ar Lugh, acht gurab feárr
liom sibh do dhul le sgéalaibh dochum na
nAllmhurach na mo theachtaibh féin, ar eagla
go bhfuighdís easonóir.


L. 35


Is annsin do ghluaiseadar an naonbhar
sin rómpa no go rángadar a Lochlannaibh,
mar a rabhadar fine Fomorach, agus do inn-
seadar a sgéala dhóibh ó thúis go deireadh;
agus amhail táinig an macaomh óg ildealbhach
a nEirinn, agus gur marbhadh na maoir uile
leis, acht iad féin; agus as uime do léig sé
sinne as, ar siad, chum sgéala d'innisin
daoibhse.



A dúbhairt Balar: An bhfeadabhair cé hé?
Do fheadassa, ar Ceithlion .i. bainchéile
Balair; is mac inghine dhuitse agus dhamhsa
é súd; agus atá a bhfioghair agus a bhfhais-
dine dhuinn, ó do thiocfadh súd a nEirinn nach
biadh neart againn a nEirinn go bráth airís.



Is annsin do chuadar maithe fine Fomorach
a cómhairle .i. Eabh* ua Néid, agus Seanchab
ua Néid, agus Sotal Sálmhór, agus Luaith-
leabharcham, agus Tinemhor Trischadal, agus
Loisginn Lomghlúineach, agus Luath-luaim-
neach, agus Lobar draoi, agus Liathlabhar
mac Lobair, go naonbhar fileadha agus feal-
samhna fáitheamhla fiseacha na bhFomorach,
agus Balar bailc-bheimeanach féin; agus
an da bhealbhána dhéag meic Bhalair,** agus
Ceithlionn Chaisfhiach .i. banriogain Bha-
lair. Is annsin do ráidh Breas mac Balair:
Rachadsa agus seacht ruadh-chatha ro mhora do
mharcra fine Fomhorach a nEirinn, agus do
bhéasa cath do Ildhánach, agus bheanfad a
cheann dhé, agus do bhéar liom chugaibhse é,
ar faithche na Beirbe Lochlannaighe. Do bo
cuibhe duitse sin do dhéanamh, ar iadsan.



Is annsin a dúbhairt Breas: Cóiríghthear
mo longa agus mo luath-bhárca dhamh, agus
cuirthear biadh agus lón ionnta.



Is annsin do sgríobadar a longa, agus a
luath-bharca, go luaith, agus go deághthapa;
agus do chuireadar a lór-daoithin bidhe agus
díghe ionnta; agus Luaithlíneach agus Luaith-
leabharcham do thionól a shluagh chuige. Agus
mar rángadar go haon láthair, do ghléasa-
dar a n-earradha, agus a n-éideadha, agus a
n-airm gaiscidh; agus do ghluaiseadar rompa
do ionnsaighe na hÉireann.



Agus do lean Balar iad chum an chuan,
agus dúbhairt; Tabhraidh cath don Ioldá-
nach, agus beanaigh a cheann; agus ceang-
laigh an t-Oilean sin ris a raitear Eire
andiaigh bhur long, agus bhur ndeagh-bharc;
agus léigid don uisce imilltiugh teacht iona
hionadh; agus cuirid ar thuaisceart Lochlann
í, agus ní leanfaigh neach do Thuatha De
Danann go bruinne an bhrátha ann í.



Is annsin do cuireadh amach a longa agus
a luath-bharca ón cuan, agus do líonadar do
phic, agus do thúis, agus do mhior iad; agus
do chuireadar a seól-bhréidi siúbhlacha suai-
cheanntacha an-áird; agus tugsad bloisc-
bhéim sanntach ón cuan agus ón calathphort,
ar an tír nach treabhthar, agus ar an bhfairge
imleithin, agus ar an aidhbhéis iongantaigh,
agus ar dhrimchladhaibh na dileann, agus ar
shléibhtibh fhliuchárda fhuair-neimhneacha na
fairge fíor-dhoimhne; agus níor sguireadar
don tseól-réim sin gur gabhadar cuan agus
calathphort an Easdar. Agus do sgaoilea-
dar sluaigh fa iarthar Chonnacht, agus do
airgeadar go léir é.



Agus ise fá rígh ar Chonnacht, an tan sin,
Bodhbh Dearg, mac an Daghda.



Agus is ann do bhí Lugh Lámhfhada an tan
sin a Teamhraigh a fochair righ Eireann. Agus
do foillsíoghadh dhó go tángadar fine Fomo-
rach a tír a nEasdara, [ait ar thuit Dara
Deaarg, draoi do Fomorchaibh do láimh Lugh
Lámhfhada.] Agus ar fághail na sgéal sin
do Lugh do dheasaigh an Aonbharr Mhanan-
náin, a comhrac an lae agus na hoidhche;
agus do chuaidh isteach mar a raibh righ
Eireann, agus do innis dó go tangadar
Allmhuraigh atir a nEasdara, agus gur áir-
geadar Bodhbh Dearg, agus dob áil liom
cungnamh do fhághail uaitse, ar se, dochum
catha do thabhairt dóibh.



Ní thabhair, ar an righ, óir an gníomh nach
dearna oram ní reach dá chosnamh.


L. 36


O do chuala Lugh Lámhfhada an droch-
fhreagra sin, teadh ar marcaigheacht, agus do
ghluais ó Theamhraigh siar, agus do chonnairc
an triar óglách armtha éidighthe chuige, .i. trí
meic Cáinte; agus do bheannaigheadar dhó.



Créad an mhoch-eirghe sin ort, ar siad.
Is mór mo chúis, ar Lugh .i. Allmhuraigh do
theacht in Eirinn, agus Bodhbh Dearg mac an
Daghda d'argain dóibh; agus créad an cung-
namh do bhéara sibh dhom? Diongnam, ar
siad, ched óglach gach fir dhíotsa 'san chath.
Is maith an cungamh sin, ar sé, agus atá
cungnamh as fearr liom ina sin do fhághail
uaibh, .i. an Marcra Sidhe do thionol chugam
as gach áit dá fuilid.



Agus do imthigh Cu agus Ceitheann bo dheas;
agus do ghluais Cian 'san ard bo tuaidh,
agus ni dhearnaidh comhnaighe Magh Muir-
theimne. Agus do bhí ag siubhal na maighe;
agus as gearr do bhí ann an tan do chon-
nairc an triar óglach armtha, éidighthe ara
chómhair ag siubhal na maighe; agus is iad do
bhí ann .i. trí mic Tuireann dar bho ainm
Brian, * Iucharba, agus Iuchair. Agus as
amhlaidh do bhadar trí mic Cainte agus trí
mic Tuireann, na lucht fuatha agus mios-
caise da chéile; ionna gidhbé áit a teangmh-
daois dá chéile na rachaidh as acht an drong
ba treise dhíobh.



Is annsin do ráidh Cian: Da mbeidis mo
dhias dearbhrathar annso, is calma an comh-
rac do dhéanmaois; agus ó nach fuilid, is
maith an chómhairle dhamhsa teitheadh. Agus do
chonnairc mall-tréad muc iona ghoire, agus
do bhuail é féin do fhleisc draoidheacht a
riocht muice dona mucaibh, agus do ghabh ag
tochailt na talmhan amhail gach muic dona
mucaibh oile.



Is annsin a dubhairt Brian mac Tuireann:
A Dhearbhbhráithre, ar sé, an facabhair an
t-óglach do bhí ag siubhal na maighe ó chianaibh?
Do conncamar, ar iadsin. Is mímheanmnach
dhaoibhse, ar sé, gan feitheamh maith do dhéa-
namh a n-aimsir coghadh, ar mhaighibh, agus ar
réidhteachaibh; agus do fheadarsa créad do
rug as é; óir do bhuail se é féin do fhleisc
órdha, a riocht muice dona mucaibh úd; agus
atá ag tochailt na talmhan amhail gach muic
dona mucaibh oile; agus ní cara dhuinn é.
Is olc atá sin againne, ar an dias oile, óir
is le neach éigin do Thuatha De Danann na
muca, agus da marbham uile iad do theang-
mhadh don mhuic doigheachta dul as fodheiridh.



Agus níor chian gur theith an mhuc droigh-
eachta as na mucaibh oile amach; agus níor
aon mhuc oile acht í féin amháin; agus do
chonnairc si doire coille, agus do ionnsaigh
é; agus ag dul fá'n choill di, tug Brian
urchar da shleigh di, gur chuir tré chompar a
cléibh í. Agus do sgread an mhuc agus a
dubhairt. Is olc do rinneabhair mo theilg-
eann ó aithneabhair mé. Darleam is urlabh-
radh daonn sin agat; ar Brian. Is duine
mé do bhunadh, ar eision, agus is mé Cian
mac Cáinte; agus tabhraidh anacal dam.
Bhearam, cheana, ar Iúcharba agus ar
Iúchar, agus is olc linn ar bhean riot.



Luighimse fá na déibh aedhardha, ar Brian,
da thigeadh an t-anam seacht n-uaire ionnat,
go mbeanfainnse asat é. Maiseadh, ar
Cian, tabhraidh aisgidh dham. Do bhéaram, ar
Brian. Léigidh dhom dul am riocht féin, ar
Cian. Léigfeam, ar Brian, óir is usa leam
féin duine do mharbhadh go minic 'ná muc.



Agus do chuaidh Cian ina riocht féin annsin,
agus a dúbhairt: Tabhraidh anacal maith dham
anois, ar sé. Ní thiobhram, ar Brian. Mais-
eadh do mheall mé sibh, ar Cian, óir dá mo a
riocht muice do mhuirbhfidhe mé ní bhiadh acht
eiric muice ionnam, agus ós am riocht féin
murbhfighthear mé, níor marbhadh riamh, agus


L. 37


ní mhuirfidhthear choidhche, neach bhus mó éiric
iná mé; agus na hairm le a muirfigh-
thear mé, inneósaidh an gníomh dom mhac.



Ní lé harmaibh muirbhfighthear thú, acht lé
clochaibh tulamhais na talmhan, ar Brian.
Agus do ghabhadar as a haithle sin sair-
ghléas air do chlochaibh go hathgharbh, agus do
hainmhín, go ndeárnadar díbheal dearóil
dian-bhrúite don churadh; agus do chuireadar
cubat fir fo thalmhain é. Agus níor ghabh
an talamh an fionghal sin uatha; agus do
theilg ar uachtar na talmhan aníor é.



A dúbhairt Brian go rachadh arís fá thalamh;
agus do cuireadh an dara feacht é, agus níor
ghabh an talamh ris. Cidh tra acht do adhnaca-
dar Clann Tuireann an corp fé huaire,
agus ro dhiúlt an talamh é; agus an seacht-
mhadh huair do chuireadar fo thalamh é, do
ghabh an uir ris. Agus do ghluaiseadar
Clann Tuireann rompa andiaidh Lugh Lámh-
fhada, d'ionnsaighe an chatha.



Imthusa Lugh; ar ndealúghadh re na athair,
do tháinig roimhe ó Theamhair siar, do
Ghairidh, agus do Ilghairidh, agus do Ath
Luain mic Luighdheach, agus do Bhéirn na
hEadargána, ris a ráitear Ros Commáin
an tan so, agus tar Mhaigh Luirg, agus do
Choirr-shliabh na Seaghsa, agus do cheann
Sean-tsléibhe, ris a raitear Ceis Choronn
an tan so, agus tré chríochaibh an Chorainn
chruthsholuis, agus as san go Magh Mor an
Aonaigh, áit a rabhadar Allmaraigh, agus
creacha Chonnacht fútha.



Is annsin do eirigh Breas mac Balair,
agus a dubhairt: Is iongnadh leam, ar se,
an ghrian ag eirghe aniar aniu, agus anoir
gacha laoi aile. Do budh feárr go mad í, ar
na draoithe. Créad oile, ar sé. Dealradh
aighthe Lóga Lámhfhada, ar siad.



Is annsin tainig an t-Ioldhánach na timchioll,
agus do bheannaigh dhóibh. Créad ádhbhar do
bheannaighthe, ar iadsan. Is mór ádhbhar mo
bheannaighthe dhaoibh, ar sé, óir ni fhuil acht mo
leath do Thuatha De Danann, agus mo leath
daoibhse; agus tabhraidh aisioc bleachtach
fhear nEireann dhom, ar sé.



Narab moch maith dhuit, ar fear dhíobh, go
feargach foirniata ag freagra dhó, sul do
geabhair seasgach na bleachtach annso. Is
annsin do léigh Lugh briocht draoigheachta fá
na creachaibh, agus do chuir a mbleachtacha
féin a ndorus gach aon tighe i nEirinn, agus
do fhághaibh na seascacha aca, go nach fúig-
fidís an fonn sin nó go mbeireadh an
Marcra Sidhe orra.



Agus do bhí Lugh trí [lá] agus trí oidhche
'na tímchioll, nó go tángadar an Marcra
Sidhe, agus do shuidheadar a tímchioll
Loga.



Agus tháinig Bodhbh Dearg mac Daghda,
naoi céad fithchead da n-ionnsaighe; agus do
ráidh: Créad ádhbhar bhur moille gan an cath
do chur? Ag fuireach riotsa, ar Lugh.



Is annsin do ghabh Lugh Lúireach Mhanan-
náin uime; agus ní dheargthaoi fúithe, na
tríthe, na tairse ar neach fa mbiadh sí. Ro ghabh
sgaball Mhanannáin uime fa chaol a mhuinil;
agus do ghabh a chathbharr ris a ráitear Cinn-
bheart; agus do bhí dealradh na gréine na
ghúis ó chlaóchlódh an chathbhar; agus do ghabh
a sgiath dubh-ghorm, dath-álainn, dín-leathan,
daol-chomhramhach, ós stuigh-leirg a dhroma, do
dhíon a chuirp; agus ro ghabh a choidheamh fhos-
gadhach, fhírdheas, fhaobh-dhlúith, tar a thaobh clí;
agus ro ghabh a dhá shleagh chró-fhairinge,
chrann-reamhra, chruaidhneimhneacha, ar na
bhfothrughadh as fuil nathrach neimhe. Agus do
ghabhadar ríogha agus urríogha fhear nEireann
a treallmha catha agus comhlainn umpa;
agus do thógbhadar tuirthe bioracha do shlea-
ghaibh ós a ceannaibh; agus do rinneadar
léibeanna disle daingne dluithe da sgia-
thaibh iona n-uirthimcheall.



Agus ro ionnsaigheadar Magh Mór an
aonaigh; agus do fhreagradar na hAllmhu-
raigh iad; agus do chaitheadar a sléagha
gonacha gáibhteacha ar a chéile; agus a chomh-
bhriseadh a sleagh dhóibh do thairngeadar a
cloidhmhe clais-leathna cros-órdha as a tru-
aillibh chiumhais-ghorma; agus do ghabhadar
ag tréan-thuargain a chéile; agus do eir-
gheadar doreadha donn-larracha as a cionn


L. 38


do neimh agus iolfhaobhar na tréinfhear
sin.



Is annsin do chonnairc Lugh an cró catha
ann a raibh Breas mac Balair, agus do
ionnsaigh go hainmhín ainiarmarthach é; agus
do ghabh ag tréan-thuargain na tréinfhear
sin, no gur torcradh da chéad laoch leis do
lucht coiméata mhic Balair ina fhiadhnaise.



Is annsin do naisc Breas comairce ar
Lugh: Tabhair mo anam dhom, ar sé, don chor
so; agus do bhéar fine Fómhorach chugat do
chath Mhaighe Túireadh; agus do bhéar Grian
agus Easga, Muir agus Tír, a coraigheacht
orm féin fá theacht do chómhrac riot aris
mana faghthar fine Fómhorach liom. Agus
tug an choraigheacht sin anacal a anma
dhó.



Is annsin a dubhradar na draoithe comairce
do thabhairt doibh féin. Is briathar dhómhsa,
ar Lugh, da ndeachdaois fine Fomhorach uile ar
bhúr comairce na millfidhe leamsa iad. Is
annsin do ghluais Breas mac Balair agus
na draoithe rómpa d'ionnsaighe a criche féin.



Imthusa Lógha: Taréis chosgair agus
bhuaidh an chatha sin; do chonnairc dias da
bhráithribh, agus ro fhiafraigh dhíobh an bhfaca-
dar a athair is an chath. Ní fhacamar, ar iad-
sain. Ní hiad, ar siad. Ní mhaireann sé,
ar Lugh, agus do bheirimse briathar ris, nach
rachaidh biadh na deoch am bhéalsa no go
bhfhaighthear fios cá bás do fuair m'athair.



Agus do chuaidh Lugh agus an Marcra Sidhe
ar aon ris nó go rangadar gus an áit ionar
sgar sé féin agus a athair re chéile; agus
as sin gus an áit a ndeachaidh sé a riocht na
muice ar n-aithne Chloinne Tuireann dhó;



Gona annsin do labhair an talamh re Lugh,
go ndubhairt: As mór an teannta iona raibh
t'athair annso, a Lugh, ag faicsin Chloinne
Tuireann dó, óir dob éigean dó dhul a riocht
muice [gidheadh, do mharbhadar é iarsin iona
riocht féin.]



Agus do innis Lugh sin dá mhuinntir, agus
do chinn an áit ann a raibh a athair; agus
téad da ionnsaighe; agus tug fa dheara a
thochailt, ionnas go faicfeadh créad an
marbhadh tugadar Clann Tuireann air.



Agus do tógbhadh an corp as an uaigh,
agus do ghabhadar ag féachain a lot, agus do
fríth na cosair chró é, go ndubhair Lugh: is
naimhdeamhail an marbhadh so tugadar Clann
Tuireann ar m'athair ionmhain. Agus tug
teóra póg dhó, agus a dúbhairt: Is olc
atáim féin ón marbhadh so, óir ní chluinim
éin ní trem' chluasaibh, agus ní fhaicim éin
ní trém shúilibh, agus ní fuil aon chuisle beó
am chroidhe, do chúmhaidh m'athar; agus a dhé
da n-adhraim, ar se, is doiligh leam gan mé
féin do theacht do láthair an uair do bhí an
gníomh so aga dhéanamh; agus is mór an
gníomh do rinneadh ann, ar Lugh; .i. fionghal
do dhéanamh do Thuathaibh De Danann ar
a chéile; agus ba fada bhias a dhíth dhóibh; agus
a dubhairt an rosg so sios:—



Sgéal mór fuair Cian um nóin,
DO chiorrbhaigh mo chorp leadradh an
laoich,
An ród seal soir, an fód seal siar,
Bí bhiaidh Eire go brát acht go holc,



Tre mharbhadh Chéin, curadh na cleas,
Do thraoch mo threóir — —
Do dhubh mo dhealbh, — —
Mo chiall atá claon. — —



A leacht atá ar lár,
Ros marbh Clann Tuireann
Tréith bhéid Tuatha De Danann don-
dáil,
Fa dhoghra neirt agus tláis.



Do cuireadh Cian fo'n feart aris iar sin,
agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do
fearadh a chuithche caointe, agus do sgríobhadh
a ainm oghaim.



Is ó Chian ainmneóchar an cnoc son, ar
Lug; agus na foillsigheadh neach an gníomh
so no foillsigheadar é, ar sé; agus a
dubhairt an laoi se síos:—



O Chian ainmneóchar an cnoc,
Gé 'tá a n-íonad fornocht;
Mór an gníomh do ronadh ann,
Fionghal ar Thuatha De Danann.


L. 39


Mic Tuireann do rinne an gníomh,
Innisim dhaoibhse tré fhíor,
A deirim libh, ní sgéal gúa,
Tiocfaidh ré a n-úa, agus a n-iarm-úa.



Trí mic Cainte, cródha an dream,
Agus Clann Tuireann Beagreann,
Is de do raladh bás Chéin,
A mbeith cómhárd a cóimhchein.



Is briste mo chroidhe am' chliabh,
O nach maireann an curadh Cian;
Do Chloinn Dealbhaoith ní sgéal gó,
Go mbeid uile fa iarghnó.



A haithle na laoidhi sin a dubhairt Lugh:
Is olc do thiocfas an gníomh so do Thuatha
De Danann, agus is fada bhias fionghal aga
déanamh a nEirinn dia éis; agus is truagh
ataimse ón ngníomh so do rinneadar Clann
Tuireann. Agus a dubhairt le na mhuinntir:
Imthigh go Teamhraigh mar an fuil righ Eireann
agus Tuatha De Danann; agus na foillsigh
na sgéala so ann nó go foillsigheadar fein
iad.



Ar rochtain do Lugh go Teamhraigh, do shuidh
go huasal, orórach, ar ghualainn righ Eireann.
Agus do fhéach Lugh na thimchioll, agus do
chonnairc se mic Tuireann; agus dob' iad
sin triúr dob' fhearr lúith agus lámhach, dob'
áille agus dob' urramhanta da raibh i Teamh-
raigh an tan sin; agus dob' fhearr lámh a cath
na Fómorach.



Is annsin do fhuráib Lugh slabhradh éis-
teachta na cathrach do bhuain; agus do
rinneadh amhlaidh, agus do éisteadar uile.
A dubhairt Lugh: Créad ara fuil bhur naire
anois, a Thuatha De Danann; ar sé. Atá
ortsa go deimhin, ar siad. Fiafraighe do
ním da bhur maithibh, ar sé; créad an dío-
ghaltas do dhéanfadh gach aon agaibh ar an
drong do mhuirbhfeadh a athair?



Do luigh socht mór ar chách, ar na chlos sin
dóibh; agus do fhreagair righ Eireann ar tús
é, agus iseadh a dubhairt: Feadamair ní hé
t-athairse do marbhadh?



Is é, go deimhin, ar Lugh; agus do chím
istigh anois an drong do mharbh é; agus n
fearr a fhios aca féin an marbhadh do thuga-
dar air ná agamsa.



A dubhairt righ Eireann: Ní marbhadh aon
laoi do bhéarainn féin ar an té do mhuirbh-
feadh m'athair, acht ball do bhuain dé gach aon
lá as a chéile, no go tuitfeadh sé leam, da
mbiadh sé ar mo chomus. A dubhradar na
huaisle uile an ní céadna, agus Clann
Tuireann mar chách.



Atáit ag déanamh an órdaighthe sin, ar
Lugh, an triar do mharbh m'athairse; agus
tabhraid eiric dhom ann, ó táidh Tuatha De
Danann a naoin tigh; agus mana tugaid, ní
sháróchadsa reacht righ Eireann, na a chomh-
airce; gidheadh, ní lámhóchaid Teach Míodh-
chuarta dó fhágbháil nó go réidhid leamsa.



Da marbhainn féin f'athair, ar rith Eireann,
do budh maith leam tú do ghlacadh earca uaim
ann:



Is cugainne a deir Lugh súd, ar Chlann
Tuireann eatarra féin; agus admham
marbhadh a athar dhó, ar Iuchar agus ar
Iucharba; óir is ag iarraidh sgéala a athar
do fhan sé gus drasta, no go fuair fios a
bháis.



Dob' eagal dhuinn, ar Brian, gurab ag
iarraidh adhmála do bhiadh sé a fiadhnaise
cháich, agus nach geabhadh sé éiric uainn iona
dhiaigh sin.



Do bhéaramne, ar na mic oile; admháil
dhó, nó tabhairse ós tú is sine. Do bhéar, ar
Brian. Agus leis sin a dubhairt Brian
mac Tuireann:



Is chugainne a deir tú sin, a Lugh, an triur
so; óir is sinn do shaoilfeá do dhéanamh
cóimheirge comhraich ré clainn Chainte roimhe
so; agus níor mharbhamairne t'athair; gidh-
eadh do bhéarfam éiric ann dhuitse amhail is
mar go ndéanmaois an gníomh.



Geabhatsa éiric uaibh ann, gion go saoil-
tighse é, ar Lugh; agus a déar annso í;
agus más mór libhse í, do gheabhthaoi maithiomh
ar chuid dí. Cluineam uait í, ar siad.
Ag so í, ar Lugh; .i. trí húbhla; agus croi-
ceann muice; agus sleagh; agus dá each;
agus carbad; agus seacht muca; agus


L. 40


cuiléan con; agus bior fulachta; gus trí
ghártha ar cnoc; agus is í sin an éiric
atáimse d'iarraidh, ar sé; agus más mór
libhse í, maithfidhthear cuid di ar láthair
annso dhibh; agus mana mór, tabhraidh
uaibh í.



Ní mór linn í, ar Brian mac Tuireann;
na a chead urdail sin mar eiric; agus
as dóchaide linn rún feill agus múdhaighthe
do bheith agatsa fa nár comhair a luíghead
mar éiric.



Ní beag leamsa ar shloinneas féin mar
éiric, ar Lugh; agus do bhéar slanaigheacht
Thuatha De Danann dhibhse gan ní as mó do
iarraidh, agus re dileas go bráth dhíbh; agus
tabhraidhse an tslánaigheacht chéadna dhomso.
Is truagh sin, ar Clann Tuireann, ní beag
do shlánaibh an domhain sinn féin. Is beag,
ar Lugh, óir is minic do gheall bhur samhailse
éiric uatha mar so a fiadhnaise cháich agus go
rachdaois 'na chois arís.



Tugadar Clann Tuireann iarsin rig
Eireann, agus Bodhbh Dearg mac an Daghda,
agus uaisle Thuatha De Danann archeana,
fá íoc na hearca sin le Lugh.



Is fearr dhomsa anois, ar Lugh, fios na
hearca úd do thabhairt dhaoibh. Is fearr
cheana, ar iadsin.



Maseadh, ar Lugh, is iad na trí húbhla do
iarras orraibh, .i. trí húbhla do Ghargha na
Hisbéirne, a n-oirthear an domhain; agus ní
fhoghnaifid úbhla oile dhom acht iad; óir is iad
úbhla is fearr buaidh agus is áille 'san
domhan iad; agus is amhlaidh atáid agus dath
an óir órloisgthe orra; agus ní mó ceann
mic míosa 'ná gach úbhall dhíobh; agus blas
meala bhíos orra le na caitheamh; agus ní
fhágbhaid gaotha cró, ná aicíd aingide, ar aoin
neach do chaitheas iad; agus ní lúghaide iad
a mbeith agá siorchaitheamh go bráth; agus do
ni gach aon theilgeas úbhall dhíobh a rogha
éachta agus tig chuige tar ais arís; agus gidh
calma sibhse, a thriar laoch, saoilimse nach
fuil ar chomus dhaoibh, ni cach doiligh leam, na
húbhla sin do bhreith ón muinntir agá fuilid;
óir do rinneadh fáistine dhóibh, go rachadaois
triar rideireadha óga ó iarthar na hEórpa
da mbreith ar éigean uatha.



Isé, imorro, an croiceann muice do iarras
orraibh, .i. croiceann muice Thuis, righ Ghréag;
agus leighsaigh, agus slánícaigh se aos
cneadh agus galair an bheatha da ghusachtaoi,
acht go mbeiridh ar an anam ann; agus is
amhlaidh do bhí an mhuc sin, agus an sruth na
tigheadh sí thríd do bhíodh iona fhíon go ceann
naoi tráth; agus an chréacht re mbeanadh sí
do bhíodh slán; agus do inniseadar draoithe
na Gréige, nach uirro féin do bhí an bhuaidh sin
acht ar a croiceann; agus do feannadh í,
agus atá a croiceann aca ó shoin; agus
saoilimsi fós, nach urasa dhíbhse a fhághail do
dheóin na do aimhdheóin.



Agus an feadabhair créad í an tsleagh do
shír mé orraibh? Ní fheadamair, ar siad.
Sleagh sáir-neimhneach atá ag Pisear righ na
Persia; Aréadbhair gairmthear dhi; Agus
do ghnithear gach rogha eachta le; agus bhí
coire do uisce fó na ceann do ghnáth go nach
loisgfeadh an chair iona mbí; agus is
deacair a fághail.



Agus an feadabhair cia an dá each, agus
an carbad do 'áil leam d'fhághail uaibh?
Ní fheadamar, ar siad,. Dá each uaisle,
iongantacha, ar sé , atá ag Dobar, righ Sisle;
agus is cóimhdheas dhóibh muir agus tír; agus
ní fuil eich is luaithe láidre 'ná iad; agus
ní fuil carbad a chomhmaith ar chumhadh ná ar
chómhdhaingne.



Agus an feadabhair cia hiad na seacht
muca do iarr orraibh; .i. muca atá ag Easal
rig na Coloman Ordha, ar Lugh; agus gé
marbhthar gach oidhce iad, do gheabhthar beó
arnamharach iad, acht go faighthear a cnámha
re tiomsúghadh; agus ní bí galar na eas-
láinte ar neacht fhromas cuid dhíobh; agus is
dóigh leamsa nach urasa daoibhse a fághail.



Agus isé cuileán con do iarras orraibh;
.i. cuiléan atá ag righ na h-Ioruaidhe, agus
Failinis a hainm; agus beathadhaigh an do-
mhain do faicsin di, do thuitfidís as a seasamh
lé; agus is áille í iná an ghrian ina rothaibh
teintighe; agus deacair a fághail.


L. 41


An bior folachta do iarras orraibh; .i.
bior dona biaraibh atá ag mnaibh Innse
Fianchaise.



Agus is iad na trí gártha do iarras
orraibh do dhéanamh ar chnoc; .i. trí gártha do
léigean ar Chnoc Mhíodhchaoin i tuaisceart
Lochlann; agus is geis do Mhíodhchaoin agus
dá chloinn gan gártha do fhulang do dhéanamh
ar an cnoc sin; agus is acasan do rinn mho
athair a fhoghlaim; agus da maithinnse dhaoibh
é, ní mhaithfidís sin d'á ndéoin é; agus da
n-eirgheadh bhur turus uile libh go tígh iad, is
dóigh leamsa go ndíoghaldaois oraibh é;



Agus is ísin an éiric do iarras orraibh, ar
Lugh.



Do luidh socht agus síor-dhúbhadh ar Chlainn
Tuireann, re sloinneadh na héarca sin.
Agus do chuadar iar sin mar a raibh a n-
athair, agus do innseadar an téadtualaing
sin dhó. Is olc na sgéala sin, ar Tuireann;
agus do gheabaidh sibh nás agus nuan-oidhe do
imirt orraibh ag iarradh na héarca sin, agus
is cóir a theangmháil dhaoibh. Agus tairis
sin uile, dá mádh áil lé Luch féin é, do
gheabhadh fibh an éiric le saothrúghadh; agus ní
bhfaighdís fir an domhain í acht le chumhachtaibh
Mhanannain, nó Lógha féin. Agus eirghidhse
do iarraidh iasachta an Aonbhairr Mhanan-
ain air; agus ma tá a shúil re fághail na
héarca, do bhéara sé an t-each dhaoibh; agus
muna fuil iseadh adéara nach leis í, agus na
tiobhra iasacht don iasacht amach; aus iarraidh
iasacht churaigh Mhanannáin air, .i. Sguaba
tuinne; agus do bhéara see sin dhaoibh, óir is
geis dhó an dara hathchuinge do thabhairt uaidh;
agus is fearr dhaoibhse an curach na in t-each.



Is annsin do chuadar Clann Tuireann
mar a raibh Lugh; agus do bheannaighdear
dhó; agus a dúbhradar nach féadfadaois an
éiric sin d'fhághail gan a chungnamh fein;
agus gur mhaith leó, ar an adhbhar sin, iasacht
an Aonbhairr Mhanannáin d'fhághail uaidh.



Ní fhuil an t-each sin agam féin acht ar
iasacht, ar Lugh, agus ó nach fuil ní thiobhar
iasacht don iasacht uaim.



Maseadh tabhair iasacht Curaigh Mhanan-
náin dhuinn, ar Brian mac Tuireann. Do
beirim, ar Lugh. Ca háit a fuil sé, ar siad.
Ag Brugh na Boinne, ar Lugh.



Agus tangadar arís mar a raibh Tuireann,
agaus Eithne, inghean Tuireann, a ndeirbhshiur;
agus innisid dóibh go fuaradar an curach. Ní
mór gur feirrde sibh a fághail, ar Tuireann;
gidheadh is maith le Lugh gach ní ar a mbiadh
feidhm aige fein dochum catha Mhuighe
Tuireadh do thabhairt chuige don éiric úd;
agus budh ro mhaith leis an ní ar nach fuil
feidhm aige .i. sibhse, do thuitim agá hiarraidh
fadheóigh.



Gluaisid rompa iarsin, agus fágbhaid
Tuireann go chúmhach, caointeach; agus do
chuaidh Eithne leó go tí an cúan 'na raibh an
curach. Agus do chuaidh Brian annsa churach,
agus a dubhairt: Ní fuil acht slionad aon-
duine amháin oile annso am fharradhsa; agus
do ghabh ag ceasacht ar a chumhainge. Is geis
don churchan gan ceafacht do dhéanamh amhlaidh
sin air, do ráidh Eithnee; agus a bhráithre ion
mhaine, ar Eithne, is olc an gníomh do rinne-
amhair, .i. athair Lógha Lámhfhada do mharbhadh;
agus is cóir gach olc oile do bheith 'na dhiaigh
orraibh; agus do rinne laoidh ann:—



Truagh an gníomh do rinneabhair,
A chuideachta fhial, fhionnsa;
Athair Lógha Lámhfhada
Do mharbhadh is olc leamsa.



A Eithne na habair sin,
Mear ar muirn, tréan ar treasa,
Is fearr linn ar marbhadh fá chéad
Na éag míodhlaoich meata.



Síridh iatha agus innseadha,
Go ria slios Mara Ruaidhe;
Bhur cur a hEirinn, faríor,
Noch an fuil gníomh as truaighe.



A haithle na mbriathar sin, do chuireadar
an chuideacht chathmhileadh sin a curach amach ó
chiúmhsaibh áille eochair-ghlana na hEireann.
Ca slighe a racham ar túis, ar siad. Racham
do iarraidh na n-úbhall, ar Brian, ós iad do
hiarradh oruinn ar tús; dá réir sin iarra-


L. 42


maoid ortsa, a churaigh Mhanannáin atá
fúinn, ar sé, ar shéala go Gargha na His-
beirne.



Agus níor failleadh an fóghra sin leis an
curach, amhail bo gháith leis; óir do sheóil
roimhe iona réim ar bharr na tonn taobh
uaine, an aithghearra gacha haibhéise, no gu
ghabh cúan agus caladh-phort a críochaibh na
Hisbeirne.



Agus ar ndul annsin dóibh, do fhiarfaigh
Brian da bhráithribh: Cionnas dob' áil libh
dhol d'ionnsaighe Gharga na Hisberne; óir
is dóigh leam, ar sé gurab amhlaidh bhíd ríogh-
churaidh agus cath-mhileadh na criche agá choiméad,
agus an righ féin 'na cheannphort orra?
Créad do dhéanmaois, ar an chlann oile, acht
dul da n-ionnsaighe ion ar riocht féin, agus
na hubhla do thabhairt uatha nó sinn fein do
thuitim ann ar a son; ó nach linn dul ón
cuntabhairt seo atá ionar ceann, gan bás
d'fhághail in áit éigin.



Tairis sin, ar Brian, is fearr linn ar
n-álladh, agus ar n-árdnós do chur ós árd
oruinn, ar ár ngliocas agus ár ngaisce
d'aithris ionar ndiaidh 'ná míghliochas agus
meatacht do dhol ós árd oruinn. Agus dá
réir sin, isí cómhairle is indéanta dhuinn
do'n chur so .i. dol a reachtaibh seabhach séit-
reach, sárlúthmhar, d'ionnsaighe an ghargha úd;
agus ní fuil ag a choiméadaighthe acht a n-airm
eadtroma, ionchaithmhe d'ar teilgean; agus
babhraidhse da bhur n-aire iadsan do léigean
tharaibh go lúthmhar lán-tapaidh; agus an
tráth theilgfid siad a mbiaidh urlamh, ion-
chaithmhe aca dhíobh sin, cromaidhse ar na húbhla,
agus beiridh úbhall gacha fir dhíobh; agus ma
fhéadaimse é, do bhéar da úbhall leam .i.
úbhall am'ingnibh agus úbhall ann mo bhéal.



Do mholadar san an chomhairle sin; agus
do bhuail Brian do fhleisg doilbhthe draoidh-
eachta iad, iona triur, go ndéarna trí sea-
bhaic aille éagsamhla dhíobh. Agus gluaisid
d'ionnsaighe na n-úbhall. Agus mothaighid an
lucht coimhéadtha iad, agus do ghárieadar ar
gach taobh dóibh; agus do chaithsat frasa
feargacha firnemhneach riu; agus do bhádar-
sab ar a choimhéad féin amhail do aithinn
Brian díobh; nó gur chuireadar an lucht
coimhéadta a lámh-arma uile dhíobh; agus
annsin cromaid ar na húbhla go hurlamh;
agus do rug Brian da úbhall ris, agus
úbhll gacha fir do'n dís oile; agus fillid
slán gan fuiliúghadh gan fóirdheargadh.



Agus téid an sgéal sin fó'n cathraigh,
acus fó'n crích a coithcinne. Agus do bhádar
trí hingheana glioca gaosmhara ag an righ
sin; agus do chuireadar íad féin a reachtaibh
teóra Gríobha ingneacha; agus do leanadar
na seabhaic 'san fairrge, agus do léigeadar
saighnéana[teintighe 'na ndiaidh agus rompa
agus do bhádar na saighnéana] sin agá los-
gadh go mór.



Truagh an modh ara fuilmíd anis, ar
Clann Tuireann, óir atamaoid d'ar losgadh
dona saighnéanaibh so, muna fham cabhair
éigin. Da féadain fein, ar Brian, do bhéar-
fainn fortacht orraibh. Agus do bhuail do'n
fhleisg doilbhe draoigheachta é fein agus a
dhias dearbhrathar, agus do rinne shá eala
díobh sain agus eala oile dhéféin; agus tuga-
-dar léim 'san fairrge síos; agus do im-
thígheadar na gríobha uatha ann sin; agus
téid Clann Tuireann annsin gus an Curach.



Asa haithle sin do cinneadh comhairle leó
dul don Ghréig d'iarraidh chroicinn na muice,
ar ais nó ar eigean. Gluaisid rómpa nó
go rángadar a cómhfhogus cathrach righ Ghréag.



Cá riocht a racham annso, ar Briain. Ca
riocht a rachmaois ann, ar na macaibh oile,
acht ion ar reachtaibh féin. Ní hamhlaidh sin
chíthear dhomsa, ar Brian, acht a reachtaibh
fileadh agus aosa dána Eireannach ann, óir
is amhlaidh is mó ar n-onóir agus ar chádhas
idir fholaibh uaisle na Gréige. Is deacair
dhuinne sin do dhéanamh, ar siad, agus gan
dán againn, agus nách mó is eól dhuinn a
dhéanamh.



Gidheadh tugadar ceangal fileadh ar a
foltaibh, agus buailid dorus na cathrach;
agus d'fhiafraigh an dóirseóir cia do bhí ann.
Aos dána Eireannach sinn, ar Brian, táinig
le dán chum an righ.


L. 43


Téid an dóirseóir d'a innisin do'n righ go
rabhadar aos dána Eireannach 'san dorus.
Léigthear isteach iad, ar an righ, óir fá thuai-
risg deágh-dhuine tángadar an fad sain as an
tír féin go tí so. Agus do fhógair an righ
an chathair do chorúghadh ara cionn, ionnas go
mbeith re na aithris aca nach facadar ion aon
áit da'r shiúbhladar a chómhmaith.



Do léigeadh Clann Tuireann isteach a
cruth aosa dána [agus do ghabhadar ag ól
agus ag aoibhneas a céadóir; agus] mhea-
radar nách facadar féin riamh, agus nach
raibh 'san domhan comhmaith na cathrach sin,
ná cóimhlíonmhaire a teaglaigh, ná cómhmór
a ceana fein innte.



Is annsin do eirgheadar aos dána an righ
do ghabháil a nduan agus a ndan do chách.
Is annsin a dúbhair Brian mac Tuireann
le na bhráithribh, dan do ghabháil do'n righ, ní
fuil dán againn, ar siad, agus na hiarrsa
orainn acht an dóan do chleachtamar raimh, .i.
gach ní da theasdann úainn do bhúain amach le
neart ar lámh, más dhuinn is treise; agus
más dhóibhsin is treise, sinne do thuitim leó.
Ní seasgair an déanamh dána sin, ar
Brian. Agus leis sin ro eirigh féin iona
sheasamh agus d'iarr éisteacht go ngabhadh
féin dán; agus do héisteadh ris, go
ndúbhairt:—



A Thuis ní cheileam do chlú,
Molam thú ós ríogh an rail,
Iomnocht reise, féibh gan chrúas,
Isí dúais do chuinnchim air.



Do chogadh cómharsan fria ó,
O fionn a chómharsan fris;
An té do bheir dhuinn a chródh
Ní teircide uaidh a lis.



Sluaigh gaoithe is fairrge mhear,
Amhnas gean go ngabh ruis,
Iomnocht reise, feibh gan chrúas
Isi dúais do chuinngim a Thuis.



Is maith an dán sin, ar an righ, acht na
tuigim aon fhocal dá chéill.



Inneosadsa a chiall dhuit, ar Brian:



“A Thuis ní cheileam do chlú,
Molfam tú ós riogh an rail.”



.i. Amhail théid an rail ós righ fheadhaibh na
coille, is mar sin théidh tusa ós ríogaibh an
domhan, ar feabhas, ar uaisle, agus ar
oineach.



“Iomnocht feise féibe gan chrúas.”



.i. Croiceann muice a Thúis atá agatsa,
dob' áil leamsa do fhaghail úait a ndúais
mo dhána.



“O fionn a cómharsan fris.” [ag.ar.]



.i. Ionann ó agus clúas, agus biaidh mise
agus tusa clúas ar chlúais .i. ar chlúasaibh a
chéile fa'n croiceann, muna fághadh úait do't
dheóin é; agus is do sin atá tuicsi mo dhána;
ar Brian mac Tuireann.



Do mholfainn do dhán, ar an righ, muna
mbeith a mhéad atá iomrádh mo chroicinn féin
ann; agus ní ciall mhaith dhuitse, a fhir dána,
ar sé, an athchuinge sin d'iarraidh oram fein,
agus nach tiobhrainn do a fuil do fhileadhaibh
agus do aos dána, agus do mhaithibh, agus do
mhór uaisle an domhain é, ó nach tiocfadh dhióbh
a bhuain dhíom dom'aimhdheóin: agus do bhéar
trí láin an chroicinn sin do dhearg-ór dhuitsi
ar ceannach do dhána.



Go raibh maith agat, a righ, ar Brian;
agus do bhí a fhios agamsa féin nách ar
fhoircheas an athchuinge do iarraidh, acht gur
thuigeas go faghain fúasgladh maith as;
ghidheadh, atá mé cómh sanntach sin, nach gea-
bhadh gan an t-ór do thómhus ann mo fhiadhnaise
féin as an croiceann.



Do cuireadh aos feadhma agus friothailmhe
an righ leó do thómhus an ionmasa go teach
na séad.



Tóimhsigh dá lán an chroicinn ar túis
d'ionnsaighe mo bhráithreach, ar Brian, agus
an lán déigheanach go dhúthrachtach dhom féin,
ó as mé do rinne an dán.



Acht cheana, ar teacht do'n chroiceann do
láthair, tuc Brian síth sanntach solámhadh air,


L. 44


dia láimh chlí; agus do nocht a chloidheamh,
agus tug béim do'n fhear fá foigsi dhó dhíobh,
go ndearna da roinn dhé iona lár; agus do
chúaidh a seilbh an chroicinn, agus do chuir
uime féin é; agus do léigeadar iad a
tríur as an cathair amach, agus iad ag
slúidhe na slógh ann gach ionad iona teang-
mhadaois rómpa; ionnas nách deachaidh uasal
gan oirleach, na curadh gan cíorrbhadh, na óg
gan marbhadh uatha.



Is annsin taínig Brian mar a raibhe righ
Gréag féin, agus níor mhoille an righ da
ionnsaighe, gur fhearsad cómhrach cródha,
curata, cruaidh, calma, re chéile; agus do
b'é críoch an chómhraic sin, gur thuit righ
Gréag do neimh láimhe Bhriain mhic Tuireann.



Dála na díse oile: do ghabhadar ag mar-
bhadh agus ag mór oirleach na slóigh ar gach
leith, gur chuireadar ár dofhaisnéise ar
shluaigh an dúna, no go ndeachaidh aca orra.
Agus do fhadadar féin 'san cathraigh trí
oidhche agus trí lá, ag cur a sgíse dhíobh tar
éis a saothair agus a sár-oirligh. Agus do
bhádar roighne ríogh-bhan an dúna ar feis
láimhe agus leabtha ag an laochraidh sin an
feadh do bhádar ann.



Cómhairlighthear aca annsin dul do iar-
raidh thuile do'n éiric; agus fiafraighid a
bhráithre do Bhrian cá rachadaois ar thúis.
Racham go righ na Persia, ar Brian, do iar-
raidh na sleagha atá aige.



Agus do ghluaiseadar rómpa d'ionnsoighe
a curaigh; agus ro fhágbhadar oirear gorm-
fhrothach na Gréige. Agus a dúbhradar ann-
sin: Is maith atáthar againn, agus na húbhla
agus an croiceann do bheith againn. Agus
níor fhadadar don réim sin nó go rangadar
críochaibh na Persia.



Cá riocht a racham go dún righ na Persia,
ar Brian re na bráithribh. Cá riocht a rach-
maois ann acht ion ár reachtaibh féin, ar na
macaibh oile. Ní hé sin do chithear dhomhsa,
ar Brian, acht dul a reachtaibh aosa dána ann,
amhail do chúadhmar go rith Gréag. Mol-
maoidne sin, ar siad, tré fheabhas do chúaidh
dhuinn an úair fó deireadh do chúadhmar le
dán, gion gur fuiris dhúin bheith ag admháil na
céirde nách fuil againn.



Agus tugadar ceangal fileadh ar a fol-
taibh, agus tigid go dorus an dúna, agus
iarraidh osgladh. Fiafraigheas an doirseóir
cia hiad, nó cá tír dhóibh. Aos dána Eirean-
nach sinn, ar siad, táinig le dán chum an righ.
Do léigeadh isteach iad, agus do fearadh
fáilte friú ag an righ, agus ag maithibh a
mhuinntire; agus do suídheadh go huasal
ónorach iad ag an righ iona thímcheall féin.



Agus annsin do eirgheadar aos dána an
righ do ghabhail a nduan, a ndreacht, agus a
ndeágh-dhán. Agus a dúbhairt Brian mac
Tuireann re na bhráithribh eirghe agus dán
do ghabháil do'n righ. Ná bí ag iarraidh an
dána ná fuil againn orainn, ar siad; acht
mádh ail leat do dhéanam an dán as eól
duinn; .i. urluighe, agus iombualadh arrachta.
Do b'annamh an déanamh dana sin, ar Brian,
agus ós agamsa féin atá an dán, geabhad
do'n righ é: agus a dúbhairt an rosg so:-



Foill gach sleagh ag Pisear,
Neithibh bíodhbhadh bristear.
Ní forlann do Phisear
Gach aon ar a ndeargan san.



Eo bo háille d'fhíodhbhaibh,
Ráitear righ gan dúmhla;
Go seólaigh an t-omna fó
Cách ionna cosair cró. *



Is maith an dán ésin, ar an righ; acht ní
thuigim créad an luadh ná an lán iomrádh sin
ar mo shleagh féin ann, a fhir dána Eirean-
naigh.



Atá, ar Brian mac Tuireann, gurab í
duais do b'áil leamsa d'fhághail as mo dhán
an tsleagh sin agatsa.



Olc an chiall duitse sin, an aisgidh sin
d'iarraidh ormsa, ar an righ; agus fós ni
thugadar na huaisle ná na hard-mhaithe seo
cádhas na comairce do aon dán ríamh as mó
ná gan do bhás do thabhairt ar an láthair seo!



Mar do chúala Brian an cómhradh sin ón
righ, do chuimhnigh ar an úbhall do bhí 'na láimh
aige, agus tug urchar áitheasach dhe do'n righ
a clár a éadain, gu chuir a innchinn tré na
chúl siar seachtair; agus nochtas a chloidheamh,
agus gabhas ag slaighe na slúagh 'na thím-
cheall. Agus níor failleadh sin leis an días
oile; acht do Ghabhadar ag cungnamh leis go
cródha, curata; go tugadar oirleach ar a
tarla ria do lucht na cathrach. Agus do
bhádar mná agus mór ríoghna an dúna ar a
comus féin aca annsi; agus do fuaradar
an tsleagh, agus coire lán do uisce fó na
ceann go nach loisfeadh an dún.



Iar sin a dúbhradar Clann Tuireann gur
mhithíd dhul d'iarraidh tuile do'n éiric
mhóir do bhí orra. Fágbhaid an chathair ann-
sin, agus fiarfaighid dá chéile ca slighe a
rachdaois. Racham go righ, go Dobar, righ
innsi Sighir, ar Brian, óir is aige atá an dá
each agus carbad do iarr an t-Ioldhánach
orainn.



Gluaisid iar sin, agus beirid an sleagh
leó, agus bo meanmnach móraigeanta do
bhádar an triúr curad, taréis an éachta
agus an áithis sin do rinneadh leó; agus do
ghluaiseadar rómpa go tángadar go dún
righ Innsi Sighir.



Cá riocht a racham do'n dún so, ar Brian.
Cá riocht a rachmaois ann [acht ann ar reach-
taibh féin, ar íadsain. Ní hamhlaidh is cóir,
ar Brian,] acht téidheam a reachtaibh amos
Eireannach ann, agus déanam muinntearas
leis an righ, óir is amhlaidh sin do gheóbham
fios as a chéile cá háit iona mbiaid na heich
agus an carbad ar coimhéad. Agus ar chin-
neadh ar an chomhairle sin aca, tángadar
rómpa ar faithche dúna an righ.



Agus d'eirigh an righ go maithe agus mór
uaisle a mhuinntire 'na coinne agus na
comhdháil, tríd an aonach do bhí ag a chómhmó-
radh aca; agus do rinneadar úmhla do'n righ;
agus fiafraigheas an righ sgéal dhíobh, cía
híad féin, no cá tír dhóibh. Amhois Eireannach
sinn, ar síad, atá ag tuilleamh tuarasdail
ó ríoghaibh an domhain. An áil libh anmhain
agam féin seal, ar an righ. Is áil, ar siad.
Agus do rinneadar cor agus cunnradh ris
an righ.



Go ceann coicdhís tar mhí dhóibh 'san dún
iar sin, agus ní facadar na heich ris an ré
sin. Is annsin a dúbhairt Brian: Is olc
an cor so orainn, a bhráithre ionmhaine, agus
nách mó ata d'fhios sgéala na n-each fa tán-
gamar anois againn 'ná an chéad lá thánga-
mar do'n bhaile so. Créad do b'áil leatsa
do dhéanamh uime sin, ar an dís oile. Déa-
nam, ar Brian: gabham ar n-airm, agus ar
n-iol fhaobhair, agus ar n-earradha aisdir agus
imhtheacha, orainn; agus eirgheam do láthair
an righ; agus innseam dhó go fácfam an
talamh agus an tír so, muna tasbeánadh sé
ha heích dhuinn.



Tangadar rómpa an lá sin do láthair an
righ, agus d'fhiafraigh an righ dhíobh, créad fá
dheará dhóibh an t-inneall imtheachta sin do
chur orra féin. Do gheabhaidh tusa a fhios sin,
a áirdrigh, ar Brian; .i. na hamhois Eirean-
nacha mar sinne, gurab íad bíos iona lucht
cóimheata agus díograise ag an righthibh aga
mbíd seótaibh buadha acus bisigh; agus
gurab íad is lucht cogair agus cómhairle,
agus mómhrúin ag gach drong ag a mbíd;
agus ní dhearna tusa sin dínne ó thánghamar
chúgat; óir atá dá each agus carbad agat
is fearr 'san domhan, do réir mar fuaramar
a dheimhin, agus ní facamar íad-san fós.



Is olc do rinneamhairse tionnsgain tri-
allta tríd sin, ar an righ, agus teasbeán-
fainnse na heich sin dhíbh an chéad lá, dá
saolinn iarraidh do bheith agaibh orra; agus
ós anaois atá iarraidh agaibh orra, do chídhfidh
sibh íad; ar dóigh leam na táinig do'n bhaile
seo raimh, amhais as Éirinn ar mó mo dhísle
agus dísle luchta na cathrach so 'na sibh.



Agus do chuir fios ar na heich iar sin,
agus do cuireadh an carbad orra; agus do
budh cómh lúaith le gaoith adhfhúair earraidh an
réim, ro reatha do bhí fútha; agus do budh
cómhdheas dhóibh ar muir agur ar tír.



Agus do bhí Brian ag féachain na n-each go
haireach; agus do ghlac an carbad, agus do
ghabh an t-ára ar chaol coise, agus do bhuail


L. 46


fá'n carraig chloiche fá cóimhneasa dhó, gur
imir bás air; agus lingeas fein ionna
ionad 'san carbad, agus tug urchar do shleigh
Phirear do'n righ gur sgoilt a chroidhe ionnna
chliabh, agus do léig sé féin agus a bhráithre
fa shluagh na cathrach gur chuireadar a
ndearg-ár.



Agus ar críochnúghadh an dála sin dóibh,
fiafraigheas Iuchair agus Iucharba, cá rach-
daois annsin. Racham go Asal righ na
Colmhan Órdha, ar Brian, d'iarraidh na seacht
muc ro iarr an t-Ioldhánach orainn.



Is annsin do sheóladar rómpa a n-aith-
ghearra gacha slighidh do'n chrích uasail sin,
gam toirmesg; agus is amhlaidh do bhádar
lucht na críche sin, agus íad ag coimhéad a
cuan ar eagla Chloinne Tuireann, óir do ba
clos go fóirleathan fó chríochaibh an domhain
sgéala na curadh céadfadhach sin; agus a
mbeith ar na cur as Eirinn re héadtualang,
agus a mbeith ag breith seód búadha an
domhain leó.



Táinig Asal gha himeall an chuain da
n-ionnsaighe, agus fiafraigheas go hachmhasá-
nach dhíobh, an leó do chúalaigh ríoghradh an
domhain do thuitim, ann agac tír a rabhadar.
A dubhairt Brian gur ba leó, gidh bé ní do
bh'áil leis sin do dhéanamh, [orra thríd. Créad
fá dheara dhaoibhse sin do dhéanamh] ar Asal.
Ro innis Brian gur ba éadtúalaing dhuine
oile, agus a anbhreath do chuir chuige iad;
agus do innis amhail tarla dhóibh; agus mar
do chuaidh aca ar gach droan d'ar thairg
seasamh riú go tí sin.



Créad fá tángabhair do'n chrích se anois,
ar an righ. Ar cheann na muc atá agatsa,
ar Brian, dá mbreith linn mar chuid do'n
éiric úd. Cionnas do bh' áil libh a fághail, ar
an righ. Má fhagham re toil mhaith iad, ar
Briain, a ngabháil chúghainn go buídheach; agus
muna fagham, cath do thabhairt dhuitse agus
dot mhuinntir tar a ceann, agus bhur tuitim
linn, agus na muca do bhreith linn da bhúr
n-aimhdheoin amhlaidh sin. Dá mádh ísin críoch
do rachadh air, ar an righ, do b'olc dhuinne an
catha do chur. Isí go dheimhin; ar Brian.



Is annsin do chuaidh an righ a chómhairle
agus a cogar, a muinntire uile fá'n chúis
sin; agus is é cómhairle ar ar cinneadh leó
.i. na muca do thabhairt dá ndeoin fein úatah
do Chloinn Tuireann, ó nách facadar gur
seasmhad riú a n-aon áit d'ar ghabhadar go tí
sin.



Acht cheana, tugadar Clann Tuireann
atlúghadh búidhe re hAsal, agus fá móide
a n-ongantas na mucaa dfhághail mar sin,
mar nach fuaradar aon chuid oile do'n
éiric gan chath acht iad; agus ní headh amháin,
acht gur mór dá fuil do fhágbhadar ann gach
áit d'ar ghabhadar go nuige sin.



Agus do rug Asal leis iad dá dhún, agus
dá dheágh-bhaile féin, an oidhche sin; agus do
freasdladh, agus fritheoladh fá na mianaibh
féin iad, idir bhiadh agus dhigh, agus dheigh-
leabaidh. Agus eirghid ar na márach, agus
tigid do láthair an righ; agus tuadh na
muca dhóibh. Is maith mar thugais na muca
so dhuinn, ar Brian, ní fuaramar aon
chuid do'n éiric gac chath acht iad amháin;
agus a dúbhairt Brian an laoidhse síos:-



Na muca so, a Asail,
Do léigis linn go mbúaidh,
Na seóda oile fuaramar
A los cómhlainn cruaigh.



Cath thugsam do Phisear
D'ar thuítseat laoich lána;
Nó go tugamair úadha,
Iubhar, an t-arm ágha.



Cathrigh Innse Sigir,
Is mór riómh nách féidir;
Ann do thuitfimís uile,
Mun bheith croiceann na mor mhuice.



A Asail na'a chogair feall,
Dá mairdís trí mic Tuireann,
Bo mhóide do bhuaidh ir do bla
Mar thugais uait na muca.



Cá siúbal do dhéantaoi anois, a chlann
Tuireann; ar Asal. Racham, ar siad, gus
an Ioruaidh, ar cheann an chuiléin con atá
ann. Tabhraidh athchuinge dhom fhéin, a Chlann
Tuireann; ar asal; agus is í athchuinge


L. 47


iarraim orraibh, mé féin do bhreith libh ann
bhurcuideachtain a ceann righ na hIoruaidhe,
óir is ingean dhom is bean dó, agus do b'áil
leam a fhuráíl air an chú do thabhairt dhaoibhse
gan chath, gan chogadh. Is maith linne sin, ar
siad.



Agus do coirigheadh a long do'n righ, agus
ní haithristhear a leath ar leath, go rángadar
go hoirear aoibhinn iongantach na hIoruaidhe.
Do bhádar, iomorra, sluaigh agus sochaidhe na
hIoruaidhe ag coimhéad a cuan agus a caladh-
phort ar a cionn; agus do gháireadar dhóibh
só chéadóir, mar do haithnidheadh leo iad.



Téid Asal i tír iar sin, go síothchánta;
agus téid mar a raibhe a chliamhain, righ na
hIoruaidhe; agus inniseas imtheachta Chloinne
Tuireann dhó ó thúis go deireadh. Cread do
bheir do'n chrích seo iad, ar righ hIoruaidhe.
Do iarraidh na con atá agatsa, ar Asal.
Is olc an chómhairle dhuitsi teacht leó da
hiarraidh, ar an righ, óir ní thugadar na dée
do thoice do thriar laoch san domhan go féad-
faidis do ais nó do eigean mo cusa do
fhághail. Ní hamhlaidh sin is cóir, ar Asal,
acht ó do chlaidheadh mórán do ríoghaibh an
domhain leó súd, an chú do tabhairt dhóibh gan
chomhrach, gan chathúghadh.



Acht cheana, ní raibh do Asal ann a ndú-
bhairt sé acht díomhaoineas; agus téid tar
ais mar a raibh Clann Tuireann, agus do
innis na sgeála sin dhóibh. Cidh trá, acht
mór foilleadh na freagartha sin leis na
feinneadha, acht tugsad lámh thapaidh laochda
for a n-armaibh, agus d'fhóghradar chath ar
shluaigh na hIoruaidhe; agus ar rochtain do'n
tréan-shluaigh sin 'na cómhdháil, do fhearsat
cómhlann agus cómhrac go cródha, cóimhdhiochra
ar gach taobh.



Dála Chloinne Tuireann, do ghabhsat ag
leadradh na curadh, agus ag múdhadh na
mileadh, nó gur sgarsad féin re chéile 'san
chath, le déine agus le dásachtaighe an deabhtha,
agus re crúas an chómhlainn; go tárla
Iuchar agus Iucharba do thaobh, Brian leis
féin do thaobh oile. Bo beárna baoghail,
agus brisedh buidhne, raon madhma roimh
Bhrian ann gach conair inar ghabh, no go
ráinig righ na hIoruaidhe, 'san chró chómhdhain-
ghean ann a raibhe; agus fearaid an dias
deághlaoch sin, comhrach agus cómhlainn, go
féigh fuileach, firneimhneach; agus iombualadh
arrachtach ,iolchrúaidh; agus urlaigheacht ath-
garbh, atheasach, ainiarmartach.



Agus do budh cródha an comhrach é sin,
nó gur cheangail Brian righ na hIoruaidhe,
agus go tug leis é tré lár na sluagh nó
go ráinig an láthair a raibh Asal; agus
iseadh a dúbhairt: Ag sin agat do chlia-
mhain, ar sé, agus luighim fó mo armaibh
gaisgidh, go mbadh usa leamsa a mharbhadh fa
thrí na a thabhairt leam aon uair amháín
imarso chugat.



Acht atá ní cheana, tugadh an chú do Ch-
loinn Tuireann, agus sgaoiltear do'n righ;
agus ceangailtear síoth agus cáirdeas
eatorro. Agus ar críochnúghadh gach neithe
amhlaidh sin dhóibh, ceileabhraid do Asal, agus
do chách ar cheana.



Iomthusa Lógha Lámhfhada. Do foillsigheadh
dhó go fuaradar Clann Tuireann gach ní dá
raibh do uireasbaidh air féin do'n eiric chum
catha Mhuighe Tuireadh; agus do léig briocht
draoigheachta ionna ndiaidh chum a cur ar
dearmad agus ar díoth chuimhne ar gach ní
nach raibh aca do'n éiric; agus do chuir
meanma agus mór-mhian orra teacht go h-
Eirenn ris an éiric d'ionnsaighe Lógha Lámh-
fhada; dóigh amh níór chumhain leó gur theas-
daigh cuid do'n éiric uatha. Agus tangadar
rómpa do'n réim sin dochum na hEireann.



Agus iseadh áit a raibhe Lugh an tan sin,
an n-aonach agus a n-oireachtas a fochair righ
Eireann, ar faithche na Teamhrach. Agus
tángadar Clann Tuireann i tír ag Brugh
na Boínne. Agus foillsighthear sin do Lugh;
agus d'fhág sé an t-aonach go fuillightheach;
agus do chuaidh go Cathair Crobhaing, ris a
ráitear Teamhair; agus do dhruid dóirse na
Teamhrach dá éis; agus do chóirigh deagh-
chulaith Mhanannain uime; i lúireach mhin-
ghreagach Mhanannain; agus cocháll inghine
Fliodhais; agus a airm gaiscidh ó sin amach.


L. 48


Agus tángadar Clann Tuireann mar a
raibh an righ, agus do fearadh fáilte friú ag
an righ, agus ag Tuatha De Danann ar cheana.
Agus d'fhiafraih an righ dhíobh an fuaradar
an éiric. Do fuaramair, ar iadsain, agus
cá áit a fuil Lugh go tugmaois dhó í. Do
bhí se annso ó chíanaibh, ar an righ. Agus do
síoradh an t-aonach dhó, ní fríth é.



Do fheadarsa an áit 'na fuil sé, ar Brian,
óir foillsigheadh dhó sinne [do theacht go h-
Eirinn, agus na hairm nemhe so linn, agus
do chuaidh sé] go Teamhraigh dar seachnadh.
Agus do cuireadh teachta uatha iona dhiaidh
annsin; agus ise freagra tug ar na teach-
taibh do chuaidh da ionnsaighe, nách tiocfadh,
agus an éiric do thabhairt do righ Eireann.



Agus do rinneadar Clann Tuireann sin;
agus ar fághail na héarca sin do'n righ [do
chuadar uile go Teamhraigh, agus] tainig
Lugh as a haithele amach ar an fhaithche,
agus tugadh an éiric dhó; agus iseadh a
dúbhairt:



Níor marbhadh riamh, agus ní muirbhfithear
chóidhche, duine nách fuil a lán éiric annso;
gidheadh, atá fuígheall nach dlighthear do
fhágbháil .i. fuigeall earca; agus cá áit a
fuil an bior fulachta, ná na trí gártha ar
chnoc nach tugabhair fós.



Mar do chualadar Clann Tuireann sin,
do thuit taise agus taimh-néallaibh orra;
agus d'fhágbhadar an t-aonach, agus do chua-
dar go teach a n-athar an oidhche sin; agus
do innseadar a toisg dhó; agus mar do frith
Lugh orra.



Agus do ghabh dúbhachas agus dobrón
Tuireann; agus do caithdar an oidhche sin
a fochair a chéile. Agus do chuadar ar na
mhárach d'ionnsaighe a luinge; agus do chuaidh
Eithne, inghean Tuireann, leó. Agus do ghabh
an inghean ag nualldubhadh, agus ag caoi-
neadh; agus a dúbhairt an laoidhse síos:-



Truagh sin, a Bhriain an anma,
Gan do thaghall go Teamhraigh,
Tar éis himnedh a nEirinn,
Gion go téighim ad leanmhain.
A éigne Bainne bailbhe,
A mhaighre Linne Life;
O nách féadaim tfhasdad,
Is leasg leam scarad riotsa.



A mharcaigh Tuinne Tuaidhe,
A fhir is buaine a n-iorgail,
Dá tí do theacht mar shaoilim,
Ní ba haoibhinn dod' bhíodhbaidh.



An truagh libh Clanna Tuireann
Ar uilleanna a sgiath n-úaine;
Is lán mhór do mheasg m'inntleacht,
A n-imtheacht is cúis truaighe.



Bhúr mbeith anocht a mBeinn Eadair,
A dhream do mhéadaigh ar n-urg;
'Sa laochra d'ar ghiall an ghaisgedh
Go riacht an mhaidhin mhoch throm.



Is tpuagh bhur toisg ó Theamhraigh,
Is ó Thailltin na magh núaine;
Is ó Uisneach mór Midhe,
Noch an fuil gníomh is trúaighe.



A haithle na laoidhe sin, do ghlúaiseadar
amach for thonnaibh anfadacha na glas
fhairge; agus do bhádar ráithe ar an muir
sin fios an oiléin d'fhághail.



Is annsin do ghabh Brian a earradh uisce
uime, agus a leasbaire gloine um a cheann;
agus rug léim uisce; agus a deirthear go
raibh cóicthigheas ag siúbhal na fairge ag
iarraidh Innse Fianchaire; agus 'na dhiaidh sin
do fuair í; agus do thriall d'ionnsaighe a
baile; agus ar ndul do'n chathraigh dhó, ní
fuair innte acht banntracht ag cur druine
agus corthaire. Agus ameasg gach ní oile
dá raibh ionna fochair, tarla an Bior ful-
achta aca.



Agus mar do chonairc Brian é do ghaibh
ionna láimh é, [agus do b'áil leis a breith
leis chum an dorais. Do mhuigh a gean gháire
ar gach bean dona mnáibh ar fhaicsin an
ghníomha sin; agus iseadh a dúbhradar: As
dána an ní fa tugais lámh, óir da mbeidir
do dhias dearbhráthar maraon leat, an bhean
as lúgha gníomh do'n trí chaocat ban so
atámaoid annso ní léigfeadh an bior leat


L. 49


'na leó; gidheadh, beir leat bior dona bear-
aibh, ó bhí do churatacht ionat cur chum a
bheartha d'ar n-aimhdheóin. Ceileabhras Brian
dhóibh agus gluaiseas roimhe d'ionnsaighe a
luinge.]* Agus do bo fada le na bhráithribh
do bhí Briai uatha; agus an uair do thogra-
dar imtheacht is ann do chonncadar chuca é,
agus do mhéadaigh sin a a meanma go mór.



Agus do chuaidh dá luing; agus do ghluais-
eadar rompa d'ionnnsaighe Chnuic Mhiodh-
chaoin. Agus an tan rángadar ar an cnoc,
táinig Míodhchaoin .i. fear coiméadtha an
chnuic dá n-ionnsaighe; agus ar na fhaicsin do
Bhrian, d'ionnsaigh é; agus do ba mire dhá
mhathghamhan, agus do bo leadradh dhá leómhan,
chómhrac na díse sin, gur thuit Miodhchaoin
'san chomhlann.



Tángadar annsin trí mic Mhíodhchaoin do
chomrac le Clann Tuireann, iar tuitim do
Mhíodhchaoin fei roimhe sin le Brian; agus
tígheadh neach ó chrich na Hisberne a n-airthear
an domhain d'fhéachain cómhraic ar bith, is
d'fhéachain cómhraic na buidhne sin bo in-
teachta dhó: ar mhéad a mbéimeann, ar
bheódhacht a meanman, agus ar arrachtaighe
a n-inntenn. Agus is iadso anmanna na
mac sain Mhíodhchaoin: .i. Corc, agus Conn,
agus Aodh. Agus do chuireadar a trí sleagha
tré imlionna Chloinne Tuireann. Gidheadh
ní ar thime 'ná ar shlás do chúaidh sin ag
Clann Tuireann, óir do chuireadar a trí
sleagha féin fré chorpaibh chloinne Mhíodh-
chaoin; agus do chuadar féin i taisibh agus
i táimhnéallaibh báis.



A haithle na n-éacht sin, dúbhairt Brian:
Cionnas atá síbh, ar siad. Eirighem, ar sé,
óir airighim airgheana uáthbhasa an éaga ag
teacht chugainn, agus tabhram na gártha ar
an cnoc. Nocha tig sin dhinn, ar siad. Eir-
gheas Brian annsin, agus tógbhas fear gach
láimhe dhó dhíobh, agus é ag tréigeann a fhola
go hiomarcach, nó go tugadar na trí gártha.



As a haithle sin do rug Brian leis iad
gus an luing; agus do ghabhadar ag siúbhal
na fairge aimsir fhada; acht fó dheireadh a
dúbhair Brian: Do chim Beinn Eadair,
agus Dún Tuireann, agus Teamhair na righ.
Do bheidhmís lán do shláinte dá faicmís sin,
ar na fir oile; agus ar ghrádh homigh, a
bhráthair, ar sias, gabh ar cinn chugat ann do
ucht go faicmis Eire úainn, agus as cuma
linn bas nó beatha 'na dhiaidh sin. Agus a
dúbhradar an laoidh seo síos:-



Gabh na cinn seo ann t-ucht a Bhriain,
A mhic Tuireann fheil arim-ghliaidh,
A choinneall gaiscidh gan fheall,
Nó go faiceam iath Eireann.



Cungaibh ar t-ucht is ar t-fhormna,
Na cinn seo, a churadh Chnodhbha
Go faicmís do'n usce amuigh,
Uisneach, Tailltin, is Teamhraigh.



Ath Cliath 'san Brugh réidh rámhach,
Freamainn, Tlachtgha, sodhánach,
Magh life, Magh broanach Breagh,
Is na slighte um aonach Tailltean.



Dá faicmís Beinn Eadair uainn,
Agus Dún Tuireann bo thuaidh;
Mo cheann éag ó sin amach,
'Sa bheith 'na éag imneadach.



Brian. Truagh sin, a chlann Tuireann tréan,
Do rachdaois éin tréam' dhá thaobh,
Is ní hiad mo dhá thaobh is tinn
Acht sibhse araon do thuitim.



Do bo fearr linn bas d'ar mbreith,
A Bhriain mhin Tuireann nar theith,
Ná tusa fó chneadhaibh ad chneas,
Is gan leátha re do leigheas.



Ó nách fuil re léigheas créacht,
Miach, Oirmhiach, na Dianchéacht,
Is mairg do Bhrian nár innill feall
Do thiodhnaic úainn an croiceann.



A haithe na laoidhi sin tángadar go
Beinn Eadair, agus as sin go Dún Tuir-
eannl agys a dúbhradar re Tuireann:
Eirigh, a athair ionmhain, go Teamhraigh, agus


L. 50


tabhair an Bior Fulachta so do Lugh, agus
tabhair an Croiceann Buadha chugainn d'ar
cabhair; agus a dúbhairt Brian an laoidh seo
síos:-



A Thuireann, déin imtheacht uainn,
D'agallaim Lóga g mbúaidh,
Beir air 'na chodhladh bó theas,
Sír an croiceann tré chairdeas.



Tuireann. Ar sheóit an bheatha, theas is thuaidh,
'Sa tabhairt do Lugh go mbúaidh,
Aseadh go dearbh do bhiadh dhe
Bhur fearta, is bhúr n-adhlaicthe.



Brian. Fogas ár fuil is ár feóil
Do mhac Céin mhic Cháinte cóir;
Na déineadh rinn teann i teann
A athair gé do mharbhsam.



A athair ionmhain, shaoir, shúairc,
Ná bí go fada ar do chúaird,
Is dá rabhair ní faghair sinn,
Rómhat ion ar marthuinn.



As a haithle sin do ghluais Tuireann
roimhe go Teamhraigh; fúair Lugh Lámhfhada
roimhe ann; agus tug an Bior Fulachta dhó;
agus do iarr sé an croiceann air do leigheas
a chloinne; agus a dúbhairt Lugh na tiobhradh.
Agus do fhill tar ais d'ionnsaighe a chloinne,
agus do innis dóibh na fúair an croiceann.
Is annsin a dúbhairt Brian: Beir leat mise
d'ionnsaighe Logha, d'fhéachain an fuighhinn an
croiceann uaidh.



Do rinneadh amhlaidh; agus do tugadh
Brian do láthair Lógha, agus d'iarr an croi-
ceann. A dúbhairt Lugh nách tiobhradh, agus
dá tugdaois leithead na talmhan do ór dhó
nách geabhadh úathaibh é, muna saoileadh a
mbás do teacht dhe, 'san ngníomh do rinnea-
dair.



Mar do chúala Brian sin, ro imthigh mar a
rabhadar a dhias dearbhráthar, agus do luigh
eatorra; agus do chúaidh a anam as fhéin,
agus as an dís sin anaoinfheacht. Agus do
rinne Tuireann an laoidh seo ós cionn a
chloinne:-



Tuirseach mo chroidhe ó bhúr cionn,
A thriar fionn do chuir mór ngléo;
Taréis bhur lúth, is bhúr cleas,
Do b'é mo leas bhúr mbeith beó.



Adhbhar dhá righ for Bhanba,
Iuchar, is Iucharba;
Ro ghabhadar Brian an Ghréig,
Is misde nar bhúan a leithéit.



Is mise Tuireann gan neart
Os bhúr feart, a laochraidh lonn;
Fad mhairfeas long ar an muir,
Nocha ndiongnaim dúan na fonn.



As a haithle sin do thuit Tuireann ar
muin a chloinne, agus do chúaidh a anam as;
agus do hadhnacadh iad fó chéadoir, i n-aon
uaigh.



Gurab i Oidhe Chloinne Tuireann, go
nuige sin.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services