Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oidhe Chloinne Uisneach.
Title
Oidhe Chloinne Uisneach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
OIDHE CHLOINNE UISNEACH. (Continued from page 397) Imthusa mac n-Uisnech, do ghluaisedar rómpa an aithghirra; Do bhéruim cómhairle mhaith dhíbh, a Chlann uisnigh, gion go n-déntar libh í. Créd í an chómhairle sin, a ríghain, ar Naise. A ta, arsi, a dhol go Rachlainn, itir Eirinn acas Albain, acas fhanamhain ann go ccaithed Fergus an fhledh, acas as comhall bréithre d'Fhergus sin, acas as fadúghadh saeghail díbhse é. Ní dhénam an chómhairle sin, ar Naeise, acas ar clann Fherguis: acas do ráidh clann Fherguis gur bh'olc an mhuin- ghín do bhí aice asda féin, nach beidh innta comairce do dhénamh, gion go m-beidh cómhaith chloinne Uisnigh do lámhaibh in a ffaradh, acas fós briathar Fherguis maille friu. Uch! as mairg tháinic leis an mbréithir sin Fherghusa, ar Déirdre, acas gur thréig sinn air fhledh; acas do rine an laeidh ann: Mairg tháinic a n-oir gidh dil, Re briathar mhic Róigh ro mhir; Nocha n-dénsa acht ochán de, Uch is ró chrádh rem' chroidhe. Mo chroidhe 'na chaeibh cúmhaidh Tá nocht, mo mhór-phúdair! Mo nuar, a mhac maithe, Tháncatar bhúr ttiughlaithe. [Naoise] - Na habair sin, a Dhéirdre dhian, A bhen is áilne ná an ghrian; Ni thiocfadh Fergus anair, Cugainne chum ar milladh. [Déirdre] - Fa raer, as cada liom dhuibh, A mhaca áille Uisnigh, Techt ó Albain an fheoir ghairg, Fada bhus buan a bhithmhairg. A h-aithle na laeidhe sin tháncatar rómpa go Finn-charn na Foraire air Shliabh Fuaidh, acas do fhan Deirdre d'á n-éis is an n- glenn, acas ro thuit a codladh uirre ann, acas ro airigh Naeise Déirdre iar na fág- bháil d'á n-éis; acas ro fhill tar a ais mur a raibh Déirdre ag eirigh as a codladh, acas do fhiafraidh di, cré f'ár fhanuis, a ríghain? Codladh do bhí orm, ar Déirdre, acas do chonairc aisling ann. Créd í an aisling sin ar Naeise. A tá, ar sí, gan a chenn air Illan Fhinn, acas a chenn air Bhuinne Borb Ruadh, acas gan congnamh Bhuinne Bhoirb Ruaidh ribsi, acas congnamh Illainn Fhinn ribh. Acas do rine an laeidh: Truagh an taibhsi tarfas dhamh, A chethrar fheta fhinn-ghlan, Gan cenn uaidh air chechtar dhe, 's gan congnamh fir re chéile. [N.] - Nocha ccan do bhél acht olc, a aindir álainn edrocht, Neimh do ghrís bheoil thana thall, Air ghallaibh ghaingidh uathmhar. [D.] - Do b'fheárr liom olc gach duine, Do ráidh Déirdre gan duibhe, No bhur n-olc-sa, a thrír mín, Le'r siras muir as mór-thír. Do chius a chenn air Bhuinne, O's sé a shaeghal is uille, A chenn air Bhuinne Borb Ruadh, Nocha liomsa a nocht nach truagh. A h-aithle na laeidhe sin táncatar rómpa go h-Ard-saillech, as ann sin a dúbhairt Déirdre; do chím néull 's an aer acas is néull fola é, acas do bherain cómhairle mhaith dhíbhsi, a chlann Uisnigh, ar sí. Créd í an chómhairle sin? ar Naeise. Dul go Dún Delgain mur a ffil Cúchulainn, no go ggaithidh Fergus an fhledh, acas bheith air chum-
airce Chonchulainn air eglac ceilge Chonchobhair. Ó nách ffil egla oruinn, ní dhenam an chómh- airle sin, ar Naisi. Acas do rine Déirdre an laeidh so síos: A Naeise! Feucha an nél Do chiu sunna 's an aér! Do chiusa ós Emhain uaithne Fuar-nél fola far-ruaidhe. Ghabhas bíoghadh tre's an nél Do chiu sunna 's an aér; Samhalta re crú fola, An nél uathmhar imthona. Do bheirim cómhairle bhecht, Do mhacaibh áilne Uisnech; Gan dol go h-Emhain a nocht, Tré a ffil oraibh do ghuasacht. Rachamíd-ne go Dún Delgan Mur a ffil Cú na ccerdcha; Tiucfam a márach a n-des, Mur aén 's an Chú chómhdhes. [N.] - A dúbhairt Naese tré fheirg Le Déirdre ghasta ghruadh-dheirg, Ó nach fil egla oirne, Ní dhénam an chómhairle. [D.] - Do b'annamh sin riamh roimhe, A Ua rathmhar Rúdhraidhe, Gan ár m-beith air aen scél de, Mise is tusa a Naeise! An Lá thug Mananán cuach, Chugamsa go rath róbhuadh Ní beitha sa um' aghaidh de, A deirim leat, a Naeise! A h-aithle na laeidhe sin ghluaisedar rómpa go h-Emhain Mhacha. A chlann Uisnigh, ar Déirdre, a tá cómhartha agamsa dhíbhse, má tá Conchobhar air tí feille do dhénamh oraibh. Cá cómhartha sin? ar Naeise. Má léigther sibhsi san tigh a ffil Conchobhar acas Maithe Uladh, ní ffil Conchobhair air tí feille do dhenamh oraibh, acas má 's a ttídh na Craeibhe Ruaidhe cuirfidhther sibh, atá sé air tí feille do dhénamh oraibh go deimhnin. Ráncatar iar sin go hEamhain Macha acas do bhainedar béim baschroinn's an doras, acas do fhre- gair an dóirseoir mic Uisnigh, acas do fhiaf- raigh cia do bhí san doras. Do h-innsedh dho gur ab iad mic Uisnigh acas Deirdre acas dá mhac Fherguis do bhí ann. Goires Concho- bhar a lucht feithmhe acas fritheoilte chuige, acas fiafraighias díobh cinnus do bhí tech na Craeibhe Ruaidhe fa bhiadh no fa dhigh. A dúbhradarsan dá ttigedh secht ccatha Uladh ann go ffághdís uile a sáith ann. Ma 's édh, ar Conchobhair, beiridh mic Uisnigh libh innte. Is ann sin do ráidh Déirdre; Do b'fheárr mo chómhairle-si do dhénamh fá gan techt go h-Emhain, acas gur ba in-imthechta dhóibh eisde an tan sin féin. Ní dhénamh, ar Iollan Finn, óir ní metacht ná mílaechacht do finna oruinne riamh, acas racham don Chraeibh Ruaidh. Do ghluaisedar rómpa go tech na Craeibhe Ruaidhe, acas do cuiredh lucht fres- tail acas fritheoilte leo ann; acas do dailedh biadha saera sochaithmhe, acus deocha mera meiscemhla dhóibh, gur bo súbhach so- mhenmnach iad uile, acht mic Uisnigh acas Déirdre amháin; óír nír chaithedar mórán bidhe no dighe ó mhéid a n-aistir acas a n- imthechta ó Dhún Borraigh go h-Eamhain Mhacha. As ann sin a dúbhair Naeise, tabhraidh an chenn chaémh chugainn go n-dechamís d'imirt. Tugagh an chenn chaémh chugtha acas do bhádar ag imirt. As ann sin d'fhiafraig Conchobhar, cia do ghebhainn d'fhis an mairenn a deilbh no a dénamh féin air Dheirdre: óir ma mhairenn, ní ffil's an domhan ben as áille 'ná í. Rachad féin ann, ar Lebharcham, acas bhérad na scéla sin chugadsa. Acas is amhlaidh do bhí sí, ba h-ansa lé Naeise nó nech eile 's an domhan, óir ba minic lé dul air fedh an domhain d'iarrodh Naeise, acas ag breith scéala chuige acas uaidh. Táinic Lebharcham roimpe go h-airm a raibh Naeise acas Déiridre, acas as amhlaidh do fuair iad, acas an chenn chaémh etarra, acas iad ag imirt uirre, acas do thoirbhir do phógaibh go dil acas go díchra iad; acas adúbhairt; Ní maith do ghní sibhsi, an nídh as mesa le Conchubhar do rugadh uaidh
riamh, acht Dérdre amháin, do bheith ag a h- imirt aguibh san am-sa: acas as d'fhis an marienn a deilbh no a dénamh féin air Dhéir- dre do cuiredh mise ann so, acas as truagh liomsa an ghnímh do déntar anocht an Emain, idhon fell acas finghal do dhénamh innte, idhon trí coinnle gaisgedh na nj-Gaedal do chur chum báis, acas ní bhiaidh Emhain nís ferr go bruinne an bhrátha: acas do rine an laeidh go truagh tuirseach. Truagh rem' chroidhe an mebhail Déntar a nocht an Emhain, Ó'n mebhai mebhlach amach Budh hí an Emhain irghalach. Triar as uaisle a niu fo nimh, 'S as ferr dár tádhail talmhuin, Doilghe liomsa a nocht mur tá, A ttuitim a locht aen mhná. Naeise acas Ainle go m-blaidh, Acas Ardán a m-bráthair, Fell air an dreim n-drech-ghloin nuadh Nocha liom-sa nach lán truagh. A haithle na laeidhe sin, a dúbhairt Lebhar- cham re macaibh Uisnigh acas re cloinn Fher- guis dóirsi acas fuineóga Tighe na Craeibhe Ruaidhe do dhruidedh go maith, acas, A Chlann Fherguis, cosnaigh bhur ccomairce go ferrdha go ttig Fergus: acas beiridh buadh acas bennachain dá chinn. Acas do chaei frasa diana der, acas táinic réimpsi mur a raibh Conchubhar, acas d'fhiafraigh Conchubhar scela Dhéirdre dhí. As ann sin a dúbhairt Lebhar- cham, Atáid scela maithe, acas droch-scéla agam dhuit. Créd na scéla sin? ar Conchú- bhar. A tá, ar sí, trí mic Uisnigh dotheacht chugad-sa ann súd, iodhon an tríar as ferrdha, acas fós biaidh Eire agaibhsi festa, ó táid mic Uisnigh libh; acas as iad scéla as mesa agam, idhon, an bhen do b'fherr deilbh acas dénamh, cruit acas éccosc do mhnáibh an domhain, ag imthecht ó Emhain dí, gan a cruith nó a deilbh féin uirrthe. Mar do chuala Conchubhar sin, do chuaidh móran d'á éud air ccúl, acas do bhí ag ó acas ag aibhnes tréimsi fhada, no gur smuain air Dhéirdre an dara fecht. Dá éis sin go h-aithgherr d'fhiafraigh Conchúbhar, Cia do ghebhuinn do bhéradh scéladh Dheirdre chugam? Acs ní ffuair aen duine do rachadh ann. Do rádh Conchubhar le Tréndorn: An ffedair cia do marbh th-athair acas do thriar derbhrá- thar? A tá a fhis sin agamsa, ar Tréndorn, gur ab é Naeisi mac Uisnigh do mharbh iad. Má's édh, ar Conchubhar, gluais rómhad d'fhis an mairionn a deilbh féin air Dhéirdre; óir má mhairionn, ní ffil air dhruim domhain, ná air tuin talmhan ben as áille ná í. Do ghluais Tréndorn go Tech na Craeibhe Ruaidhe, acas fuair dóirsi acas fuinneóga na bruighne iar na n-dúnadh, acas ro ghabh egla acas umhain mór é, acas as édh ro rádh: Ní conair chóir d'aen nech mic Uisnigh d'innsaidh, óir mesuim go ffil ferg co h- imarcach orra, acas dá éis sin fuair fui- neóg do fágbadh oscuicthe a n-dearmad air an m-bruighin, acas do bhí ag a n-amharc astech, acas do fhéuch Déirdre air, trés an ffuin- neóig, acas do innis Déirdre do Naeise go ffaca aen óglach ag amharc orrthaibh [orra] trés an ffuineóig, acas is amhlaidh do bhí Naeise an tan sin, acas fer-fóirne d'fhuirinn na fithchille ann a láimh, acas tug uarchar ághmhar, gan caime, gan claeine air shúil an óglaich gur chuir an t-súil tar a chloigenn amach. Do luidh an t-óglach mur a raibh Conchúbhar acas do innis scéla ó thúis go deiredh dho. As fír sin ar Conchubhar, ba rígh air an domhan fer an urchair sin, muna ffil saeghal gairid aige. Créd í an deilbh a tá air Dheirdre? ar Conchubhar. A tá, ar Trendorn, nach ffil 's an domhan ben as ferr deilbh acas dénamh 'ná í. Mar do chuala Conchúbhar sin, ro líon d'éd, acas d'fhormod, acas d'fhó- fair do na slógaibh dol d'innsaidh na bruighne ann a raibh clann Uisnigh. Tancatar rómpa go Tech na Craeibhe Ruaidh acas do léige- dar trí gártha mór-aidhbhle asta 'na timchill,
acas do chuiredar teinnte acas ruad-lasracha innte. Mar do chualadh mic Uisnigh na gártha sin, d'fhiafraighedar cia bhí fá'n g-Craebh Ruaidh. Conchúbhar acas Uladh, ar cách go coitchenn. As cosmhuil gur ab í cumairce Fherguis do b'áil libh do bhrisedh, ar Illan Finn. Briathar dhamsa, ar Conchubhar, budh h-aithrech do chloinn Uisnigh mo bhenpsa do bheith aca. As fír sin, ar Déirdre, do fhell Fergus oraibh. Dar mo chubhais, ar Buinne Borb Ruadh, ma fhell, ní fhellaim-ne. As an sin tánic Buinne Borb Ruadh amach, acas do mharbh trí caeca curad amuich, acas do chuir buaidhredh mór air na slóghaibh. Do fhiafraigh Conchúbhar cia do rinne an esorgain mhór sin air na slóghaibh. Mise Buinne Borb Ruadh mac Fergusa,, ar sé. Cúmha uaimsi dhuit, ar Conchúbhar; Ca chúmha sin? ar Buinne Borb Ruadh. Tricha-céd d'fherann ar Conchúbhar. Cred aile? ar Buinne Borb Ruadh. Mo chogar acas mo chómhairle, ar Conchúbhar. Gebhadsa sin, ar Buinne Borb Ruadh. Do rinnedh sliabh mór don trícha-chéd sin na cúmha an aidhche sin fen. Acas de do gorthaidh Sliabh Dálbhuinne, d'á n-goirtar Sliabh Fuad an tan so. Od'chuala Deirdre an cómhradh sin: Is briathar dhamhsa, ar sí, do tréig Buinne Borb Ruadh sibh acas dom dóith as athramhauil an mac é. Dar go deimhin, ar Iollan Finn, ní h-edh sin damh féin, an fedh mairfes an cloidhemh cael dírech so ann mo láimh, ní thréigfad clann Uisnigh. As a h-aithle sin táinic Iollan Finn amach, acas tuc trí luath-chuarda i ttimchell na bruighne, gur marbh trí céd laech amuich, acas táinic astech mur a raibh Naise, acas é ag imirt na fithchille, acas Ainle mur aen fris. Téid Iollann amach an dara fecht, acas tuc trí luath-chuarta eile um an m-bruighin acas ruc lóchrann air lasadh leis air an ffaithche, acas do ghabh ag sloidhedh na slógh, acas nír' lámhsat na slógh [slóigh?] techt d'innsaidhe na bruighthe; acas ro budh maith an mac sin Iollann Finn, óir nír' ér nech air dhruim domhuin riamh fa ní dá m-beith aige, acas nír' ghabh tuarastal ó aen duine riamh acht ó Fhergus. As ann sin a dúbhairt Conchúbhar, Ca h-áit a ffil mo mhac féin, Fiachra Finn? Atáim sunna, a árd-fhlaith, ar Fiachra. Dar mo bhriathar, ar sé, as an aen aidhchi rugadh tú fein acas Iollann, acas ós íad airm athar a ta aigesan, beir-si m'airm-si leat, idhon, an Acéin, acas an Chosgrach, acas an Fogh acas an Colg Glas, idhon mo sciath acas mo dhá shleigh, acas mo chloidhemh mór, acas dénaidh calmacht acas cródhacht mhór leo. Do chóirdh Fiachra a chorp is na h-armaibh seunta, somhaisecha sin Conchúbhair, acas do innsaigh Iollann Finn, acas do rinnedar cómhrach feigh, fuiltech, forniata, nermhur, naimhdamhuil, tenn, trénbhorb, tinnesnach re chéile. Acht a tá an ní cédna, do chinn Iollann Finn air Fhiacha, innus go ttucc air luighedh air sgáith a scéithe, acas gur ghéis an Acéin re méid an éigin inn a raibh. Óir budh ghes do scéith Chonchúbhair géimedh le foréigin an tí air a m-beidh; acas ro ghéisidar tri primh- tonna na h-Éirenn, idhon, Tonn Tuaithe, Tonn Cliodhna acas Tonn Rúdhraidhe ag fregradh dhi. As ann sin do bhí Conall cernach a n-Dún Sobhairce, acas do chuala Tonn Tuaithe. As fír sin, ar Conall, a tá Conchúbhar an éigin, acas ní cóir dhamhsa éisteacht fris. Do éirigh Conall as a h-aithle, acas do ghabh a airm acas a édedh uime, acas tanic roimh mur a raibh Conchúbhar a n-Emhain Maca, acas fuair an comhrac air an ffaithche, acas Fiachra mac Conchúbhair da chlaeidh go mór ag Iollann Finn. Acas nír lámhsat Rígh Uladh no aen duine d'Ulltaibh a n-edar- gan, acht tánic Conall do leith a chúil air Iollann Fhinn, acas sáithes an colg glas tre n-a chroidhe. Cia do ghuin mé do leith mo chúil? ar Iollann Finn, acas ge b'é do rinne, dar mo láimh ghoile do ghebhadh sé cómhrac do leith m'aighthe uaimse. Cia tusa féin? ar Conall. Misi Iollann Finn, mac Fhergusa, acas an tusa Conall? As mé, ar Conall. As mór an gnímh do rinnis, ar Iollann acas
mic Uisnigh air mo chumairce. An fír sin? ar Conall. As fír go deimhin, ar Iollann. Dar mo láimh ghoile, ar Conall, ní bhéuraidh Conchúbhar a mhac féin 'n a beitha uaimse a n- díghal an ghnímha sin; acas ris sin tug béim cloidhimh d'Fhiachra gur bhain a chenn de. Fágbhus Conall mur sin iad. Tánic taimh- néla báis air Iollan Fionn ann sin, acas do theilg a airm is in m-bruighin acas a dúbhairt re Naeise colmacht do dhénamh, acas égas as a h-aithle. As ann sin tháncatar Ulladh i ttimchill na bruighne, acas do chuiredar teinnte acas tenndála innte. Tánic Ardán amach ann sin, acas do mhúch na teinnte, acas do mharbh trí céd amuich, acas chuaidh Ainnle amach an trían aile don aidhche, acas do mharbh sé céd amuich, acas tuc sloidhedh acas ár curadh orra. Tánic Naeise amach an trían déghnach don aidhche, acas do chuir na slógh(sic) uile ó'n m-bruighin, acas do mharbh dhá chéd amuich. As ann sin do ghrésaidh Conchúbhar Ulltaidh acas tugatar caith na maidhne dh'á chéile, acas do sraenadh an caith air Ulltachaibh. Acas nó go n-airímhthar gainimh mara no duille fedha, no drucht for fher, no réulta nimhe, ní h-eidir rímh no áiremh a raibh do cennaibh curadh acas mílidh, acas do mheighibh maelderga ó lámhaibh Naeise air an láthair sin. Táinic fá'n m-bruighin iar sin. As an sin do eirghe Déirdre acas a dúbhairt riu, Dar mo láimh as buadhach an turas sin do rinnedh libh, acas dénadh calmacht acas beódhacht budh desta acas is olc an chómhairle do rinnebhair, taebhadh le Conchúbhar go bráth, acas is truagh nachar ghabhabhair mo chómhairle féin roimhe- sin. Imthus mac n-Uisnigh do rinneadar daingen maith dó sciathaibh, acas do chuiredar corra a sciatha i ttimchell Dhéirdre eturra, acas tucatar trí léim co h-athlamh, énamhail tar mhúraibh ó Emhain amach, acas do mharbhadar trí chéd fer don ruathar sin. Mar do chonairc Conchúbhar sin do chuaidh co Cathbhadh drai, acas a dubhairt fris; Imthigh a Chathbhaidh go min Uisnigh, acas imir draeidh- echt orra; óir muna ccoiscther iad, millfid Ultaigh go bráth, madh imíghid uatha d'a n- amhdeoin; acas do bheirim-si mo bhriathar foír-laeich nach egail dáibh mise, acht go rabh- aid dom réir. Do aetaigh Cathbhadh sin dó, air n-a chredemhain, acas do chuaidh a ccenn a eólais acas a eladhna, do chosg cloinne Uisnigh, gur imir duidhecht orra; iodhon, muir théchtaighthe do chur 'n a ttimchell, maille re tonnaibh duaimhsecha, innus gur ab amhlaidh do bhí mic Uisnigh, ag snámh air fúid na tal- mhan ag imthecht ó Emhain dáibh. Gidheadh nír lámhsat Uladh iad do innsaidh no gur thuit- sat a n-airm as a lámhaibh: acas iar ttuitim na n-arm uatha, do gabhadh mic Uisnigh, acas a h-aithle a n-gabhála, do iarr Conchúbhar air chlannaibh Duithrecht a marbhadh. A dúbhairt clanna Duithrecht nach déndís sin. Do bhí óglach ag Conchobhar dár budh comh- ainm Maine Lámhgharbh, mac a athair acas a dhias derbhrathar, Athach acas Triatha a n- anmanna: acas a dúbhairt go muirfeadh sé féin mic Uisnigh. Má's éidh, ar Ardán, mar- bhthar mise air tus, ó is mé is óige do na bráithribh, chum nach ffaicinn mo bhráithre d'á marbhadh. Ná marbhthar, acht mise, ar Ainle. Ná déntar amhlaidh sin, ar Naeise, óir a tá cloidhemh agam-sa thuc Manannán mac Lir dhamh, acas ní fhagbhann fuighel buille no béime, acas buailter sinn ár ttriur dhe, acas muirfhídhthar sinn a ccédóir. As fír sin, ar cách, acas síntar libh bhur ccinn acas bhúr m-bráighde, ar síad. Do shínedar annsin a m-bráighde saera, seghaine síthamla,acas tuc Máine luaithbhéim chalma claidhimh, air cceap an aefhecht dhóibh, acas do baineadh na trí cinn an aenfhecht dhóibh, acas do léigedar fir Uladh trí trom-ghártha cúmhaidh acas caeinte ó árd umpa ann sin. Imthus Déirdre ro chaeidh go truagh, tuir- sech, acas ro tharraing a folt acs a finnfadh, acas do bhí ag techt air chloinn Uisnigh, acas air Albain, acas do rinne an laidh:
Sóraidh soir go h-Alban uaim! Maith radharc a cuan sa glenn; Mur m-bíodh mic Uisnigh ag sleigh, Aeibhinn suighe ós leirg a benn. Lá d'á raibh maithe Alban ag ól, 'S min Uisnigh dhár chóir cin, D'inghín iarlá dúna treoin, Do thuc Naeise póg gan fhis. Do chuir chuice eilit bhaeth, agh allaidh is laegh re a cois, Is do ghabh sé chuice air cuairt Ag filladh ó shluagh Inbher Nois. Mar do chualadh mise sin, Línas mo chinn lán don éd, Chuirios mo churchán air tuinn, 'S ba cuma liom bás no ég. Lenadar mise air a tsnamh Ainnle is Ardán nar chan brég Do fhilledar me asteach Dís do chuirfadh cat air chéd. Do thuc Naeise briathar go frís, Is do luig fo thrí i ffiadhnuis arm, Nach ccuirfadh orm-sa gruaim, Go tteigh uaim air shluagh na marbh. Uch! da ccluinadh sisi a nocht Naeise bheith fai bhrat a ccré Do ghuilfadh sí go beacht 'S do ghuilfinn-sa fo secht lé. Ca h-ingnamh cin agam féin Air crích Alban fo réidh ród Ba slán mo chéile na mesg, Fá liom féin a h-eich sa h-ór. A h-aithle na laeidhe sin, mur fuair Déir- dre aire cháich air a chéile, táinic roimpe air an fhaithche, acas í air foluaimhnedh síos acas súas, o dhuine go duine, acas tárla Cúchu- loinn di, acas ró naisc a cumairce fair, acas do inis scéla dhó ó thús go deireadh, amhail ro éirghidh do chloinn Uisnigh. Ba truagh le Cúchuloinn sin, óir ní raibh 'san domhan duine dob annsa leis iná Naeise. Acas do fhiaf- raigh Cúchuloinn cia mhairbh iad. Maine Lámhgharbh, ar Déirdre. As a h-aithle sin do luidh Déirdre air an uaigh, acas ro ghabh ag ól a ffola go h-imar- cach, acas do claeidheadh fert doibh. Acas a dubhairt Déirdre an laeidh: Nuail-dhubhadh Dheirdre an diagh Chlainne Uisnigh. Fada an lá gan clann Uisnigh Nir thuirseach bheith na ccualacht, Mic ríogh re n-diltaigh deóraidh; Trí leómhuin chnuic na h-Umha. Trí lennáin do mhnáibh Bretan, Trí sebhuic shléibhe Chuillinn, Mic rígh dár ghiall an gaisgidh, 'S dá ttugadís amhuis uirrim. Na trí beithreacha beódha, Trí leómhuin leasa Connrach, Mic righ re mhaith a moladh, Trí mic uchta na n-Olltach. Tríar laech nár mhaith fa urraim, A ttuitim is cuis truaighe, Trí mic inghine Chathbhaidh, Trí gabhla catha Cuailgne. Trí dreguin dúna Monaidh, Na trí curaidh ó'n c-Craebhruaidh, 'Na n-diaigh ní ba beó mise, Tríur bhriste na ccath ccruaide. Triur do h-oileadh ag Aife, Dá m-bíodh crícha fo chánaigh, Trí h-uaithnedha bhriste catha, Trí daltáin do bhí ag Sgáthaigh. Trí daltáin do bhí ag Uathaidh, Trí laeich fa buaine i ttreise, Trí mic oirdherca Uisnigh, Fa tuirseach bheith 'n a n-esbaidh. Ard-righ Uladh mo chédfher, Do threiges é air ghrádh Naeise; Gerr mo shaeghal 'n a n-diaigh, Ferfad a ccluithche caeinte. Go mairfinn a n-diaigh Naeise Ná saileadh nech air talmhain, A n-diaigh Ainnli acas Ardáin, Ionnamsa ní bhiaidh anmain.
'Na n-diaigh ní ba beó mise, Triar lingeadh tré lár debhtha, O chuaidh mo lennan uaimse, Dénfad air a uaigh cetha. A fhir thochlas an nuadhfhert, Ná dén an uaigh go docrach, Biadh-sa i ffochair na h-uaighe, Ag dénamh truaighe is ochan. Mór do gheibhinn do dochar A ffochair na ttrí ccuradh; D'fhuilginn gan tech, gan teine, Ní mise nach biaidh go dubhach. A ttrí coin 's a ttrí sebhaic Biaidh festa gan lucht selga; Tríur congbhála gach catha, Tríur daltáin Chonaill Chernáigh. Trí h-íalla na ttrí ccon sin Do bhain osna as mo chroidhe; As agam do bhí a ttaisgidh, A ffaicsin is fáth caeidhe. Ní rabhas aen lá am aenar Go lá dhénta na h-uaighe, Gidh minic do bhí mise Acas sibhse go h-uaigneach. Do chuaidh mo radharc uaimsi, Ag faicsin uaighe Naeise Gerr go ffuigfe mé m'anam Ní mhairann mo lucht caeinte. O's trimsa do felladh ortha Bíad fa dhadhruing go tuirseach, As truagh nach raibh me i ttalmhain, Sul do marbhadh meic Uisneach. Truaigh mo thuras le Fergus, Do'm chelgadh don Chraebhruaidh, Re briathra bláithe binne, Do melladh sinne an aen-uair. Do thréigios aeibhnes Uladh, Air thriar curadh bo treise, Mo shaeghal ní ba fada, 'Na a n-diaigh is aenar meise. As mé Déirdre gan aeibhnes, Is mé a n-deireadh mo bhetha, A bheith 'n a n-diaigh ós mise, Ní bhiadh mise go fada. A h-aithle na laeidhe sin, do ling Déirdre air mhuin Naeise san ffert acas fuair bás gan mhoill. Acas do tógbhadh a liag ós a lecht, do scríbhadh a n-anmana oghaim, acas do feradh a ccluithche caeinte. Do mhallaigh Cathbhadh drai Emhain do chinn mic Uisnigh do mharbhadh innte, air inchuibh Fherguis, acas tar éis Chonchobhair do tabhairt gelladh do Chathbhadh nach muirfadh iad, dá n- imreadh druidhecht orra, acas a ttabhair chuige féin. Acas a dúbhairt Cathbhadh fós ná biadh Emhain ag Conchubhar na ag aen-duine d'á shlicht, ó'n fhinnghail sin amach, go bruinne an bhrátha. Acas do b'fhír sin, óir ní raibh Emhain ag Conchúbhar na ag aen duine d'á shlicht ó shin illé. Ag sin Oidhe Chloinne Uisnigh go nuige seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services