Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oidhe Chloinne Uisneach.

Title
Oidhe Chloinne Uisneach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

OIDHE CHLOINNE UISNEACH.



(Continued from page 397)



Imthusa mac n-Uisnech, do ghluaisedar
rómpa an aithghirra; Do bhéruim cómhairle
mhaith dhíbh, a Chlann uisnigh, gion go n-déntar
libh í. Créd í an chómhairle sin, a ríghain, ar
Naise. A ta, arsi, a dhol go Rachlainn,
itir Eirinn acas Albain, acas fhanamhain ann
go ccaithed Fergus an fhledh, acas as comhall
bréithre d'Fhergus sin, acas as fadúghadh
saeghail díbhse é. Ní dhénam an chómhairle
sin, ar Naeise, acas ar clann Fherguis: acas
do ráidh clann Fherguis gur bh'olc an mhuin-
ghín do bhí aice asda féin, nach beidh innta
comairce do dhénamh, gion go m-beidh cómhaith
chloinne Uisnigh do lámhaibh in a ffaradh, acas
fós briathar Fherguis maille friu. Uch! as
mairg tháinic leis an mbréithir sin Fherghusa,
ar Déirdre, acas gur thréig sinn air fhledh;
acas do rine an laeidh ann:



Mairg tháinic a n-oir gidh dil,
Re briathar mhic Róigh ro mhir;
Nocha n-dénsa acht ochán de,
Uch is ró chrádh rem' chroidhe.



Mo chroidhe 'na chaeibh cúmhaidh
Tá nocht, mo mhór-phúdair!
Mo nuar, a mhac maithe,
Tháncatar bhúr ttiughlaithe.



[Naoise] - Na habair sin, a Dhéirdre
dhian,
A bhen is áilne ná an ghrian;
Ni thiocfadh Fergus anair,
Cugainne chum ar milladh.



[Déirdre] - Fa raer, as cada liom dhuibh,
A mhaca áille Uisnigh,
Techt ó Albain an fheoir ghairg,
Fada bhus buan a bhithmhairg.



A h-aithle na laeidhe sin tháncatar rómpa
go Finn-charn na Foraire air Shliabh Fuaidh,
acas do fhan Deirdre d'á n-éis is an n-
glenn, acas ro thuit a codladh uirre ann,
acas ro airigh Naeise Déirdre iar na fág-
bháil d'á n-éis; acas ro fhill tar a ais mur
a raibh Déirdre ag eirigh as a codladh, acas
do fhiafraidh di, cré f'ár fhanuis, a ríghain?
Codladh do bhí orm, ar Déirdre, acas do
chonairc aisling ann. Créd í an aisling
sin ar Naeise. A tá, ar sí, gan a chenn
air Illan Fhinn, acas a chenn air Bhuinne
Borb Ruadh, acas gan congnamh Bhuinne
Bhoirb Ruaidh ribsi, acas congnamh Illainn
Fhinn ribh. Acas do rine an laeidh:



Truagh an taibhsi tarfas dhamh,
A chethrar fheta fhinn-ghlan,
Gan cenn uaidh air chechtar dhe,
's gan congnamh fir re chéile.



[N.] - Nocha ccan do bhél acht olc,
a aindir álainn edrocht,
Neimh do ghrís bheoil thana thall,
Air ghallaibh ghaingidh uathmhar.



[D.] - Do b'fheárr liom olc gach duine,
Do ráidh Déirdre gan duibhe,
No bhur n-olc-sa, a thrír mín,
Le'r siras muir as mór-thír.



Do chius a chenn air Bhuinne,
O's sé a shaeghal is uille,
A chenn air Bhuinne Borb Ruadh,
Nocha liomsa a nocht nach truagh.



A h-aithle na laeidhe sin táncatar rómpa
go h-Ard-saillech, as ann sin a dúbhairt
Déirdre; do chím néull 's an aer acas is
néull fola é, acas do bherain cómhairle
mhaith dhíbhsi, a chlann Uisnigh, ar sí. Créd í
an chómhairle sin? ar Naeise. Dul go Dún
Delgain mur a ffil Cúchulainn, no go
ggaithidh Fergus an fhledh, acas bheith air chum-


L. 5


airce Chonchulainn air eglac ceilge Chonchobhair.
Ó nách ffil egla oruinn, ní dhenam an chómh-
airle sin, ar Naisi. Acas do rine Déirdre
an laeidh so síos:



A Naeise! Feucha an nél
Do chiu sunna 's an aér!
Do chiusa ós Emhain uaithne
Fuar-nél fola far-ruaidhe.



Ghabhas bíoghadh tre's an nél
Do chiu sunna 's an aér;
Samhalta re crú fola,
An nél uathmhar imthona.



Do bheirim cómhairle bhecht,
Do mhacaibh áilne Uisnech;
Gan dol go h-Emhain a nocht,
Tré a ffil oraibh do ghuasacht.



Rachamíd-ne go Dún Delgan
Mur a ffil Cú na ccerdcha;
Tiucfam a márach a n-des,
Mur aén 's an Chú chómhdhes.



[N.] - A dúbhairt Naese tré fheirg
Le Déirdre ghasta ghruadh-dheirg,
Ó nach fil egla oirne,
Ní dhénam an chómhairle.



[D.] - Do b'annamh sin riamh roimhe,
A Ua rathmhar Rúdhraidhe,
Gan ár m-beith air aen scél de,
Mise is tusa a Naeise!



An Lá thug Mananán cuach,
Chugamsa go rath róbhuadh
Ní beitha sa um' aghaidh de,
A deirim leat, a Naeise!



A h-aithle na laeidhe sin ghluaisedar rómpa
go h-Emhain Mhacha. A chlann Uisnigh, ar
Déirdre, a tá cómhartha agamsa dhíbhse, má
tá Conchobhar air tí feille do dhénamh oraibh.
Cá cómhartha sin? ar Naeise. Má léigther
sibhsi san tigh a ffil Conchobhar acas Maithe
Uladh, ní ffil Conchobhair air tí feille do
dhenamh oraibh, acas má 's a ttídh na Craeibhe
Ruaidhe cuirfidhther sibh, atá sé air tí feille
do dhénamh oraibh go deimhnin. Ráncatar iar
sin go hEamhain Macha acas do bhainedar
béim baschroinn's an doras, acas do fhre-
gair an dóirseoir mic Uisnigh, acas do fhiaf-
raigh cia do bhí san doras. Do h-innsedh dho
gur ab iad mic Uisnigh acas Deirdre acas
dá mhac Fherguis do bhí ann. Goires Concho-
bhar a lucht feithmhe acas fritheoilte chuige,
acas fiafraighias díobh cinnus do bhí tech na
Craeibhe Ruaidhe fa bhiadh no fa dhigh. A
dúbhradarsan dá ttigedh secht ccatha Uladh
ann go ffághdís uile a sáith ann. Ma 's édh,
ar Conchobhair, beiridh mic Uisnigh libh innte.



Is ann sin do ráidh Déirdre; Do b'fheárr
mo chómhairle-si do dhénamh fá gan techt go
h-Emhain, acas gur ba in-imthechta dhóibh eisde
an tan sin féin. Ní dhénamh, ar Iollan Finn,
óir ní metacht ná mílaechacht do finna
oruinne riamh, acas racham don Chraeibh
Ruaidh. Do ghluaisedar rómpa go tech na
Craeibhe Ruaidhe, acas do cuiredh lucht fres-
tail acas fritheoilte leo ann; acas do
dailedh biadha saera sochaithmhe, acus deocha
mera meiscemhla dhóibh, gur bo súbhach so-
mhenmnach iad uile, acht mic Uisnigh acas
Déirdre amháin; óír nír chaithedar mórán
bidhe no dighe ó mhéid a n-aistir acas a n-
imthechta ó Dhún Borraigh go h-Eamhain Mhacha.



As ann sin a dúbhair Naeise, tabhraidh an
chenn chaémh chugainn go n-dechamís d'imirt.
Tugagh an chenn chaémh chugtha acas do bhádar
ag imirt.



As ann sin d'fhiafraig Conchobhar, cia do
ghebhainn d'fhis an mairenn a deilbh no a
dénamh féin air Dheirdre: óir ma mhairenn,
ní ffil's an domhan ben as áille 'ná í.



Rachad féin ann, ar Lebharcham, acas bhérad
na scéla sin chugadsa. Acas is amhlaidh do
bhí sí, ba h-ansa lé Naeise nó nech eile 's an
domhan, óir ba minic lé dul air fedh an
domhain d'iarrodh Naeise, acas ag breith scéala
chuige acas uaidh. Táinic Lebharcham roimpe
go h-airm a raibh Naeise acas Déiridre, acas
as amhlaidh do fuair iad, acas an chenn chaémh
etarra, acas iad ag imirt uirre, acas do
thoirbhir do phógaibh go dil acas go díchra iad;
acas adúbhairt; Ní maith do ghní sibhsi, an
nídh as mesa le Conchubhar do rugadh uaidh


L. 6


riamh, acht Dérdre amháin, do bheith ag a h-
imirt aguibh san am-sa: acas as d'fhis an
marienn a deilbh no a dénamh féin air Dhéir-
dre do cuiredh mise ann so, acas as truagh
liomsa an ghnímh do déntar anocht an Emain,
idhon fell acas finghal do dhénamh innte, idhon
trí coinnle gaisgedh na nj-Gaedal do chur
chum báis, acas ní bhiaidh Emhain nís ferr go
bruinne an bhrátha: acas do rine an laeidh
go truagh tuirseach.



Truagh rem' chroidhe an mebhail
Déntar a nocht an Emhain,
Ó'n mebhai mebhlach amach
Budh hí an Emhain irghalach.



Triar as uaisle a niu fo nimh,
'S as ferr dár tádhail talmhuin,
Doilghe liomsa a nocht mur tá,
A ttuitim a locht aen mhná.



Naeise acas Ainle go m-blaidh,
Acas Ardán a m-bráthair,
Fell air an dreim n-drech-ghloin nuadh
Nocha liom-sa nach lán truagh.



A haithle na laeidhe sin, a dúbhairt Lebhar-
cham re macaibh Uisnigh acas re cloinn Fher-
guis dóirsi acas fuineóga Tighe na Craeibhe
Ruaidhe do dhruidedh go maith, acas, A Chlann
Fherguis, cosnaigh bhur ccomairce go ferrdha
go ttig Fergus: acas beiridh buadh acas
bennachain dá chinn. Acas do chaei frasa
diana der, acas táinic réimpsi mur a raibh
Conchubhar, acas d'fhiafraigh Conchubhar scela
Dhéirdre dhí. As ann sin a dúbhairt Lebhar-
cham, Atáid scela maithe, acas droch-scéla
agam dhuit. Créd na scéla sin? ar Conchú-
bhar. A tá, ar sí, trí mic Uisnigh dotheacht
chugad-sa ann súd, iodhon an tríar as ferrdha,
acas fós biaidh Eire agaibhsi festa, ó
táid mic Uisnigh libh; acas as iad scéla
as mesa agam, idhon, an bhen do b'fherr
deilbh acas dénamh, cruit acas éccosc do
mhnáibh an domhain, ag imthecht ó Emhain dí,
gan a cruith nó a deilbh féin uirrthe.



Mar do chuala Conchubhar sin, do chuaidh
móran d'á éud air ccúl, acas do bhí ag ó
acas ag aibhnes tréimsi fhada, no gur smuain
air Dhéirdre an dara fecht. Dá éis sin go
h-aithgherr d'fhiafraigh Conchúbhar, Cia do
ghebhuinn do bhéradh scéladh Dheirdre chugam?
Acs ní ffuair aen duine do rachadh ann.
Do rádh Conchubhar le Tréndorn: An ffedair
cia do marbh th-athair acas do thriar derbhrá-
thar? A tá a fhis sin agamsa, ar Tréndorn,
gur ab é Naeisi mac Uisnigh do mharbh iad.
Má's édh, ar Conchubhar, gluais rómhad d'fhis
an mairionn a deilbh féin air Dhéirdre; óir
má mhairionn, ní ffil air dhruim domhain, ná
air tuin talmhan ben as áille ná í.



Do ghluais Tréndorn go Tech na Craeibhe
Ruaidhe, acas fuair dóirsi acas fuinneóga
na bruighne iar na n-dúnadh, acas ro ghabh
egla acas umhain mór é, acas as édh ro
rádh: Ní conair chóir d'aen nech mic Uisnigh
d'innsaidh, óir mesuim go ffil ferg co h-
imarcach orra, acas dá éis sin fuair fui-
neóg do fágbadh oscuicthe a n-dearmad air an
m-bruighin, acas do bhí ag a n-amharc astech,
acas do fhéuch Déirdre air, trés an ffuin-
neóig, acas do innis Déirdre do Naeise go
ffaca aen óglach ag amharc orrthaibh [orra]
trés an ffuineóig, acas is amhlaidh do bhí
Naeise an tan sin, acas fer-fóirne d'fhuirinn
na fithchille ann a láimh, acas tug uarchar
ághmhar, gan caime, gan claeine air shúil an
óglaich gur chuir an t-súil tar a chloigenn
amach. Do luidh an t-óglach mur a raibh
Conchúbhar acas do innis scéla ó thúis go
deiredh dho.



As fír sin ar Conchubhar, ba rígh air an
domhan fer an urchair sin, muna ffil saeghal
gairid aige. Créd í an deilbh a tá air
Dheirdre? ar Conchubhar. A tá, ar Trendorn,
nach ffil 's an domhan ben as ferr deilbh
acas dénamh 'ná í. Mar do chuala Conchúbhar
sin, ro líon d'éd, acas d'fhormod, acas d'fhó-
fair do na slógaibh dol d'innsaidh na bruighne
ann a raibh clann Uisnigh. Tancatar rómpa
go Tech na Craeibhe Ruaidh acas do léige-
dar trí gártha mór-aidhbhle asta 'na timchill,


L. 7


acas do chuiredar teinnte acas ruad-lasracha
innte. Mar do chualadh mic Uisnigh na
gártha sin, d'fhiafraighedar cia bhí fá'n g-Craebh
Ruaidh. Conchúbhar acas Uladh, ar cách go
coitchenn. As cosmhuil gur ab í cumairce
Fherguis do b'áil libh do bhrisedh, ar Illan
Finn. Briathar dhamsa, ar Conchubhar, budh
h-aithrech do chloinn Uisnigh mo bhenpsa do
bheith aca. As fír sin, ar Déirdre, do fhell
Fergus oraibh. Dar mo chubhais, ar Buinne
Borb Ruadh, ma fhell, ní fhellaim-ne. As an
sin tánic Buinne Borb Ruadh amach, acas do
mharbh trí caeca curad amuich, acas do
chuir buaidhredh mór air na slóghaibh. Do
fhiafraigh Conchúbhar cia do rinne an esorgain
mhór sin air na slóghaibh. Mise Buinne
Borb Ruadh mac Fergusa,, ar sé. Cúmha
uaimsi dhuit, ar Conchúbhar; Ca chúmha sin?
ar Buinne Borb Ruadh. Tricha-céd d'fherann
ar Conchúbhar. Cred aile? ar Buinne Borb
Ruadh. Mo chogar acas mo chómhairle, ar
Conchúbhar. Gebhadsa sin, ar Buinne Borb
Ruadh. Do rinnedh sliabh mór don trícha-chéd
sin na cúmha an aidhche sin fen. Acas de
do gorthaidh Sliabh Dálbhuinne, d'á n-goirtar
Sliabh Fuad an tan so. Od'chuala Deirdre
an cómhradh sin: Is briathar dhamhsa, ar sí,
do tréig Buinne Borb Ruadh sibh acas
dom dóith as athramhauil an mac é. Dar
go deimhin, ar Iollan Finn, ní h-edh sin
damh féin, an fedh mairfes an cloidhemh cael
dírech so ann mo láimh, ní thréigfad clann
Uisnigh.



As a h-aithle sin táinic Iollan Finn amach,
acas tuc trí luath-chuarda i ttimchell na
bruighne, gur marbh trí céd laech amuich, acas
táinic astech mur a raibh Naise, acas é ag
imirt na fithchille, acas Ainle mur aen fris.
Téid Iollann amach an dara fecht, acas tuc
trí luath-chuarta eile um an m-bruighin acas
ruc lóchrann air lasadh leis air an ffaithche,
acas do ghabh ag sloidhedh na slógh, acas nír'
lámhsat na slógh [slóigh?] techt d'innsaidhe
na bruighthe; acas ro budh maith an mac sin
Iollann Finn, óir nír' ér nech air dhruim
domhuin riamh fa ní dá m-beith aige, acas nír'
ghabh tuarastal ó aen duine riamh acht ó
Fhergus.



As ann sin a dúbhairt Conchúbhar, Ca h-áit
a ffil mo mhac féin, Fiachra Finn? Atáim
sunna, a árd-fhlaith, ar Fiachra. Dar mo
bhriathar, ar sé, as an aen aidhchi rugadh tú
fein acas Iollann, acas ós íad airm athar a
ta aigesan, beir-si m'airm-si leat, idhon, an
Acéin, acas an Chosgrach, acas an Fogh acas
an Colg Glas, idhon mo sciath acas mo dhá
shleigh, acas mo chloidhemh mór, acas dénaidh
calmacht acas cródhacht mhór leo.



Do chóirdh Fiachra a chorp is na h-armaibh
seunta, somhaisecha sin Conchúbhair, acas do
innsaigh Iollann Finn, acas do rinnedar
cómhrach feigh, fuiltech, forniata, nermhur,
naimhdamhuil, tenn, trénbhorb, tinnesnach re
chéile. Acht a tá an ní cédna, do chinn Iollann
Finn air Fhiacha, innus go ttucc air luighedh
air sgáith a scéithe, acas gur ghéis an Acéin
re méid an éigin inn a raibh. Óir budh ghes
do scéith Chonchúbhair géimedh le foréigin an
tí air a m-beidh; acas ro ghéisidar tri primh-
tonna na h-Éirenn, idhon, Tonn Tuaithe,
Tonn Cliodhna acas Tonn Rúdhraidhe ag
fregradh dhi. As ann sin do bhí Conall
cernach a n-Dún Sobhairce, acas do chuala
Tonn Tuaithe. As fír sin, ar Conall, a tá
Conchúbhar an éigin, acas ní cóir dhamhsa
éisteacht fris.



Do éirigh Conall as a h-aithle, acas do
ghabh a airm acas a édedh uime, acas tanic
roimh mur a raibh Conchúbhar a n-Emhain
Maca, acas fuair an comhrac air an ffaithche,
acas Fiachra mac Conchúbhair da chlaeidh go
mór ag Iollann Finn. Acas nír lámhsat
Rígh Uladh no aen duine d'Ulltaibh a n-edar-
gan, acht tánic Conall do leith a chúil air
Iollann Fhinn, acas sáithes an colg glas tre
n-a chroidhe. Cia do ghuin mé do leith mo
chúil? ar Iollann Finn, acas ge b'é do rinne,
dar mo láimh ghoile do ghebhadh sé cómhrac do
leith m'aighthe uaimse. Cia tusa féin? ar
Conall. Misi Iollann Finn, mac Fhergusa,
acas an tusa Conall? As mé, ar Conall.
As mór an gnímh do rinnis, ar Iollann acas


L. 8


mic Uisnigh air mo chumairce. An fír sin?
ar Conall. As fír go deimhin, ar Iollann.
Dar mo láimh ghoile, ar Conall, ní bhéuraidh
Conchúbhar a mhac féin 'n a beitha uaimse a n-
díghal an ghnímha sin; acas ris sin tug béim
cloidhimh d'Fhiachra gur bhain a chenn de.
Fágbhus Conall mur sin iad. Tánic taimh-
néla báis air Iollan Fionn ann sin, acas do
theilg a airm is in m-bruighin acas a dúbhairt
re Naeise colmacht do dhénamh, acas égas as
a h-aithle.



As ann sin tháncatar Ulladh i ttimchill na
bruighne, acas do chuiredar teinnte acas
tenndála innte. Tánic Ardán amach ann
sin, acas do mhúch na teinnte, acas do mharbh
trí céd amuich, acas chuaidh Ainnle amach an
trían aile don aidhche, acas do mharbh sé céd
amuich, acas tuc sloidhedh acas ár curadh
orra.



Tánic Naeise amach an trían déghnach don
aidhche, acas do chuir na slógh(sic) uile ó'n
m-bruighin, acas do mharbh dhá chéd amuich.
As ann sin do ghrésaidh Conchúbhar Ulltaidh
acas tugatar caith na maidhne dh'á chéile, acas
do sraenadh an caith air Ulltachaibh. Acas
nó go n-airímhthar gainimh mara no duille
fedha, no drucht for fher, no réulta nimhe, ní
h-eidir rímh no áiremh a raibh do cennaibh
curadh acas mílidh, acas do mheighibh maelderga
ó lámhaibh Naeise air an láthair sin. Táinic
fá'n m-bruighin iar sin. As an sin do eirghe
Déirdre acas a dúbhairt riu, Dar mo láimh
as buadhach an turas sin do rinnedh libh, acas
dénadh calmacht acas beódhacht budh desta
acas is olc an chómhairle do rinnebhair,
taebhadh le Conchúbhar go bráth, acas is truagh
nachar ghabhabhair mo chómhairle féin roimhe-
sin.



Imthus mac n-Uisnigh do rinneadar daingen
maith dó sciathaibh, acas do chuiredar corra
a sciatha i ttimchell Dhéirdre eturra, acas
tucatar trí léim co h-athlamh, énamhail tar
mhúraibh ó Emhain amach, acas do mharbhadar
trí chéd fer don ruathar sin.



Mar do chonairc Conchúbhar sin do chuaidh
co Cathbhadh drai, acas a dubhairt fris; Imthigh
a Chathbhaidh go min Uisnigh, acas imir draeidh-
echt orra; óir muna ccoiscther iad, millfid
Ultaigh go bráth, madh imíghid uatha d'a n-
amhdeoin; acas do bheirim-si mo bhriathar
foír-laeich nach egail dáibh mise, acht go rabh-
aid dom réir. Do aetaigh Cathbhadh sin dó,
air n-a chredemhain, acas do chuaidh a ccenn a
eólais acas a eladhna, do chosg cloinne
Uisnigh, gur imir duidhecht orra; iodhon,
muir théchtaighthe do chur 'n a ttimchell, maille
re tonnaibh duaimhsecha, innus gur ab amhlaidh
do bhí mic Uisnigh, ag snámh air fúid na tal-
mhan ag imthecht ó Emhain dáibh. Gidheadh nír
lámhsat Uladh iad do innsaidh no gur thuit-
sat a n-airm as a lámhaibh: acas iar ttuitim
na n-arm uatha, do gabhadh mic Uisnigh, acas
a h-aithle a n-gabhála, do iarr Conchúbhar air
chlannaibh Duithrecht a marbhadh. A dúbhairt
clanna Duithrecht nach déndís sin.



Do bhí óglach ag Conchobhar dár budh comh-
ainm Maine Lámhgharbh, mac a athair acas a
dhias derbhrathar, Athach acas Triatha a n-
anmanna: acas a dúbhairt go muirfeadh sé
féin mic Uisnigh. Má's éidh, ar Ardán, mar-
bhthar mise air tus, ó is mé is óige do na
bráithribh, chum nach ffaicinn mo bhráithre d'á
marbhadh. Ná marbhthar, acht mise, ar Ainle.
Ná déntar amhlaidh sin, ar Naeise, óir a
tá cloidhemh agam-sa thuc Manannán mac
Lir dhamh, acas ní fhagbhann fuighel buille
no béime, acas buailter sinn ár ttriur dhe,
acas muirfhídhthar sinn a ccédóir.



As fír sin, ar cách, acas síntar libh bhur
ccinn acas bhúr m-bráighde, ar síad. Do
shínedar annsin a m-bráighde saera, seghaine
síthamla,acas tuc Máine luaithbhéim chalma
claidhimh, air cceap an aefhecht dhóibh, acas
do baineadh na trí cinn an aenfhecht dhóibh, acas
do léigedar fir Uladh trí trom-ghártha
cúmhaidh acas caeinte ó árd umpa ann
sin.



Imthus Déirdre ro chaeidh go truagh, tuir-
sech, acas ro tharraing a folt acs a finnfadh,
acas do bhí ag techt air chloinn Uisnigh, acas
air Albain, acas do rinne an laidh:


L. 9


Sóraidh soir go h-Alban uaim!
Maith radharc a cuan sa glenn;
Mur m-bíodh mic Uisnigh ag sleigh,
Aeibhinn suighe ós leirg a benn.



Lá d'á raibh maithe Alban ag ól,
'S min Uisnigh dhár chóir cin,
D'inghín iarlá dúna treoin,
Do thuc Naeise póg gan fhis.



Do chuir chuice eilit bhaeth,
agh allaidh is laegh re a cois,
Is do ghabh sé chuice air cuairt
Ag filladh ó shluagh Inbher Nois.



Mar do chualadh mise sin,
Línas mo chinn lán don éd,
Chuirios mo churchán air tuinn,
'S ba cuma liom bás no ég.



Lenadar mise air a tsnamh
Ainnle is Ardán nar chan brég
Do fhilledar me asteach
Dís do chuirfadh cat air chéd.



Do thuc Naeise briathar go frís,
Is do luig fo thrí i ffiadhnuis arm,
Nach ccuirfadh orm-sa gruaim,
Go tteigh uaim air shluagh na marbh.



Uch! da ccluinadh sisi a nocht
Naeise bheith fai bhrat a ccré
Do ghuilfadh sí go beacht
'S do ghuilfinn-sa fo secht lé.



Ca h-ingnamh cin agam féin
Air crích Alban fo réidh ród
Ba slán mo chéile na mesg,
Fá liom féin a h-eich sa h-ór.



A h-aithle na laeidhe sin, mur fuair Déir-
dre aire cháich air a chéile, táinic roimpe air
an fhaithche, acas í air foluaimhnedh síos acas
súas, o dhuine go duine, acas tárla Cúchu-
loinn di, acas ró naisc a cumairce fair, acas
do inis scéla dhó ó thús go deireadh, amhail ro
éirghidh do chloinn Uisnigh. Ba truagh le
Cúchuloinn sin, óir ní raibh 'san domhan duine
dob annsa leis iná Naeise. Acas do fhiaf-
raigh Cúchuloinn cia mhairbh iad. Maine
Lámhgharbh, ar Déirdre.



As a h-aithle sin do luidh Déirdre air an
uaigh, acas ro ghabh ag ól a ffola go h-imar-
cach, acas do claeidheadh fert doibh. Acas a
dubhairt Déirdre an laeidh:



Nuail-dhubhadh Dheirdre an diagh Chlainne
Uisnigh.



Fada an lá gan clann Uisnigh
Nir thuirseach bheith na ccualacht,
Mic ríogh re n-diltaigh deóraidh;
Trí leómhuin chnuic na h-Umha.



Trí lennáin do mhnáibh Bretan,
Trí sebhuic shléibhe Chuillinn,
Mic rígh dár ghiall an gaisgidh,
'S dá ttugadís amhuis uirrim.



Na trí beithreacha beódha,
Trí leómhuin leasa Connrach,
Mic righ re mhaith a moladh,
Trí mic uchta na n-Olltach.



Tríar laech nár mhaith fa urraim,
A ttuitim is cuis truaighe,
Trí mic inghine Chathbhaidh,
Trí gabhla catha Cuailgne.



Trí dreguin dúna Monaidh,
Na trí curaidh ó'n c-Craebhruaidh,
'Na n-diaigh ní ba beó mise,
Tríur bhriste na ccath ccruaide.



Triur do h-oileadh ag Aife,
Dá m-bíodh crícha fo chánaigh,
Trí h-uaithnedha bhriste catha,
Trí daltáin do bhí ag Sgáthaigh.



Trí daltáin do bhí ag Uathaidh,
Trí laeich fa buaine i ttreise,
Trí mic oirdherca Uisnigh,
Fa tuirseach bheith 'n a n-esbaidh.



Ard-righ Uladh mo chédfher,
Do threiges é air ghrádh Naeise;
Gerr mo shaeghal 'n a n-diaigh,
Ferfad a ccluithche caeinte.



Go mairfinn a n-diaigh Naeise
Ná saileadh nech air talmhain,
A n-diaigh Ainnli acas Ardáin,
Ionnamsa ní bhiaidh anmain.


L. 10


'Na n-diaigh ní ba beó mise,
Triar lingeadh tré lár debhtha,
O chuaidh mo lennan uaimse,
Dénfad air a uaigh cetha.



A fhir thochlas an nuadhfhert,
Ná dén an uaigh go docrach,
Biadh-sa i ffochair na h-uaighe,
Ag dénamh truaighe is ochan.



Mór do gheibhinn do dochar
A ffochair na ttrí ccuradh;
D'fhuilginn gan tech, gan teine,
Ní mise nach biaidh go dubhach.



A ttrí coin 's a ttrí sebhaic
Biaidh festa gan lucht selga;
Tríur congbhála gach catha,
Tríur daltáin Chonaill Chernáigh.



Trí h-íalla na ttrí ccon sin
Do bhain osna as mo chroidhe;
As agam do bhí a ttaisgidh,
A ffaicsin is fáth caeidhe.



Ní rabhas aen lá am aenar
Go lá dhénta na h-uaighe,
Gidh minic do bhí mise
Acas sibhse go h-uaigneach.



Do chuaidh mo radharc uaimsi,
Ag faicsin uaighe Naeise
Gerr go ffuigfe mé m'anam
Ní mhairann mo lucht caeinte.



O's trimsa do felladh ortha
Bíad fa dhadhruing go tuirseach,
As truagh nach raibh me i ttalmhain,
Sul do marbhadh meic Uisneach.



Truaigh mo thuras le Fergus,
Do'm chelgadh don Chraebhruaidh,
Re briathra bláithe binne,
Do melladh sinne an aen-uair.



Do thréigios aeibhnes Uladh,
Air thriar curadh bo treise,
Mo shaeghal ní ba fada,
'Na a n-diaigh is aenar meise.



As mé Déirdre gan aeibhnes,
Is mé a n-deireadh mo bhetha,
A bheith 'n a n-diaigh ós mise,
Ní bhiadh mise go fada.



A h-aithle na laeidhe sin, do ling Déirdre
air mhuin Naeise san ffert acas fuair bás
gan mhoill. Acas do tógbhadh a liag ós a
lecht, do scríbhadh a n-anmana oghaim, acas do
feradh a ccluithche caeinte.



Do mhallaigh Cathbhadh drai Emhain do chinn
mic Uisnigh do mharbhadh innte, air inchuibh
Fherguis, acas tar éis Chonchobhair do tabhairt
gelladh do Chathbhadh nach muirfadh iad, dá n-
imreadh druidhecht orra, acas a ttabhair chuige
féin. Acas a dúbhairt Cathbhadh fós ná biadh
Emhain ag Conchubhar na ag aen-duine d'á
shlicht, ó'n fhinnghail sin amach, go bruinne an
bhrátha. Acas do b'fhír sin, óir ní raibh Emhain
ag Conchúbhar na ag aen duine d'á shlicht ó
shin illé.



Ag sin Oidhe Chloinne Uisnigh go nuige seo.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services