Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do mhair Mícheál Ó Connaill a g-Cíll-philibín.
Title
Do mhair Mícheál Ó Connaill a g-Cíll-philibín.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do mhair Mícheál Ó Connaill a g-Cíll- philibín, cómhgarach do Bhaile-nuadh-na-Sagart. Do b'fhear breágh fionn folamhuil é, agus bhí sé gan amhrus fearamhuil, flaitheamhuil, fáilteach. Budh ghealgháireach an radharc (radharc do chonnarc-sa go minic) féuchain air Chonnall 'na chathaoir-feadán* 'na bhéul - a mhéireanna ag imirt — a dhá shúil a' rínnce lé meidhir, agus a chlann agus clann a chómharsan a baint “deataigh as an úrlár” do “Hunt her through the rooms.”* Do b'fhear fíal fíodach fliuch é, Do b'fhear astigh 's amuich é; Do b'fhear air chruaich no stáca é, Do b'fhear air chéuchta 's bhráca é:— Do b'fhear air speil nó ráin é, 'S níor tháir' d'á phoc camáin é; Budh chara díleas dómhsa é, 'S is dúbhach lem' chróidhe faoi 'n bhfód é “An galar Buídhe.” — Mícheal Ó Connaill. cct. ”'Nuair a bhuail an galar-buídhe me, a' m' fhéilbríghde, bhídheas craorac fionn Níor shíleas, am an t-síl' chur, go mbeidhinn chómh claoidhte 's mo chnámha chómh lom; Do bhain sé itheadh an bhídh dhíom, 's do shín me air mo chúl go fann, 'Sa Dhia ghil! nách me'n sgeímhle chómh buídhe — seo ó bhárr go bonn? “Táim seitheach salach grándha, mar Spáin- neach no Japannee, Mar Creole, black, no Tawney, ó bhuaic mo chínn go bonn mo throíghe; M' ingne, mo shúile, mo chúl, mo chrios, is mo dhá chín, 'S níor fhágbhadh giob fá chlúmh díom, ná'r shíúbhlaidh an Galar Buídhe. “Ní trom mo shuan a sdóidhche,* acht smuainte am' chrádh go buan, Crith is fuacht gan staonadh, am thraochadh ó uair go h-uair;
Tart go dian gan faosamh, ag éileamh 'faghaim deoch go luaith,' Agus tochus buile am éirleach, nách féidir do sgarradh uaim. “Nár bhreágh bheith a bhfeidhil* do gnótha, ag itheadh rósters,* uíbhe cearc is ím? Nó sgadán fireann fóghanta, is blúire feóla idir dhá líng? Seoch púdair is purgóidíghe, sioróipíghe pills is plástraíghe. 'S cia ná tabharfadh giní-óir air dhul 'sa sgeólbhaig aig 'n nGalar Buídhe? “Mo ghrádh go deó Cáit Pléimionn!* beidh- ead búidheach di go dtéidhead 'san úir Fiadhachfaidh sí as m'aodhna é, tré shléibhtibh 's thar muir anúnn; Meallfad liom do'n Chóbh é, 'gus seól- fam amách air laoing, Caithfead uaim thar bórd é 's an d-bh-l dá thógbhain mar Ghalar Buídhe!” 1. A sgoth na bh-fear m-breagh bhreághtha, is diombágh liom fá líog thu! A ghéugáin fir uasail, is truagh liom 'sa chíll thu! Is tréith lag, is uaigneach, 's is suarach atáirse, 'S lé dianbháidh 'san uagh leat, a duanai- reacht táimse! 2. Budh ghróidhe glan do ghéuga — Budh thréi- theach dar nó thu, 'S a chara do dheárnais maith áirighthe dhamh-sa; Do shínis do lámh chúgham lá gádhtair is cruadhtain — Lámh-chúnganta do dhiúltaidh mo charaid an uair sin. 3. Do b'fhear thu a d-tigh 'n tábhairne, ag báire nó aonach, Ná léigfeadh éugcóir air sheannóir 'ná air shéithleach; Do b'fhear thu air an mbéarrnain lá bruide do chómharsan, 'S do b'fhear thu “lom-láithreach” má ghráidhfeadh an sórt-san. 4. Is fuar í do leabaidh — mo cheasna thu sínte! Ní mar sin do chleachtais, acht rabairne 's rínnce — Do mhéur air an bhfeadán 's an “rann- gás” air saothar, 'S is fear bróin ná croithfeadh a chois duit go h-aéreach. 5. Áitreamh air Neamh chúghat, is cuideachta ghrádhmhar! Ceól duit dá spreagadh faoi mhagadh 'gus áthas! Má sgeinnim ad fhéuchain, déun slíghe dham ad fhochair — Eúlaigh air Pheadair is goid uaidh an Eochair. Pádraic Stúndún. Cork, 15th June, 1886.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services