Do mhair Mícheál Ó Connaill a g-Cíll-
philibín, cómhgarach do Bhaile-nuadh-na-Sagart.
Do b'fhear breágh fionn folamhuil é, agus bhí
sé gan amhrus fearamhuil, flaitheamhuil,
fáilteach. Budh ghealgháireach an radharc
(radharc do chonnarc-sa go minic) féuchain
air Chonnall 'na chathaoir-feadán* 'na bhéul
- a mhéireanna ag imirt — a dhá shúil a'
rínnce lé meidhir, agus a chlann agus clann
a chómharsan a baint “deataigh as an úrlár”
do “Hunt her through the rooms.”*
Do b'fhear fíal fíodach fliuch é,
Do b'fhear astigh 's amuich é;
Do b'fhear air chruaich no stáca é,
Do b'fhear air chéuchta 's bhráca é:—
Do b'fhear air speil nó ráin é,
'S níor tháir' d'á phoc camáin é;
Budh chara díleas dómhsa é,
'S is dúbhach lem' chróidhe faoi 'n bhfód é
“An galar Buídhe.” —
Mícheal Ó Connaill. cct.
”'Nuair a bhuail an galar-buídhe me, a' m'
fhéilbríghde, bhídheas craorac fionn
Níor shíleas, am an t-síl' chur, go mbeidhinn
chómh claoidhte 's mo chnámha chómh lom;
Do bhain sé itheadh an bhídh dhíom, 's do shín
me air mo chúl go fann,
'Sa Dhia ghil! nách me'n sgeímhle chómh buídhe —
seo ó bhárr go bonn?
“Táim seitheach salach grándha, mar Spáin-
neach no Japannee,
Mar Creole, black, no Tawney, ó bhuaic
mo chínn go bonn mo throíghe;
M' ingne, mo shúile, mo chúl, mo chrios, is
mo dhá chín,
'S níor fhágbhadh giob fá chlúmh díom, ná'r
shíúbhlaidh an Galar Buídhe.
“Ní trom mo shuan a sdóidhche,* acht smuainte
am' chrádh go buan,
Crith is fuacht gan staonadh, am thraochadh ó
uair go h-uair;
Tart go dian gan faosamh, ag éileamh
'faghaim deoch go luaith,'
Agus tochus buile am éirleach, nách féidir
do sgarradh uaim.
“Nár bhreágh bheith a bhfeidhil* do gnótha, ag
itheadh rósters,* uíbhe cearc is ím?
Nó sgadán fireann fóghanta, is blúire
feóla idir dhá líng?
Seoch púdair is purgóidíghe, sioróipíghe
pills is plástraíghe.
'S cia ná tabharfadh giní-óir air dhul 'sa
sgeólbhaig aig 'n nGalar Buídhe?
“Mo ghrádh go deó Cáit Pléimionn!* beidh-
ead búidheach di go dtéidhead 'san úir
Fiadhachfaidh sí as m'aodhna é, tré shléibhtibh
's thar muir anúnn;
Meallfad liom do'n Chóbh é, 'gus seól-
fam amách air laoing,
Caithfead uaim thar bórd é 's an d-bh-l dá
thógbhain mar Ghalar Buídhe!”
1. A sgoth na bh-fear m-breagh bhreághtha, is
diombágh liom fá líog thu!
A ghéugáin fir uasail, is truagh liom 'sa
chíll thu!
Is tréith lag, is uaigneach, 's is suarach
atáirse,
'S lé dianbháidh 'san uagh leat, a duanai-
reacht táimse!
2. Budh ghróidhe glan do ghéuga — Budh thréi-
theach dar nó thu,
'S a chara do dheárnais maith áirighthe
dhamh-sa;
Do shínis do lámh chúgham lá gádhtair is
cruadhtain —
Lámh-chúnganta do dhiúltaidh mo charaid an
uair sin.
3. Do b'fhear thu a d-tigh 'n tábhairne, ag
báire nó aonach,
Ná léigfeadh éugcóir air sheannóir 'ná
air shéithleach;
Do b'fhear thu air an mbéarrnain lá
bruide do chómharsan,
'S do b'fhear thu “lom-láithreach” má
ghráidhfeadh an sórt-san.
4. Is fuar í do leabaidh — mo cheasna thu
sínte!
Ní mar sin do chleachtais, acht rabairne
's rínnce —
Do mhéur air an bhfeadán 's an “rann-
gás” air saothar,
'S is fear bróin ná croithfeadh a chois
duit go h-aéreach.
5. Áitreamh air Neamh chúghat, is cuideachta
ghrádhmhar!
Ceól duit dá spreagadh faoi mhagadh 'gus
áthas!
Má sgeinnim ad fhéuchain, déun slíghe
dham ad fhochair —
Eúlaigh air Pheadair is goid uaidh an
Eochair.
Pádraic Stúndún.
Cork, 15th June, 1886.