Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bán-chnoic Aoibhinn Éireann.
Title
Bán-chnoic Aoibhinn Éireann.
Author(s)
Mac-Con_Mara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁN-CHNOIC AOIBHINN ÉIREANN. Donnchadh Ruadh Mac-Con-Mara cct. Beir beannacht óm' chroidhe go tír na h-Éireann, Ban-chnoic aoibhinn Éireann; Chum a maireann de shíolradh Ir a's Éibhir, Air bhan-chnoic aoibhinn Éireann;
An ait úd in ar bh'aoibhinn binn-ghuth éan, Mar shamh-chruit chaoin ag caoineadh gaodhal; 'Sé mo chás a bheith míle míle i g-cein Ó bhán-chnoic aoibhinn Éireann. Bídheann barra bog slím air chaoin-chnoic Éireann, Bán-chnoic aoibhinn Éireann; 'Sis fearra 'ná'n tír so díth gaé sléibhe ann, Bán-chnoic aoibhinn Éireann. Dob' árd a coillte' sbudh dhireach réig, 'S a m-bláth mar aol air mhaoilinn geug Atá grádh ag am chroidhe i m'inntin féin Do bhán-chnoic aoibinn Éireann. Atá gasra líonmhar i d-tír na h-Éireann, Bán-chnoic aoibhinn Éireann; A's fearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh ceudta, Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann. M'fhadtuirse croide, 's mo chuimhne sgeul, Iad aig gallaphoic síos fá ghreim mo leun, 'Sa m-bailte d'á roinn fá chíos go daor, Bán-cnoic aoibhinn Éireann. Is fairsing 'sis mór iad crucha na h- Éireann, Ban-chnoic aoibhinn Éireann. A cuid meala agus uachtair a' gluaisdeacht ma slaodha Air bhán-cnoic aoibhinn Éireann. Rachaidh me air cuairt nó is luath mo shaoghal, Do'n talamh beag, suairc sin is dual do ghaodail' 'S go m-b'fhearra liom 'ná duais dá uais- leacht é, Bheith air bhán-chnoic aoibhinn Éireann. Sgaipeann an drúcht air gheamhar agus feur ann, Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann. Agus tagaid sin úbhla cumhra air gheugaibh ann, Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann. Biolar agus samha i ngleanntaibh ceo, 'S na srotha 'san t-samhra a ' labhairt air neoin; Uisge na Siuire a' brúcht 'na slóigh, Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann. Is osguilte fáireach an áit sin Éire, Bán-chnoic aoibhinn Éireann; Agus toradh na sláinte a m-bárr na déise, A m-bán-chnoic aoibhinn Éireann. Budh bhinne 'ná meura air theadaibh ceoil Seinm agus géimhradh a laogh 'sa m-bó Agus taithneamh na gréine orra aosda 's og, Air bán-chnoic aoibhinn Éireann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services