Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bán-chnoic Aoibhinn Éireann.

Title
Bán-chnoic Aoibhinn Éireann.
Author(s)
Mac-Con_Mara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BÁN-CHNOIC AOIBHINN ÉIREANN.



Donnchadh Ruadh Mac-Con-Mara cct.



Beir beannacht óm' chroidhe go tír na
h-Éireann,
Ban-chnoic aoibhinn Éireann;
Chum a maireann de shíolradh Ir a's Éibhir,
Air bhan-chnoic aoibhinn Éireann;


L. 166


An ait úd in ar bh'aoibhinn binn-ghuth éan,
Mar shamh-chruit chaoin ag caoineadh gaodhal;
'Sé mo chás a bheith míle míle i g-cein
Ó bhán-chnoic aoibhinn Éireann.



Bídheann barra bog slím air chaoin-chnoic
Éireann,
Bán-chnoic aoibhinn Éireann;
'Sis fearra 'ná'n tír so díth gaé sléibhe ann,
Bán-chnoic aoibhinn Éireann.
Dob' árd a coillte' sbudh dhireach réig,
'S a m-bláth mar aol air mhaoilinn geug
Atá grádh ag am chroidhe i m'inntin féin
Do bhán-chnoic aoibinn Éireann.



Atá gasra líonmhar i d-tír na h-Éireann,
Bán-chnoic aoibhinn Éireann;
A's fearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh
ceudta,
Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann.
M'fhadtuirse croide, 's mo chuimhne sgeul,
Iad aig gallaphoic síos fá ghreim mo leun,
'Sa m-bailte d'á roinn fá chíos go daor,
Bán-cnoic aoibhinn Éireann.



Is fairsing 'sis mór iad crucha na h-
Éireann,
Ban-chnoic aoibhinn Éireann.
A cuid meala agus uachtair a' gluaisdeacht
ma slaodha
Air bhán-cnoic aoibhinn Éireann.
Rachaidh me air cuairt nó is luath mo shaoghal,
Do'n talamh beag, suairc sin is dual do
ghaodail'
'S go m-b'fhearra liom 'ná duais dá uais-
leacht é,
Bheith air bhán-chnoic aoibhinn
Éireann.



Sgaipeann an drúcht air gheamhar agus feur
ann,
Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann.
Agus tagaid sin úbhla cumhra air gheugaibh
ann,
Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann.
Biolar agus samha i ngleanntaibh ceo,
'S na srotha 'san t-samhra a ' labhairt air
neoin;
Uisge na Siuire a' brúcht 'na slóigh,
Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann.



Is osguilte fáireach an áit sin Éire,
Bán-chnoic aoibhinn Éireann;
Agus toradh na sláinte a m-bárr na déise,
A m-bán-chnoic aoibhinn Éireann.
Budh bhinne 'ná meura air theadaibh ceoil
Seinm agus géimhradh a laogh 'sa m-bó
Agus taithneamh na gréine orra aosda 's og,
Air bán-chnoic aoibhinn Éireann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services