Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donnchadh Ruadh MacNamara: A Bheatha agus a Imtheachta; mar aon le trácht air a dhántaibh.
Title
Donnchadh Ruadh MacNamara: A Bheatha agus a Imtheachta; mar aon le trácht air a dhántaibh.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONNCHADH RUADH MACNAMARA: A bheatha agus a imtheachta; mar aon le trácht air a dhántaibh. le Seághan Pléimion. An Cheud Chaibidil. “A Eire bhocht, in do gheur-leunaibh uile, ní fhacais riamh an lá nach raibh agat, an chuid is lúgha dhé, croidhthe fíora calma lé'r bh' ionmhuin thu.” Aig so mar dúbairt an t-Éireannach is fearr air dhruim talmhan, Séarlus Í. Cicam, beagán seachtmhain ó shoin, agus, dár n-dóigh, is fíor é; acht ní'l in Éirinn anois agus ní raibh riamh, acht duine annso agus annsúd do ghrádhuigh é le mór-ghean in aisge. Is féidir an nidh ceudna do radh i d-taoibh teangan na h-Éireann; do bhí i g-cómhnuighe againn daoine lé'r dhil í, acht budh ró-thearc iad. Is fíor gur fhág an tíorghradhuightheoir
binnbhriathrach, Hannraoi Flood, a mhaoin uile le h-uadhacht chum caint agus leighean a thíre do chúmhdach agus do shaorthughadh. Do thug, mar an g-ceudna, Elliot Hudson mórán maoine chum craobhsgaoileadh do dheanadh air ár sean-leabhraibh. Is eol dúinn uile, — no badh cheart go m-b'eol dúinn — na co- maoineacha do chuir UaDonnabháin, UaCómh- raidhe, Petrie, Todd agus Hardiman air an nGaedhilig. Acht do chuir daoine eile co- maoineadha móra uirre gan fios do'n t- saoghal. Do bhí cúram gabháltais mhóir air Shéamus UaScuiridhe ó Thigh-an-chnoic i g- Condae ChilleCainnigh; gidheadh d'aisdrigh se go Gaedhilig agus chuir se i g-cló i b-Port- láirge ins an m-bliadhain 1820, “Ceithre Soilléirseadha de'n Eagnaidheacht Chríostui- dhe.” Righne se, mar an g-ceudna, “Annála Thighearnaigh” d'aisdriughadh go Sacsbheurla, agus thug se bliadhanta ag scríobhadh Foroi- dis Ghaedhilge. Budh mhian leis an dá obair so d'fhághail clódhbhuailte, acht ó'n m-beag- shuim do chonnairc se aig na daoinibh in a d- teangain féin, bhí a fhios aige gur ab air féin do thuitfeadh caitheamh-airgid a g-clódh- bhuailte, mar do thuit caitheamh do na leabh- raibh do luadhadh shuas. Atá beagán duil- leog de na h-oibreachaibh so fós le feicsin, agus ó na blódhaibh so chidhtear an díoghbháil a tá dhúinn-ne i g-cailleamhain na g-cuid eile dhíobh. D'éis obair a lae bheith déanta aig Uilliam MacUilliam ó Dhúngarbháin, do chreanadh se an oidhche air feadh blia- dain le beachtughadh “Eochair-Sgiath an Aif- rinn,” ag déanadh sámhluighthe mhaith ó chómhsámlughadh sé no seacht díobh do bhí lochtach; agus air m-beith beachtuighthe do'n trácht d'aisdrigh se go Sacsbheurla é. Do bhí an obair féin agus an t-eidirmhíniughadh ullamh do'n chlódh, agus tá siad mar sin ó shoin gan craobhsgaoileadh. Do bheachtuigh se, mar an g-ceudna, an “Teagasg Críostuidhe,” do chuir se i g-cló é air a chaitheamh-airgid féin, do dhíol se an obair faoi bhun a luaigh, agus do cheannuigh se an clódh, aig súil le h- athchlódhughadh an leabhrain; acht fuair se amach, mar fuair UaScuiridh, ná'r mhór an spéis do bhí aig muintir na h-Éirinn i d- teangain a d-tíre ins an aimsir sin. Gidh- eadh ní h-iad na daoine coitchionna budh chionntach leis an neamhshuim do tugadh 'san leabhrán mar déarfar go h-athchumair 'na dhiaidh so. D'iarr tu, aon nidh do bheidheadh le rádh againn do rádh i nGaedhilig. Creid- im go d-táinig an t-am chuige so, agus uime sin, ag freagradh dod' ghairm, so dhuit fóir-líne de bheatha agus d'imtheachtaibh Donnchadha Ruaidh Mhicnamara, le cur roimh a dhán d'ár b'ainm “Eachtra Ghiolla an Amaráin.” Do rugadh Donncadh Ruadh 'san g-Crea- tlaigh i g-Condae an Cláir i bh-fíor-thosach na h-aoise d'imthigh tharrainn. Do chinn a thúis- mhightheoiridhe do'n t-sagartacht é, agus uime sin, fuair se an oiread fóghlumtha a's dob' fhéidir leis d'fhághail in Éirinn an t-an sin, agus 'na dhiaidh sin, do cuireadh do'n Róimh é chum críoch a chur air a fhóghluim, agus chum órd beannuighthe d'fhághail. Acht in áit fillte a bhaile 'na shagart chum arán na beatha do bhriseadh do dhaoinibh bochta cráidhte na h- Éireann tar éis beagáin de bhliadhantaibh, do ruagadh as an Árdscoil 'san Róimh é, agus do thriall se air ais go Portláirge. Do bhí, 'san am sin, scoil chlúdhamhail Laidne i g-Condae Phortláirge, aig Sliabh g-Cua i b-paráisde Seisgneáin, timchioll leith-shlighe idir Dúngarbháin agus Cluainmeala; agus do thriall Donnchadh gacha n-díreach air an ionad úd, in áit dul d'á thír-dúthchais féin. Dob' fhéidir gur chualaidh Donnchadh 'san Róimh tásg na scoile úd, óir do thigidís óg- ánaigh as gach ionad in Éirinn go Sliabh g-Cua ag fóghluim, roimh dul do'n Fhrainc, do'n Spáin, no do'n Iodaile dhóibh. Budh sheanradh 'san Múmhain go bh-fuair Sliabh g-Cua bárr féile, bárr léighin, agus bárr filidheachta; agus dúbhairt Donnchadh féin ins an “Each- tra,” beagán bliadhain i n-diaidh an ama so, gur bh'é, “Sliabh geal g-Cua” rug “buaidh na féile.” (Le bheith air leanamhain.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services