Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donnchadh Ruadh MacNamara: A Bheatha agus a Imtheachta; mar aon le trácht air a dhántaibh.

Title
Donnchadh Ruadh MacNamara: A Bheatha agus a Imtheachta; mar aon le trácht air a dhántaibh.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DONNCHADH RUADH MACNAMARA:



A bheatha agus a imtheachta;
mar aon le trácht air a dhántaibh.
le Seághan Pléimion.

An Cheud Chaibidil.



“A Eire bhocht, in do gheur-leunaibh uile, ní fhacais
riamh an lá nach raibh agat, an chuid is lúgha dhé, croidhthe
fíora calma lé'r bh' ionmhuin thu.”

Aig so mar dúbairt an t-Éireannach is
fearr air dhruim talmhan, Séarlus Í. Cicam,
beagán seachtmhain ó shoin, agus, dár n-dóigh,
is fíor é; acht ní'l in Éirinn anois agus
ní raibh riamh, acht duine annso agus annsúd
do ghrádhuigh é le mór-ghean in aisge. Is
féidir an nidh ceudna do radh i d-taoibh
teangan na h-Éireann; do bhí i g-cómhnuighe
againn daoine lé'r dhil í, acht budh ró-thearc
iad. Is fíor gur fhág an tíorghradhuightheoir


L. 315


binnbhriathrach, Hannraoi Flood, a mhaoin uile
le h-uadhacht chum caint agus leighean a thíre
do chúmhdach agus do shaorthughadh. Do thug,
mar an g-ceudna, Elliot Hudson mórán
maoine chum craobhsgaoileadh do dheanadh
air ár sean-leabhraibh. Is eol dúinn uile,
— no badh cheart go m-b'eol dúinn — na co-
maoineacha do chuir UaDonnabháin, UaCómh-
raidhe, Petrie, Todd agus Hardiman air an
nGaedhilig. Acht do chuir daoine eile co-
maoineadha móra uirre gan fios do'n t-
saoghal. Do bhí cúram gabháltais mhóir air
Shéamus UaScuiridhe ó Thigh-an-chnoic i g-
Condae ChilleCainnigh; gidheadh d'aisdrigh se
go Gaedhilig agus chuir se i g-cló i b-Port-
láirge ins an m-bliadhain 1820, “Ceithre
Soilléirseadha de'n Eagnaidheacht Chríostui-
dhe.” Righne se, mar an g-ceudna, “Annála
Thighearnaigh” d'aisdriughadh go Sacsbheurla,
agus thug se bliadhanta ag scríobhadh Foroi-
dis Ghaedhilge. Budh mhian leis an dá obair
so d'fhághail clódhbhuailte, acht ó'n m-beag-
shuim do chonnairc se aig na daoinibh in a d-
teangain féin, bhí a fhios aige gur ab air
féin do thuitfeadh caitheamh-airgid a g-clódh-
bhuailte, mar do thuit caitheamh do na leabh-
raibh do luadhadh shuas. Atá beagán duil-
leog de na h-oibreachaibh so fós le feicsin,
agus ó na blódhaibh so chidhtear an díoghbháil
a tá dhúinn-ne i g-cailleamhain na g-cuid
eile dhíobh. D'éis obair a lae bheith déanta
aig Uilliam MacUilliam ó Dhúngarbháin,
do chreanadh se an oidhche air feadh blia-
dain le beachtughadh “Eochair-Sgiath an Aif-
rinn,” ag déanadh sámhluighthe mhaith ó
chómhsámlughadh sé no seacht díobh do
bhí lochtach; agus air m-beith beachtuighthe
do'n trácht d'aisdrigh se go Sacsbheurla é.
Do bhí an obair féin agus an t-eidirmhíniughadh
ullamh do'n chlódh, agus tá siad mar sin ó
shoin gan craobhsgaoileadh. Do bheachtuigh se,
mar an g-ceudna, an “Teagasg Críostuidhe,”
do chuir se i g-cló é air a chaitheamh-airgid
féin, do dhíol se an obair faoi bhun a luaigh,
agus do cheannuigh se an clódh, aig súil le h-
athchlódhughadh an leabhrain; acht fuair se
amach, mar fuair UaScuiridh, ná'r mhór an
spéis do bhí aig muintir na h-Éirinn i d-
teangain a d-tíre ins an aimsir sin. Gidh-
eadh ní h-iad na daoine coitchionna budh
chionntach leis an neamhshuim do tugadh 'san
leabhrán mar déarfar go h-athchumair 'na
dhiaidh so. D'iarr tu, aon nidh do bheidheadh le
rádh againn do rádh i nGaedhilig. Creid-
im go d-táinig an t-am chuige so, agus
uime sin, ag freagradh dod' ghairm, so dhuit
fóir-líne de bheatha agus d'imtheachtaibh
Donnchadha Ruaidh Mhicnamara, le cur roimh
a dhán d'ár b'ainm “Eachtra Ghiolla an
Amaráin.”

Do rugadh Donncadh Ruadh 'san g-Crea-
tlaigh i g-Condae an Cláir i bh-fíor-thosach na
h-aoise d'imthigh tharrainn. Do chinn a thúis-
mhightheoiridhe do'n t-sagartacht é, agus uime
sin, fuair se an oiread fóghlumtha a's dob'
fhéidir leis d'fhághail in Éirinn an t-an sin,
agus 'na dhiaidh sin, do cuireadh do'n Róimh é
chum críoch a chur air a fhóghluim, agus chum órd
beannuighthe d'fhághail. Acht in áit fillte a
bhaile 'na shagart chum arán na beatha do
bhriseadh do dhaoinibh bochta cráidhte na h-
Éireann tar éis beagáin de bhliadhantaibh,
do ruagadh as an Árdscoil 'san Róimh é,
agus do thriall se air ais go Portláirge.
Do bhí, 'san am sin, scoil chlúdhamhail Laidne
i g-Condae Phortláirge, aig Sliabh g-Cua i
b-paráisde Seisgneáin, timchioll leith-shlighe
idir Dúngarbháin agus Cluainmeala; agus
do thriall Donnchadh gacha n-díreach air an
ionad úd, in áit dul d'á thír-dúthchais féin.
Dob' fhéidir gur chualaidh Donnchadh 'san
Róimh tásg na scoile úd, óir do thigidís óg-
ánaigh as gach ionad in Éirinn go Sliabh g-Cua
ag fóghluim, roimh dul do'n Fhrainc, do'n
Spáin, no do'n Iodaile dhóibh. Budh sheanradh
'san Múmhain go bh-fuair Sliabh g-Cua bárr
féile, bárr léighin, agus bárr filidheachta;
agus dúbhairt Donnchadh féin ins an “Each-
tra,” beagán bliadhain i n-diaidh an ama so,
gur bh'é, “Sliabh geal g-Cua” rug “buaidh na
féile.”

(Le bheith air leanamhain.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services