Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An t-Ochtadh Caibidil Déag.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An t-Ochtadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an Athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. An t-Ochtmhadh Caibidil deug. “Acht mo nuar d'á thír féin; tá a caithreim 'na luidhe, “A's an croidhe cródha briste, ná'r bh'fhéi- dir a chlaoidh” - UaMórdha: do réir MhicHéil. Anois i d-tosach na bliadhna 1833, do bhí intinn agus croidhe an Easpoig chráibhthigh thíorghrádhaigh so lán de'n mheud do chonnairc se 'san Róimh, agus in gach tír Chatoilicigh in ar' shiubhail se. Ins an bh-Frainc, 'san Iot- áile, 'san m-Belgia, chonnairc se an Creid- eamh Catoiliceach 'ga múineadh go follusach agus ós árd do'n aos óg, do na malraighibh óga, fir agus mná. Chonnairc se na tighthe Eaglaise, na cealla árd-nósacha, flathamhla, noch do chuireadar suas na sagairt agus na h-easpoig as Éirinn. Dúbhairt se leis féin “Cad fá nach bh-fuilmíd-ne mar do bhidheadar- san? Cad é an fáth nach bh-fuil an cuma ceudna againn-ne le obair a dhéanadh a's do bhí aca-san. Cad chuige nach bh-fuilmíd ag múineadh agus ag craobhsgaoileadh agus ag leathnughadh an fhíor-chreidimh cheudna a's do bhí aig na fearaibh naomhtha so.” 'Na cheann sin, do bhí se in a chroidhe ó thús a óige órdughadh Dé i d-taoibh an fhíor-chrei- dimh a chóimhlíonadh — gan roinn air bith dé a chur faoi sgáth, no a cheilt, no a choigilt; ní cóir an fíor-uisge a shalughadh i slighe air bith: mar an g-ceudna ní cóir an fíor-chreideamh a chur faoi smúid no sgáth. Do thosuigh Seághan MacHéil go luath ag árdughadh a ghotha agus a láimhe in aghaidh na Scoil Tíor- thamhail (no náisiunda). Chonnairc se ná'r chóimhlíonadar na ceannairt na geallamhna do righne Stanleí a thabhairt, nuair a dúbh- airt se — 1. Nach m-beidheadh scríobhanna air a m-beidheadh míoshásamh aig Catoilicighibh sgaptha air aon chor i measg malrach na scoile. 2. Go m-beidheadh na sagairt Cat- oiliceacha air comhthrom le pearsa-eaglaise air bith eile. 3. Go m-beidheadh cúmhacht aca na leanbha óga a theagasg gach lá agus gach am in ar' chóir é. 4. Agus go m-beidheadh uachtaránas na g-Catoiliceach comhthrom, leath air leith, le lucht-faire na neamh-Chat- oiliceach. Chonnairc an t-easpog ná'r amhlaidh do thárluigh oibriughadh na scoil so, agus mar sin dé, d'árduigh se a ghuth, do thóg se a pheann, mar righne se roimhe sin, agus d'in- nis se do'n domhan mór an meud a bhí aige le rádh. Ní raibh mórán maitheasa dhó scrí- bhinn a chur aig muintir na Sacsan, no a ghearán a dhéanadh leo: do shaoil an mhuintir
sin gur ab iad féin a bhí ceart, agus nach raibh gréim céille air bith aig aon duine no aon mhuintir noch do lámh dul in aghaidh a bhara- mhail no a n-órdugadh: budh í a m-baramhail gur fíor-amadáin sinne, Éireannaighe de gach cineul, agus go raibh ciall an domhain aca féin. Bhí fios i bh-fad roimhe sin aig an eas- pog air an meud so; agus mar sin dé, níor scríobh se chuig aon duine aca, agus níor chuir se impidhe orra an cam a dhéanadh cómh- throm, no an ceart a dhéanadh mar budh chóir ó thús. Righne se a ghearán leis an domhan mór. Le trí céad bliadhain ní fuair clann na h-Éireann ó riaghluightheoiribh na tíre slighe éigin le oideas no eolas d'fhághail: ní h-é amháin sin, acht righneadar ár n-uachtaráin a n-díthchioll an meud soluis a bhí againn a bhuaint uainn, agus solus ár súl a mhúchadh, se sin, solus air Dhia agus air ár g- creideamh, air ár n-anamaibh agus air an nGlóir shíoruidhe a dhíbirt as ár g-croidhthibh. Air feadh leith-chéid bliadhain agus ós a chionn, bhidheadar ag déanadh geallamhain go m- béarfaidís slighe dhúinn eolas d'fhághail. Thugadar dhá míle deug púnt airgid le scoile a chur air bun, acht ní ráinic pighin do na Catoilicighibh, se sin, do chlainn na tíre air fad de bhrigh nach n-aontóchaidís creideamh a sinsear a thréigean: sin chugaibh an cleas a bhí aig an dream do thairg an t-airgead so do mhuintir na h-Éireann. Anois fá dheire, bhí scoile 'ga g-cur suas, acht do bheidheadh se náireach iad do ghlacadh, mar do bhí siad stiuruighthe aig an am sin: bocht an nidh é — tar éis trí céad bliadhain troid go cródha, luidhe síos fá dheoigh, agus admháil go rabhamar buailte, agus nach raibh solus againn, no teas no teagar acht fuacht agus laige: budh thráill suaracha sinn leithid de sin a dhéanadh. Is uime sin d'árduigh Seághan MacHéil a ghuth, agus d'ionnsuigh se a namhaid go meisneamhail: fuair se buaidh fá dheire, do'n Eaglais a stiuir se, agus do chlainn a chreidimh. In 1869 d'admhuigh' eas- poig na h-Éireann agus an Pápa fein, Pius IX, go raibh Seághan MacHéil 'san g-ceart ins an meud a dúbhairt se, agus a scríobh se le fíor-oideas Catoiliceach d'fhághail do chlainn na bh-fíreun in a d-tír-dúthchais féin. I d-tús do bhí se leis féin 'san troid, fá dheire, bhí na sagairt agus na h-easpoig agus deagh-dhaoine na tíre go léir in éin- fheacht leis ag iarraidh fíor-eolais do'n pho- bul. Air feadh an ama so, bhí cúram fairche Chillealaidh air a ghuailnibh. Do na daoinibh, idir aosda a's óg, a bhí faoi n-a stiuir agus a riaghlughadh, thug se fios a g-creidimh agus thug se an Cóimhneartughadh, no “dul faoi láimh easpoig” do'n mhuintir a bhí ullmhuighthe, agus do riaghail se a g-cléir agus a dhaoine. Acht ní righne se dearmad air litre puiblidhe do scríobhadh ó am go h-am, le cur in iul do'n phobul agus do mhuintir na h-Éireann go h-iomlán a n-dualgas d'á d-tír agus do Dhia; agus air an trom-cheangal a bhí air uachtaránaibh na daoine a riaghlughadh go ceart agus a fheabhasughadh. Is mar so do chaith se an bhliadhain 1833. In 1834, bhí se le céim eile ag árdughadh. Budh toil le Dia é chur ós cionn na h-árd-fhairche. An Naomhadh Caibidil deug. “Agus fós, d'eirigh imreas eadarra, cia aca air a m-beidheadh meas é bheith níos mó. Acht dúbhairt seisean riu; tá tighearnas aig rigthibh na g-Cineadhach orra, agus an dream aig a bh-fuil cúmhacht orra; goirthear daoine flathamhla dhíobh. Acht ní mar sin daoibh- se.” Naomh Lucas, xxii. 24-26. Cho luath geur a's do bhí Seághan MacHéil 'na áirdeaspog, righne se a dhualgas a chóimh- líonadh i d-taoibh a fhairche: 'ga riaghlughadh agus 'ga díriughadh mar budh chóir. Níor leigeadh dhó dearmad a dhéanadh air Chilla- laidh, a d'fhág se, óir, mí 'n-éis an ama so, cuireadh cruinniughadh air shagartaibh paráis- de Eaglaise Naoimh Mhuireadaigh, le togha a dhéanadh mar budh ghnáth, air phearsain- eaglaise do b'fhiu, do réir eolais na cléire,
bheith 'na easpog ós a g-cionn in ionad an easpoig a chuaidh uatha. An lá úd air a righneadh an togha, bhí an t-áirdeaspog, Seá- ghan MacHéil, 'na shuidhe ins an g-cathaoir airimh ag glacadh páipeur na roghan: do thárla ó'n sgrúdadh go 'bh-fuair an Bráthair Proinsias Ioseph UaFionnain níos mó guth roghan ioná sagart air bith eile. Do rugadh an t-adhbhar-easpoig UaFionn- ain in gar do Beulátha-an-fheádha i m-bliadh- ain 1770: mar sin dé, bhí se i láthair trí fichid agus ceithre bliadhanta d'aois. Nuair do bhí se seacht m-bliadhanta deug, do chuaidh se do'n Róimh, agus do glacadh asteach in órd Naoimh Dhoiminic é — Órd na Seanmóradh. Air feadh se bliadhain, righne se fóghluim in a measg no go righneadh sagart dé. Annsin tháinic se air ais go h-Éirinn, agus bhí se bliadhanta i b-Portlairge ag déanadh dual- gais sagairt, ag foillsiughadh soisgéil Críost, agus ag tabhairt soláis do'n mhuin- tir bhoicht dolásaigh, ainbhfiosaigh. Fuair se órdughadh, tar éis seala, imtheacht leis go h- Iarn-deas na h-Eorpa, go Port-nangall, go cathair Liosbon, áit in a righneadh uachta- rán dé ós cionn tighe d'á órd d'á ngoirthear “Corpo Santo.” As so tháinic se fá dheire do'n Róimh, áit a d-tárla se féin agus Seághan MacHéil le chéile i m-bliadhain 1833. Do thaithin se cho mór do'n easpog an t-am sin gur chuimhnigh se air, nuair do bhí Cómharba le bheith in a áit féin, air chathaoir Naoimh Mhuireadaigh. Nuair do chualaidh an Róimh faoi an togha so, gur mian le sagartaibh Chillealaidh go m-beidheadh an Bráthair Proinsias UaFionn- ain 'na easpog ós a g-cionn, d'aontuigh an “Propaganda” leis, agus do neartuigheadar an rogha noch rigneadh an chléir. Do dhear- bhuigh an Pápa an meud do righneadh, agus do reachtuigh se 'na easpog Proinsias Ua Fionnain, d'órd Naoimh Dhoiminic, a bhí ins an am ceudna sin 'san Róimh. Righneadh annsin easpog dé, air an g-cúigeadh lá deug Márta 1835, agus budh cheart dó filleadh go fearamhail a bhaile d'á thír féin agus d'a eaglais féin. Acht ní righne se amhlaidh: d'fhan se i g-cathair na Róimhe ó'n am sin go d-tí mí mheádhon an fhóghmhair i m- bliadhain 1835. Do tháinic se fá dheoigh agus fá dheire go h-Éirinn, agus d'fhill se go cathair a fhairche séin. Budh mhór an lán oibre a bhí roimhe le deanadh; — an chléir a mhaolughadh agus a shocrughadh go soineanda, sámh; na daoine a stiuradh i slighe na subh- ailceadh agus na solás spioradálta; síoth- cháin a scapadh i measg na cléire agus an phobuil, agus iad go h-iomlán a neartughadh agus a dhaingniughadh in aghaidh cleas agus cluainireachta droch-dhaoineadh agus namhad Dé. Is leath na h-oibre tosach maith, acht faraoir, níor thosuigh se go ceart. Do bhí sagart i g-Cillalaidh an t-am sin, d'ár bh'ainm Seághan Pádraic UaLiatháin, sagart paráisde Bhéil-Átha-chruaidh i m-Beann- char-Iarrois. I measg na n-daoineadh bhí cáil air go raibh se meanmnach, measamhail, feidhmeamhail, fearamhail, — sagart aig a raibh eolas a ghnóthaidh go maith; acht go raibh se dána, danartha, doshásda. In aimsir a óige, bhí se i m-baile an Chláir (Chlainne- Mhuiris) i g-condae Mhaigheó, ag díriughadh clainne óige na h-áite i slighthibh an oidis agus an eolais. Mar gheall air so, agus mar gheall go raibh fios maith aige air mhuin- tir gaoil an fhir óig, agus air a athair agus a mháthair, do thóig an t-Easpog Ualdronach é mar mhac-léighin dó féin, agus do chuir se é go Coláiste MhaigheNuadhat. Do bhí se ag fóghluim ins an d-tigh-eolais sin air feadh sé m-bliadhain. Fá dheire, d'fhág se an coláiste tíorthamhail so, agus do thosuigh se ag tabhairt teagaisg uaidh mar oide-scoile i m-baile d'á ngoirthear “Enfield.” Do bhí se annsin ós cionn bliadhna, no gur chuir Easpog Chillealaidh fios air, agus go righne se sagart dé. Do chuir se in a chathair féin é ós cionn mac-léighin óg chum iad a thabhairt suas in oideas saoghalta agus in oideas riaghalta. Is mar so do bhí an t-Athair Seághan Pádraic UaLiatháin an t-am do tháinich Seághan MacHéil as MághNua-
dhat, agus do shocruigh i m-Beulátha-an-Fheádha, 1825. Tar éis seala, fuair an sagart so paráisde Beul-átha-chruaidh, i bh-fad siar in iargcúl Iarrois. Ní raibh se i bh-fad ann- sin nuair do thosuigh se riaghlughadh mar budh chleachtach leis, air módh go d-táinic, bliadhain 'na dhiaigh sin, fir foirfe an pharáisde ó Iar- ros go Beulátha-an-fheádha le casaoid a dhéanadh leis an easpog Ualdronach faoi. Chualaidh an t-easpog a ngearán, agus do chuir i m-baile iad, agus do scríobh se litir chuig an athair Seághan ag rádh leis go socair gan a bheith cho dian a's do bhí se, as sin amach, leis na daoinibh bochta, buaidheartha. 'Se an freagradh do chuir an sagart so d'á righne an t-easpog an oiread a's righne se, go raibh paráisde aige féin, agus fairche aig an easpog; budh chóir dó-san aire a thabhairt do'n fhairche, agus do bhéarfadh seisean aire d'á pharáisde. Tá an sgeul so agam ó bheul an té a chonnairc an litir — sagart measamhail, fóghlumtha, fiuntach. Ní'l se as áit an sgeul so d'innseacht, ionnos go m- beidheadh fios air an té a léigheas air mhéin agus air mhíonach an duine a tharraing an oiread sin de chlampar air an easpog nuadh. Is mór an t-ádhbhar teagaisg sgeulta mar iad so; bheireann siad eolas dúinn air an dream daoineadh a bhí ann roimhe so, agus cad é an chaoi d'eirigh leo fá dheire; ar chuir Dia bláth no biseach air a m-bealaighibh, no ar thuit siad air lár gan focal fútha. Is é so an sagart noch do thóg an t-easpog nuadh le bheith in ionad easpoig leis féin, 'na árd-fhear-ionaid, agus 'na dhéadhan air chléir na fairche go h-uile. Righne se a thoghadh gan breathnughadh roimhe, gan fios air bith air a thréithibh intinne, no faoi chailidheachtaibh a mhéine, acht amháin an sgeul fánach do réir miain do chualaidh se ó n-a dheirbhshiur féin. Níor iomchair se é féin ins an togha so do réir cómhairle an Phápa, a dúbhairt leis go céillidhe, “am a ghlacadh,” agus fanacht no go rachadh se i m-baile. Tar éis sin, dúbhairt an Pápa leis, a dhéanadh do réir a thola. Nuair do thárla dhó bheith i m-Beulátha-an- fheádha, thangadar na sagairt agus d'úmhluigh- eadar dhó, agus chuireadar fáilte roimhe. Tar éis seachtmhaine, do chruinnigheadar a g- ceann a chéile i Móirchill an bhaile, agus righneadar casaoid faoi an Athair Seághan Pádraic UaLiatháin a bheith ós a g-cionn. Dúbhradar go raibh se 'na fhear borb, cealgach, feargach, gur le cluainireacht agus le cleas- aidheacht fuair se árdughadh ó'n ionad in a raibh se do'n réim a bhí in a sheilbh. D'éist an t-Easpog UaFionnain leis an ngearán so, acht níor thug se sásadh air bith do'n chléir. Annsin do scríobhadar do'n Róimh, agus chuireadar a g-casaoid ós cómhair uachtarán na h-Eaglaise, agus dúbhradar nár chóir fear de'n t-samhail sin, aig a raibh cailidhe- achta mar bhí aige, a bheith ós cionn sagart a bhí ceart, fóghlumtha, cóir, fiuntach. Thug an Róimh órdughadh d'Áirdeaspog Árdamácha, agus do Sheághan MacHéil, Áirdeaspog Thuama, mar aon le h-easpog Dhúna-dhá- leath-ghlas agus Chondoire, — trí ceannairt- eaglaise — teacht agus réidhteach a dhéanadh eadarra. Do thangadar, agus righneadar a n-díthchioll, acht ní raibh maith ann. Chuadar na h-easpoig tríd na paráisdibh; do ghlaca- dar fiadhnuisí air gach taoibh; righneadar cómhthrom in gach áit ar' chualadar nach raibh cómhthrom déanta, agus do shéideadar guth na síothchána ós cionn na fairche air fad. Fá dheire in gar do'n Inid i m-bliadhain 1838, do chuireadar a g-cúntas faoi an meud do chualadar agus do righneadar do'n Róimh. Mar gheall air sin, cuireadh fios air an Easpog UaFionnain teacht go cathaoir na n- Apstol; agus tugadh annsin cómhairle dhó, eirghe as an g-clampar mór in a raibh se, agus mar sin dé, a fhairche no a riaghlughadh thabhairt suas do lámhaibh an Phápa. D'aon- tuigh se do'n deagh-chómhairle so, agus d'ór- dughadh na g-Cairdional. Thug se suas riagh- lughadh a fhairche, agus tháinic ciuineas mór agus ceannsacht air chrích Chillealaidh go h- iomlán. Budh mhór an mí-ádh do an Catoilicighibh
cneasda, macánta, bheith ag amharc air an meud so clampair, agus ag éisteacht leis cho fada a's bhí se air bun. Budh mhór an t- adhbhar-oilbhéime é, acht ní raibh arach air : caithfidh an oilbhéim a theacht, deir ár d-Ti- ghearna. Do bhí eud agus eachran, am n-ann, i measg leantóir Chríost féin, roimh an Spiorad Naomh teacht anuas orra go follus- ach. Tá se deacair go leor beusa agus bealaighe an t-saoghail a chathadh amach air fad ó chroidhthibh na cléire, mar deirtear ins an seanrádh “is daoine na bráithre féin.” Do thug an Tighearna órdughadh dhúinn go h- uile, bheith, mar do bhí se féin, “ceannsa agus úmhal i g-croidhe:” acht ní gach duine a dhéan- as an léighean so d'fhóghluim, agus a leanas go díreach i g-coischéimeannaibh an t-Slán- uightheora. Deir se le lucht a leanamhna: “an té is áirde in bhur measg, bidheadh se mar an neach is ísle; agus an té a tá mar uachtarán, mar an neach a fhríothólas dó … anois atáimse in bhur measg mar neach ag riarughadh dhaoibh.” Sin sámhlughadh a bheireas ár d-Tighearna dhúinn go h-uile, — sompla na h-ísleachta agus na h-úmhlachta. An Ficheadh Caibidil. “As na doimhneachaibh d'éigh me ort-sa, a Thighearna.” Salm 129. 'Se an t-easpog a bhí i g-Cillalaidh 'n-éis an Easpoig UíFhionnain, Tomás UaFiana; agus le n-a linn tháinic sógh agus síothcháin air an g-cléir agus air chlainn an chreidimh go h-iomlán. Budh mhac é d'athair fiuntach, agus de mháthair mheasamhail ionmholta, a bhí 'na g-cómhnuighe i b-paráisde CrosBaoithin in gar do bhaile an Chláir i g-Condae Mhaigheó. Rugadh é ins an m-bliadhain 1790, gar do'n am in a rugadh Seághan MacHéil; agus fuair se oileamhain agus cuid d'á oideas i b-paráisde a athar agus a mháthar. D'fhóghluim se Laidin 'san g-Clár agus i m- Bealach-an-doirín. Nuair do tháinic a uain do cuireadh é go Coláiste Mhaighe-Nuadhat, in a righne se cáil dó féin go raibh intleacht mhaith aige. I m-bliadhain 1818, do ghlaoidh an t-Áirdeaspog UaCeallaigh a bhaile é, thug órd sagairt dó, agus chuir mar oide é i g-coláiste Naoimh Iarfhlatha: air feadh seacht m-bliadhain, bhí se ann mar oide, agus mar uachtaran air feadh sé m-bliadhain eile — go 1831. Righneadh sagart paráisde Chille- tullaigh dhé an bhliadhain sin, agus bhí se ós a chionn no gur toghadh é le bheith 'na easpog i m-bliadhain 1839. Is fiu innseacht an chaoi in ar toghadh an t-Athair Tomás UaFiana le bheith 'na eas- pog. Tá fios aig gach duine nuair do chuaidh ár Slánuightheoir suas an cheud Diardaoin deasgabhála go flaitheamhnas i radharc a aon apstol deug agus a leantóir eile ó mhul- lach Sléibhe na n-Oluidheadh, gur fhilleadar na h-apstoil go baile Iarusalem, agus gur chuadar asteach i seomra a bhí in áirde. Budh mhian le Peadar, ionnos go m-beidheadh uimhir na n-apstol dá fhear dheug, apstol, amháin eile a thoghadh a bheith in áit Iudais noch do bhreath a Thighearna, agus in a dhiaigh sin, do chroch é féin. Air an adhbhar sin, d'eirigh Naomh Peadar i lár na muintire a bhí cruin- nighthe annsin air an ngnó so, agus dúbhairt se: “mar sin dé, tá se riachtanach aon fhear amháin a thoghadh de na fearaibh so a bhí mar aon linn air feadh iomláin na h-aimsire in ar chuaidh an Tighearna Íosa asteach agus amach eadrainn, le bheith 'na fhiadhnuise air a eiseirghe in éinfheacht linn.” Annsin do chuireadar beirt — Íoseph agus Mattias — agus chuirea- dar suas impidhe chum an Tighearna, taisbeá- nadh cia aca do thogh Se. Do theilgeadar crannchar agus do thuit se air Mhattias, agus do toghadh é le bheith 'na apstol. Mar an g- ceudna, do thoghadar na h-easpoig Tomás UaFiana. Do bhí triur sagart ann, agus ní raibh fios air cheannartaibh na cléire cia aca badh chóir a thoghadh. Annsin chuireadar im- pidhe air Spiorad na Fírinne, an fear ceart a thaisbeánadh. Tar éis sin, chuireadar anm- anna an triuir i ngleus crannchair, agus 'se
an cheud ainm a tháinic amach ainm an Athar Thomáis UíFiana. Do ghlacadar gur ab í toil Dé an fear sin a thoghadh: do chuireadar a ainm i lámhaibh Áirdeaspoig Áthacliath do'n Róimh, d'aontuigh an Coláiste “de Propa- ganda Fíde” do'n rogha, agus do dhearbhuigh agus reachtuigh an Pápa é, agus righneadh easpog dé'n fhear toghtha, i mí dhéigheanaigh an t-Samhraidh 1839. Do bhí se 'na easpog congnamhthaigh ós cionn Chillealaidh go 1847, agus 'na easpog go lá a bháis, an naomhadh lá dé mhí mheádhoin an t-Samhraidh 1873. I mí na Samhna 1837, fuair Pádraic, athair Sheághain MhicHéil bás, lán de laethibh, d'á aois ocht m-bliadhna agus ceithre fichid. Do bhí clann Héil, daoine na treibhe air fad, buan, fad- shaoghalach; agus mar sin dé, do réir nádúra, do mhair Pádraic agus Seághan go h-aois mhóir fhada ós cionn na m-bliadhain a tugthar do ghnáth do dhaoinibh na h-aimsire so. B'fhéidir gur ceart a rádh anois go raibh Seághan MacHéil seacht n-amanna air bhruach an bháis. Aon am nuair do bhí se 'na oide i g-Coláiste MaigheNuadhat, chuaidh se, lá áirighthe go DúnLaoghaire chum snaimh in uisge na mara: fuair se pian in a ghoile agus arranga in a thaoibh agus in a cheath- ramhnaibh; tarraingeadh asteach é, leath-mharbh, leath-dhubh. Ins an am sin, ní raibh ins an áit acht aon teach amháin, anois tá baile mór ins an áit ceudna. Do cuireadh fios air shean-liaigh tuatha a bhí ins an áit; do bhuain se cuid fola as, agus do chuir se in a chodladh é, agus air n-a mhárach do bhí biseach mór air. An t-am eile do bhí se gar do bheith báidhte, nuair bhí se ag snámh in áit air a glaoidhthear Poll-na-Duibhe, i b-paráisde Teampul-buidhe in gar go h-Iasgaidh. Do bhí fonn air, lá n-ann, é féin fholcadh ins an t-sruth; leis sin, do léim se amach ins an bh-fairge, tráth do bhí se ag tuilleadh. Do bhí an fhairge feargach, fraochmhar, ag dortadh a tuilteadh go trom, agus do bhí an linn doimhin, agus deacrach le snámh, óir do bhí si líonta le feamain, agus de'n leathrach úd air a bh-fuil ainm “fághmaire buidhe.” 'San d-tráth so, i d-timchioll 1818, bhí se, ní h-é amháin 'na oide i MághNuadhat, acht 'na shagart paráisde air Theampul-buidhe. Do lean buachaill óg ó thigh a lóistín é, ag fair- eadh air, agus do sheas seal amach ó'n tráigh. Ag amharc amach tar éis tamaill, chonnairc se an sagart mar bheidheadh fear 'ga bháthadh, óir níor bh'fhéidir dhó snámh ó'n meud feamna buidhe a bhí ann. Do rith an buachaill síos go deifreach i bh-fogus na trágha, agus do sheachuid se amach léine a bhí annsin, ag congbháil greama uirri ins an am ceudna. Leis an ngleus so, tugadh an sagart asteach leath-mharbh. 'Se an t-ainm agus an sloinne a bhí air an bh-fear óg so a chongbhaigh slán beatha cho lóghmhar sin, Mícheál Mac Diarmu- da. Is aisdeach an nidh a thárla do réir tola Dé; d'eirigh an deagh-mhalrach so le bheith 'na shagart, agus ní h-é amháin acht ós cionn an pharáisde cheudna, noch do bhí an tráth sin faoi sdiuir MhicHéil. Do bhí Seághan Mac Héil am eile in gar do bheith báidhte in Iar- ros, amuigh faoi na tonntaibh ag snámh. Trí no ceithre amanna bhí se in gádh a bháthadh i m-bádaibh, agus ó chómhrac idir lucht loinge. Nuair do bhí se 'na easpog óg i m-Beul- átha-an-fheádha, bhí se 'na mharcach an-bhreágh: bhí fonn air marcuigheacht a dhéanadh ó am go h-am. Lá n-ann do bhí se féin agus an t-Athair B. Coisdealbhach ag marcuigheacht, do sheoladar asteach faoi na machairibh agus na gortaibh, seal ag rith seal ag léimnigh le n-a n-eachaibh. Do chuir an sagart geall nach m-béarfadh an t-easpog léim tar chlaidh áirighthe: dúbhairt seisean go n-déanfadh. Níor chuimnigh se air an sean-fhocal, “breath- nuigh rómhat roimh léim a thabhairt;” acht do dheifrigh se a each, agus thug se an léim — agus nuair a bhí se go h-árd ins an aer, chonnairc se clais doimhin gainimh faoi, leath- líonta le clochaibh briste: ní raibh aige acht leath na móimeinte le breathnughadh cad é badh chóir a dhéanadh, agus leis sin, d'iompuigh se, i lar an aeir, cloigeann an eich go bruach na claise, agus do thuit an capall air a thaoibh, agus an marcach i bh-fogus dó, idir
an gaineamh cruinn agus an t-each. D'eirigh se go deifreach, agus do shaoil se nach raibh dochar air bith déanta: do mhothuigh se pianta mar is dual do dhuine brúighte a mhothughadh, acht níor shaoil se go raibh olc air bith déanta feárr a's bárr an brúghadh do fuair se. Is iomdha uair d'innis se an sgeul so dham, agus dúbhairt se go minic liom, ag trácht air an míothapadh so, go raibh iongnadh mór air, ag eirghe dhó ó chodladh maidin air n-a mhárach: feuch — bhí a chneis air aon taoibh dhé liath-ghorm, dubh, dorcha, cho dubh a's dá m- beidheadh se as tír na bh-fear dubh no gorm. Dob' éigin dó dul air ais d'á leaba; chuir se fios air liaigh eolasach, eagnach, acht as a sheomra níor chuaidh se le linn ráithe móire. Ní dúbhairt se, am air bhit, aon fhocal amháin milleáin faoi an sagart a bhí in éinfheacht leis. (Le bheith air leanamhain.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services