BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.
Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
Athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.
An t-Ochtmhadh Caibidil deug.
“Acht mo nuar d'á thír féin; tá a caithreim
'na luidhe,
“A's an croidhe cródha briste, ná'r bh'fhéi-
dir a chlaoidh” -
UaMórdha: do réir MhicHéil.
Anois i d-tosach na bliadhna 1833, do bhí
intinn agus croidhe an Easpoig chráibhthigh
thíorghrádhaigh so lán de'n mheud do chonnairc
se 'san Róimh, agus in gach tír Chatoilicigh in
ar' shiubhail se. Ins an bh-Frainc, 'san Iot-
áile, 'san m-Belgia, chonnairc se an Creid-
eamh Catoiliceach 'ga múineadh go follusach
agus ós árd do'n aos óg, do na malraighibh
óga, fir agus mná. Chonnairc se na tighthe
Eaglaise, na cealla árd-nósacha, flathamhla,
noch do chuireadar suas na sagairt agus na
h-easpoig as Éirinn. Dúbhairt se leis féin
“Cad fá nach bh-fuilmíd-ne mar do bhidheadar-
san? Cad é an fáth nach bh-fuil an cuma
ceudna againn-ne le obair a dhéanadh a's do
bhí aca-san. Cad chuige nach bh-fuilmíd ag
múineadh agus ag craobhsgaoileadh agus ag
leathnughadh an fhíor-chreidimh cheudna a's do
bhí aig na fearaibh naomhtha so.”
'Na cheann sin, do bhí se in a chroidhe ó thús
a óige órdughadh Dé i d-taoibh an fhíor-chrei-
dimh a chóimhlíonadh — gan roinn air bith dé a
chur faoi sgáth, no a cheilt, no a choigilt; ní
cóir an fíor-uisge a shalughadh i slighe air bith:
mar an g-ceudna ní cóir an fíor-chreideamh
a chur faoi smúid no sgáth. Do thosuigh
Seághan MacHéil go luath ag árdughadh a
ghotha agus a láimhe in aghaidh na Scoil Tíor-
thamhail (no náisiunda). Chonnairc se ná'r
chóimhlíonadar na ceannairt na geallamhna
do righne Stanleí a thabhairt, nuair a dúbh-
airt se — 1. Nach m-beidheadh scríobhanna air
a m-beidheadh míoshásamh aig Catoilicighibh
sgaptha air aon chor i measg malrach na
scoile. 2. Go m-beidheadh na sagairt Cat-
oiliceacha air comhthrom le pearsa-eaglaise
air bith eile. 3. Go m-beidheadh cúmhacht aca
na leanbha óga a theagasg gach lá agus gach
am in ar' chóir é. 4. Agus go m-beidheadh
uachtaránas na g-Catoiliceach comhthrom,
leath air leith, le lucht-faire na neamh-Chat-
oiliceach.
Chonnairc an t-easpog ná'r amhlaidh do
thárluigh oibriughadh na scoil so, agus mar
sin dé, d'árduigh se a ghuth, do thóg se a
pheann, mar righne se roimhe sin, agus d'in-
nis se do'n domhan mór an meud a bhí aige
le rádh. Ní raibh mórán maitheasa dhó scrí-
bhinn a chur aig muintir na Sacsan, no a
ghearán a dhéanadh leo: do shaoil an mhuintir
sin gur ab iad féin a bhí ceart, agus nach
raibh gréim céille air bith aig aon duine no
aon mhuintir noch do lámh dul in aghaidh a bhara-
mhail no a n-órdugadh: budh í a m-baramhail
gur fíor-amadáin sinne, Éireannaighe de gach
cineul, agus go raibh ciall an domhain aca
féin. Bhí fios i bh-fad roimhe sin aig an eas-
pog air an meud so; agus mar sin dé, níor
scríobh se chuig aon duine aca, agus níor
chuir se impidhe orra an cam a dhéanadh cómh-
throm, no an ceart a dhéanadh mar budh chóir
ó thús. Righne se a ghearán leis an domhan
mór.
Le trí céad bliadhain ní fuair clann na
h-Éireann ó riaghluightheoiribh na tíre slighe
éigin le oideas no eolas d'fhághail: ní h-é
amháin sin, acht righneadar ár n-uachtaráin a
n-díthchioll an meud soluis a bhí againn a
bhuaint uainn, agus solus ár súl a mhúchadh,
se sin, solus air Dhia agus air ár g-
creideamh, air ár n-anamaibh agus air an
nGlóir shíoruidhe a dhíbirt as ár g-croidhthibh.
Air feadh leith-chéid bliadhain agus ós a chionn,
bhidheadar ag déanadh geallamhain go m-
béarfaidís slighe dhúinn eolas d'fhághail.
Thugadar dhá míle deug púnt airgid le
scoile a chur air bun, acht ní ráinic pighin do
na Catoilicighibh, se sin, do chlainn na tíre
air fad de bhrigh nach n-aontóchaidís creideamh
a sinsear a thréigean: sin chugaibh an cleas
a bhí aig an dream do thairg an t-airgead so
do mhuintir na h-Éireann.
Anois fá dheire, bhí scoile 'ga g-cur suas,
acht do bheidheadh se náireach iad do ghlacadh,
mar do bhí siad stiuruighthe aig an am sin:
bocht an nidh é — tar éis trí céad bliadhain
troid go cródha, luidhe síos fá dheoigh, agus
admháil go rabhamar buailte, agus nach raibh
solus againn, no teas no teagar acht fuacht
agus laige: budh thráill suaracha sinn leithid
de sin a dhéanadh. Is uime sin d'árduigh
Seághan MacHéil a ghuth, agus d'ionnsuigh se
a namhaid go meisneamhail: fuair se buaidh fá
dheire, do'n Eaglais a stiuir se, agus do
chlainn a chreidimh. In 1869 d'admhuigh' eas-
poig na h-Éireann agus an Pápa fein, Pius
IX, go raibh Seághan MacHéil 'san g-ceart
ins an meud a dúbhairt se, agus a scríobh se
le fíor-oideas Catoiliceach d'fhághail do
chlainn na bh-fíreun in a d-tír-dúthchais féin.
I d-tús do bhí se leis féin 'san troid, fá
dheire, bhí na sagairt agus na h-easpoig
agus deagh-dhaoine na tíre go léir in éin-
fheacht leis ag iarraidh fíor-eolais do'n pho-
bul.
Air feadh an ama so, bhí cúram fairche
Chillealaidh air a ghuailnibh. Do na daoinibh,
idir aosda a's óg, a bhí faoi n-a stiuir agus
a riaghlughadh, thug se fios a g-creidimh agus
thug se an Cóimhneartughadh, no “dul faoi
láimh easpoig” do'n mhuintir a bhí ullmhuighthe,
agus do riaghail se a g-cléir agus a dhaoine.
Acht ní righne se dearmad air litre puiblidhe
do scríobhadh ó am go h-am, le cur in iul
do'n phobul agus do mhuintir na h-Éireann
go h-iomlán a n-dualgas d'á d-tír agus do
Dhia; agus air an trom-cheangal a bhí air
uachtaránaibh na daoine a riaghlughadh go
ceart agus a fheabhasughadh. Is mar so do
chaith se an bhliadhain 1833. In 1834, bhí se
le céim eile ag árdughadh. Budh toil le
Dia é chur ós cionn na h-árd-fhairche.
An Naomhadh Caibidil deug.
“Agus fós, d'eirigh imreas eadarra, cia
aca air a m-beidheadh meas é bheith níos mó.
Acht dúbhairt seisean riu; tá tighearnas aig
rigthibh na g-Cineadhach orra, agus an dream
aig a bh-fuil cúmhacht orra; goirthear daoine
flathamhla dhíobh. Acht ní mar sin daoibh-
se.” Naomh Lucas, xxii. 24-26.
Cho luath geur a's do bhí Seághan MacHéil
'na áirdeaspog, righne se a dhualgas a chóimh-
líonadh i d-taoibh a fhairche: 'ga riaghlughadh
agus 'ga díriughadh mar budh chóir. Níor
leigeadh dhó dearmad a dhéanadh air Chilla-
laidh, a d'fhág se, óir, mí 'n-éis an ama so,
cuireadh cruinniughadh air shagartaibh paráis-
de Eaglaise Naoimh Mhuireadaigh, le togha
a dhéanadh mar budh ghnáth, air phearsain-
eaglaise do b'fhiu, do réir eolais na cléire,
bheith 'na easpog ós a g-cionn in ionad an
easpoig a chuaidh uatha. An lá úd air a
righneadh an togha, bhí an t-áirdeaspog, Seá-
ghan MacHéil, 'na shuidhe ins an g-cathaoir
airimh ag glacadh páipeur na roghan: do
thárla ó'n sgrúdadh go 'bh-fuair an Bráthair
Proinsias Ioseph UaFionnain níos mó guth
roghan ioná sagart air bith eile.
Do rugadh an t-adhbhar-easpoig UaFionn-
ain in gar do Beulátha-an-fheádha i m-bliadh-
ain 1770: mar sin dé, bhí se i láthair trí
fichid agus ceithre bliadhanta d'aois. Nuair
do bhí se seacht m-bliadhanta deug, do chuaidh
se do'n Róimh, agus do glacadh asteach in órd
Naoimh Dhoiminic é — Órd na Seanmóradh.
Air feadh se bliadhain, righne se fóghluim in
a measg no go righneadh sagart dé. Annsin
tháinic se air ais go h-Éirinn, agus bhí se
bliadhanta i b-Portlairge ag déanadh dual-
gais sagairt, ag foillsiughadh soisgéil
Críost, agus ag tabhairt soláis do'n mhuin-
tir bhoicht dolásaigh, ainbhfiosaigh. Fuair se
órdughadh, tar éis seala, imtheacht leis go h-
Iarn-deas na h-Eorpa, go Port-nangall,
go cathair Liosbon, áit in a righneadh uachta-
rán dé ós cionn tighe d'á órd d'á ngoirthear
“Corpo Santo.” As so tháinic se fá dheire
do'n Róimh, áit a d-tárla se féin agus
Seághan MacHéil le chéile i m-bliadhain
1833. Do thaithin se cho mór do'n easpog an
t-am sin gur chuimhnigh se air, nuair do bhí
Cómharba le bheith in a áit féin, air chathaoir
Naoimh Mhuireadaigh.
Nuair do chualaidh an Róimh faoi an togha
so, gur mian le sagartaibh Chillealaidh go
m-beidheadh an Bráthair Proinsias UaFionn-
ain 'na easpog ós a g-cionn, d'aontuigh an
“Propaganda” leis, agus do neartuigheadar
an rogha noch rigneadh an chléir. Do dhear-
bhuigh an Pápa an meud do righneadh, agus
do reachtuigh se 'na easpog Proinsias Ua
Fionnain, d'órd Naoimh Dhoiminic, a bhí ins
an am ceudna sin 'san Róimh. Righneadh
annsin easpog dé, air an g-cúigeadh lá
deug Márta 1835, agus budh cheart dó
filleadh go fearamhail a bhaile d'á thír féin
agus d'a eaglais féin. Acht ní righne se
amhlaidh: d'fhan se i g-cathair na Róimhe ó'n
am sin go d-tí mí mheádhon an fhóghmhair i m-
bliadhain 1835. Do tháinic se fá dheoigh
agus fá dheire go h-Éirinn, agus d'fhill se
go cathair a fhairche séin. Budh mhór an lán
oibre a bhí roimhe le deanadh; — an chléir a
mhaolughadh agus a shocrughadh go soineanda,
sámh; na daoine a stiuradh i slighe na subh-
ailceadh agus na solás spioradálta; síoth-
cháin a scapadh i measg na cléire agus an
phobuil, agus iad go h-iomlán a neartughadh
agus a dhaingniughadh in aghaidh cleas agus
cluainireachta droch-dhaoineadh agus namhad
Dé. Is leath na h-oibre tosach maith, acht
faraoir, níor thosuigh se go ceart.
Do bhí sagart i g-Cillalaidh an t-am sin,
d'ár bh'ainm Seághan Pádraic UaLiatháin,
sagart paráisde Bhéil-Átha-chruaidh i m-Beann-
char-Iarrois. I measg na n-daoineadh bhí
cáil air go raibh se meanmnach, measamhail,
feidhmeamhail, fearamhail, — sagart aig a
raibh eolas a ghnóthaidh go maith; acht go raibh
se dána, danartha, doshásda. In aimsir a
óige, bhí se i m-baile an Chláir (Chlainne-
Mhuiris) i g-condae Mhaigheó, ag díriughadh
clainne óige na h-áite i slighthibh an oidis
agus an eolais. Mar gheall air so, agus
mar gheall go raibh fios maith aige air mhuin-
tir gaoil an fhir óig, agus air a athair agus
a mháthair, do thóig an t-Easpog Ualdronach
é mar mhac-léighin dó féin, agus do chuir se
é go Coláiste MhaigheNuadhat. Do bhí se
ag fóghluim ins an d-tigh-eolais sin air feadh
sé m-bliadhain. Fá dheire, d'fhág se an
coláiste tíorthamhail so, agus do thosuigh se
ag tabhairt teagaisg uaidh mar oide-scoile i
m-baile d'á ngoirthear “Enfield.” Do bhí
se annsin ós cionn bliadhna, no gur chuir
Easpog Chillealaidh fios air, agus go righne
se sagart dé. Do chuir se in a chathair féin
é ós cionn mac-léighin óg chum iad a thabhairt
suas in oideas saoghalta agus in oideas
riaghalta. Is mar so do bhí an t-Athair
Seághan Pádraic UaLiatháin an t-am
do tháinich Seághan MacHéil as MághNua-
dhat, agus do shocruigh i m-Beulátha-an-Fheádha,
1825. Tar éis seala, fuair an sagart so
paráisde Beul-átha-chruaidh, i bh-fad siar in
iargcúl Iarrois. Ní raibh se i bh-fad ann-
sin nuair do thosuigh se riaghlughadh mar budh
chleachtach leis, air módh go d-táinic, bliadhain
'na dhiaigh sin, fir foirfe an pharáisde ó Iar-
ros go Beulátha-an-fheádha le casaoid a
dhéanadh leis an easpog Ualdronach faoi.
Chualaidh an t-easpog a ngearán, agus do
chuir i m-baile iad, agus do scríobh se litir
chuig an athair Seághan ag rádh leis go socair
gan a bheith cho dian a's do bhí se, as sin
amach, leis na daoinibh bochta, buaidheartha.
'Se an freagradh do chuir an sagart so d'á
righne an t-easpog an oiread a's righne se,
go raibh paráisde aige féin, agus fairche aig
an easpog; budh chóir dó-san aire a thabhairt
do'n fhairche, agus do bhéarfadh seisean aire
d'á pharáisde. Tá an sgeul so agam ó
bheul an té a chonnairc an litir — sagart
measamhail, fóghlumtha, fiuntach. Ní'l se as
áit an sgeul so d'innseacht, ionnos go m-
beidheadh fios air an té a léigheas air mhéin
agus air mhíonach an duine a tharraing an
oiread sin de chlampar air an easpog nuadh.
Is mór an t-ádhbhar teagaisg sgeulta mar
iad so; bheireann siad eolas dúinn air an
dream daoineadh a bhí ann roimhe so, agus
cad é an chaoi d'eirigh leo fá dheire; ar chuir
Dia bláth no biseach air a m-bealaighibh, no
ar thuit siad air lár gan focal fútha.
Is é so an sagart noch do thóg an t-easpog
nuadh le bheith in ionad easpoig leis féin, 'na
árd-fhear-ionaid, agus 'na dhéadhan air chléir
na fairche go h-uile. Righne se a thoghadh gan
breathnughadh roimhe, gan fios air bith air a
thréithibh intinne, no faoi chailidheachtaibh a
mhéine, acht amháin an sgeul fánach do réir
miain do chualaidh se ó n-a dheirbhshiur féin.
Níor iomchair se é féin ins an togha so do
réir cómhairle an Phápa, a dúbhairt leis go
céillidhe, “am a ghlacadh,” agus fanacht no go
rachadh se i m-baile. Tar éis sin, dúbhairt
an Pápa leis, a dhéanadh do réir a thola.
Nuair do thárla dhó bheith i m-Beulátha-an-
fheádha, thangadar na sagairt agus d'úmhluigh-
eadar dhó, agus chuireadar fáilte roimhe.
Tar éis seachtmhaine, do chruinnigheadar a g-
ceann a chéile i Móirchill an bhaile, agus
righneadar casaoid faoi an Athair Seághan
Pádraic UaLiatháin a bheith ós a g-cionn.
Dúbhradar go raibh se 'na fhear borb, cealgach,
feargach, gur le cluainireacht agus le cleas-
aidheacht fuair se árdughadh ó'n ionad in a
raibh se do'n réim a bhí in a sheilbh. D'éist
an t-Easpog UaFionnain leis an ngearán
so, acht níor thug se sásadh air bith do'n
chléir.
Annsin do scríobhadar do'n Róimh, agus
chuireadar a g-casaoid ós cómhair uachtarán
na h-Eaglaise, agus dúbhradar nár chóir
fear de'n t-samhail sin, aig a raibh cailidhe-
achta mar bhí aige, a bheith ós cionn sagart a
bhí ceart, fóghlumtha, cóir, fiuntach. Thug an
Róimh órdughadh d'Áirdeaspog Árdamácha,
agus do Sheághan MacHéil, Áirdeaspog
Thuama, mar aon le h-easpog Dhúna-dhá-
leath-ghlas agus Chondoire, — trí ceannairt-
eaglaise — teacht agus réidhteach a dhéanadh
eadarra. Do thangadar, agus righneadar a
n-díthchioll, acht ní raibh maith ann. Chuadar
na h-easpoig tríd na paráisdibh; do ghlaca-
dar fiadhnuisí air gach taoibh; righneadar
cómhthrom in gach áit ar' chualadar nach raibh
cómhthrom déanta, agus do shéideadar guth na
síothchána ós cionn na fairche air fad. Fá
dheire in gar do'n Inid i m-bliadhain 1838,
do chuireadar a g-cúntas faoi an meud do
chualadar agus do righneadar do'n Róimh.
Mar gheall air sin, cuireadh fios air an
Easpog UaFionnain teacht go cathaoir na n-
Apstol; agus tugadh annsin cómhairle dhó,
eirghe as an g-clampar mór in a raibh se,
agus mar sin dé, a fhairche no a riaghlughadh
thabhairt suas do lámhaibh an Phápa. D'aon-
tuigh se do'n deagh-chómhairle so, agus d'ór-
dughadh na g-Cairdional. Thug se suas riagh-
lughadh a fhairche, agus tháinic ciuineas mór
agus ceannsacht air chrích Chillealaidh go h-
iomlán.
Budh mhór an mí-ádh do an Catoilicighibh
cneasda, macánta, bheith ag amharc air an
meud so clampair, agus ag éisteacht leis
cho fada a's bhí se air bun. Budh mhór an t-
adhbhar-oilbhéime é, acht ní raibh arach air :
caithfidh an oilbhéim a theacht, deir ár d-Ti-
ghearna. Do bhí eud agus eachran, am n-ann,
i measg leantóir Chríost féin, roimh an
Spiorad Naomh teacht anuas orra go follus-
ach. Tá se deacair go leor beusa agus
bealaighe an t-saoghail a chathadh amach air
fad ó chroidhthibh na cléire, mar deirtear ins
an seanrádh “is daoine na bráithre féin.”
Do thug an Tighearna órdughadh dhúinn go h-
uile, bheith, mar do bhí se féin, “ceannsa agus
úmhal i g-croidhe:” acht ní gach duine a dhéan-
as an léighean so d'fhóghluim, agus a leanas
go díreach i g-coischéimeannaibh an t-Slán-
uightheora. Deir se le lucht a leanamhna:
“an té is áirde in bhur measg, bidheadh se
mar an neach is ísle; agus an té a tá mar
uachtarán, mar an neach a fhríothólas dó …
anois atáimse in bhur measg mar neach ag
riarughadh dhaoibh.” Sin sámhlughadh a bheireas
ár d-Tighearna dhúinn go h-uile, — sompla
na h-ísleachta agus na h-úmhlachta.
An Ficheadh Caibidil.
“As na doimhneachaibh d'éigh me ort-sa, a
Thighearna.” Salm 129.
'Se an t-easpog a bhí i g-Cillalaidh 'n-éis
an Easpoig UíFhionnain, Tomás UaFiana;
agus le n-a linn tháinic sógh agus síothcháin
air an g-cléir agus air chlainn an chreidimh
go h-iomlán. Budh mhac é d'athair fiuntach,
agus de mháthair mheasamhail ionmholta, a bhí
'na g-cómhnuighe i b-paráisde CrosBaoithin
in gar do bhaile an Chláir i g-Condae
Mhaigheó. Rugadh é ins an m-bliadhain 1790,
gar do'n am in a rugadh Seághan MacHéil;
agus fuair se oileamhain agus cuid d'á
oideas i b-paráisde a athar agus a mháthar.
D'fhóghluim se Laidin 'san g-Clár agus i m-
Bealach-an-doirín. Nuair do tháinic a uain
do cuireadh é go Coláiste Mhaighe-Nuadhat,
in a righne se cáil dó féin go raibh intleacht
mhaith aige. I m-bliadhain 1818, do ghlaoidh
an t-Áirdeaspog UaCeallaigh a bhaile é,
thug órd sagairt dó, agus chuir mar oide é i
g-coláiste Naoimh Iarfhlatha: air feadh seacht
m-bliadhain, bhí se ann mar oide, agus mar
uachtaran air feadh sé m-bliadhain eile — go
1831. Righneadh sagart paráisde Chille-
tullaigh dhé an bhliadhain sin, agus bhí se ós
a chionn no gur toghadh é le bheith 'na easpog
i m-bliadhain 1839.
Is fiu innseacht an chaoi in ar toghadh an
t-Athair Tomás UaFiana le bheith 'na eas-
pog. Tá fios aig gach duine nuair do chuaidh
ár Slánuightheoir suas an cheud Diardaoin
deasgabhála go flaitheamhnas i radharc a aon
apstol deug agus a leantóir eile ó mhul-
lach Sléibhe na n-Oluidheadh, gur fhilleadar
na h-apstoil go baile Iarusalem, agus gur
chuadar asteach i seomra a bhí in áirde.
Budh mhian le Peadar, ionnos go m-beidheadh
uimhir na n-apstol dá fhear dheug, apstol,
amháin eile a thoghadh a bheith in áit Iudais noch
do bhreath a Thighearna, agus in a dhiaigh sin,
do chroch é féin. Air an adhbhar sin, d'eirigh
Naomh Peadar i lár na muintire a bhí cruin-
nighthe annsin air an ngnó so, agus dúbhairt
se: “mar sin dé, tá se riachtanach aon fhear
amháin a thoghadh de na fearaibh so a bhí mar aon
linn air feadh iomláin na h-aimsire in ar
chuaidh an Tighearna Íosa asteach agus amach
eadrainn, le bheith 'na fhiadhnuise air a eiseirghe
in éinfheacht linn.” Annsin do chuireadar
beirt — Íoseph agus Mattias — agus chuirea-
dar suas impidhe chum an Tighearna, taisbeá-
nadh cia aca do thogh Se. Do theilgeadar
crannchar agus do thuit se air Mhattias, agus
do toghadh é le bheith 'na apstol. Mar an g-
ceudna, do thoghadar na h-easpoig Tomás
UaFiana. Do bhí triur sagart ann, agus ní
raibh fios air cheannartaibh na cléire cia aca
badh chóir a thoghadh. Annsin chuireadar im-
pidhe air Spiorad na Fírinne, an fear ceart
a thaisbeánadh. Tar éis sin, chuireadar anm-
anna an triuir i ngleus crannchair, agus 'se
an cheud ainm a tháinic amach ainm an Athar
Thomáis UíFiana. Do ghlacadar gur ab í
toil Dé an fear sin a thoghadh: do chuireadar
a ainm i lámhaibh Áirdeaspoig Áthacliath do'n
Róimh, d'aontuigh an Coláiste “de Propa-
ganda Fíde” do'n rogha, agus do dhearbhuigh
agus reachtuigh an Pápa é, agus righneadh
easpog dé'n fhear toghtha, i mí dhéigheanaigh an
t-Samhraidh 1839. Do bhí se 'na easpog
congnamhthaigh ós cionn Chillealaidh go 1847,
agus 'na easpog go lá a bháis, an naomhadh
lá dé mhí mheádhoin an t-Samhraidh 1873.
I mí na Samhna 1837, fuair Pádraic, athair
Sheághain MhicHéil bás, lán de laethibh, d'á aois
ocht m-bliadhna agus ceithre fichid. Do bhí clann
Héil, daoine na treibhe air fad, buan, fad-
shaoghalach; agus mar sin dé, do réir nádúra,
do mhair Pádraic agus Seághan go h-aois
mhóir fhada ós cionn na m-bliadhain a tugthar
do ghnáth do dhaoinibh na h-aimsire so.
B'fhéidir gur ceart a rádh anois go raibh
Seághan MacHéil seacht n-amanna air
bhruach an bháis. Aon am nuair do bhí se 'na
oide i g-Coláiste MaigheNuadhat, chuaidh se,
lá áirighthe go DúnLaoghaire chum snaimh in
uisge na mara: fuair se pian in a ghoile
agus arranga in a thaoibh agus in a cheath-
ramhnaibh; tarraingeadh asteach é, leath-mharbh,
leath-dhubh. Ins an am sin, ní raibh ins an
áit acht aon teach amháin, anois tá baile mór
ins an áit ceudna. Do cuireadh fios air
shean-liaigh tuatha a bhí ins an áit; do bhuain
se cuid fola as, agus do chuir se in a
chodladh é, agus air n-a mhárach do bhí biseach
mór air. An t-am eile do bhí se gar do
bheith báidhte, nuair bhí se ag snámh in áit air
a glaoidhthear Poll-na-Duibhe, i b-paráisde
Teampul-buidhe in gar go h-Iasgaidh. Do
bhí fonn air, lá n-ann, é féin fholcadh ins an
t-sruth; leis sin, do léim se amach ins an
bh-fairge, tráth do bhí se ag tuilleadh. Do
bhí an fhairge feargach, fraochmhar, ag dortadh
a tuilteadh go trom, agus do bhí an linn
doimhin, agus deacrach le snámh, óir do bhí si
líonta le feamain, agus de'n leathrach úd
air a bh-fuil ainm “fághmaire buidhe.” 'San
d-tráth so, i d-timchioll 1818, bhí se, ní h-é
amháin 'na oide i MághNuadhat, acht 'na
shagart paráisde air Theampul-buidhe. Do
lean buachaill óg ó thigh a lóistín é, ag fair-
eadh air, agus do sheas seal amach ó'n tráigh.
Ag amharc amach tar éis tamaill, chonnairc
se an sagart mar bheidheadh fear 'ga bháthadh,
óir níor bh'fhéidir dhó snámh ó'n meud feamna
buidhe a bhí ann. Do rith an buachaill síos
go deifreach i bh-fogus na trágha, agus do
sheachuid se amach léine a bhí annsin, ag
congbháil greama uirri ins an am ceudna.
Leis an ngleus so, tugadh an sagart asteach
leath-mharbh. 'Se an t-ainm agus an sloinne
a bhí air an bh-fear óg so a chongbhaigh slán
beatha cho lóghmhar sin, Mícheál Mac Diarmu-
da. Is aisdeach an nidh a thárla do réir tola
Dé; d'eirigh an deagh-mhalrach so le bheith 'na
shagart, agus ní h-é amháin acht ós cionn an
pharáisde cheudna, noch do bhí an tráth sin
faoi sdiuir MhicHéil. Do bhí Seághan Mac
Héil am eile in gar do bheith báidhte in Iar-
ros, amuigh faoi na tonntaibh ag snámh. Trí
no ceithre amanna bhí se in gádh a bháthadh i
m-bádaibh, agus ó chómhrac idir lucht loinge.
Nuair do bhí se 'na easpog óg i m-Beul-
átha-an-fheádha, bhí se 'na mharcach an-bhreágh:
bhí fonn air marcuigheacht a dhéanadh ó am
go h-am. Lá n-ann do bhí se féin agus an
t-Athair B. Coisdealbhach ag marcuigheacht,
do sheoladar asteach faoi na machairibh agus
na gortaibh, seal ag rith seal ag léimnigh le
n-a n-eachaibh. Do chuir an sagart geall
nach m-béarfadh an t-easpog léim tar chlaidh
áirighthe: dúbhairt seisean go n-déanfadh.
Níor chuimnigh se air an sean-fhocal, “breath-
nuigh rómhat roimh léim a thabhairt;” acht do
dheifrigh se a each, agus thug se an léim —
agus nuair a bhí se go h-árd ins an aer,
chonnairc se clais doimhin gainimh faoi, leath-
líonta le clochaibh briste: ní raibh aige acht
leath na móimeinte le breathnughadh cad é
badh chóir a dhéanadh, agus leis sin, d'iompuigh
se, i lar an aeir, cloigeann an eich go bruach
na claise, agus do thuit an capall air a
thaoibh, agus an marcach i bh-fogus dó, idir
an gaineamh cruinn agus an t-each.
D'eirigh se go deifreach, agus do shaoil se
nach raibh dochar air bith déanta: do mhothuigh
se pianta mar is dual do dhuine brúighte
a mhothughadh, acht níor shaoil se go raibh olc air
bith déanta feárr a's bárr an brúghadh do
fuair se. Is iomdha uair d'innis se an sgeul
so dham, agus dúbhairt se go minic liom, ag
trácht air an míothapadh so, go raibh iongnadh
mór air, ag eirghe dhó ó chodladh maidin air
n-a mhárach: feuch — bhí a chneis air aon taoibh
dhé liath-ghorm, dubh, dorcha, cho dubh a's dá m-
beidheadh se as tír na bh-fear dubh no gorm.
Dob' éigin dó dul air ais d'á leaba; chuir
se fios air liaigh eolasach, eagnach, acht as
a sheomra níor chuaidh se le linn ráithe móire.
Ní dúbhairt se, am air bhit, aon fhocal
amháin milleáin faoi an sagart a bhí in
éinfheacht leis.
(Le bheith air leanamhain.)