Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil Déag.
Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. An Seachtmhadh Caibidil deug. Ó'n meud a dubhradh cheana air Chillalaidh agus air a easpogaibh, tá fíos aig an té a léigheas go raibh an t-easpog Ualdronach ós cionn Cille Naoimh Mhuireadaigh, agus gur ab é an t-easpog budh sine é ins an g-cúige. Mar sin dé, bhí se i n-dán dó teacht go Tuaim le onóir a thaisbeánadh do'n áirdeas- pog a bhí anois marbh, agus le cómhairle thabh- airt do'n chléir, agus le fear-ionaid easpoig a thoghadh. Tháinic se, righne se mar budh mhian leis, d'fhill se a bhaile in a charbad féin. Do bhí se lag; fuair se, 'na cheann sin, slaighdeán — agus bhí se feárr a's bárr bre- oite. Acht thárla go raibh se gnáthach leis, an chlog a thochardadh, noch a bhí i bh-fogus d'á sheo- mra codalta. D'árduigh se é féin air stól leis an obair so a dhéanadh, thuit se agus fuair se bárr-thuisleadh air mhullach a chinn treasna na staidhridh síos air an talamh. Budh mhillteach an leagan é, thuit támhshuan air. Air feadh dhá lá bhí se ins an tromthocht so, acht seal geárr amháin. Cuireadh an ola dhéigheanach air; fuair se an lón-bóthair, agus i measg urnuighe agus impidhe a mhuintire agus a chléire, d'fháidh a spiorad do'n Té do chruthuigh é. Níor bh'fhada ó'n am fuair Air- deaspog Thuama bás go raibh Easpog Chille- alaidh i measg na marbh. Ní'l fios aig an té is fóghlumtha uair a bháis. Do bhí Seághan MacHéil anois 'na easpog ós cionn fairche Chillealaidh. Ní raibh easpog air bith i d-Tuaim. Do cuireadh trí anmanna do'n Róimh, — an t-Athair Brian De Búrc, sagart paráisde Chathar-na-mart; Seághan MacHéil, Easpog Chillealaidh; agus an t- Athair Seághan Ua Nualláin, sagart Bhalla, a bhí 'na fhear-ionaid easpoig ins an bh-fairche. Budh mhaith le go leor de mhuintir na h- Éireann go h-iomlán go m-beidheadh Seághan MacHéil 'na Áirdeaspog; budh mhaith le muintir a tá ag riaghlughadh na tíre, agus an meud a bhí faoi n-a stiur go m-beidheadh an t-Athair Brian De Búrc 'na áirdeaspog. Mar sin, do bhí eud mór idir an dá mhuintir;
chuir na Sacsanacha fear-teachtaireachta do'n Róimh le n-a mian agus a n-intinn a chur ós cómhair na g-Cáirdional. Dubhradar ná'r cóir d'fhear dána, danartha, daingean, dobhuailte mar do bhí an t-Easpog MacHéil a bheith ós cionn cúigidh air bith; acht gur cheart d'áirdeaspog bheith 'na fhear foighideach, faolach, fíor-urramach. “Léighídh an meud do scríobh se,” ar siad-san, “agus feicfidh sibh cad é an duine a tá ann.” Nuair chualaidh Gregóir an Pápa an meud a dubh- radh faoi, thug se ordughadh leabhra agus scríobhanna Sheághain MhicHéil d'aistriughadh ó Shacsbheurla go Iotaileach. Ní raibh fios aig an b-Pápa air aon fhocal amháin Sacs- bheurla. Nuair do léigh se na leabhra, dubhairt se go raibh an meud a dubhairt an t-Easpog MacHéil ceart, agus thug se ordughadh faoi n-a láimh féin, ins an am ceudna áirdeaspog a dheánadh d' Easpog Cillealaidh. Tá Seághan MacHéil anois 'na áirdeas- pog 'na shuidhe air chathaoir Naoimh Iarfhlatha. Budh mhór an righ-mheud agus lúthgháir a bhí air mhuintir na h-Éireann nuair chualadar an sgeul sin. Is iondual do'n domhan an meud daoineadh a bhí cruinn le aisdear onórach a thabhairt dó ó Chillalaidh, no ó Bheulátha-an- fheádha go Caisleán-an-Bharraigh agus as sin go Tuaim. Ní iomdha uair do fuair se onóir níos mó ioná fuair se an lá sin. Níor bh'fhéidir leis fhághail. D'fhilleadar na fíreun- ta agus a cháirde a bhaile tar éis sin, ag rádh “Buan, beannachtach, fad-shaoghalach go raibh se.” Fuaradar a n-impidhe. (Le bheith air leanamhain.) NUADH-EABHRAC, AN NAOMHADH LA DEUG SEACHTMHIOSA 1883. A SHAOI IONMHUIN, Ba luathghaire mhor dham i an t-“Irisleabhar” d'fheicsin aris! agus creid me go bh-fuil iomad daoineadh 'san tir so cho luathghaireach liomsa d'a thaoibh, agus is doigh liomsa agus leosan go g-clobhuailfear e gan mear- bhal a so amach. Tabhair cead dam beagan a radh uim earradaibh eigin do thaisbean in m'artiogal in uibhir 8 de'n “Irisleabhar,” leis an ainm “Ca h-ait a labhairthear an Ghaedhilig is fearr?” Cuimhnigh, le do thoil, nach bh-fuilim dul a dheunadh gearain, oir ni aithnighim nach liom fein do thosuigh na h-earraideacha; tuille fos, ta fhios agam nar sgriobhadh an t-artiogal go soilleir. Foillsighim na h- earraideacha bhi ann, air son na n-iomad daoineadh ata ag foghluim na Gaedhilge, oir ta suil aca go m-beidh Gaedhilig an “Irisleabhair” ceart a g-comnuidhe; acht is coir dhoibh cuimhniughadh gurab an-deacair aon teanga do bheith clobhuailte go ceart nuair nach d-tuigeann na clodhadora i, agus measaim nach bh-fuil tri clodhadora in Eirinn thuigeas Gaedhilig. Is truagh e so le radh, acht farraoir! ta se fior. Tosochaidh me le na h-earradaibh ba mheasa 'san airtiogal. Ta an radh, “air son na cama agus na claonadh” micheart; ba choir e do bheith “air son na g-camadh agus na g-claonadh;” riaghluigheann “air son” an cas geineamhnach, agus ba choir do na foclaibh cama agus claonadh do bheith 'san geineamhnach iolradh agus do bheith urduighthe leis an litir g roimh an c le n-a d-tosuigheann siad. Ta an focal ciall litrighthe in aon ait le aon l; ta dearmad litrighthe in aon ait gan an litir e; ta tri e 'san bh-focal Eireannach, agus ta an focal Eireann clobhuailte in ait Eirinn, no an cas geineamhnach cuirthe in ait an chais thabharthaigh. Ta aite eile in a g-cuirthear a in ait o agus vice versa. Gheabhthar an chuid is mo de na h-earraidibh ag duilleoig 256, 'san dara pileur. Aon fhocal anois timcheall an chlo. Feicim, go mi- fhortunach, gur ab ail leis an g-cuid is mo dod' leigh- theoraibh, an sean-chlo; acht na h-iarr orm do sgriobhadh na Gaedhilge ann, oir gach am a dheunaim sin, airighim go n-deunaim micheart leis an teangain. Cad i an chuis ag duine 'nuair sgriobhann se, go h-airighthe 'nuair sgriobhann se do'n phubluidheachd? An i nach go leighfidh an meud is mo de dhaoinibh na focail a sgriobhas se? Cuir i g-cas nach bh-fuil acht deich mile duine 'san domhan a leigheas Gaedhilig, ta air an laghad, ma airmhid na h-Albanaighe, leath dhiobh so nach bh-feudann i leigheadh 'nuair sgriobhthar 'sna sean- litiribh i. Leig doibh so ghradhuigheas sgath nios mo 'na brigh, sgriobhadh 'sna sean-litiribh; ta meise socruigh- the na litire Romanacha do chleachtadh cho fad agus clobhuailfidh daoine Gaedhilig ionnta. Meise do chara, T. O. RUISEAL.
No. 10. - Vol. I.] DUBLIN, AUGUST, 1883. [PRICE SIXPENCE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services