Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil Déag.

Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



An Seachtmhadh Caibidil deug.



Ó'n meud a dubhradh cheana air Chillalaidh
agus air a easpogaibh, tá fíos aig an té a
léigheas go raibh an t-easpog Ualdronach ós
cionn Cille Naoimh Mhuireadaigh, agus gur
ab é an t-easpog budh sine é ins an g-cúige.
Mar sin dé, bhí se i n-dán dó teacht go
Tuaim le onóir a thaisbeánadh do'n áirdeas-
pog a bhí anois marbh, agus le cómhairle thabh-
airt do'n chléir, agus le fear-ionaid easpoig
a thoghadh. Tháinic se, righne se mar budh
mhian leis, d'fhill se a bhaile in a charbad féin.
Do bhí se lag; fuair se, 'na cheann sin,
slaighdeán — agus bhí se feárr a's bárr bre-
oite. Acht thárla go raibh se gnáthach leis, an
chlog a thochardadh, noch a bhí i bh-fogus d'á sheo-
mra codalta. D'árduigh se é féin air stól
leis an obair so a dhéanadh, thuit se agus
fuair se bárr-thuisleadh air mhullach a chinn
treasna na staidhridh síos air an talamh.
Budh mhillteach an leagan é, thuit támhshuan
air. Air feadh dhá lá bhí se ins an tromthocht
so, acht seal geárr amháin. Cuireadh an ola
dhéigheanach air; fuair se an lón-bóthair, agus
i measg urnuighe agus impidhe a mhuintire
agus a chléire, d'fháidh a spiorad do'n Té do
chruthuigh é. Níor bh'fhada ó'n am fuair Air-
deaspog Thuama bás go raibh Easpog Chille-
alaidh i measg na marbh. Ní'l fios aig an
té is fóghlumtha uair a bháis.

Do bhí Seághan MacHéil anois 'na easpog
ós cionn fairche Chillealaidh. Ní raibh easpog
air bith i d-Tuaim. Do cuireadh trí anmanna
do'n Róimh, — an t-Athair Brian De Búrc,
sagart paráisde Chathar-na-mart; Seághan
MacHéil, Easpog Chillealaidh; agus an t-
Athair Seághan Ua Nualláin, sagart Bhalla,
a bhí 'na fhear-ionaid easpoig ins an bh-fairche.
Budh mhaith le go leor de mhuintir na h-
Éireann go h-iomlán go m-beidheadh Seághan
MacHéil 'na Áirdeaspog; budh mhaith le
muintir a tá ag riaghlughadh na tíre, agus an
meud a bhí faoi n-a stiur go m-beidheadh an
t-Athair Brian De Búrc 'na áirdeaspog.
Mar sin, do bhí eud mór idir an dá mhuintir;


L. 292


chuir na Sacsanacha fear-teachtaireachta do'n
Róimh le n-a mian agus a n-intinn a chur ós
cómhair na g-Cáirdional. Dubhradar ná'r
cóir d'fhear dána, danartha, daingean,
dobhuailte mar do bhí an t-Easpog MacHéil
a bheith ós cionn cúigidh air bith; acht gur cheart
d'áirdeaspog bheith 'na fhear foighideach,
faolach, fíor-urramach. “Léighídh an meud
do scríobh se,” ar siad-san, “agus feicfidh
sibh cad é an duine a tá ann.” Nuair
chualaidh Gregóir an Pápa an meud a dubh-
radh faoi, thug se ordughadh leabhra agus
scríobhanna Sheághain MhicHéil d'aistriughadh
ó Shacsbheurla go Iotaileach. Ní raibh fios
aig an b-Pápa air aon fhocal amháin Sacs-
bheurla. Nuair do léigh se na leabhra,
dubhairt se go raibh an meud a dubhairt an
t-Easpog MacHéil ceart, agus thug se
ordughadh faoi n-a láimh féin, ins an am
ceudna áirdeaspog a dheánadh d' Easpog
Cillealaidh.

Tá Seághan MacHéil anois 'na áirdeas-
pog 'na shuidhe air chathaoir Naoimh Iarfhlatha.
Budh mhór an righ-mheud agus lúthgháir a bhí air
mhuintir na h-Éireann nuair chualadar an
sgeul sin. Is iondual do'n domhan an meud
daoineadh a bhí cruinn le aisdear onórach a
thabhairt dó ó Chillalaidh, no ó Bheulátha-an-
fheádha go Caisleán-an-Bharraigh agus as sin
go Tuaim. Ní iomdha uair do fuair se onóir
níos mó ioná fuair se an lá sin. Níor
bh'fhéidir leis fhághail. D'fhilleadar na fíreun-
ta agus a cháirde a bhaile tar éis sin, ag rádh
“Buan, beannachtach, fad-shaoghalach go raibh
se.” Fuaradar a n-impidhe.



(Le bheith air leanamhain.)



NUADH-EABHRAC, AN NAOMHADH LA
DEUG SEACHTMHIOSA 1883.

A SHAOI IONMHUIN,



Ba luathghaire mhor dham i an t-“Irisleabhar”
d'fheicsin aris! agus creid me go bh-fuil iomad daoineadh
'san tir so cho luathghaireach liomsa d'a thaoibh, agus is
doigh liomsa agus leosan go g-clobhuailfear e gan mear-
bhal a so amach.



Tabhair cead dam beagan a radh uim earradaibh eigin
do thaisbean in m'artiogal in uibhir 8 de'n “Irisleabhar,”
leis an ainm “Ca h-ait a labhairthear an Ghaedhilig is
fearr?” Cuimhnigh, le do thoil, nach bh-fuilim dul a
dheunadh gearain, oir ni aithnighim nach liom fein do
thosuigh na h-earraideacha; tuille fos, ta fhios agam nar
sgriobhadh an t-artiogal go soilleir. Foillsighim na h-
earraideacha bhi ann, air son na n-iomad daoineadh ata
ag foghluim na Gaedhilge, oir ta suil aca go m-beidh
Gaedhilig an “Irisleabhair” ceart a g-comnuidhe; acht
is coir dhoibh cuimhniughadh gurab an-deacair aon teanga
do bheith clobhuailte go ceart nuair nach d-tuigeann na
clodhadora i, agus measaim nach bh-fuil tri clodhadora
in Eirinn thuigeas Gaedhilig. Is truagh e so le radh,
acht farraoir! ta se fior.

Tosochaidh me le na h-earradaibh ba mheasa 'san
airtiogal. Ta an radh, “air son na cama agus na
claonadh” micheart; ba choir e do bheith “air son na
g-camadh agus na g-claonadh;” riaghluigheann “air son”
an cas geineamhnach, agus ba choir do na foclaibh cama
agus claonadh do bheith 'san geineamhnach iolradh agus
do bheith urduighthe leis an litir g roimh an c le n-a
d-tosuigheann siad. Ta an focal ciall litrighthe in aon ait
le aon l; ta dearmad litrighthe in aon ait gan an litir e;
ta tri e 'san bh-focal Eireannach, agus ta an focal Eireann
clobhuailte in ait Eirinn, no an cas geineamhnach cuirthe
in ait an chais thabharthaigh. Ta aite eile in a g-cuirthear
a in ait o agus vice versa. Gheabhthar an chuid is mo de
na h-earraidibh ag duilleoig 256, 'san dara pileur.



Aon fhocal anois timcheall an chlo. Feicim, go mi-
fhortunach, gur ab ail leis an g-cuid is mo dod' leigh-
theoraibh, an sean-chlo; acht na h-iarr orm do sgriobhadh
na Gaedhilge ann, oir gach am a dheunaim sin, airighim
go n-deunaim micheart leis an teangain. Cad i an
chuis ag duine 'nuair sgriobhann se, go h-airighthe
'nuair sgriobhann se do'n phubluidheachd? An i
nach go leighfidh an meud is mo de dhaoinibh na
focail a sgriobhas se? Cuir i g-cas nach bh-fuil acht
deich mile duine 'san domhan a leigheas Gaedhilig, ta air
an laghad, ma airmhid na h-Albanaighe, leath dhiobh so
nach bh-feudann i leigheadh 'nuair sgriobhthar 'sna sean-
litiribh i. Leig doibh so ghradhuigheas sgath nios mo
'na brigh, sgriobhadh 'sna sean-litiribh; ta meise socruigh-
the na litire Romanacha do chleachtadh cho fad agus
clobhuailfidh daoine Gaedhilig ionnta.



Meise do chara,
T. O. RUISEAL.


L. 305


No. 10. - Vol. I.] DUBLIN, AUGUST, 1883. [PRICE SIXPENCE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services