Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seiseadh Caibidil Déag.
Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seiseadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. An Seiseadh Caibidil Deug. Tá se riachtanach triall a dhéanadh anois go Tuaim; fairche noch do chuir Naomh Iar- fhlaith air bun, agus breathnughadh a thabhairt air stáid na cléire a tá innte. Téidhmís siar scáthadh aimsire go lár na h-aoise a bhí ann roimh an aois a tá i láthair, céad blia- dhain ó shoin, agus feicimís cia h-iad na h- easpoig a bhí againn i d-Tuaim. Do bhí Mícheál Ua Gádhra 'na Áirdeaspog ó bhliadhain 1740 go d-ti 1748. In a dhéigh tháinic Marcus Sceréid chugainn ó Chillalaidh, agus bhí se 'na Áirdeaspog gar go dá-fhichid bliadhain ó 1748 go 1785. Annsin fuar- amar Philip MacPhilip, easpog AchaidhChon- aire. Níor bh'fhada do mhair se. Tar éis dhá bhliadhain, chuaidh se do'n uaigh i 1787. Do chuir AchadhChonaire arís chugainn easpog eile, Doetius MacAodhagáin, do mhair aon blia- dhain deug ós cionn cúigidh Thuama go 1798. Súd chugainn annsin as Cill-MhicDuaich, Éadhmon Diolún, do mhair 'na árd-cheannart spioradálta ós cionn an chúigidh go bliadhain 1809. Do bhí an Diolúnach tugtha go mór do na Sacsanachaibh agus d'á riaghail. Budh mhaith leis Éire agus Sacsain a bheith faoi aon fheis, agus d'aontuigh se go m-beidheadh cead agus cúmhacht aig uachtarán Shacsan col no toirmeasg do gháirm in aghaidh adhbhair easpoig air bith noch do dhéanfaidís na sagairt a thoghadh. Do thaisbeán se dianacht agus borb-chlaon ag cur a intinne i ngníomh. Nuair d'eug an t-Áirdeaspog Diolún, do toghadh Olibhéar UaCeallaigh le bheith 'na fhear-ionaid easpoig. Agus is amhlaidh d'fhan se air feadh cúig bliadhain, no go raibh an Pápa, Pius VII saor ó'n ngeibheann in ar' chuir an t-Impire Napoleon é. I n-déigh an ama sin righneadh Áirdeaspog de'n fhear- ionaid. Do bhí se óg, macánta, ciallmhar, eolgach, tugtha d'obair. Tháinic se de thréibh éigin Shíol g-Ceallaigh, i b-paráisde Chlua- nabheirne, áit in ar' rugadh se agus in ar' oileadh se i laethibh a óige. Do bhí se ag fríothóladh i m-baile Thuama mar shagart óg nuair do h-árduigheadh se le bheith 'na fhear- ionaid easpoig. I mí dhéigheanaigh an fhógh- mhair i m-bliadhain 1814, do coisreacadh é le bheith 'na Áirdeaspog. Is annsin do thaisbeán se an fonn oibre a bhí in a chroidhe. Do chuir se air bun Coláiste Naoimh Iarfhlatha mar tá se i láthair. Do bhí banc i d-Tuaim i d-tosach na h-aoise so. Briseadh é. Do chailleadar daoine saidhbhre agus daoine daidhbhre an chondae a lán airgid mar gheall air an m- briseadh so. Budh bhitheamhnaighe agus lucht bradach an mhuintir a bhí ag fríothóladh air tuarasdal ann. D'imthigh fear oifige leis; agus do gheárr an t-uachtarán a sgornach féin. Dob' éigin an áit a dhíol amach: do cheannuigh an t-Áirdeaspog UaCeallaigh í. Chuir se suas coláiste ins an d-tigh sin le eolas agus oideas a bhronnadh air mhuintir óig a fhairche féin, agus air mhuintir na tíre go coitchionn. Do cuireadh air litir an sean- áit scoile a bhí aca roimhe sin; agus do h- árduigheadh an teach so le bheith 'na ionad léighin aig macaoimh na tíre. Do glaoidheadh Coláiste Naoimh Iarfhlatha air: righneadh an t-Athair Séamus MacHéil a cheud uachtarán faoi an easpog. Ó'n lá sin go d-tí an lá an-diu tá an Coláiste sin, buidheachas le
Dia, ag bronnadh bidh an oidis do mhacaibh léighin óga. I m-bliadhain 1828, do thosuigh an Tighearna Áirdeaspog UaCeallaigh air obair an-mhóir, 'se sin air Áird-Chill oireamhnach a chur suas i m-baile Thuama. Go d-tí an t-am sin, ní raibh cill mhór mheasamhail air bith againn. Briseadh síos na teampuil air fad, agus righneadh slad in aimsir Chromuil air na tighthibh-phobuil, agus air na tighthibh riaghalta do bhí aig na Catoilicighibh: do leagadh gach teach aca air lár. Anois, budh mhithid iad a árdughadh suas arís. Tháinic aimsir an dara earraigh aig an Eaglais in Éirinn. Do bhreathnuigh Áirdeaspog Thuama thart; tháinic fonn air tosughadh a dhéanadh: agus do thosuigh se gan pighin in a phóca, gan rod air bith acht a mhuinighin mhór i n-Dia. Do bhí fear stuama glic fóghlumtha i m- baile Thuama, agus righne se dealbh áluinn Mór-chille nuaidhe do'n áirdeaspog. Acht tar éis seala, righne an t-Áirdeaspog UaCeal- laigh dealbh eile dhó féin, agus do ghearr se amach áit na h-Áirdchille de réir a intinne féin. Do thuit, mar sin dé in a lámhaibh féin obair an teampuil mhóir sin go h-iomlán:— bhí iomarca ualaigh air a dhruim; airgead fhághail leis an obair a chríochnughadh, aire do thabhairt tar éis na bh-fear oibre, an fhairche air fad a riaghlughadh, agus gach nidh a shocrugh- adh go beacht. Níor b'fhéidir leis a sheasadh: dob' éigin dó imtheacht air feadh seala ó iomarca oibre, agus aisdear a thabhairt do'n Róimh. I d-tús na bliadhna 1834 d'fhág se Tuaim, agus trí míosa'na dhéigh sin fuair se bás i m-baile Albanó, taobh ó dheas de chathair na Róimhe. Do cuireadh suas leac i g-col- áiste “De Propaganda Fíde,” agus leac eile ins an d-Teampul Catoiliceach i d- Tuaim noch d'árduigh se féin, ag cur i meamh- air do gach duine an obair a righne se, an bheatha do chaith se, agus a bhás i bh-fad ó n-a thír féin. Beannacht Dé le n-a anam.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services