Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seiseadh Caibidil Déag.

Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Seiseadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



An Seiseadh Caibidil Deug.



Tá se riachtanach triall a dhéanadh anois
go Tuaim; fairche noch do chuir Naomh Iar-
fhlaith air bun, agus breathnughadh a thabhairt
air stáid na cléire a tá innte. Téidhmís
siar scáthadh aimsire go lár na h-aoise a bhí
ann roimh an aois a tá i láthair, céad blia-
dhain ó shoin, agus feicimís cia h-iad na h-
easpoig a bhí againn i d-Tuaim.

Do bhí Mícheál Ua Gádhra 'na Áirdeaspog
ó bhliadhain 1740 go d-ti 1748. In a dhéigh
tháinic Marcus Sceréid chugainn ó Chillalaidh,
agus bhí se 'na Áirdeaspog gar go dá-fhichid
bliadhain ó 1748 go 1785. Annsin fuar-
amar Philip MacPhilip, easpog AchaidhChon-
aire. Níor bh'fhada do mhair se. Tar éis
dhá bhliadhain, chuaidh se do'n uaigh i 1787. Do
chuir AchadhChonaire arís chugainn easpog eile,
Doetius MacAodhagáin, do mhair aon blia-
dhain deug ós cionn cúigidh Thuama go 1798.
Súd chugainn annsin as Cill-MhicDuaich,
Éadhmon Diolún, do mhair 'na árd-cheannart
spioradálta ós cionn an chúigidh go bliadhain
1809. Do bhí an Diolúnach tugtha go mór
do na Sacsanachaibh agus d'á riaghail. Budh
mhaith leis Éire agus Sacsain a bheith faoi
aon fheis, agus d'aontuigh se go m-beidheadh
cead agus cúmhacht aig uachtarán Shacsan
col no toirmeasg do gháirm in aghaidh adhbhair
easpoig air bith noch do dhéanfaidís na
sagairt a thoghadh. Do thaisbeán se dianacht
agus borb-chlaon ag cur a intinne i ngníomh.

Nuair d'eug an t-Áirdeaspog Diolún,
do toghadh Olibhéar UaCeallaigh le bheith 'na
fhear-ionaid easpoig. Agus is amhlaidh d'fhan
se air feadh cúig bliadhain, no go raibh an
Pápa, Pius VII saor ó'n ngeibheann in ar'
chuir an t-Impire Napoleon é. I n-déigh an
ama sin righneadh Áirdeaspog de'n fhear-
ionaid. Do bhí se óg, macánta, ciallmhar,
eolgach, tugtha d'obair. Tháinic se de thréibh
éigin Shíol g-Ceallaigh, i b-paráisde Chlua-
nabheirne, áit in ar' rugadh se agus in ar'
oileadh se i laethibh a óige. Do bhí se ag
fríothóladh i m-baile Thuama mar shagart óg
nuair do h-árduigheadh se le bheith 'na fhear-
ionaid easpoig. I mí dhéigheanaigh an fhógh-
mhair i m-bliadhain 1814, do coisreacadh é le
bheith 'na Áirdeaspog.

Is annsin do thaisbeán se an fonn oibre
a bhí in a chroidhe. Do chuir se air bun
Coláiste Naoimh Iarfhlatha mar tá se i
láthair. Do bhí banc i d-Tuaim i d-tosach na
h-aoise so. Briseadh é. Do chailleadar
daoine saidhbhre agus daoine daidhbhre an
chondae a lán airgid mar gheall air an m-
briseadh so. Budh bhitheamhnaighe agus lucht
bradach an mhuintir a bhí ag fríothóladh air
tuarasdal ann. D'imthigh fear oifige leis;
agus do gheárr an t-uachtarán a sgornach
féin. Dob' éigin an áit a dhíol amach: do
cheannuigh an t-Áirdeaspog UaCeallaigh í.
Chuir se suas coláiste ins an d-tigh sin le
eolas agus oideas a bhronnadh air mhuintir
óig a fhairche féin, agus air mhuintir na tíre
go coitchionn. Do cuireadh air litir an sean-
áit scoile a bhí aca roimhe sin; agus do h-
árduigheadh an teach so le bheith 'na ionad
léighin aig macaoimh na tíre. Do glaoidheadh
Coláiste Naoimh Iarfhlatha air: righneadh an
t-Athair Séamus MacHéil a cheud uachtarán
faoi an easpog. Ó'n lá sin go d-tí an lá
an-diu tá an Coláiste sin, buidheachas le


L. 291


Dia, ag bronnadh bidh an oidis do mhacaibh
léighin óga.



I m-bliadhain 1828, do thosuigh an Tighearna
Áirdeaspog UaCeallaigh air obair an-mhóir,
'se sin air Áird-Chill oireamhnach a chur suas i
m-baile Thuama. Go d-tí an t-am sin, ní
raibh cill mhór mheasamhail air bith againn.
Briseadh síos na teampuil air fad, agus
righneadh slad in aimsir Chromuil air na
tighthibh-phobuil, agus air na tighthibh riaghalta
do bhí aig na Catoilicighibh: do leagadh gach
teach aca air lár. Anois, budh mhithid iad a
árdughadh suas arís. Tháinic aimsir an dara
earraigh aig an Eaglais in Éirinn. Do
bhreathnuigh Áirdeaspog Thuama thart; tháinic
fonn air tosughadh a dhéanadh: agus do
thosuigh se gan pighin in a phóca, gan rod air
bith acht a mhuinighin mhór i n-Dia.

Do bhí fear stuama glic fóghlumtha i m-
baile Thuama, agus righne se dealbh áluinn
Mór-chille nuaidhe do'n áirdeaspog. Acht tar
éis seala, righne an t-Áirdeaspog UaCeal-
laigh dealbh eile dhó féin, agus do ghearr se
amach áit na h-Áirdchille de réir a intinne
féin. Do thuit, mar sin dé in a lámhaibh féin
obair an teampuil mhóir sin go h-iomlán:—
bhí iomarca ualaigh air a dhruim; airgead
fhághail leis an obair a chríochnughadh, aire do
thabhairt tar éis na bh-fear oibre, an fhairche
air fad a riaghlughadh, agus gach nidh a shocrugh-
adh go beacht. Níor b'fhéidir leis a sheasadh:
dob' éigin dó imtheacht air feadh seala ó
iomarca oibre, agus aisdear a thabhairt do'n
Róimh. I d-tús na bliadhna 1834 d'fhág se
Tuaim, agus trí míosa'na dhéigh sin fuair se
bás i m-baile Albanó, taobh ó dheas de chathair
na Róimhe. Do cuireadh suas leac i g-col-
áiste “De Propaganda Fíde,” agus leac
eile ins an d-Teampul Catoiliceach i d-
Tuaim noch d'árduigh se féin, ag cur i meamh-
air do gach duine an obair a righne se, an
bheatha do chaith se, agus a bhás i bh-fad ó n-a
thír féin. Beannacht Dé le n-a anam.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services