Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Cúigeadh Caibidil Déag.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Cúigeadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an Athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. An Cúigeadh Caibidil deug. Ní'l mórán daoineadh ná'r chualaidh air an manach, Naomh Benedict, agus air a dheirbh- shiur, Scolastica. Do bhidheadar beo ins an seiseadh aois 'néis Chríost. Chuaidh Seághan MacHéil le h-amharc air an áit in a righne Naomh Benedict pianus mór, agus in ar' chuir se suas dhá theach deug riaghalta, no, dhá mhainistir deug. Do bhí se seal, mar an g-ceudna, i d-tigh naomhtha, Monte Casínó, áit in ar' oileadh Naomh Tómás ó Acuin, céadta bliadhanta i n-déigh an ama sin. Do shaoil an t-Easpog ná'r cóir dó filleadh a bhaile no go bh-feicfeadh se Deas-Iotáile, agus na bailte iongantacha Pompéii agus Herculaneum, agus an cnoc Bhesubhius air lasadh, mar aon le h-áitibh eile air a raibh cáil agus clú scaptha tríd an Euróip. Nuair do bhí se aig Neapolis, amhail innisidh se féin dúinn, chonnairc se an mhíorbhuil, fuil Naoimh Ianuarius a bhí tirm mar luaithreadh ag silt agus ag rith mar shruth cho luath a's tháinic cloigean, no mionn, cinn Ianuarius i bh-fogus dí. Do thosuigh an fhuil i d-tús ag maothughadh mar leic-oighre faoi theas; annsin, nuair bhí si bog agus leaghtha, bhí si air luath- mheasgadh mar uisge, no mar fhuil nádúrdha duine bhí. Dúbhairt an t-easpog ná'r bh'fhéidir le cleas ná cluain air bith a bheith ann, óir chonnairc se an mhíorbhuil ós cómhair a shúl: an fhuil sheargtha, thirm, i soitheach gloine, agus séala no cómhartha air an soitheach; agus aig am áirighthe ins an Aif- rionn, cuireadh an cloigean i bh-fogus dí, agus, i láthair, do thosuigh an fhuil ag leaghadh agus ag rith, mar fhuil duine bhí. Ag filleadh a bhaile, righne se a aisdear taobh shoir d'Iotáile, agus tháinic se go h- Ancona agus go Loreto, an áit in a bh-fuil, mar tráchtar, an teach in ar' ghlac Mac Dé colann daonda, áit in a rughadh an Mhaigh- dean Muire féin, áit in ar' chaith si an chuid is mó d'á beatha, roimh a teitheadh do'n Egipt, agus tar éis a fillte as sin, maille le h- Íosa, agus le h-Íoseph, no go bh-fuair Íoseph, fear an tighe, bás. Tóigeadh an teach so i lámhaibh aingeal ó'n nGaililí, agus leagadh síos é ins an Dalmatia, 'san Euróip; ann- sin, tar éis seal, do thógadar na h-aingil arís é, agus leagadar síos é air an taoibh eile de'n fhairge d'á ngoirthear “Adriatic;” agus, fá dheire, do h-árduigheadh suas arís é, agus cuireadh síos é air árdán Loreto, tim- chioll sé céad bliadhain ó shoin. Is cinnte le Catoilicighibh gur ab é so an teach a bhí aig an Mhaighdean-Mháthair agus a máthair féin i Nasaret. Tá na ballaidhe ceudna; an doras ceudna ó thuaith; an fhuinneog cheudna in iar; an tuighe ceudna air an d- tigh ceudna go cómhthrom an lá an-diu. Sin í an fhuinneog in ar' amharc an t-Áirdaingeal Gabriel, agus d'innis do Mhuire an teach- taireacht iongantach do tháinic se le tabhairt chuicí. Búdh mhór an lúthgháir croidhe a bhí air Easpog MacHéil ag toirbhirt suas Íodhbairt. an Aifrinn ins an seomra ceudna in ar' ghlac Mac Dé corp agus anam daonda. As Loreto do thriall se ann bealaigh go h- Éirinn. Do thóig se air a aisdear Bhenís, cathair a tá suidhte air thacaibh amuigh air thonntaibh na mara. Nuair do bhí se i d-Tír- Suis chonnairc se na leabhra ceudna noch do scríobh Naomh Gall, easpog do chuaidh ó Éirinn ins an seiseadh aois leis an g-crei- deamh do chraobhsgaoileadh i measg págánach na g-cnoc sin. Is iomdha cill agus team- pul agus mainistir ársaidhe ghlórmhar a tá fós le fághail ins an Íotáile, i d-Tír-Suis, san bh-Frainc agus ins an m-Belgia, noch do cuireadh suas an-allód le sagartaibh, eas- pogaibh agus manachaibh Éireannacha, do leath- nuigh Creideamh Chríost tríd an Euróip ins na bailtibh agus ins na tírthibh ná'r cluineadh
focal de'n t-soisgeul roimh an am sin ionnta. Budh mhillteach an phláigh a bhí in Éirinn cho fada a's do bhí Seághan MacHéil 'san Róimh. D'eug na mílte daoineadh, na fir óga agus na mná óga a bhí slán urránta air maidin. Do bhidheadar tráthnóna leagtha air lár, no sínte 'san uaigh. Air feadh na g-céadta bliadhanta le teacht beidh cuimhne na bliadhna sin i meamhair muintire na h-Éireann. Och! budh uathbhásach an aimsir í. D'imthigh na daoine uile leo as na bailtibh go d-tí an tuaith. Acht le linn an fhuachta, agus le teacht an gheimhridh, tré bheannacht ó Dhia, d'euluigh an phláigh. Leis sin do tháinic an t-easpog a bhaile chuig' a phobuil agus a mhuintire féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services