Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Cúigeadh Caibidil Déag.

Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Cúigeadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
Athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.



An Cúigeadh Caibidil deug.

Ní'l mórán daoineadh ná'r chualaidh air an
manach, Naomh Benedict, agus air a dheirbh-
shiur, Scolastica. Do bhidheadar beo ins an
seiseadh aois 'néis Chríost. Chuaidh Seághan
MacHéil le h-amharc air an áit in a righne
Naomh Benedict pianus mór, agus in ar'
chuir se suas dhá theach deug riaghalta, no, dhá
mhainistir deug. Do bhí se seal, mar an
g-ceudna, i d-tigh naomhtha, Monte Casínó,
áit in ar' oileadh Naomh Tómás ó Acuin,
céadta bliadhanta i n-déigh an ama sin.

Do shaoil an t-Easpog ná'r cóir dó filleadh
a bhaile no go bh-feicfeadh se Deas-Iotáile,
agus na bailte iongantacha Pompéii agus
Herculaneum, agus an cnoc Bhesubhius air
lasadh, mar aon le h-áitibh eile air a raibh
cáil agus clú scaptha tríd an Euróip.



Nuair do bhí se aig Neapolis, amhail innisidh
se féin dúinn, chonnairc se an mhíorbhuil, fuil
Naoimh Ianuarius a bhí tirm mar luaithreadh
ag silt agus ag rith mar shruth cho luath a's
tháinic cloigean, no mionn, cinn Ianuarius i
bh-fogus dí. Do thosuigh an fhuil i d-tús ag
maothughadh mar leic-oighre faoi theas; annsin,
nuair bhí si bog agus leaghtha, bhí si air luath-
mheasgadh mar uisge, no mar fhuil nádúrdha
duine bhí. Dúbhairt an t-easpog ná'r
bh'fhéidir le cleas ná cluain air bith a bheith
ann, óir chonnairc se an mhíorbhuil ós cómhair
a shúl: an fhuil sheargtha, thirm, i soitheach
gloine, agus séala no cómhartha air an
soitheach; agus aig am áirighthe ins an Aif-
rionn, cuireadh an cloigean i bh-fogus dí,
agus, i láthair, do thosuigh an fhuil ag leaghadh
agus ag rith, mar fhuil duine bhí.

Ag filleadh a bhaile, righne se a aisdear
taobh shoir d'Iotáile, agus tháinic se go h-
Ancona agus go Loreto, an áit in a bh-fuil,
mar tráchtar, an teach in ar' ghlac Mac Dé
colann daonda, áit in a rughadh an Mhaigh-
dean Muire féin, áit in ar' chaith si an chuid
is mó d'á beatha, roimh a teitheadh do'n Egipt,
agus tar éis a fillte as sin, maille le h-
Íosa, agus le h-Íoseph, no go bh-fuair Íoseph,
fear an tighe, bás. Tóigeadh an teach so i
lámhaibh aingeal ó'n nGaililí, agus leagadh
síos é ins an Dalmatia, 'san Euróip; ann-
sin, tar éis seal, do thógadar na h-aingil
arís é, agus leagadar síos é air an taoibh
eile de'n fhairge d'á ngoirthear “Adriatic;”
agus, fá dheire, do h-árduigheadh suas arís é,
agus cuireadh síos é air árdán Loreto, tim-
chioll sé céad bliadhain ó shoin. Is cinnte
le Catoilicighibh gur ab é so an teach a bhí
aig an Mhaighdean-Mháthair agus a máthair
féin i Nasaret. Tá na ballaidhe ceudna;
an doras ceudna ó thuaith; an fhuinneog
cheudna in iar; an tuighe ceudna air an d-
tigh ceudna go cómhthrom an lá an-diu. Sin
í an fhuinneog in ar' amharc an t-Áirdaingeal
Gabriel, agus d'innis do Mhuire an teach-
taireacht iongantach do tháinic se le tabhairt
chuicí. Búdh mhór an lúthgháir croidhe a bhí air
Easpog MacHéil ag toirbhirt suas Íodhbairt.
an Aifrinn ins an seomra ceudna in ar'
ghlac Mac Dé corp agus anam daonda.

As Loreto do thriall se ann bealaigh go h-
Éirinn. Do thóig se air a aisdear Bhenís,
cathair a tá suidhte air thacaibh amuigh air
thonntaibh na mara. Nuair do bhí se i d-Tír-
Suis chonnairc se na leabhra ceudna noch do
scríobh Naomh Gall, easpog do chuaidh ó
Éirinn ins an seiseadh aois leis an g-crei-
deamh do chraobhsgaoileadh i measg págánach
na g-cnoc sin. Is iomdha cill agus team-
pul agus mainistir ársaidhe ghlórmhar a tá
fós le fághail ins an Íotáile, i d-Tír-Suis,
san bh-Frainc agus ins an m-Belgia, noch do
cuireadh suas an-allód le sagartaibh, eas-
pogaibh agus manachaibh Éireannacha, do leath-
nuigh Creideamh Chríost tríd an Euróip ins
na bailtibh agus ins na tírthibh ná'r cluineadh


L. 290


focal de'n t-soisgeul roimh an am sin
ionnta.

Budh mhillteach an phláigh a bhí in Éirinn cho
fada a's do bhí Seághan MacHéil 'san Róimh.
D'eug na mílte daoineadh, na fir óga agus
na mná óga a bhí slán urránta air maidin.
Do bhidheadar tráthnóna leagtha air lár, no
sínte 'san uaigh. Air feadh na g-céadta
bliadhanta le teacht beidh cuimhne na bliadhna
sin i meamhair muintire na h-Éireann. Och!
budh uathbhásach an aimsir í. D'imthigh na
daoine uile leo as na bailtibh go d-tí an
tuaith. Acht le linn an fhuachta, agus le
teacht an gheimhridh, tré bheannacht ó Dhia,
d'euluigh an phláigh. Leis sin do tháinic an
t-easpog a bhaile chuig' a phobuil agus a
mhuintire féin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services