Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stáid na Gaedhilge agus Teangthadh Eile ins na Stáidibh Aontuighthe (agus i gCanada). I.
Title
Stáid na Gaedhilge agus Teangthadh Eile ins na Stáidibh Aontuighthe (agus i gCanada). I.
Author(s)
Ó Néill Russell, T. - T.O.Rúiséal,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Stáid na Gaedhilge agus Teangtadh eile ins na Stáidibh Aontuighthe. Le T. O. Ruiséal. Níl aon tír 'san domhan in a d-tugthar níos lúgha dé chúram do theangthaibh, ioná tugthar dóibh 's na Stáidibh Aontuighthe d' America. Ag so aon de na neithibh a tá go léir in aghaidh na baramhla do thiocfadh a g-ceann duine nach raibh riamh in America, agus do dheunfadh a bharamhuil de réir céille coitchionna. Do bheidheadh fios aige nach raibh teanga 'san domhan nach labhaireadh in America, agus smuainfeadh se go nadúrtha, gur riachtanach do gach aon, leath dusain teangtha do labhairt dá m-ba áil leis dul air aghaidh in a ghnó, is cuma cad é an sórt gnó do leanfadh se. Tá an bharamhail so mícheart go léir. Ní chuireann na h-Americanaighe aon t-suim i d-teangthaibh. Cluineann siad beagnach gach teanga na h-Eorpa 'ga labhairt in a d-timcheall gach lá 'san m-bliadhain, acht ní'l aon fhear 'san g-céad míle dhíobh, fhóghluimeas aon cheann de na teangthaibh coigchríocha d'á g-cluineann siad, agus is cosamhail go n-inniseann nidh éigin dóibh, go rachaidh na teangtha coigchríocha so thart mar cheo, agus nach ngeubhfaidh siad freumh riamh in a d-tír. Ní'l aon de na teangthaibh so cho tábhachtach leis an Gearmánach. Labhairthear í le ceithre miliun daoineadh in America, acht tá si dul thart mar cheo na maidne. Is í an fhirinn go beachd í, dá g-cuirfeadh cosg air aistriughadh na nGearmánach go d-tí America, nach mairfeadh a d-teanga dá fhichid bliadhain. Tá so dearbhtha in iomad módh. Ní fhóghluimeann na Gearmánaighe rugthar in America, teanga a sinsear; feudann an chuid is mó dhíobh í lábhairt; acht is anamh
tra, a faghthar aon aca fóghlumtha in a thean- gain, agus is tearc na daoine aca le n-a d-tiocfadh, páipeur Gearmánach do chur in eagar no leabhrán air ghraiméar na teangan do sgríobhadh. Do bhí dá pháipeur Gearmánacha in Albani, i stáid Nuadh-Eabhraic, tríochad bliadhain ó shoin, acht tá siad marbh anois; cho luath ás d'fhás suas geinealach óg de Ghearmánaighibh ins an g-cathraigh sin, do sguireadar ó labhairt na teangan Gear- mánaighe; d'eug na seandaoine; ní raibh aonneach le leughadh na b-páipeur Gear- mánach, agus dob' éigin dóibh fághail báis. De na h-uile theangthaibh a tá i d-tuasceart mórthíre America, taobh amuigh de'n Bheurla, ní'l aon cheann díobh nach bh-fuil ag eugadh acht an Fhraincís amháin. Dá m-beith an meud Francach innti, agus atá de Ghear- mánaighibh, is cosamhail go n-eireochaidh an Fhraincís do bheith 'na teangain na tíre go léir. Is urus a mheas go bh-fuil an Ghaedhilig faillighthe in America mar aon le na teangthaibh coigchríocha eile; acht tá aon chúis saortha aig an Ghaedhilig innti, nach bh-fuil aig na teangthaibh eile; 'sí so smuaineadh na n-Éireannach gur ab éigin dóibh a d-teanga do shaoradh ó bhás mar aon le n-a d-tír. Ní raibh aon smuaineadh aig an b-pairti tíoramh- ail Éireannach in America fiche bliadhain ó shoin uim a d-teangain, acht, taobh astigh de na seacht no ocht m-bliadhanaibh déigeanacha, tá an smuaineadh so, gur ab ionnan bás na teangan agus bás an chinidh, ag fás níos troime gach lá 'na measg; agus tosuigheann siad d'fheicsin gur ab an í teanga “an carta déigeanach in a lámhaibh.” Is fíor go bh-fuil mórán de'n phairti dá ngoirthear “tíora- mhail,” nach g-cuireann aon t-suim in a d-teangain, agus is cuma leo ca uair eug- faidh si; acht tá an sórt so d'Éireannaighibh ag eirghe níos teirce gach lá, agus anois ní lámhóchadh aon dóibh aon mhagadh do chur air an Ghaedhilig, bíodh nach d-tuigeann siad féin focal dí. 'Siad fir-eagair na b-páipeur Éireannach, na naimhde is mó agus is troime aig an Gaedhilig 'sa m-baile agus i g-cian. Is tearc go bh-fuil aon fhear aca le fághail, nach mairbheóchadh an Gaedhilge sul chaithfeadh se a dhinéir, dá m-b' fhéidir leis é dhéanamh. Tá eagla orra a d-taoibh na Gaedhilge, óir saoileann mórán díobh nach fad duínn an aimsir in a m-beidh riachtanach dhóibh a b-páipeura do chlóbhualadh go leathach no b'fhéidir go léir a nGaedhilig. Ní h-áil leo so, óir ní'l fear aca thuigeas focal de theangain a d-tíre, agus tá siad ró leisgea- mhuil d'á fóghluim. Deirthear so gan aon dúil námhdach in aghaidh na h-iomad daoineadh uasal fhoillsigheas na páipeura Éireannacha 's am-baile agus i g-cian. Ní'l aon mhian aig an sgríobhadóir do rádh neitheadh 'na d-tim- cheall nach bh-fuil taithneamhach leo: dá m-beith dó no trí aca do chuirfeadh spéis agus suim in a d-teangain tíoramhil, agus do dhéan- fadh aonnidh d'a cabharadh, ní déarfadh se aon fhocal 'na d-timcheall; acht 'nuair nach bh-fuil aon aca le fághail do thabhairt an chongnaidh is lúgha chum na h-oibre uaisle so a tá ós a g-cómhair air feadh sé no seacht m-bliadhan, is soilléir leis féin agus na h-uile dhaoinibh, nach n-déanfaidh na daoine uaisle so aonnidh air son na Gaedhilge no go m-beidh se riachtanach dhóibh é dhéanadh air son a n-aráin agus a n-ime féin. Ní mór é le h-iarraidh, go m-beid an leabhar míosamhuil so clóbhuailte go ceart agus do réir riaghal graiméir na Gaedhilge. Is scannail mhór í, an sórt Gaedhilge cló- bhuailtear gach lá in Eirinn, in Albainn agus in America. Dob' fhéarr é míle uair, gan an Ghaedhilig do chlobhualadh air aon chor, ioná d'a dhéanadh mar déantar é go minic. Dob' fheárr do'n Gaedhilig míle uair, cuid de na leabhraibh clóbhuailtear innti a 'bheith in íochtar na mara, ioná ag cur déisdin air na sgoláiribh agus maisle air an d-teangain in a g-clóbhuailtear í. Níl aon leithsgeul dóibh so chuireas amach leabhar míosamhuil an tan congbhaighidh siad earraide, de bhrigh go bh-fuil am go leor aca d'a g-ceartughadh. Guidhidh sgríobhadóir an air-
tiogail so, air an adhbhar sin, má gheubhthar earraide ann, d'a g-ceartughadh sul cló- bhuailtear é. Is cuma cad iad na h-ear- raide dhéanas an t-aithristeoir ní cóir do'n fhoillsightheoir iad chlóbhualadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services