Stáid na Gaedhilge agus Teangtadh eile
ins na Stáidibh Aontuighthe.
Le T. O. Ruiséal.
Níl aon tír 'san domhan in a d-tugthar
níos lúgha dé chúram do theangthaibh, ioná
tugthar dóibh 's na Stáidibh Aontuighthe d'
America. Ag so aon de na neithibh a tá go
léir in aghaidh na baramhla do thiocfadh a
g-ceann duine nach raibh riamh in America,
agus do dheunfadh a bharamhuil de réir céille
coitchionna. Do bheidheadh fios aige nach raibh
teanga 'san domhan nach labhaireadh in
America, agus smuainfeadh se go nadúrtha,
gur riachtanach do gach aon, leath dusain
teangtha do labhairt dá m-ba áil leis dul
air aghaidh in a ghnó, is cuma cad é an sórt
gnó do leanfadh se.
Tá an bharamhail so mícheart go léir. Ní
chuireann na h-Americanaighe aon t-suim i
d-teangthaibh. Cluineann siad beagnach gach
teanga na h-Eorpa 'ga labhairt in a
d-timcheall gach lá 'san m-bliadhain, acht ní'l
aon fhear 'san g-céad míle dhíobh, fhóghluimeas
aon cheann de na teangthaibh coigchríocha d'á
g-cluineann siad, agus is cosamhail go
n-inniseann nidh éigin dóibh, go rachaidh na
teangtha coigchríocha so thart mar cheo, agus
nach ngeubhfaidh siad freumh riamh in a d-tír.
Ní'l aon de na teangthaibh so cho tábhachtach
leis an Gearmánach. Labhairthear í le
ceithre miliun daoineadh in America, acht
tá si dul thart mar cheo na maidne. Is í
an fhirinn go beachd í, dá g-cuirfeadh cosg
air aistriughadh na nGearmánach go d-tí
America, nach mairfeadh a d-teanga dá fhichid
bliadhain. Tá so dearbhtha in iomad módh.
Ní fhóghluimeann na Gearmánaighe rugthar
in America, teanga a sinsear; feudann
an chuid is mó dhíobh í lábhairt; acht is anamh
tra, a faghthar aon aca fóghlumtha in a thean-
gain, agus is tearc na daoine aca le n-a
d-tiocfadh, páipeur Gearmánach do chur in
eagar no leabhrán air ghraiméar na teangan
do sgríobhadh. Do bhí dá pháipeur Gearmánacha
in Albani, i stáid Nuadh-Eabhraic, tríochad
bliadhain ó shoin, acht tá siad marbh anois;
cho luath ás d'fhás suas geinealach óg de
Ghearmánaighibh ins an g-cathraigh sin, do
sguireadar ó labhairt na teangan Gear-
mánaighe; d'eug na seandaoine; ní raibh
aonneach le leughadh na b-páipeur Gear-
mánach, agus dob' éigin dóibh fághail báis.
De na h-uile theangthaibh a tá i d-tuasceart
mórthíre America, taobh amuigh de'n Bheurla,
ní'l aon cheann díobh nach bh-fuil ag eugadh
acht an Fhraincís amháin. Dá m-beith an
meud Francach innti, agus atá de Ghear-
mánaighibh, is cosamhail go n-eireochaidh an
Fhraincís do bheith 'na teangain na tíre go
léir.
Is urus a mheas go bh-fuil an Ghaedhilig
faillighthe in America mar aon le na
teangthaibh coigchríocha eile; acht tá aon chúis
saortha aig an Ghaedhilig innti, nach bh-fuil
aig na teangthaibh eile; 'sí so smuaineadh na
n-Éireannach gur ab éigin dóibh a d-teanga
do shaoradh ó bhás mar aon le n-a d-tír. Ní
raibh aon smuaineadh aig an b-pairti tíoramh-
ail Éireannach in America fiche bliadhain
ó shoin uim a d-teangain, acht, taobh astigh de
na seacht no ocht m-bliadhanaibh déigeanacha,
tá an smuaineadh so, gur ab ionnan bás na
teangan agus bás an chinidh, ag fás níos
troime gach lá 'na measg; agus tosuigheann
siad d'fheicsin gur ab an í teanga “an carta
déigeanach in a lámhaibh.” Is fíor go bh-fuil
mórán de'n phairti dá ngoirthear “tíora-
mhail,” nach g-cuireann aon t-suim in a
d-teangain, agus is cuma leo ca uair eug-
faidh si; acht tá an sórt so d'Éireannaighibh
ag eirghe níos teirce gach lá, agus anois ní
lámhóchadh aon dóibh aon mhagadh do chur air
an Ghaedhilig, bíodh nach d-tuigeann siad féin
focal dí. 'Siad fir-eagair na b-páipeur
Éireannach, na naimhde is mó agus is troime
aig an Gaedhilig 'sa m-baile agus i g-cian.
Is tearc go bh-fuil aon fhear aca le fághail,
nach mairbheóchadh an Gaedhilge sul chaithfeadh
se a dhinéir, dá m-b' fhéidir leis é dhéanamh.
Tá eagla orra a d-taoibh na Gaedhilge, óir
saoileann mórán díobh nach fad duínn an
aimsir in a m-beidh riachtanach dhóibh a
b-páipeura do chlóbhualadh go leathach no
b'fhéidir go léir a nGaedhilig. Ní h-áil leo
so, óir ní'l fear aca thuigeas focal de
theangain a d-tíre, agus tá siad ró leisgea-
mhuil d'á fóghluim. Deirthear so gan aon
dúil námhdach in aghaidh na h-iomad daoineadh
uasal fhoillsigheas na páipeura Éireannacha
's am-baile agus i g-cian. Ní'l aon mhian aig
an sgríobhadóir do rádh neitheadh 'na d-tim-
cheall nach bh-fuil taithneamhach leo: dá m-beith
dó no trí aca do chuirfeadh spéis agus suim
in a d-teangain tíoramhil, agus do dhéan-
fadh aonnidh d'a cabharadh, ní déarfadh se
aon fhocal 'na d-timcheall; acht 'nuair nach
bh-fuil aon aca le fághail do thabhairt an
chongnaidh is lúgha chum na h-oibre uaisle so
a tá ós a g-cómhair air feadh sé no seacht
m-bliadhan, is soilléir leis féin agus na
h-uile dhaoinibh, nach n-déanfaidh na daoine
uaisle so aonnidh air son na Gaedhilge no go
m-beidh se riachtanach dhóibh é dhéanadh air son
a n-aráin agus a n-ime féin.
Ní mór é le h-iarraidh, go m-beid an
leabhar míosamhuil so clóbhuailte go ceart
agus do réir riaghal graiméir na Gaedhilge.
Is scannail mhór í, an sórt Gaedhilge cló-
bhuailtear gach lá in Eirinn, in Albainn
agus in America. Dob' fhéarr é míle
uair, gan an Ghaedhilig do chlobhualadh air
aon chor, ioná d'a dhéanadh mar déantar é go
minic. Dob' fheárr do'n Gaedhilig míle uair,
cuid de na leabhraibh clóbhuailtear innti
a 'bheith in íochtar na mara, ioná ag cur
déisdin air na sgoláiribh agus maisle air an
d-teangain in a g-clóbhuailtear í. Níl aon
leithsgeul dóibh so chuireas amach leabhar
míosamhuil an tan congbhaighidh siad earraide,
de bhrigh go bh-fuil am go leor aca d'a
g-ceartughadh. Guidhidh sgríobhadóir an air-
tiogail so, air an adhbhar sin, má gheubhthar
earraide ann, d'a g-ceartughadh sul cló-
bhuailtear é. Is cuma cad iad na h-ear-
raide dhéanas an t-aithristeoir ní cóir do'n
fhoillsightheoir iad chlóbhualadh.