Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 6.
Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 6.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 6. Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic Ua Caoimh, ó Ard-fhairche Caisil: agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion. An Peacadh Marbhthach. “Feuch tháinig lóbhar chuige, agus thug se adhradh dó, ag rádh: A Thighearna, má is toil leat, is féidir leat me a dhéanadh glan. Agus air shíneadh a láimhe amach d' Íosa, do bhuain se leis, ag rádh: Is toil, déantar glan tu. Agus do glanadh a lóbhradh gan mhoill.” (Naomh Mátha, viii. 23.) Tar éis d'ár d-Tighearna a sheanmóir do chraobhsgaoileadh air an Sliabh, tháinig lóbhar chuige, agus a dubhairt “A Thighearna, má is toil leat, is féidir leat me a dhéanadh glan,” Budh ghalar coitchionn an lóbhradh i measg na n-Iudaidheach: budh ghalar ró-ghráineamhail é; do dhéanadh se an cholann uile mío-chumtha: do díbirthí ó chómhluadar na n-daoineadh gach neach air a m-bidheadh se. Budh chlódh an lóbhradh so do'n pheacadh marbhthach 'san anam; óir déanann an peacadh marbhthach an t-anam fuathmhar i radharc Dé, agus cuireann se amach é as righeacht na bh-flaitheas. Is mór- mhasla agus coir in aghaidh dlighe Dé an pea- cadh marbhthach. Is féidir an choir mhór so do dhéanadh le smuaineadh, le briathar, le gníomh, no le faillighe. Chum a bheith 'na pheacadh marbhthach ní fuláir an gníomh fóirimiolach no inmheádhonach a bheith an-olc, no caithfidh an coguas a mheas go bh-fuil se mar sin; agus, fos, caitfidh an gníomh bheith déanta le lán- aire agus le lán-toil. Má bhidheann aon choinghioll díobh so air iarraidh, ní peacadh marbhthach an gníomh acht peacadh sologhtha. Ní dhéanfadh aon uimhir, dá mhéid, de phea- cadhaibh sologhtha peacadh marbhthach. Gidheadh, tugaid peacaidh sologhtha an peacach, cois- céim air choiscéim, chum peacadh marbhthach do dhéanadh: “An té dhímeasann neithe beaga, tuitfidh se 'na bheagán agus 'na bheagán.” (Ecclus. xix. 1.) Is uime tugthar peacadh marbhthach air, de bhrigh go marbhann se an t-anam, ag buaint a fhíor-bheatha, 'se sin, grása Dé, dhé, agus go d-tugann se bás síoruidhe agus damnughadh air an anam: “An t-anam a pheacuigheas, eugfaidh se.” (Esech. xviii. 20.) Air an adhbhar sin, is olc dúbhach an peacadh marbhthach. Is millteach a an-fhochain, is uathbhásach a iaireagair. Tugann se cuallacht dorcha an bháis 'na thimchioll leis. Deir Naomh Ághuistín go “n-iomcharann an peacach tá air stáid peacaidh mharbhthaigh corp marbh astigh ann fein, 'san méid go n-iomcharann anam marbh i g-colainn beo.” Is trom-choir in aghaidh Dé an peacadh marbhthach. Tá mailís na coire so neamh- chuimseach. Meastar méid coire ó nádúir na coire féin, ó áirde an té a n-déantar an choir in aghaidh i g-coimheas d'áirde an té
do ghnidh an choir. Air an adhbhar sin, caithfidh an peacadh marbhthach bheith gan cuimse in a olcas; óir, mar bhárr air an masla bheith ann féin ró-bhrostuightheach chum feirge, tugthar é do Mhórdhacht Shíoruidhe le neach i nach bh-fuil acht piast talmhan: uaisle gan teora air thaoibh, agus táireacht, agus smuid, agus luaithreadh air an taoibh eile! Cia mheasfadh go n-déanfadh duine bocht suarach é féin d'árdughadh ag tabhairt a shlán fá'n Uile- chumhachtach? Go g-cuirfeadh se roimhe an Té a tá 'na shuidhe air chathaoir ríoghdha neimhe agus talmhan do bhualadh! Ní bh-fuil olc air talamh ná in ifrionn is mó ioná an peacadh marbhthach. Le fírinne, is é athair na n-olc é; is é athair an diabhail agus athair ifrinn é. Is ainmhidhe é tá ag creachadh an domhain agus ag tarruing uimhir gan cuimse d'anamnaibh síos ins an b-poll dorcha as a m-beidh an deatach ag dul suas go bráth agus choidhche! Is doiligh smuaineadh go n-déanfadh an créatúr peacadh marbhthach, acht is nidh uath- bhásach Críostuidhe d'á dhéanadh. Aig a bhais- deadh, diultuigheann an Críostuidhe, le móid tromdha, do'n diabhal, d'á oibreachaibh, d'á uabhar, agus d'á lucht feadhma; acht leis an b-peacadh marbhthach briseann se na móide so uile; tréigeann se a bhratach, téidheann se anonn go foslongphort a námhad; dlúthuigh- eann se leis an droing a tá i méirleachas in aghaidh Dé — a g-Ceann-feadhna agus a d- Taoiseach: tuille fós, saltrann se fá n-a chosaibh Fuil a Shlánuightheora, agus déanann se rogha de Bharabas roimh Íosa. Deir Naomh Ághuistín, “le gach peacadh marbhthach in a d-tuiteann Críostuidhe, go n-díolann se a anam leis an diabhal, agus nach bh- faghann mar thuarastal agus mar luach- saothair acht sásamh geárr móimeantamhail, taithneamh truaillighthe, sólás salach, tairbhe suarach, sochaillte.” Leis an b-peacadh marbhthach, déanann an peacach magadh fá bhagaraibh Dé, agus mas- luigheann se É. Uime sin, déanaidh Dia gearán tré bheul an fháidh Isaias: “Do thug me suas clann, agus d'árduigh me iad, acht do thugadar dímheas dam.” (Isai. i. 2.) Tá an Críostuidhe a ghnidheas peacadh marbh- thach cionntach i mío-chumann in aghaidh Dé, agus so i mórán de shlighthibh. Do chruthuigh Dia sinn; do chúmhduigh Se sinn; righne Se faire ós ár g-cionn, de ló agus d'oidhche; d'euduigh Se sinn, agus thug Se dhúinn gach anál d'ár tharruingeamar. D'ullmhuigh Se dhúinn ríoghacht i bh-flaitheamhnas; thug se fios agus geallamhain dúinn air, má bhidhmíd díleas dó. Agus fós, in a mhór-thrócaire, agus in a grádh dhúinn, tháinic Mac Síoruidhe Dé anuas ó n-a chathaoir ríoghdha i bh-flaith- eamhnas; do ghlac se air féin nádúir daonda, mar aon le n-ár m-braighdeanas, ár g-coirthibh, ár méirleachas, agus ár b- peacaidhibh in aghaidh a Athar, an Áirdrigh. Righne se in a mhór-thrócaire é féin do chur in ár n-áit-ne, agus fuair se bás go mór- chroidheach air ár son-ne, chum na flaithis d'fhosgladh dhúinn, agus chum sinn do shaoradh ó'n b-peacadh agus ó ifrionn. Tá se, air an adhbhar sin, ceangailte go daingean orrainn bheith cumannach do Dhia, agus an cumann so do thaisbeánadh dhó. Acht nuair déantar an peacadh marbhthach cá m-bidheann an cumann? Is é an peacadh marbhthach caint an mhíochu- mainn, noch a tá olc, dubh, amhnáireach! tais- beánfaidh an t-ainmhidhe éigcéillidhe féin buidheachas air son blodh aráin. Acht an peacach, nuair do ghnidh se an peacadh marbh- thach, ní h-é amháin go d-taisbeánann se a mhíochumann, acht “ceusann se arís Mac Dé agus déanann se fonomhaid faoi.” (Eabhr. vi. 6,) Is air an nidh so do righne an Tighearna gearán i m-briathraibh Dháibhidh: “Dá n-déanfadh mo námhaid fochmuid fúm, go deimhin do dhéanfainn é d'fhulang … acht tusa, a chara agus a dhuine mhuinteardha, do chaith biadh milis am' fhochair.” (Salm liv. 13-15.) Cidhtear míoscuis an pheacaidh mharbhthaigh ó'n dochar do ghnidh se do'n anam. Déanaidh se an t-anam do lomadh ó mhór-thairbhe agus ó áilleacht na ngrás. 'San anam a tá air
stáid na ngrás tá sgéimh neamhdha, áilleacht dolabhartha, fáinne soluis mórdhachta, agus cúmhracht milseachta. Ní cosamhail aon nidh air talamh le h-áilleacht agus le lonnracht anama air stáid na ngrás: is e sgáth sgéimhe Dé é. Tá geanamhlacht árd-chéim- neach Dé aithdhealruighthe ann; mar aiththeilg- thear glé-ghile shóghach na gréine i meádhon lae 'san t-samhradh ó ucht linne ciuine. I m- briathraibh bríoghmhara na Scríbhinne Diadha, tá anam air stáid na ngrás 'na “bain- ríoghan,” 'na “céile aig Críost,” 'na “team- pul aig an Spiorad Naomh,” 'na “h-inghin Righ.” “Éist, a inghean, agus feuch, agus claon do chluas … agus is mór bhus mian leis an Righ do sgéimh, óir is é do Tighearna Dia É … Tá uile ghlóir inghine an Righ go h-inmheádhonach, in ór-chiumhaisibh, euduighthe má g-cuairt le óirghreusaibh eugsamhla.” (Salm xliv. 11-15.) Tá cuid i g-comaoin na naomh aig anam i stáid na ngrás; tá a ainm scríobhtha i litreachaibh órdha i Leabhar na Beatha; agus tá se dlúth-cheangailte de Dhia féin le lúb órdha na carthanachta. Acht chomh luath a's aontuigheann an toil le lán- aire do pheacadh marbhthach, tá lúb na car- thanachta briste, tá muinteardhas Dé caillte; tá áilleacht na ngrás, agus a milseacht, agus a lonnradh, imthighthe ó'n duine, mar aon le luaidheacht a dheagh-obair uile: “ Ní bheidh cuimhne air a uile fhíreuntacht d'á n-deárna se.” (Esech. xviii. 24,) Sgriostar ainm an pheacaigh amach as Leabhar na Beatha; buain- tear dé a ghairm air ríoghacht neimhe, nidh ná'r bh'féidir le míoscuis na n-daoineadh ná le cúthach na n-diabhal bhuaint dé gan an peacadh. Cailltear a oidhreacht; tá se dímheasta; tá a anam iompoighthe dubh, táir, fuathmhar, 'na sglábhuidhe gráineamhail aig an diabhal, 'na árus aig spioradaibh neamhghlana, 'na chosbóir feirge aig Dia. Cuirthear díbirt air Dhia as an anam, agus seasann “gráineamhlacht an léirsgris” i d-teampul an Dé bhí. Uch! is dúbhach, dúbhach í fóghail an pheacaidh mharbhthaigh! Arís, taisbeántar fuathmharacht an phea- caidh mharbhthaigh leis an trom-dhíoghaltas do ghnidh Dia air. Ní labhraim anois air theine mhilltigh ifrinn adhanta le h-anál Dé chum díoghaltas do dhéanadh air an b-peacadh marbhthach: is air an díoghaltas saoghalta amháin tá me ag trácht. Do bhí an díoghaltas so, air uairibh, eusguidhe, agus adhbhal, agus uathbhásach. Is mar gheall air ar b-peacadh marbhthach do cuireadh díbirt air ár sinsear as Parthas, do chailleadar a b-príomh-cheart agus a neimhchionntacht, agus tugadh breath báis orra féin agus air a sliocht uile. Is mar gheall air an b-peacadh marbhthach — mar- bhadh a dhearbhráthar — do righneadh deoraidhe de Cháin air an d-talamh; agus fá dheoigh do cuireadh síos é mar íodhbairt chum a bheith d'á losgadh in ifrionn; is mar gheall air an b-peacadh marbhtach do h-osgladh cómhlaidhe uisge na bh-flaitheas, agus do briseadh suas bunáitidhe na mór-mhara, agus do sgriosadh gan mhoill an cineadh daonda uile acht an beagán toghtha amháin de dhruim talmhan; is mar gheall air an b-peacadh marbhthach do thuit an teine agus an ruibh air an dá chathair, Sodom agus Gomorra; is mar gheall air an b-peacadh marbhthach d'fhosgail an talamh amach agus do shluig síos Córa agus a cho- bharthóiridhe malluighthe beo go h-ifrionn; is mar gheall air an b-peacadh marbhthach do tugadh an cineadh Iudaidheach i m-broid níos mionca ioná aon uair ámhain; agus is mar gheall air an b-peacadh marbhthach do chuir- eann Dia cogaidh, agus gorta, agus plágha, agus tinneas, agus aindeisí gan ainm, agus fá dheoigh an bás. Agus arís fós, nach bh-fuil nidh uathbhásach 'san Scríbhinn, a labhras le glór buabhail air chionntacht critheaglaigh an pheacaidh mharbh- thaigh? Agus is é an nidh é so Páis agus Bás ár d-Tighearna agus ár Slánuightheora, Íosa Críost. Do buaileadh táirngidhe tré lámhaibh agus tré chosaibh an Té tá 'na Dhia agus 'na Dhuine; agus dár n-dóigh, ní'l aon bhuille de'n chasúr do thiomáin na táirngidhe úd nach n-inniseann cread é an nidh grán- dacht an pheacaidh mharbhthaigh. Inniseann
gach critheagla d'fhulaing an Slánuightheoir 'na geur-pheanaid cread é an nidh olcas an pheacaidh mharbhthaigh; inniseann gach braon d'á Fhuil do chómharthuigh an bóthar ríoghamhail ó Ghetsemani go Calbhaire cread é an nidh olcas an pheacaidh mharbhthaigh. Innistear, mar an g-ceudna, cread é an nidh cionntacht an pheacaidh mharbhthaigh le gach breath d'á d- tugann an Té tá ceart agus trócaireach air na daoinibh malluighthe. Ní'l aon deor neamhthairbheach tinntighe cráidhthe d'á sileann an drong damanta shíos in ifrionn nach n- inniseann, agus nach n-inneosaidh go síoruidhe cread é an nidh cionntacht an pheacaidh mharbhthaigh. Is leor na nidhthe fíre so chum olcas uath- bhásach an pheacaigh mharbhthaigh do chur i d- tuigsin dúinn; is leor iad chum mór-ghráin do chur aig an g-Críostuidhe air. Acht tá fírinne eile ann, a tá tromdha in a céill, agus nuair feuchtar uirre maille le olcas agus smacht an pheacaidh mharbhthaigh, badh chóir go n-déanfadh se an peacach cionntach do mhúsgailt as marbhántacht an pheacaidh — agus is í an fhírinne so, neimhchinnteacht chritheaglach an bháis. Ní'l fios an lae ná na h-uaire agaibh, óir tiocfaidh an bhás amhail “gadaidhe 'san oidhche” (I. Tess. v. 2), “an uair is lúgha tá súil agaibh leis.” (N. Mátha, xxiv. 43, 44.) Geallann Dia, in a mhór-thrócaire, maith- feachas do gach peacach aithrigheach, acht ní gheallann se go d-tabhairfidh se aimsir, ná grása na h-aithrighe, má cuirthear an t-iom- póghadh air ceal ó ló go ló. “Is nidh eaglach tuitim i lámhaibh an Dé bhí.” (Eabhr. x. 31.) “Éighfid chum an Tighearna annsin” (in an- tráth), “ … agus foileochaidh se a aghaidh uatha an tan sin.” (Mich. iii. 4.) “Déan- faidh se gáire fá n-a mí-ádh.” (Seanr. i. 26.) “Gheobhaidh siad bás in a b-peacadhaibh.” (Esech. iii. 20; x. 24,) “Anois an t-am iomchubhaidh, anois la an t-slánuighthe.” (II. Cor, vi. 2.) Ma chluineann sibh an-diu guth an Ti- ghearna ag glaodhach orraibh chum aithrighe do dhéanadh, ná cruaidhídh bhur g-croidhthe. Glac- aídh rún daingean ciallmhar an peacadh marbhthach do sheachaint, teitheadh uaidh mar do theithfeadh sibh ó aghaidh naithreach nimhe, no ó shúil basilisc. Glacaídh rún daingean aith- righe iomlan do dhéanadh in gach trom pheacadh do righneabhar air feadh bhur saoghail. Ná déanaídh aon mhoill gan aithrighe do dhéanadh. Is baoghalach an leadrán. Déanann se slabhra an námhad do dhlúth-cheangal, agus galar an pheacaidh do thromughadh. Dá n- déanfadh fóghluighthe bhur n-árus do chreach, agus gach nidh luachmhar agus tairbheach ann do bhreith leo, is eusguidhe do leanfadh sibh chum an creach do bhuaint díobh. Dá m-buail- feadh tinneas millteach sibh, an bh-fanfadh sibh leis an am déigheanach gan fios do chur air an liaigh? Nach fonnmhar do ghlacann sibh an íocshláinte is peanaidighe, agus d'fhulain- geann sibh an t-oibriughadh is goineamhla i láimhleaghacht no i leigheas. Air an adhbhar sin, ná bidhídh mall ag déanadh na h-aithrighe. Tá íce 'san nGilead, tá liaigh ann. Tá maithfeachas iomlán ag fuireach libh; glacfar go caoin agus go cneasda sibh: na bidheadh eagla orraibh roimh aon nidh acht fad-chómh- nuighe do dhéanadh 'san b-peacadh. O! is sógh neimhinniste nuair faghtar an chaora do cail- leadh, nuair filleann an “Millteán mic” a bhaile, agus cuirthear an culaidh is feárr uime. Do bhí lúthgháir air neamh nuair d'éirigh Peadar ó n-a thuitim; do bhí lúth- gháir ann nuair d'fháisg Maghdalén tré gach toirmeasg, agus do rith si go cosaibh Íosa, agus do phóg si iad, do nigh si iad le deor- aibh a h-aithrighe, agus do chumail si iad le n-a gruaig. O! is mó an lúthgháir a tá air neamh mar gheall air aon pheacach amháin do ghnidh aithrighe air son a pheacaidh mharbhthaigh, ioná mar gheall air “naoi bh-fíréin deug air cheithre fichid nach bh-fuil riachtanas aithrighe orra.” (N. Lucas, xv. 7.) Críoch an Chómhráidh so. Gidh mall is díreach Díoghaltas Dé. Seanrádh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services