Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 6.

Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 6.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 6.



Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic
Ua Caoimh, ó Ard-fhairche Caisil:
agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion.



An Peacadh Marbhthach.



“Feuch tháinig lóbhar chuige, agus thug se
adhradh dó, ag rádh: A Thighearna, má is toil
leat, is féidir leat me a dhéanadh glan.
Agus air shíneadh a láimhe amach d' Íosa, do
bhuain se leis, ag rádh: Is toil, déantar
glan tu. Agus do glanadh a lóbhradh gan
mhoill.” (Naomh Mátha, viii. 23.)

Tar éis d'ár d-Tighearna a sheanmóir do
chraobhsgaoileadh air an Sliabh, tháinig lóbhar
chuige, agus a dubhairt “A Thighearna, má is
toil leat, is féidir leat me a dhéanadh glan,”
Budh ghalar coitchionn an lóbhradh i measg na
n-Iudaidheach: budh ghalar ró-ghráineamhail é;
do dhéanadh se an cholann uile mío-chumtha:
do díbirthí ó chómhluadar na n-daoineadh gach
neach air a m-bidheadh se. Budh chlódh an
lóbhradh so do'n pheacadh marbhthach 'san anam;
óir déanann an peacadh marbhthach an t-anam
fuathmhar i radharc Dé, agus cuireann se
amach é as righeacht na bh-flaitheas. Is mór-
mhasla agus coir in aghaidh dlighe Dé an pea-
cadh marbhthach. Is féidir an choir mhór so do
dhéanadh le smuaineadh, le briathar, le gníomh,
no le faillighe. Chum a bheith 'na pheacadh
marbhthach ní fuláir an gníomh fóirimiolach no
inmheádhonach a bheith an-olc, no caithfidh an
coguas a mheas go bh-fuil se mar sin; agus,
fos, caitfidh an gníomh bheith déanta le lán-
aire agus le lán-toil. Má bhidheann aon
choinghioll díobh so air iarraidh, ní peacadh
marbhthach an gníomh acht peacadh sologhtha.
Ní dhéanfadh aon uimhir, dá mhéid, de phea-
cadhaibh sologhtha peacadh marbhthach. Gidheadh,
tugaid peacaidh sologhtha an peacach, cois-
céim air choiscéim, chum peacadh marbhthach do
dhéanadh: “An té dhímeasann neithe beaga,
tuitfidh se 'na bheagán agus 'na bheagán.”
(Ecclus. xix. 1.)

Is uime tugthar peacadh marbhthach air, de
bhrigh go marbhann se an t-anam, ag buaint
a fhíor-bheatha, 'se sin, grása Dé, dhé, agus go
d-tugann se bás síoruidhe agus damnughadh
air an anam: “An t-anam a pheacuigheas,
eugfaidh se.” (Esech. xviii. 20.) Air an
adhbhar sin, is olc dúbhach an peacadh
marbhthach. Is millteach a an-fhochain, is
uathbhásach a iaireagair. Tugann se cuallacht
dorcha an bháis 'na thimchioll leis. Deir
Naomh Ághuistín go “n-iomcharann an peacach
tá air stáid peacaidh mharbhthaigh corp marbh
astigh ann fein, 'san méid go n-iomcharann
anam marbh i g-colainn beo.”

Is trom-choir in aghaidh Dé an peacadh
marbhthach. Tá mailís na coire so neamh-
chuimseach. Meastar méid coire ó nádúir
na coire féin, ó áirde an té a n-déantar
an choir in aghaidh i g-coimheas d'áirde an té


L. 274


do ghnidh an choir. Air an adhbhar sin, caithfidh
an peacadh marbhthach bheith gan cuimse in a
olcas; óir, mar bhárr air an masla bheith ann
féin ró-bhrostuightheach chum feirge, tugthar é
do Mhórdhacht Shíoruidhe le neach i nach bh-fuil
acht piast talmhan: uaisle gan teora air
thaoibh, agus táireacht, agus smuid, agus
luaithreadh air an taoibh eile! Cia mheasfadh
go n-déanfadh duine bocht suarach é féin
d'árdughadh ag tabhairt a shlán fá'n Uile-
chumhachtach? Go g-cuirfeadh se roimhe an
Té a tá 'na shuidhe air chathaoir ríoghdha
neimhe agus talmhan do bhualadh!

Ní bh-fuil olc air talamh ná in ifrionn is
mó ioná an peacadh marbhthach. Le fírinne,
is é athair na n-olc é; is é athair an diabhail
agus athair ifrinn é. Is ainmhidhe é tá ag
creachadh an domhain agus ag tarruing
uimhir gan cuimse d'anamnaibh síos ins an
b-poll dorcha as a m-beidh an deatach ag dul
suas go bráth agus choidhche!



Is doiligh smuaineadh go n-déanfadh an
créatúr peacadh marbhthach, acht is nidh uath-
bhásach Críostuidhe d'á dhéanadh. Aig a bhais-
deadh, diultuigheann an Críostuidhe, le móid
tromdha, do'n diabhal, d'á oibreachaibh, d'á
uabhar, agus d'á lucht feadhma; acht leis an
b-peacadh marbhthach briseann se na móide so
uile; tréigeann se a bhratach, téidheann se
anonn go foslongphort a námhad; dlúthuigh-
eann se leis an droing a tá i méirleachas
in aghaidh Dé — a g-Ceann-feadhna agus a d-
Taoiseach: tuille fós, saltrann se fá n-a
chosaibh Fuil a Shlánuightheora, agus déanann
se rogha de Bharabas roimh Íosa. Deir
Naomh Ághuistín, “le gach peacadh marbhthach
in a d-tuiteann Críostuidhe, go n-díolann
se a anam leis an diabhal, agus nach bh-
faghann mar thuarastal agus mar luach-
saothair acht sásamh geárr móimeantamhail,
taithneamh truaillighthe, sólás salach, tairbhe
suarach, sochaillte.”

Leis an b-peacadh marbhthach, déanann an
peacach magadh fá bhagaraibh Dé, agus mas-
luigheann se É. Uime sin, déanaidh Dia
gearán tré bheul an fháidh Isaias: “Do thug
me suas clann, agus d'árduigh me iad, acht
do thugadar dímheas dam.” (Isai. i. 2.)

Tá an Críostuidhe a ghnidheas peacadh marbh-
thach cionntach i mío-chumann in aghaidh Dé,
agus so i mórán de shlighthibh. Do chruthuigh
Dia sinn; do chúmhduigh Se sinn; righne Se
faire ós ár g-cionn, de ló agus d'oidhche;
d'euduigh Se sinn, agus thug Se dhúinn gach
anál d'ár tharruingeamar. D'ullmhuigh Se
dhúinn ríoghacht i bh-flaitheamhnas; thug se fios
agus geallamhain dúinn air, má bhidhmíd
díleas dó. Agus fós, in a mhór-thrócaire,
agus in a grádh dhúinn, tháinic Mac Síoruidhe
Dé anuas ó n-a chathaoir ríoghdha i bh-flaith-
eamhnas; do ghlac se air féin nádúir
daonda, mar aon le n-ár m-braighdeanas,
ár g-coirthibh, ár méirleachas, agus ár b-
peacaidhibh in aghaidh a Athar, an Áirdrigh.
Righne se in a mhór-thrócaire é féin do chur
in ár n-áit-ne, agus fuair se bás go mór-
chroidheach air ár son-ne, chum na flaithis
d'fhosgladh dhúinn, agus chum sinn do shaoradh
ó'n b-peacadh agus ó ifrionn. Tá se, air an
adhbhar sin, ceangailte go daingean orrainn
bheith cumannach do Dhia, agus an cumann so
do thaisbeánadh dhó. Acht nuair déantar an
peacadh marbhthach cá m-bidheann an cumann?
Is é an peacadh marbhthach caint an mhíochu-
mainn, noch a tá olc, dubh, amhnáireach! tais-
beánfaidh an t-ainmhidhe éigcéillidhe féin
buidheachas air son blodh aráin. Acht an
peacach, nuair do ghnidh se an peacadh marbh-
thach, ní h-é amháin go d-taisbeánann se a
mhíochumann, acht “ceusann se arís Mac Dé
agus déanann se fonomhaid faoi.” (Eabhr.
vi. 6,) Is air an nidh so do righne an
Tighearna gearán i m-briathraibh Dháibhidh:
“Dá n-déanfadh mo námhaid fochmuid fúm,
go deimhin do dhéanfainn é d'fhulang …
acht tusa, a chara agus a dhuine mhuinteardha,
do chaith biadh milis am' fhochair.” (Salm liv.
13-15.)

Cidhtear míoscuis an pheacaidh mharbhthaigh ó'n
dochar do ghnidh se do'n anam. Déanaidh se
an t-anam do lomadh ó mhór-thairbhe agus ó
áilleacht na ngrás. 'San anam a tá air


L. 275


stáid na ngrás tá sgéimh neamhdha, áilleacht
dolabhartha, fáinne soluis mórdhachta, agus
cúmhracht milseachta. Ní cosamhail aon nidh
air talamh le h-áilleacht agus le lonnracht
anama air stáid na ngrás: is e sgáth
sgéimhe Dé é. Tá geanamhlacht árd-chéim-
neach Dé aithdhealruighthe ann; mar aiththeilg-
thear glé-ghile shóghach na gréine i meádhon lae
'san t-samhradh ó ucht linne ciuine. I m-
briathraibh bríoghmhara na Scríbhinne Diadha,
tá anam air stáid na ngrás 'na “bain-
ríoghan,” 'na “céile aig Críost,” 'na “team-
pul aig an Spiorad Naomh,” 'na “h-inghin
Righ.” “Éist, a inghean, agus feuch, agus
claon do chluas … agus is mór bhus mian
leis an Righ do sgéimh, óir is é do Tighearna
Dia É … Tá uile ghlóir inghine an Righ go
h-inmheádhonach, in ór-chiumhaisibh, euduighthe
má g-cuairt le óirghreusaibh eugsamhla.”
(Salm xliv. 11-15.) Tá cuid i g-comaoin na
naomh aig anam i stáid na ngrás; tá a
ainm scríobhtha i litreachaibh órdha i Leabhar
na Beatha; agus tá se dlúth-cheangailte de
Dhia féin le lúb órdha na carthanachta. Acht
chomh luath a's aontuigheann an toil le lán-
aire do pheacadh marbhthach, tá lúb na car-
thanachta briste, tá muinteardhas Dé caillte;
tá áilleacht na ngrás, agus a milseacht,
agus a lonnradh, imthighthe ó'n duine, mar aon
le luaidheacht a dheagh-obair uile: “ Ní bheidh
cuimhne air a uile fhíreuntacht d'á n-deárna
se.” (Esech. xviii. 24,) Sgriostar ainm an
pheacaigh amach as Leabhar na Beatha; buain-
tear dé a ghairm air ríoghacht neimhe, nidh
ná'r bh'féidir le míoscuis na n-daoineadh ná
le cúthach na n-diabhal bhuaint dé gan an
peacadh. Cailltear a oidhreacht; tá se
dímheasta; tá a anam iompoighthe dubh, táir,
fuathmhar, 'na sglábhuidhe gráineamhail aig an
diabhal, 'na árus aig spioradaibh neamhghlana,
'na chosbóir feirge aig Dia. Cuirthear
díbirt air Dhia as an anam, agus seasann
“gráineamhlacht an léirsgris” i d-teampul
an Dé bhí. Uch! is dúbhach, dúbhach í fóghail
an pheacaidh mharbhthaigh!

Arís, taisbeántar fuathmharacht an phea-
caidh mharbhthaigh leis an trom-dhíoghaltas do
ghnidh Dia air. Ní labhraim anois air theine
mhilltigh ifrinn adhanta le h-anál Dé chum
díoghaltas do dhéanadh air an b-peacadh
marbhthach: is air an díoghaltas saoghalta
amháin tá me ag trácht. Do bhí an díoghaltas
so, air uairibh, eusguidhe, agus adhbhal, agus
uathbhásach. Is mar gheall air ar b-peacadh
marbhthach do cuireadh díbirt air ár sinsear
as Parthas, do chailleadar a b-príomh-cheart
agus a neimhchionntacht, agus tugadh breath
báis orra féin agus air a sliocht uile. Is
mar gheall air an b-peacadh marbhthach — mar-
bhadh a dhearbhráthar — do righneadh deoraidhe
de Cháin air an d-talamh; agus fá dheoigh do
cuireadh síos é mar íodhbairt chum a bheith
d'á losgadh in ifrionn; is mar gheall air an
b-peacadh marbhtach do h-osgladh cómhlaidhe
uisge na bh-flaitheas, agus do briseadh suas
bunáitidhe na mór-mhara, agus do sgriosadh
gan mhoill an cineadh daonda uile acht an
beagán toghtha amháin de dhruim talmhan; is
mar gheall air an b-peacadh marbhthach do thuit
an teine agus an ruibh air an dá chathair,
Sodom agus Gomorra; is mar gheall air
an b-peacadh marbhthach d'fhosgail an talamh
amach agus do shluig síos Córa agus a cho-
bharthóiridhe malluighthe beo go h-ifrionn; is
mar gheall air an b-peacadh marbhthach do
tugadh an cineadh Iudaidheach i m-broid níos
mionca ioná aon uair ámhain; agus is mar
gheall air an b-peacadh marbhthach do chuir-
eann Dia cogaidh, agus gorta, agus plágha,
agus tinneas, agus aindeisí gan ainm, agus
fá dheoigh an bás.

Agus arís fós, nach bh-fuil nidh uathbhásach
'san Scríbhinn, a labhras le glór buabhail air
chionntacht critheaglaigh an pheacaidh mharbh-
thaigh? Agus is é an nidh é so Páis agus
Bás ár d-Tighearna agus ár Slánuightheora,
Íosa Críost. Do buaileadh táirngidhe tré
lámhaibh agus tré chosaibh an Té tá 'na Dhia
agus 'na Dhuine; agus dár n-dóigh, ní'l aon
bhuille de'n chasúr do thiomáin na táirngidhe
úd nach n-inniseann cread é an nidh grán-
dacht an pheacaidh mharbhthaigh. Inniseann


L. 276


gach critheagla d'fhulaing an Slánuightheoir
'na geur-pheanaid cread é an nidh olcas an
pheacaidh mharbhthaigh; inniseann gach braon
d'á Fhuil do chómharthuigh an bóthar ríoghamhail
ó Ghetsemani go Calbhaire cread é an nidh
olcas an pheacaidh mharbhthaigh. Innistear,
mar an g-ceudna, cread é an nidh cionntacht
an pheacaidh mharbhthaigh le gach breath d'á d-
tugann an Té tá ceart agus trócaireach air
na daoinibh malluighthe. Ní'l aon deor
neamhthairbheach tinntighe cráidhthe d'á sileann
an drong damanta shíos in ifrionn nach n-
inniseann, agus nach n-inneosaidh go síoruidhe
cread é an nidh cionntacht an pheacaidh
mharbhthaigh.

Is leor na nidhthe fíre so chum olcas uath-
bhásach an pheacaigh mharbhthaigh do chur i d-
tuigsin dúinn; is leor iad chum mór-ghráin
do chur aig an g-Críostuidhe air. Acht tá
fírinne eile ann, a tá tromdha in a céill,
agus nuair feuchtar uirre maille le olcas
agus smacht an pheacaidh mharbhthaigh, badh chóir
go n-déanfadh se an peacach cionntach do
mhúsgailt as marbhántacht an pheacaidh — agus
is í an fhírinne so, neimhchinnteacht chritheaglach
an bháis. Ní'l fios an lae ná na h-uaire
agaibh, óir tiocfaidh an bhás amhail “gadaidhe
'san oidhche” (I. Tess. v. 2), “an uair is
lúgha tá súil agaibh leis.” (N. Mátha, xxiv.
43, 44.)

Geallann Dia, in a mhór-thrócaire, maith-
feachas do gach peacach aithrigheach, acht ní
gheallann se go d-tabhairfidh se aimsir, ná
grása na h-aithrighe, má cuirthear an t-iom-
póghadh air ceal ó ló go ló. “Is nidh eaglach
tuitim i lámhaibh an Dé bhí.” (Eabhr. x. 31.)
“Éighfid chum an Tighearna annsin” (in an-
tráth), “ … agus foileochaidh se a aghaidh
uatha an tan sin.” (Mich. iii. 4.) “Déan-
faidh se gáire fá n-a mí-ádh.” (Seanr. i. 26.)
“Gheobhaidh siad bás in a b-peacadhaibh.” (Esech.
iii. 20; x. 24,) “Anois an t-am iomchubhaidh,
anois la an t-slánuighthe.” (II. Cor, vi. 2.)

Ma chluineann sibh an-diu guth an Ti-
ghearna ag glaodhach orraibh chum aithrighe do
dhéanadh, ná cruaidhídh bhur g-croidhthe. Glac-
aídh rún daingean ciallmhar an peacadh
marbhthach do sheachaint, teitheadh uaidh mar do
theithfeadh sibh ó aghaidh naithreach nimhe, no ó
shúil basilisc. Glacaídh rún daingean aith-
righe iomlan do dhéanadh in gach trom pheacadh
do righneabhar air feadh bhur saoghail. Ná
déanaídh aon mhoill gan aithrighe do dhéanadh.
Is baoghalach an leadrán. Déanann se
slabhra an námhad do dhlúth-cheangal, agus
galar an pheacaidh do thromughadh. Dá n-
déanfadh fóghluighthe bhur n-árus do chreach,
agus gach nidh luachmhar agus tairbheach ann
do bhreith leo, is eusguidhe do leanfadh sibh
chum an creach do bhuaint díobh. Dá m-buail-
feadh tinneas millteach sibh, an bh-fanfadh sibh
leis an am déigheanach gan fios do chur air
an liaigh? Nach fonnmhar do ghlacann sibh
an íocshláinte is peanaidighe, agus d'fhulain-
geann sibh an t-oibriughadh is goineamhla i
láimhleaghacht no i leigheas. Air an adhbhar
sin, ná bidhídh mall ag déanadh na h-aithrighe.

Tá íce 'san nGilead, tá liaigh ann. Tá
maithfeachas iomlán ag fuireach libh; glacfar
go caoin agus go cneasda sibh: na bidheadh
eagla orraibh roimh aon nidh acht fad-chómh-
nuighe do dhéanadh 'san b-peacadh. O! is sógh
neimhinniste nuair faghtar an chaora do cail-
leadh, nuair filleann an “Millteán mic” a
bhaile, agus cuirthear an culaidh is feárr
uime. Do bhí lúthgháir air neamh nuair
d'éirigh Peadar ó n-a thuitim; do bhí lúth-
gháir ann nuair d'fháisg Maghdalén tré gach
toirmeasg, agus do rith si go cosaibh Íosa,
agus do phóg si iad, do nigh si iad le deor-
aibh a h-aithrighe, agus do chumail si iad le
n-a gruaig. O! is mó an lúthgháir a tá air
neamh mar gheall air aon pheacach amháin do
ghnidh aithrighe air son a pheacaidh mharbhthaigh,
ioná mar gheall air “naoi bh-fíréin deug
air cheithre fichid nach bh-fuil riachtanas
aithrighe orra.” (N. Lucas, xv. 7.)

Críoch an Chómhráidh so.

Gidh mall is díreach Díoghaltas Dé. Seanrádh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services