Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus air anmannaibh Gaedhilge áiteadh, agus air a m-bunadhas.
Title
Seanchus air anmannaibh Gaedhilge áiteadh, agus air a m-bunadhas.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANCHUS AIR ANMANNAIBH GAE- DHILGE ÁITEADH, AGUS AIR A M- BUNADHAS. Leis An Ollamh Seodhach. “Cuirfidh an leabhar so iongantus ort, a Sheághain, acht is iongantus é bhus taithne- amhach leat,” air an Saoi, Mac Uilliam liom, ag cur an chéid leabhair de'n obair so am' láimh: (ní raibh an dara leabhar dí an uair sin ann, ná aon t-súil leis.) Agus go deimhin, dob' iongnadh liom-sa, agus leis- sean, agus le gach n-aon d'ár léigh an leabhar, a samhail d'obair do theacht ó láimh fir do bhí an uair sin neamh-aithnid i measg na n-ollamh; agus í déanta níos feárr ioná do dhéanfadh O Donnabháin no O Cómhraidhe féin í. Ní dheirim go bh-fuil úghdar na h-oibre so níos foghlumtha i d-teanga ná i seanchus Éireann ioná ceachtar de'n dís ollamh úd, óir má tá fear a m-bárrtha againn, ní bh-fuil an dara fear, agus ní raibh le dhá chéad bliadhain: acht chum leabhar de'n t- samhail so do dhéanadh inléighte, mar aon leis an bh-fóghluim, ní fuláir do'n úghdar tuilleadh cailigheacht do bheith aige, agus is deimhin nach raibh le fada 'san tír fear aig a raibh gach cailigheacht riachtanach i g-céim is aoirde ioná an t-Ollamh Seodhach. Ní h-obair nuadh í so air aon chor. Atá se ins na deugaibh de bhliadhantaibh go daingean ó thug Mac Uilliam an leabhar dam le léigheadh, agus do cuireadh i g-clódh ceithre h-uaire eile ó shoin é. Acht i g-céill eile, is féidir a rádh gur ab obair nuadh í, óir le gach cur amach dí, do cuireadh breis mhór feabhuis uirre, agus is dócha go bh- fágfar anois í 'san riocht in a bh-fuil si. Air an adhbhar sin, is cóir do gach n-duine, lé'r mian aon eolus air áitibh na duithche do bheith aige, an obair do léigheadh arís agus arís. Gheobhaidh an t-ollamh is fóghlumtha mórán feasa innte nach bh-fuil aige féin, agus gheobhaid an t-aos óg mór-chuid eoluis innte i d-taoibh a d-teanga dúthchais i módh is soiléire ioná tá se le fághail in aon leabhar eile. Do bhí dhá ainm áiteadh, am' chómhursanacht, go sunrádhach, ag dul i d-talamh orm lem' chuimhne, go bh-fuair me an obair so, eadhon Cill-cheann-a-mhaighe, agus Paráisde an Mhidhe. I g-contae Phortláirge, tá mágh beag garbh ag síneadh o'n bh-fairge shoir go Cruachan Phaorach, timchioll seacht míle slighe; agus goirthear Cill-cheann-a'mhaighe de'n bhaile fearainn a tá aig bun Chruachain, do bhrigh gur ab é ceann, no deireadh an mhaighe é. Acht 'san ainm ní deirthear ceann (Ke- oun) mar a deirthear an focal do ghnáth 'san Múmhain, acht mar an bh-focal can 'san m- Beurla, agus is é so fóghar an fhocail i g- cúige Chonnacht. Is inmheasta, uime sin, an tan do tugadh an t-ainm so, agus anmanna eile mar é, go m-budh h-í an chanamhuin cheudna do bhí shiar agus theas in Éirinn. An dara h-ainm do bhí in ainbhfios orm. Paráisde an Mhidhe, eadhon, Paráisde na bh-fíodh, no na g-coillteadh. Do bhí a fhios agam go maith gur ab ionnan fíodh agus coill, acht do chuir an t-alt “an” in ionad “na” a múghadh me. Ní tuigthear an focal “fíodh” anois i b-Portláirge, agus is riaghail choitchoinn i n-anmanaibh áiteadh, in aon áit i na bh-fuil an Ghaedhilig d'á labhairt, deirthear mar is ceart gach focal a tuigthear 'san g-ceanntar, acht ní féidir a bheith cinnte i d-taoibh aon fhocail nach d-tuigid na daoine ann. Is tré neimheolus mar so do righneadh na h-ailt shuas do mhalartughadh, agus is tré neimheolus de'n t-samhail do théidhid daoine do ghnáth air seachrán i n-anmannaibh áiteadh. Is clos dam go n-deireadh sagart paráisde d'á raibh air Pharáisde na bh-fíodh an t-ainm mar budh cheart, acht ó fuair an sagart so bás, timchioll sé m-bliadhan deug ar fhichid ó shoin, do cailleadh an t-ainm arís, agus ní dócha go n-déarfaidhe i módh cóir choidhche arís 'san Múmhain é, muna m-beidheadh gur thug an
obair so chum athchuimhne é. Measaim gur bh'é an sagart so, an t-Athair Risteárd Paor, duine dob' eolaighe i nGaedhilig i bh-Fairce Leasa-Mhóir le n-a linn, gidh go raibh mórán ann, an tan sin, do bhí eolach go maith 'san teanga; gidheadh do bhí se féin seachránach i g-céill anma paráisde eile do bhí faoi na chúram, eadhon. Cill-rosantaigh. Is ionnan ros agus coill, agus is sean-chuimhne 'san g— ceanntar go m-b'fhéidir do neach urmhór an pharáisde so do thaisdiol ag dul ó chrann go crann, gan tuirling air an d-talamh. Atá fós, abhainn 'san g-ceanntar — an Taodh: agus do mheas an sagart gur chialluigh Cill— rosantaigh, cill-ros-an-taodh: agus, dár n— doigh, budh shoichreidte an tuairim í. Deir an t-Ollamh Seodhach, in aghaidh so, gur ab ionnan “rosantach” agus “coillteach,” no áit lán de choilltibh, mar chialluigheann an Chuilionnach, baile an Chuilinn; agus Carraig- eidhneach, carraig an eidhneáin, agus mar sin. Agus cia de'n dá ollamh aig a bh-fuil an ceart? Ní dheir aon neach Carraig an Siuire, Droichead an Mhachain, cois an Laoi, acht Carraig-na-Siuire, Droichead-na-Machan, cois na Laoi: agus mar an g-ceudna ní dhéarfhaidhe “Ros-an-Taodh,” acht “Ros-na- Taodh;” agus an t-ainm go h-iomlán, Cill- rois-na-Taodh — ainm gan cosamhlacht air bith le Cill-rosantaigh. Atá láimh le Cill-áirne, i g-contae Chiarruidhe an sliabh is áirde in Éirinn. agus measaid daoine do thig a g-céin gur ab é is ainm dileas do'n t-sliabh so Carn Tuathail. Atá an mearbhal so go mór-mhor orra so ná'r chualaidh riamh mórán Gaedhilge aig a labhairt, gidh go sgríobhaid agus go léighid cuid díobh í go maith. Déanaid so air uairibh gáire air g-clos anma an t-sléibhe, Carán-tuathal, agus is deacair leo géilleadh a thabhairt do'n mhíniughadh do bheir an t- Ollamh Seodhach air an ainm. Is é chiall- uigheann tuathal, ciotach, no clí: agus deir- thear, fós, le h-aon nidh míochumtha, míochórach, no bun-ós-cionn do'n choitchiontacht, go bh- fuil se air tuathal. Deir an sean-rádh, “an uile nidh air deiseal acht an t-seisreach air tuathal.” Anois tá taobh an t-sléibhe so lúbtha no fiartha, air mhódh éigin i riocht caráin, agus 'san bh-fiaradh so atá gága do chuirfeadh fiacla caráin i g-cuimhne do dhuine, acht ní i m-beul an charáin atáid na fiacla acht 'na chúl: agus mar sin do tugadh an t-ainm, an Carán tuathal. “Ní mar sin atá,” deirid daoine eile, “acht tugadh an t-ainm Carn Tuathail, mar tugadh Carn— Tighearna, agus Lios Tuathail; agus dob' fhéidir gur ab air an sliabh so tá an “Tua- thalach úd adhluicthe ó'r glaodhadh Lios-Tua- tail.” Do chualaidh mé an frith-bheart so ó fhear fíor-eolach, agus uime sin, air n-dul go Cill-áirne dham do bhreithnigh me go cruinn an sliabh agus do cheisdigh me na daoine ann. Anois ní féidir aon mhearbhal a bheith 'san bh-focal carán; a deirthear ro- shoiléir é. Agus arís ní dhéarfadh aon duine “bhí mé aig an Lios-Tuathail,” na, “tá ceo air an g-Carn-Tighearna,” acht deirthear “tá ceo air an g-Carán-tuathal,” agus ní feudfaidhe sin do rádh dá m-badh ó Thuathalach do leanfadh an t-ainm de'n t-sliabh. In anmannaibh áiteadh do thosuigheas no do chríochnuigeas le h-ainm aicídeach [noun ad- jective] cuirthear an t-alt roimh an ainm, mar so: “bhí me aig an Leic-Dhubh;” “bhí se air mhullach an t-Sléibhe-Bháin;” “Níor rangas-sa an t-Sean-choill go h-eadar-thráth [dinner-time] an lae úd.” Acht má's ainm 'san g-cás geineamhnach [gen. case] deireadh an chómhfhocail [com- pound word] ní oireann an t-alt roimhe: Ní dheir aon neach choidhche “an focal an fhir;” “an lámh na mná;” acht “focal an fhir,” “lámh na mná;” “idir Cluain-geal-meala a's Carraig-na-Siuire;” “I nGráig-na- ngabharis eadh bhidhinn am'chómhnuighe.” Air uairibh deirid daoine 'san g-comhurs- anacht ainm áite go h-aithgheárr, 'se sin, deirid é gan an cás geineamhnach is críoch dó, agus annsin cuirthear an t-alt roimhe, mar “An raibh tu aig an g-Carraig?” “Cuirfeam coiste air in Eochoill a's de'n
(de an) Mhainistir gheobham' leis.” Dá n- déarfadh an file Mainistir-fhearamaighe, no Mainistir-na-cora, ní oirfeadh an t-alt roimhe. Ainm eile áite air a bh-faghaid daoine eolacha locht, eadhon, Lios-dún-bheárna i g- Contae an Chláir. A deirid so gur ab Lios- donn-bheárna an t-ainm ceart: agus is deimhin go bh-fuil 'san sliabh ó thuaidh ó'n lios beárna a tá donn le fraoch. Acht in aghaidh so, 'san g-céad áit, deirid muintir na h-áite an focal “dún” chómh soiléir agus is féidir a rádh; ní dheirid siad go bráth “donn” ná aon nidh cosamhail leis. Agus arís deir siad air uairibh “Lios an dúin,” agus saoilim go m-budh h-é so an t-ainm coitchionn 'san t-sean-aimsir. Tigeann so go sunradhach leis an nidh a deir an t-Ollamh Seodhach, gur ab ó'n dún beárnach, a tá 'san g-ceanntar, tugadh an t-ainm “Lios-dúin- bheárnaigh.” Mar a dubhradh shuas, gheobhaid an t-aos óg, agus daoine nach iad, mór-chuid eoluis air an nGaedhilig 'san obair so i módh is soiléire ioná tá se le fághail in aon leabhar eile, eadhon, eolus air análughadh (aspiration) air urdhughadh (eclipsis), agus ar mórán de neithibh eile in ar dual d'Éireannaighibh a bheith cúramach. Má thugaid lucht aon chúige fá deara an módh in a n-deir siad féin anmanna na n-áiteadh 'na d-timchioll agus an módh in a n-deirthear na h-anmanna ceudna i g-cúigidhibh eile, beidh tuairim mhaith aca air an eidirdhealughadh a tá idir canamh- naibh na g-cúige in Éirinn — eidirdhealughadh is lúgha go fada ioná is dóigh le na daoinibh. Gheobhaid an mhuintir, fós, a tá gan eolus air bith air theanga na tíre mórán feasa 'san obair so, agus tá súil go d-tabharfaidh si fá deara air dhaoinibh de'n t-samhail so an teanga d'fóghluim. Is mian liom, le toil an fhir-eagair beagán eile do rádh i d-taoibh na h-oibre an mhí so chúghainn. Seághan Pléimion.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services