Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus air anmannaibh Gaedhilge áiteadh, agus air a m-bunadhas.

Title
Seanchus air anmannaibh Gaedhilge áiteadh, agus air a m-bunadhas.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANCHUS AIR ANMANNAIBH GAE-
DHILGE ÁITEADH, AGUS AIR A M-
BUNADHAS.



Leis An Ollamh Seodhach.



“Cuirfidh an leabhar so iongantus ort, a
Sheághain, acht is iongantus é bhus taithne-
amhach leat,” air an Saoi, Mac Uilliam liom,
ag cur an chéid leabhair de'n obair so am'
láimh: (ní raibh an dara leabhar dí an uair
sin ann, ná aon t-súil leis.) Agus go
deimhin, dob' iongnadh liom-sa, agus leis-
sean, agus le gach n-aon d'ár léigh an
leabhar, a samhail d'obair do theacht ó láimh
fir do bhí an uair sin neamh-aithnid i measg na
n-ollamh; agus í déanta níos feárr ioná do
dhéanfadh O Donnabháin no O Cómhraidhe féin
í. Ní dheirim go bh-fuil úghdar na h-oibre
so níos foghlumtha i d-teanga ná i seanchus
Éireann ioná ceachtar de'n dís ollamh úd,
óir má tá fear a m-bárrtha againn, ní
bh-fuil an dara fear, agus ní raibh le dhá
chéad bliadhain: acht chum leabhar de'n t-
samhail so do dhéanadh inléighte, mar aon
leis an bh-fóghluim, ní fuláir do'n úghdar
tuilleadh cailigheacht do bheith aige, agus is
deimhin nach raibh le fada 'san tír fear aig a
raibh gach cailigheacht riachtanach i g-céim is
aoirde ioná an t-Ollamh Seodhach.



Ní h-obair nuadh í so air aon chor. Atá
se ins na deugaibh de bhliadhantaibh go
daingean ó thug Mac Uilliam an leabhar
dam le léigheadh, agus do cuireadh i g-clódh
ceithre h-uaire eile ó shoin é. Acht i g-céill
eile, is féidir a rádh gur ab obair nuadh í,
óir le gach cur amach dí, do cuireadh breis
mhór feabhuis uirre, agus is dócha go bh-
fágfar anois í 'san riocht in a bh-fuil si. Air
an adhbhar sin, is cóir do gach n-duine, lé'r
mian aon eolus air áitibh na duithche do bheith
aige, an obair do léigheadh arís agus arís.
Gheobhaidh an t-ollamh is fóghlumtha mórán
feasa innte nach bh-fuil aige féin, agus
gheobhaid an t-aos óg mór-chuid eoluis innte
i d-taoibh a d-teanga dúthchais i módh is
soiléire ioná tá se le fághail in aon leabhar
eile.



Do bhí dhá ainm áiteadh, am' chómhursanacht,
go sunrádhach, ag dul i d-talamh orm lem'
chuimhne, go bh-fuair me an obair so, eadhon
Cill-cheann-a-mhaighe, agus Paráisde an
Mhidhe. I g-contae Phortláirge, tá mágh
beag garbh ag síneadh o'n bh-fairge shoir go
Cruachan Phaorach, timchioll seacht míle slighe;
agus goirthear Cill-cheann-a'mhaighe de'n
bhaile fearainn a tá aig bun Chruachain, do
bhrigh gur ab é ceann, no deireadh an mhaighe
é. Acht 'san ainm ní deirthear ceann (Ke-
oun) mar a deirthear an focal do ghnáth 'san
Múmhain, acht mar an bh-focal can 'san m-
Beurla, agus is é so fóghar an fhocail i g-
cúige Chonnacht. Is inmheasta, uime sin, an
tan do tugadh an t-ainm so, agus anmanna
eile mar é, go m-budh h-í an chanamhuin
cheudna do bhí shiar agus theas in Éirinn.



An dara h-ainm do bhí in ainbhfios orm.
Paráisde an Mhidhe, eadhon, Paráisde na
bh-fíodh, no na g-coillteadh. Do bhí a fhios
agam go maith gur ab ionnan fíodh agus coill,
acht do chuir an t-alt “an” in ionad “na”
a múghadh me. Ní tuigthear an focal “fíodh”
anois i b-Portláirge, agus is riaghail
choitchoinn i n-anmanaibh áiteadh, in aon
áit i na bh-fuil an Ghaedhilig d'á labhairt,
deirthear mar is ceart gach focal a tuigthear
'san g-ceanntar, acht ní féidir a bheith cinnte
i d-taoibh aon fhocail nach d-tuigid na daoine
ann. Is tré neimheolus mar so do righneadh
na h-ailt shuas do mhalartughadh, agus is tré
neimheolus de'n t-samhail do théidhid daoine
do ghnáth air seachrán i n-anmannaibh áiteadh.



Is clos dam go n-deireadh sagart paráisde
d'á raibh air Pharáisde na bh-fíodh an t-ainm
mar budh cheart, acht ó fuair an sagart so bás,
timchioll sé m-bliadhan deug ar fhichid ó shoin,
do cailleadh an t-ainm arís, agus ní dócha
go n-déarfaidhe i módh cóir choidhche arís 'san
Múmhain é, muna m-beidheadh gur thug an


L. 250


obair so chum athchuimhne é. Measaim gur
bh'é an sagart so, an t-Athair Risteárd Paor,
duine dob' eolaighe i nGaedhilig i bh-Fairce
Leasa-Mhóir le n-a linn, gidh go raibh mórán
ann, an tan sin, do bhí eolach go maith 'san
teanga; gidheadh do bhí se féin seachránach i
g-céill anma paráisde eile do bhí faoi na
chúram, eadhon. Cill-rosantaigh. Is ionnan
ros agus coill, agus is sean-chuimhne 'san g—
ceanntar go m-b'fhéidir do neach urmhór an
pharáisde so do thaisdiol ag dul ó chrann
go crann, gan tuirling air an d-talamh. Atá
fós, abhainn 'san g-ceanntar — an Taodh:
agus do mheas an sagart gur chialluigh Cill—
rosantaigh, cill-ros-an-taodh: agus, dár n—
doigh, budh shoichreidte an tuairim í. Deir
an t-Ollamh Seodhach, in aghaidh so, gur ab
ionnan “rosantach” agus “coillteach,” no áit
lán de choilltibh, mar chialluigheann an
Chuilionnach, baile an Chuilinn; agus Carraig-
eidhneach, carraig an eidhneáin, agus mar sin.
Agus cia de'n dá ollamh aig a bh-fuil an
ceart? Ní dheir aon neach Carraig an
Siuire, Droichead an Mhachain, cois an Laoi,
acht Carraig-na-Siuire, Droichead-na-Machan,
cois na Laoi: agus mar an g-ceudna ní
dhéarfhaidhe “Ros-an-Taodh,” acht “Ros-na-
Taodh;” agus an t-ainm go h-iomlán, Cill-
rois-na-Taodh — ainm gan cosamhlacht air bith
le Cill-rosantaigh.



Atá láimh le Cill-áirne, i g-contae
Chiarruidhe an sliabh is áirde in Éirinn.
agus measaid daoine do thig a g-céin gur ab
é is ainm dileas do'n t-sliabh so Carn
Tuathail. Atá an mearbhal so go mór-mhor
orra so ná'r chualaidh riamh mórán Gaedhilge
aig a labhairt, gidh go sgríobhaid agus go
léighid cuid díobh í go maith. Déanaid so air
uairibh gáire air g-clos anma an t-sléibhe,
Carán-tuathal, agus is deacair leo géilleadh
a thabhairt do'n mhíniughadh do bheir an t-
Ollamh Seodhach air an ainm. Is é chiall-
uigheann tuathal, ciotach, no clí: agus deir-
thear, fós, le h-aon nidh míochumtha, míochórach,
no bun-ós-cionn do'n choitchiontacht, go bh-
fuil se air tuathal. Deir an sean-rádh,
“an uile nidh air deiseal acht an t-seisreach
air tuathal.” Anois tá taobh an t-sléibhe so
lúbtha no fiartha, air mhódh éigin i riocht
caráin, agus 'san bh-fiaradh so atá gága do
chuirfeadh fiacla caráin i g-cuimhne do dhuine,
acht ní i m-beul an charáin atáid na fiacla
acht 'na chúl: agus mar sin do tugadh an
t-ainm, an Carán tuathal. “Ní mar sin
atá,” deirid daoine eile, “acht tugadh an
t-ainm Carn Tuathail, mar tugadh Carn—
Tighearna, agus Lios Tuathail; agus dob'
fhéidir gur ab air an sliabh so tá an “Tua-
thalach úd adhluicthe ó'r glaodhadh Lios-Tua-
tail.” Do chualaidh mé an frith-bheart so ó
fhear fíor-eolach, agus uime sin, air n-dul
go Cill-áirne dham do bhreithnigh me go
cruinn an sliabh agus do cheisdigh me na
daoine ann. Anois ní féidir aon mhearbhal
a bheith 'san bh-focal carán; a deirthear ro-
shoiléir é. Agus arís ní dhéarfadh aon duine
“bhí mé aig an Lios-Tuathail,” na, “tá ceo
air an g-Carn-Tighearna,” acht deirthear
“tá ceo air an g-Carán-tuathal,” agus ní
feudfaidhe sin do rádh dá m-badh ó Thuathalach
do leanfadh an t-ainm de'n t-sliabh. In
anmannaibh áiteadh do thosuigheas no do
chríochnuigeas le h-ainm aicídeach [noun ad-
jective] cuirthear an t-alt roimh an ainm,
mar so: “bhí me aig an Leic-Dhubh;” “bhí
se air mhullach an t-Sléibhe-Bháin;”
“Níor rangas-sa an t-Sean-choill go
h-eadar-thráth [dinner-time] an lae úd.”
Acht má's ainm 'san g-cás geineamhnach
[gen. case] deireadh an chómhfhocail [com-
pound word] ní oireann an t-alt roimhe: Ní
dheir aon neach choidhche “an focal an fhir;”
“an lámh na mná;” acht “focal an fhir,”
“lámh na mná;” “idir Cluain-geal-meala
a's Carraig-na-Siuire;” “I nGráig-na-
ngabharis eadh bhidhinn am'chómhnuighe.”

Air uairibh deirid daoine 'san g-comhurs-
anacht ainm áite go h-aithgheárr, 'se sin,
deirid é gan an cás geineamhnach is críoch
dó, agus annsin cuirthear an t-alt roimhe,
mar “An raibh tu aig an g-Carraig?”
“Cuirfeam coiste air in Eochoill a's de'n


L. 251


(de an) Mhainistir gheobham' leis.” Dá n-
déarfadh an file Mainistir-fhearamaighe, no
Mainistir-na-cora, ní oirfeadh an t-alt
roimhe.

Ainm eile áite air a bh-faghaid daoine
eolacha locht, eadhon, Lios-dún-bheárna i g-
Contae an Chláir. A deirid so gur ab Lios-
donn-bheárna an t-ainm ceart: agus is
deimhin go bh-fuil 'san sliabh ó thuaidh ó'n
lios beárna a tá donn le fraoch. Acht in
aghaidh so, 'san g-céad áit, deirid muintir na
h-áite an focal “dún” chómh soiléir agus
is féidir a rádh; ní dheirid siad go bráth
“donn” ná aon nidh cosamhail leis. Agus
arís deir siad air uairibh “Lios an dúin,”
agus saoilim go m-budh h-é so an t-ainm
coitchionn 'san t-sean-aimsir. Tigeann so
go sunradhach leis an nidh a deir an t-Ollamh
Seodhach, gur ab ó'n dún beárnach, a tá 'san
g-ceanntar, tugadh an t-ainm “Lios-dúin-
bheárnaigh.”



Mar a dubhradh shuas, gheobhaid an t-aos
óg, agus daoine nach iad, mór-chuid eoluis
air an nGaedhilig 'san obair so i módh is
soiléire ioná tá se le fághail in aon leabhar
eile, eadhon, eolus air análughadh (aspiration)
air urdhughadh (eclipsis), agus ar mórán de
neithibh eile in ar dual d'Éireannaighibh a bheith
cúramach. Má thugaid lucht aon chúige fá
deara an módh in a n-deir siad féin
anmanna na n-áiteadh 'na d-timchioll agus
an módh in a n-deirthear na h-anmanna
ceudna i g-cúigidhibh eile, beidh tuairim mhaith
aca air an eidirdhealughadh a tá idir canamh-
naibh na g-cúige in Éirinn — eidirdhealughadh
is lúgha go fada ioná is dóigh le na daoinibh.
Gheobhaid an mhuintir, fós, a tá gan eolus air
bith air theanga na tíre mórán feasa 'san
obair so, agus tá súil go d-tabharfaidh si
fá deara air dhaoinibh de'n t-samhail so an
teanga d'fóghluim. Is mian liom, le toil
an fhir-eagair beagán eile do rádh i d-taoibh
na h-oibre an mhí so chúghainn.



Seághan Pléimion.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services