Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 5.
Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 5.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 5 Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an athair Pádraic Ua Caoimh, ó Ard-fhairce Caisil: agus aisdrighthe go Gaedhílig le Seághan Pléimion. Cómhrádh air creud is olc ann. I. Ní sásuighthear choidhche croidhe an duine air an saoghal so. Atá astigh ionainn dúil neimhchinnte i nidh éigin nach bh-fuaramar riamh fós, agus tá an dúil so coitchionn aig gach duine fá'n ngréin. Mothuigheann an righ an mian so air a chathaoir ríoghdha, agus mothuigheann fear an iarratais é, ag gabháil timchioll in a shean-cheirtibh. Do bhí gach a raibh le fághail air talamh aig Solamh, flaith saidhbhir an Domhain Shoir: Do bhí saidhbhreas, onóir, agus árd-réim aige; níor dhiult se air féin aon nidh budh mhian le n-a chroidhe — air a shon sin, ní raibh Solamh sásda. Do chraobhs- gaoil se do'n domhan nach bh-fuair se in gach a raibh in a sheilbh acht “Díomhaoineas agus buaidhreadh spioraide” (Eccles. I. 14.) Is mar so a tá ó thosach an domhain, is mar so a bheidheas go crioch an t-saoghail: tá dúil a chroidhe aig an duine 'san t-sonas, acht ní thig leis choidhche é d'fhághail 'san t-saoghal so. Agus ní h-iongnadh so, óir ní do'n t-saoghal so do cruthuigheadh é, acht do'n t-saoghal eile. Is do neamh do cruthuigheadh sinn, agus ní <L 244> bheidhmídh sona choidhche go m-beidhmíd air neamh. Acht is garbh cúmhang an bóthar a tá le taisdeal againn go righeacht Dé, agus, faraor! is iomdha olc le cathughadh leis againn air an slighe. Creud é an t-olc, uime sin, a tá romhainn air an slighe? Go deimhin, is é an diabhal an t-olc is mó. Nuair do cuireadh díbirt air an droch-spiorad ó righeacht neimhe mar gheall air a uaill-mhian, do dhearbhuigh se nach leigfead se d'aoinneach dul tres an saoghal so go bráth gan é do dhéanadh neamhoireamhnach do fhlaitheas Dé. Agus is uime sin, a bhráithre, a chuireann an Scríbhinn Diadha i g-cosamhlacht é le “leomhan béicfeach ag gabháil fá g-cuairt, d'á fheuchain cia shluig— feadh se.” (I. N. Peadair, v. 8.) Atá se glic, agus atá se drochaigeantach go doimheas— ta: agus i d-taoibh a inntleachta, tá tathuighe sé mile bliadhain air a ghnó diabhluidhe aige. Air feadh na h-aimsire so uile, tá se air siubhal gan sgith, do ló agus d'oidhche: air a shon sin, ní bh-fuil aon tuirse air. Tá se an-diu chomh tapa, chomh dásachtach chum a dhroch-oibhre do dhéanadh a's do bhí se nuair d'ionnsuidh se Éabha ins an ngardha, agus ár Slánuightheoir air an bh-fásach. Tá se gnóthach air an m-bóthar agus ins an machaire; tá se gnóthach air an sráid agus ins an teaghlach: agus ó'n tigh agus ó'n sráid, ó'n machaire agus ó'n m-bóthar, fuaduigheann se leis go h-ifrionn mórán mór de na h-anm- naibh do fuasgladh le fuil an t-Slánuightheora! Ní thárluigheann aon droch-nidh in áit 'san m— bith, shíos no shuas, nach m-bidheann an droch— spiorad aig a bhun. Ní déantar aon phea- cadh nach m-bidheann a lámh ann. Ní damnuighthear aon anam nach n-déanann se a dhíthchioll chum an t-anam sin d'fhághail damanta. Go deimhin, is olc mór an na- mhaid uathbhásach so in ár slighe, agus, air an adhbhar sin, badh chóir dúinn guidhe chum Dé go dúthrachtach sinn co shaoradh uaidh, go h- áirighthe an uair a bhidhmíd ag urnuighe. Acht gidh go bh-fuil an namhaid so, an diabhal, air tí ár millte ní thig leis choidhche buaint linn no go bh-faghaidh se cead ó Dia air d- tús. Anois, faghann se an cead so an tan thugann Dia úghdaras dó sinn do thásdáil, no smachtughadh do dhéanadh orrainn ins an t- saoghal so, agus mar sin, sinn d'ullmhughadh do'n righeacht neamhdha. Acht ciannos a chuireann an spiorad malluighthe an t- úghdaras so i ngníomh? Le n-a ghliocas diabhluidhe faghann se ó'n duine, d'á shaor- thoil féin, a obair a dhéanadh dhó. Ins an duine so, aig a bh-fuil saor-thoil, cuireann se a spiorad uaibhreach féin agus a dhroch- aigne urchóideach féin; agus faghthar mar so ár g-cómhursa ag déanadh oilc dúinn. Ceaduigheann Dia so uile. Gan ceadughadh Dé ní'l cumas air bith aig diabhal ná duine aon díobháil a dhéanadh dhúinn. Ní féidir leo fós buaint le ruibe d'ár bh-folt muna g-ceaduighidh Dia é. Uime sin, deir an Scríbhinn Diadha: “Neithe maithe agus olca, beatha agus bás, bochtaine agus saidhbhreas, is ó Dia iad uile.” (Ecclus. Xi. 14.). Agus arís: “An m-beidh olc i g-cathair, agus nach é an Tighearna do righne é? (Amos, III. 6.) Bidheadh an namhaid mar sin air cúthach mar is maith leis, croithidís na droch-dhaoine arm a namhadais ós ár g-cómhair, ní bh-fuil ionnta uile acht mar bheidís ag bualadh an aeir no go g-ceaduighidh Dia dhóibh lámha do leagadh orrainn. Mar is fios daoibh féin, do bhí fala an diabhail le Iób cian-aosda, acht creud fuair se a dhéanadh air an óglách dílis so Dé. Go deimhin, ní bh-fuair se nidh air bith do dhéanadh air go n-dúbhairt Dia leis a lámha do shíneadh amach air. Dá n-déanfamaois léir-mheas air an bh- fírinne so, do ghéabhamaois mórán sóláis agus áthais nuair a dhéanann ár g-cómhursa aon olc orrainn. Ní mheasfamaois go n- déanfadh ár g-cómhursa aon olc orrainn acht an t-olc úd budh thoil le Dia chum ár maith- easa spioradálta. Ní orrainne do righne ár g-cómhursa an t-olc acht air féin; óir ní h-é toil Dé is mian leis an g-cómhursain mhí-adhbharaigh do dhéanadh, acht tugann se géilleadh do'n droch-méin, a chuireas an <L 245> diabhal ann féin. Badh cheart dúinn, air an adhbhar sin, bheith i g-cómhnuighe ullamh chum maithfeachas a thabhairt d'ár g-cómhursain an tan do ghnidh se aon díobháil dúinn. Agus nuair deirimíd, in urnuighe an Tighearna, “Saor sinn ó olc” (N. Mátha, vi. 13.), badh chóir dúinn Dia do ghuidhe fá sinn do shaoradh ó'n olc a thig orrainn tré n-ár g-cómhursain; agus ní h-é sin amháin, acht badh chóir dúinn fós é d'iarraidh air Dhia an chómhursa do shaoradh ó sglábhuidheacht an diabhail. II. Taobh amuigh de'n diabhal agus de'n pheacadh, tá neithe eile ann air a d-tugthar “oilc,” mar a tá bochtaine, buaidheartha, amhgair, crosa: acht ní fíor-oilc na neithe so ionnta féin. Dá m-badh do'n t-saoghal so, agus do'n t-saoghal so amháin, do cruitheoch- aidhe sinn, annsin dob fhéidir a mheas gur ab oilc iad. Acht tá a fhios agaibh féin, nach do'n t-saoghal so do cruthuigheadh sinn acht do'n t-saoghal eile; agus, air an adhbhar sin, na neithe a deirthear a bheith 'na n-olcaibh, gur ab cóir iad a mheas do réir mar bhainid leis an saoghal eile úd. Ag feuchain orra mar so, faghmaoid nach oilc iad, acht in áit sin, gheibh- imíd gur ab comaoineacha agus beannachta áirighthe ó Dhia iad. Ins an g-ceud áit, tugaid chum ár g-cuimhne ciannos a támaoid socruighthe 'san tír coigcrích so. Tógaid de'n t-saoghal so, agus d'uile neithibh an t- saoghail so an brat a tá orra; agus mar so congnaidhid linn chum neithe talmhuidhe d'fheicsin mar táid: mealltach agus follamh iad uile, agus scríbhinn cómharthuidheach Sholaimh “Díomhaoineas na n-Díomhaoineas” (Eccles. I. 2.), ceangailte de gach nidh dhíobh. Nuair éirigheann gach nidh go maith le duine, tosuigheann se le Dia do dhearmad, agus le n-a mhuinighin uile do chur in a chumas féin. Acht nuair tig amhgair air, agus dluthuighid crosa in a thimchioll, cuimhnigh- eann se air Dhia, agus tuigidh se go soiléir nach féidir leis aon nidh do dhéanadh gan congnadh Dé. Is minic gur ab le h-amhgaraibh agus le crosaibh d'iompuigheann Dia an peacach chum deagh-bheatha. Do bhí Naomh Pól tamall 'na pheacach mór, no gur thárluigh dhó nidh áirighthe, nidh air a nglaodhfadh an saoghal mí-ádh. Bhí se lá ag dul go cathair Damascus chum léirsgrios a dhéanadh air na Críostaidhibh do bhí ann, agus air d-teacht i bh-fogus do'n chathair dó, do dhealruigh solus ó neimh go h- obann in a thimchioll, agus do teilgeadh é ó n-a chapall air bhior a chinn agus 'na dhall air an m-bóthar! Acht is mó do rug Naomh Pól ioná do chaill se an lá úd. Do h- iompoigheadh chum creidimh é tres an olc úd do thárluigh dhó air an slighe go Damascus. Oír ní luaithe teilgeadh air an m-bóthar é ioná d'éigh se amach: “A Thighearna, creud is toil leat me a dhéanad.” (Gníom. ix. 6.) Is in aimsir anró, mar an an g-ceudna, do chuimhnigh an “Milltean mic” air thigh a athar. Nuair do luidh an t-ocras air, i d-talamh coigcrích, dubhairt se leis féin: “Eíreochaidh me agus rachaidh me d'ionnsuidhe m'athar” (N. Lucas, xv. 18). Acht creud is riachtanas dam dul ag iarraidh sámhlughadh ins an Scríbhinn Naomhtha? Nach bh-fuil annso eadraibh féin mórán a tá 'na sámhluighthibh beo air an nidh a tá me ag rádh? Cá liacht duine agaibh do leanfadh ag déanadh oibre an diabhail, mar righne Naomh Pól tréimhse, muna m-beidheadh gur thug Dia dhíbh an buile trom úd do leag ins an luaithreadh sibh? Cá liacht duine agaibh d'fhanfadh, mar an milltean úd in imigcéin, muna m-beidheadh gur chuir Dia orraibh na buaidheartha agus na crosa úd do thug tigh bhur n-Athar chum bhur g-cuimne? Arís, cuirthear ó Dhia go minic orrainn doilghíosa agus crosa mar dhíoghaltas in ár b-peacaidhibh. Agus cia againn nach bh-fuil in a pheacach? Má “thuiteann an duine fíoraonda seacht n-uaire” (Seanr. XXIV. 16), cá mheud uair do thuiteamar-ne? Ar' ghéilleamar riamh do chúlchaint no do rún díoghaltais? An righneamar riamh unfuirt i b-peacaidhibh na meisge no na neamhghlaine? Ar thugamar riamh cúis peacaidh d'aoinneach de'n droing bhig a bh-fuair Íosa Críost bás <L 246> air a son? Creud is dóigh libh? Dob' fhéidir go bh-fuil duine éigin ag sgreadadh anois i d-teine ifrinn agus gur duine againne do chuir ann é! Cia againn nach bh— fuil 'na pheacach? Cia againn nach raibh cuid aige de'n bhrón-chluiche critheaglach úd do h-imreadh air Chnoc Chalbhaire? Agus nach beag a tá le rádh againn air ár son féin! Nach beag a tá le rádh air a shon féin aig aon duine aig a raibh cuid air bith de cheusadh an Té tá 'na Dia agus 'na Dhuine! A Íosa! tá fios agam gur “pheacuigh me, agus gur mhasluigh me, agus nach bh-fuair me an nidh do thuill me” (Íob, xxxiii. 27). Creud é ár ngeárr-fhulang annso i g— cóimheas le fulangtha doichríochnuighthe na h— áite shíos? Creud é ár m-beagán deor annso i g-cóimheas leis na deoraibh eile úd na teineadh geur-phéine bheidheas ag sileadh go síoruidhe ó shúilibh an dreama dhamanta! Och! is luthgháireach do thiocfadh anam dam— anta tar n-ais air an talamh ag fulang gach a d-tig le duine d'fhulang go lá an bhreitheamhnais, air choinghioll go saorfaidhe é ó n-a ifrionn féin air feadh aon lae amháin! Má pheacuigheamar, air an adhbhar sin, creud fáth a m-beidhmís ag glamhsán mar gheall air aon amhgar d'á d-tig orrainn ins an t- saoghal so? An bh-fuilmíd ag éagcaoineadh do chionn go righne Dia, in a mhór-trócaire, ár b-peanaid do mhalartughadh? Níor chuir Dia go h-ifrionn sinn an tan do bhidheamar i b-peacadh — an é sin cúis gearáin a tá againn? No an do chionn nach g-cúmhduighe- ann Se a fhearg linn in aghaidh “Lae na Feirge?” Go deimhin, is É ár n-Dia-ne Dia na Trócaire! “Mar mhairim,” ar an Tigh- earna, “ní h-áil liom bás an pheacaigh, acht go bh-fillfeadh an peacach ó n-a shlighe, agus marthuinn. Iompoighídh, iompoighidh, ó bhur n-droch-shlighthibh, creud fáth a bh-fuigheadh sibh bás, a thigh Israel?” (Esech. xxxiii. 11,) Atá mór-ghrádh aig Dia dhúinn. Do chean- nuigh Se sinn chomh daor a's sin nach áil leis sinn a chailleamhain. Atá “righeacht aige ullamh dhúinn ó thosach an domhain” (N. Mátha, XXV. 34); agus is mór an mian a tá aige go bh-faghmaois seilbh air. Is mar so do ghrádhuigheann Se sinn. Agus tré n-a ghrádh dhúinn, smachtuigheann Se 'san t- saoghal so sinn. Óir tá se scríobhta: “Smachtuigheann an Thighearna an té is ionmhuin leis, agus gabhann Se do sgúirse air gach mac d'á nglacann Se chuige (Eabhr. xii. 6). Agus deir Naomh Pól linn gur ab “tré iomad doghruinge is éigin dúinn dul asteach go righeacht Dé” (Gníomh. XIV. 21). I radharc Dé, uime sin, is í slighe na Dogh- ruinge slighe na dilseachta. Is ait an t- slighe í so, is dóigh libh; achs tá a fhios againn gur fhulaing an Tighearna Íosa, “ag fágbháil sámhluighthe againne ionnos go leanfamaois a lorg” (I. Naoimh Pheadair, .i. 21). Agus go deimhin, a bhráithre, ní bithte do'n deisciobal bheith ag súil le h- ionad ós cionn a mhaighistir, ná do'n fhóghan- tach ós cionn a Thighearna. “Is beannuighthe an duine a smachtuigheann Dia; ná diult, uime sin, do smacht an Tighearna. Óir loiteann agus cneasuigheann Se, buailfidh se agus leighisfid a lámha” (Íob, v. 17, 18.) III. Anois, ó is ó Dhia tig oilc agus buaidheartha uile na beatha so chúghainn, dob' fhéidir díbh fiafruighe an bh-fuil se dligh- theach dhúinn iarraidh air Dia sinn do shaoradh uatha. Atá; a bhráithre, tá se dlightheach iarraidh air Dhia sinn do shaoradh ó'n uile olc. D'fhág Íosa Críost féin sámhlughadh de'n t-samhail so againn in a pháis; óir nuair do thairg an t-aingeal corn an dóláis dó, do ghuidh se a Athair Neamhdha fá É do shaoradh uaidh: “A Athair, má's féidir é' gabhadh an corn so tarm.” Acht an tan do ghnidhmíd urnuighe ag iarraidh saortha ó olcaibh aimsiordha, is éigin dúinn i g- cómhnuighe guidhe le géilleadh iomlán do thoil Dé; 'se sin, ní fuláir dúinn bheith sásda go bh-fanfadh ár bh-fulangtha dá m-badh h-é sin toil Dé. Mar sin, níor iarr Íosa, ár n-oide, go h-iomlán É do shaoradh ó chorn a pheanaide. Do chuir Se an coinghioll so ann, “gidheadh, a Athair, ní mar is toil liom- <L 247> sa acht mar is áil leat-sa” (N. Mátha, xxvi. 39). Leis an g-coingioll so, air an adhbhar sin, is dlightheach i g-cómhnuighe guidhe chum Dé sinn do shaoradh ó olc; agus déanfaidh Dia sinn do shaoradh má chidheann Se go rachaidh so i leas d'ár n-anmnaibh domharbhtha. Uime sin, an tan do thiocfaidh aon bhuaidh- irt no doilghios orraibh 'san m-beatha so, triallaídh air Dhia leis an urnuighe. Is féidir leis an urnuighe gach uile nidh do dhéanadh. Is le h-urnuighe do coimeádadh na trí leinbh gan dochar dóibh i soirn teintigh na Babilon. Is tres an urnuighe do sao- radh Naomh Peadar ó n-a shlabhraidhibh ler' cheangail Ioruadh é. Is leis an urnuighe rug Maois buaidh air mhór-shluagh na n-Amaleciteach. Lá an chatha chuaidh Maois suas air mhullach an chnoic, agus an uair do thóg se suas a lámha do chuir a mhuintir an cath air an namhaid; acht an tan do leig se a lámha beagán síos rug Amalec buaidh. Agus an tan do tháinic troime air lámhaibh Mhaoise do thógadar an drong do bhí in a fhochair cloch, agus do chuireadar faoi í, agus do shuidh se uirre, agus do chongbh- aigheadar suas a lámha air gach taoibh go luidhe na gréine. Agus sul do leig Maoise a lámha síos an lá úd, do bhí gach aon fhear de na h-Amaleciteachaibh marbh air an machaire! Atá an Scríbhinn Diadha lán de shámhluighthibh de'n t-samhail so ag taisbeánadh brigh na h-urnuighe. D'á bhrigh sin, an tan do thiocfaidh aon olc no buaidhirt orraibh iompoighídh chum Dé leis an urnuighe. Bidheadh bhur n-urnuighe caon dúthrachtach, muinighineach. úmhal. Tar gach nidh, bidheadh si úmhal, óir “tollfaidh urnuighe an té úmhluigheas é féin na neulta … agus ní h-imtheochaidh se go bh- feicfidh an Té is Ró Airde” (Écclus. xxxv. 21). Má dhéanaidh sibh urnuighe mar so, saorfaidh Dia sibh. Déanfaidh Se bhur bh-ful- angtha do dhíbirt uaibh, no déanfaidh Se nidh is feárr fós, tabharfaidh Se neart agus grása dhibh chum iad d'iomchar: “Glaodh orm-sa in aimsir do bhuaidheartha” ar an Tighearna, “agus saorfaidh me thu.” (Salm xlix. 15). Is fíor sin; déanfaidh Dia sibh do shaoradh, tá Se láidir, tá Se cúmhachtach, agus tá Se fonnmhar chum a dhéan- ta, agus ní'l uaidh acht é d'iarraidh air. “Iarraídh” deir Se “agus géabaidh sibh” (N. Lucas xi. 9) “ … Go d-tí so ní bh-fuara- bhar de bhrigh ná'r iarrabhar.” Bidhídh, mar sin, i g-cómhnuidhe ag iarraidh. Iarraidh in ainm Íosa agus is deimhneach go m-beidh croidhe an Athar corruighthe. Cuimhnighídh air na briathraibh tabhachtacha so: “Amen, Amen, deirim libh, má iarrann sibh aon nidh air an Athair in m'ainm-se, bhéarfaidh Se dhaoibh é.” (Naomh Eoin, Xvi. 23). Iarraídh, mar sin, go muinighineach in ainm Íosa, agus tabarfar aire do bhur nguidhe. Acht, gidh go n-deanfaidh an urnuighe cuid de na h-olcaibh do dhíbirt, ní bithte dhúinn bheith aig súil go n-déanfaidh si na h-oilc go léir do chur chum siubhail uainn. Bheidheadh so iomarca aon dóigh bheith leis; ní'l aon lá gan a neul féin, ní'l aon lá gan a chros féin. Uime sin tá se ráidhte, “má is áil le aon duine teacht am, dhiaigh-se, diultadh se dhó féin, agus tógadh se suas a chros go laetheamhail. (N. Lucas, iX. 23). Tógaídh suas, mar sin, an chros a tugthar díbh agus iomchairídh í; is maith is fiu í a h-iom- char. “Ins an g-crois atá slánughadh; ins an g-crois a tá beatha; ins an g-crois atá tearmann ód' naimhdibh … Ní'l aon t-sláinte anama no dóigh leis an m-beatha shíoruidhe acht ins an g-crois. Tóg suas do chros, uime sin, agus lean Íosa … D'imthigh Se rómh- at ag iomchar na croise” (Searcleanamhain Chríost,L.II. Caib. 12). Agus budh shearbh agus budh chruaidh an chros í, óir do tharruing si fuil as a lámhaibh agus as a chosaibh, agus do chuir si tinneas in gach ball d'á bhallaibh. Dob' fhéidir do'n t-saoghal bheith ag fochmuid fúibh, nuair chidhfidh se sibh ag siubhal go tuirseach faoi ualach bhur g-croise; acht, cad é an díoghbháil é do bheith ag gáire an fad tá sibh-se ag imtheacht gan contabhairt air an slighe go flaitheamhnas. B'fhéidir fós, <L 248> go g-cuirfeadh drochdhaoine neithe breugacha in bhur leith; acht ná cuirídh suim ionnta, do chuireadar neithe breugacha i leith Duine dob' feárr ioná sibh-se. Dob' fhéidir arís go n-déanfadh na diabhail in a míoscuis bag- airt orraibh; acht ná bidheadh eagla orraibh rómpa, glaodhaídh air Íosa an Slánuightheoir, agus air g-clos an anma sin dóibh, teithfid chum siubhail uaibh. Bidheadh meisneach agaibh, air an adhbhar sin. Tógaidh suas an chros a tá d'á tairg- sin daoibh, agus déanaídh í d'iomchar. Ní bh-fuil agaibh acht beagán aimsire chum í d'iomchar, agus beidh an luach-saothair do ghéabhaidh sibh síoruidhe. Déanaídh tathuighe de na Sacramuintibh, agus bhéarfaid neart mór daoibh. Má do chuir úghdar na n-olc aon leonadh orraibh le sibh do tharruing chum peacadh marbhthach do dhéanadh iompuighídh gan mhoill agus cneasóchar sibh le fuil Íosa; agus “gidh go m-beidheadh bhur b-peacaidh chomh dearg le corcur, déanfar iad geal mar an sneachta” (Isai. i. 18). Congbhaighídh sibh féin gan smal ó'n saoghal: ní'l aig an saoghal le tabhairt daoibh acht an uaigh! Congbhaighídh bhur súile gan feuchain air neithibh díomhaoine, óir cuimhnighídh go bh-fuil súil crion-radharcach Dé do ghnáth ag feuchain asteach in bhur súilibh! Suas libh mar sin! tógaídh suas an chros go laetheamhail agus leanaídh Íosa! Tosuighídh le bhur d-turus gach maidin, agus bidhidh air siubhal go tráth- nóna. Ná déanaídh aon scith air an slighe nuair is cóir daoibh bheith air siubhal. Glac- aídh teagasg ó'n ngréin ós bhur g-ceann: feuchaídh mar thosuigheann si arís le n-a h- obair gach lá; feuchaídh mar ghluaiseann si in a casán ó'n aird shoir go d-tí an aird shiar, tré neulaibh agus tré gharbh-shíon gan stad go bráth, i g-cómnuighe ag gluaiseacht. Air aghaidh libh mar sin! — air aghaidh libh chum na bh-flaitheas! Tógaídh suas an chros gach lá agus leanaídh Íosa. Leanaídh É go calma, leanaídh é go fearamhail, leanaídh É leis an g-crois air faid an bhóthair ghairbh. Air aghaidh libh tres an anfa; air aghaidh libh tres an ngarbhshíon, tar an bh-fásach tuirseach, agus suas in aghaidh an t-sléibhe thuirsigh — suas go mullach. Annsin, beid bhur n-obair déanta. Beidh Neamh — an tír mhór mhaith úd — fosg- ailte ós bur g-cómhair, agus bratach ríogh- amhail na Croise sgaoilte amach go h-árd air na cnocaibh síoruidhe! Agus beidh luth- gháir croidhe orraibh do chionn na croise d'iomchar; agus tógfar suas sibh féin de'n bhóthar garbh air sciathánaibh aingeal suas go d-tí an Té a tá 'na shuidhe air an g-cathaoir ríoghdha. Chidhfidh sibh Dia air an g-cathaoir ríoghdha úd, agus chidhfidh sibh an fháilte in a ghnúis rómhaibh, agus an choróin in a láimh, agus ainm gach duine agaibh sgríobhtha air an g-coróin: Beidh Íosa agus Muire ann; beidh Naomh Pádraic ann; beidh na daoine muinteardha bhí agaibh in bhur n-óige ann — iad so d'iom- chair an chros: beidhid go léir ann, agus cuirfear coróin na glóire orraibh ós a g- cómhair go léir! O! nach mór an ghlóire a fóillseochar díbh an lá úd! Cuimhnighídh go m-beidh bhur n-ainm d'á sheinm, aig aos ceoil na bh-flaitheas air a g-cláirseachaibh, agus go seinnfidh na h-aingil bur ngníomh- artha chomh árd le h-abhran ó uimhreachaib gan aireamh. Cuimhnighídh go n-déanfaidh an t- Athair Síoruidhe a shár-cheol féin do sheinim ag fáiltiughadh rómhaibh go righeacht Dé, agus go g-cuirfidh Se luthgháir agus glóire ag rith 'na d-tuile tré bhur g-croidhe agus tré bhur n-anam. Agus ní h-é so an t-iomlán, ná a leath; ní'l ann so acht mar chidhfeadh duine flaith- eamhnas fad a radhairc uaidh. Ní'l aon tuigse againn air fhlaitheamhnas féin; óir ní féidir le h-aon inntleacht so do thuigsin ná le h-aon teangain é d'innsin: “Ní fheacaidh súil, ní chualaidh cluas, agus ní chuaidh se i g-croidhe aon duine na neithe tá ullmhuighthe aig Dia dóibh so a ghrádhuigheas É.” (I. Cor. ii. 9.) Críoch an chómhráidh so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services