Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 5.

Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 5.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 5



Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an athair Pádraic
Ua Caoimh, ó Ard-fhairce Caisil:
agus aisdrighthe go Gaedhílig le Seághan Pléimion.



Cómhrádh air creud is olc ann.



I. Ní sásuighthear choidhche croidhe an duine
air an saoghal so. Atá astigh ionainn dúil
neimhchinnte i nidh éigin nach bh-fuaramar
riamh fós, agus tá an dúil so coitchionn aig
gach duine fá'n ngréin. Mothuigheann an
righ an mian so air a chathaoir ríoghdha, agus
mothuigheann fear an iarratais é, ag gabháil
timchioll in a shean-cheirtibh. Do bhí gach a
raibh le fághail air talamh aig Solamh, flaith
saidhbhir an Domhain Shoir: Do bhí saidhbhreas,
onóir, agus árd-réim aige; níor dhiult se
air féin aon nidh budh mhian le n-a chroidhe — air
a shon sin, ní raibh Solamh sásda. Do chraobhs-
gaoil se do'n domhan nach bh-fuair se in gach a
raibh in a sheilbh acht “Díomhaoineas agus
buaidhreadh spioraide” (Eccles. I. 14.) Is
mar so a tá ó thosach an domhain, is mar so a
bheidheas go crioch an t-saoghail: tá dúil a
chroidhe aig an duine 'san t-sonas, acht ní thig
leis choidhche é d'fhághail 'san t-saoghal so.
Agus ní h-iongnadh so, óir ní do'n t-saoghal
so do cruthuigheadh é, acht do'n t-saoghal eile.
Is do neamh do cruthuigheadh sinn, agus ní


L. 244


bheidhmídh sona choidhche go m-beidhmíd air
neamh. Acht is garbh cúmhang an bóthar a tá
le taisdeal againn go righeacht Dé, agus,
faraor! is iomdha olc le cathughadh leis
againn air an slighe.



Creud é an t-olc, uime sin, a tá romhainn
air an slighe? Go deimhin, is é an diabhal an
t-olc is mó. Nuair do cuireadh díbirt air
an droch-spiorad ó righeacht neimhe mar
gheall air a uaill-mhian, do dhearbhuigh se nach
leigfead se d'aoinneach dul tres an saoghal
so go bráth gan é do dhéanadh neamhoireamhnach
do fhlaitheas Dé. Agus is uime sin, a
bhráithre, a chuireann an Scríbhinn Diadha i
g-cosamhlacht é le “leomhan béicfeach ag
gabháil fá g-cuairt, d'á fheuchain cia shluig—
feadh se.” (I. N. Peadair, v. 8.) Atá se
glic, agus atá se drochaigeantach go doimheas—
ta: agus i d-taoibh a inntleachta, tá tathuighe
sé mile bliadhain air a ghnó diabhluidhe aige.
Air feadh na h-aimsire so uile, tá se air
siubhal gan sgith, do ló agus d'oidhche: air a
shon sin, ní bh-fuil aon tuirse air. Tá se
an-diu chomh tapa, chomh dásachtach chum a
dhroch-oibhre do dhéanadh a's do bhí se nuair
d'ionnsuidh se Éabha ins an ngardha, agus
ár Slánuightheoir air an bh-fásach. Tá se
gnóthach air an m-bóthar agus ins an machaire;
tá se gnóthach air an sráid agus ins an
teaghlach: agus ó'n tigh agus ó'n sráid, ó'n
machaire agus ó'n m-bóthar, fuaduigheann se
leis go h-ifrionn mórán mór de na h-anm-
naibh do fuasgladh le fuil an t-Slánuightheora!
Ní thárluigheann aon droch-nidh in áit 'san m—
bith, shíos no shuas, nach m-bidheann an droch—
spiorad aig a bhun. Ní déantar aon phea-
cadh nach m-bidheann a lámh ann. Ní
damnuighthear aon anam nach n-déanann
se a dhíthchioll chum an t-anam sin d'fhághail
damanta. Go deimhin, is olc mór an na-
mhaid uathbhásach so in ár slighe, agus, air an
adhbhar sin, badh chóir dúinn guidhe chum Dé
go dúthrachtach sinn co shaoradh uaidh, go h-
áirighthe an uair a bhidhmíd ag urnuighe.

Acht gidh go bh-fuil an namhaid so, an diabhal,
air tí ár millte ní thig leis choidhche buaint
linn no go bh-faghaidh se cead ó Dia air d-
tús. Anois, faghann se an cead so an tan
thugann Dia úghdaras dó sinn do thásdáil,
no smachtughadh do dhéanadh orrainn ins an t-
saoghal so, agus mar sin, sinn d'ullmhughadh
do'n righeacht neamhdha. Acht ciannos a
chuireann an spiorad malluighthe an t-
úghdaras so i ngníomh? Le n-a ghliocas
diabhluidhe faghann se ó'n duine, d'á shaor-
thoil féin, a obair a dhéanadh dhó. Ins an
duine so, aig a bh-fuil saor-thoil, cuireann
se a spiorad uaibhreach féin agus a dhroch-
aigne urchóideach féin; agus faghthar mar so
ár g-cómhursa ag déanadh oilc dúinn.
Ceaduigheann Dia so uile. Gan ceadughadh
Dé ní'l cumas air bith aig diabhal ná duine
aon díobháil a dhéanadh dhúinn. Ní féidir
leo fós buaint le ruibe d'ár bh-folt muna
g-ceaduighidh Dia é. Uime sin, deir an
Scríbhinn Diadha: “Neithe maithe agus olca,
beatha agus bás, bochtaine agus saidhbhreas,
is ó Dia iad uile.” (Ecclus. Xi. 14.). Agus
arís: “An m-beidh olc i g-cathair, agus nach
é an Tighearna do righne é? (Amos, III. 6.)



Bidheadh an namhaid mar sin air cúthach mar
is maith leis, croithidís na droch-dhaoine arm a
namhadais ós ár g-cómhair, ní bh-fuil ionnta
uile acht mar bheidís ag bualadh an aeir no
go g-ceaduighidh Dia dhóibh lámha do leagadh
orrainn. Mar is fios daoibh féin, do bhí
fala an diabhail le Iób cian-aosda, acht
creud fuair se a dhéanadh air an óglách
dílis so Dé. Go deimhin, ní bh-fuair se nidh
air bith do dhéanadh air go n-dúbhairt Dia
leis a lámha do shíneadh amach air.



Dá n-déanfamaois léir-mheas air an bh-
fírinne so, do ghéabhamaois mórán sóláis
agus áthais nuair a dhéanann ár g-cómhursa
aon olc orrainn. Ní mheasfamaois go n-
déanfadh ár g-cómhursa aon olc orrainn acht
an t-olc úd budh thoil le Dia chum ár maith-
easa spioradálta. Ní orrainne do righne
ár g-cómhursa an t-olc acht air féin; óir ní
h-é toil Dé is mian leis an g-cómhursain
mhí-adhbharaigh do dhéanadh, acht tugann se
géilleadh do'n droch-méin, a chuireas an


L. 245


diabhal ann féin. Badh cheart dúinn, air an
adhbhar sin, bheith i g-cómhnuighe ullamh chum
maithfeachas a thabhairt d'ár g-cómhursain an
tan do ghnidh se aon díobháil dúinn. Agus
nuair deirimíd, in urnuighe an Tighearna,
“Saor sinn ó olc” (N. Mátha, vi. 13.), badh
chóir dúinn Dia do ghuidhe fá sinn do shaoradh
ó'n olc a thig orrainn tré n-ár g-cómhursain;
agus ní h-é sin amháin, acht badh chóir dúinn
fós é d'iarraidh air Dhia an chómhursa do
shaoradh ó sglábhuidheacht an diabhail.

II. Taobh amuigh de'n diabhal agus de'n
pheacadh, tá neithe eile ann air a d-tugthar
“oilc,” mar a tá bochtaine, buaidheartha,
amhgair, crosa: acht ní fíor-oilc na neithe so
ionnta féin. Dá m-badh do'n t-saoghal so,
agus do'n t-saoghal so amháin, do cruitheoch-
aidhe sinn, annsin dob fhéidir a mheas gur ab
oilc iad. Acht tá a fhios agaibh féin, nach do'n
t-saoghal so do cruthuigheadh sinn acht do'n
t-saoghal eile; agus, air an adhbhar sin, na
neithe a deirthear a bheith 'na n-olcaibh, gur ab
cóir iad a mheas do réir mar bhainid leis an
saoghal eile úd. Ag feuchain orra mar so,
faghmaoid nach oilc iad, acht in áit sin, gheibh-
imíd gur ab comaoineacha agus beannachta
áirighthe ó Dhia iad. Ins an g-ceud áit,
tugaid chum ár g-cuimhne ciannos a támaoid
socruighthe 'san tír coigcrích so. Tógaid
de'n t-saoghal so, agus d'uile neithibh an t-
saoghail so an brat a tá orra; agus mar
so congnaidhid linn chum neithe talmhuidhe
d'fheicsin mar táid: mealltach agus follamh
iad uile, agus scríbhinn cómharthuidheach
Sholaimh “Díomhaoineas na n-Díomhaoineas”
(Eccles. I. 2.), ceangailte de gach nidh dhíobh.
Nuair éirigheann gach nidh go maith le duine,
tosuigheann se le Dia do dhearmad, agus
le n-a mhuinighin uile do chur in a chumas
féin. Acht nuair tig amhgair air, agus
dluthuighid crosa in a thimchioll, cuimhnigh-
eann se air Dhia, agus tuigidh se go
soiléir nach féidir leis aon nidh do dhéanadh
gan congnadh Dé.



Is minic gur ab le h-amhgaraibh agus le
crosaibh d'iompuigheann Dia an peacach chum
deagh-bheatha. Do bhí Naomh Pól tamall 'na
pheacach mór, no gur thárluigh dhó nidh áirighthe,
nidh air a nglaodhfadh an saoghal mí-ádh. Bhí
se lá ag dul go cathair Damascus chum
léirsgrios a dhéanadh air na Críostaidhibh do
bhí ann, agus air d-teacht i bh-fogus do'n
chathair dó, do dhealruigh solus ó neimh go h-
obann in a thimchioll, agus do teilgeadh é ó
n-a chapall air bhior a chinn agus 'na dhall
air an m-bóthar! Acht is mó do rug Naomh
Pól ioná do chaill se an lá úd. Do h-
iompoigheadh chum creidimh é tres an olc úd
do thárluigh dhó air an slighe go Damascus.
Oír ní luaithe teilgeadh air an m-bóthar é
ioná d'éigh se amach: “A Thighearna, creud
is toil leat me a dhéanad.” (Gníom. ix. 6.)
Is in aimsir anró, mar an an g-ceudna, do
chuimhnigh an “Milltean mic” air thigh a athar.
Nuair do luidh an t-ocras air, i d-talamh
coigcrích, dubhairt se leis féin: “Eíreochaidh
me agus rachaidh me d'ionnsuidhe
m'athar” (N. Lucas, xv. 18). Acht creud
is riachtanas dam dul ag iarraidh sámhlughadh
ins an Scríbhinn Naomhtha? Nach bh-fuil
annso eadraibh féin mórán a tá 'na
sámhluighthibh beo air an nidh a tá me ag rádh?
Cá liacht duine agaibh do leanfadh ag
déanadh oibre an diabhail, mar righne Naomh
Pól tréimhse, muna m-beidheadh gur thug
Dia dhíbh an buile trom úd do leag ins an
luaithreadh sibh? Cá liacht duine agaibh
d'fhanfadh, mar an milltean úd in imigcéin,
muna m-beidheadh gur chuir Dia orraibh na
buaidheartha agus na crosa úd do thug tigh
bhur n-Athar chum bhur g-cuimne?



Arís, cuirthear ó Dhia go minic orrainn
doilghíosa agus crosa mar dhíoghaltas in ár
b-peacaidhibh. Agus cia againn nach bh-fuil
in a pheacach? Má “thuiteann an duine
fíoraonda seacht n-uaire” (Seanr. XXIV.
16), cá mheud uair do thuiteamar-ne? Ar'
ghéilleamar riamh do chúlchaint no do rún
díoghaltais? An righneamar riamh unfuirt
i b-peacaidhibh na meisge no na neamhghlaine?
Ar thugamar riamh cúis peacaidh d'aoinneach
de'n droing bhig a bh-fuair Íosa Críost bás


L. 246


air a son? Creud is dóigh libh? Dob'
fhéidir go bh-fuil duine éigin ag sgreadadh
anois i d-teine ifrinn agus gur duine
againne do chuir ann é! Cia againn nach bh—
fuil 'na pheacach? Cia againn nach raibh
cuid aige de'n bhrón-chluiche critheaglach úd
do h-imreadh air Chnoc Chalbhaire? Agus nach
beag a tá le rádh againn air ár son féin!
Nach beag a tá le rádh air a shon féin aig
aon duine aig a raibh cuid air bith de cheusadh
an Té tá 'na Dia agus 'na Dhuine! A
Íosa! tá fios agam gur “pheacuigh me,
agus gur mhasluigh me, agus nach bh-fuair me
an nidh do thuill me” (Íob, xxxiii. 27).
Creud é ár ngeárr-fhulang annso i g—
cóimheas le fulangtha doichríochnuighthe na h—
áite shíos? Creud é ár m-beagán deor
annso i g-cóimheas leis na deoraibh eile úd
na teineadh geur-phéine bheidheas ag sileadh
go síoruidhe ó shúilibh an dreama dhamanta!
Och! is luthgháireach do thiocfadh anam dam—
anta tar n-ais air an talamh ag fulang
gach a d-tig le duine d'fhulang go lá an
bhreitheamhnais, air choinghioll go saorfaidhe é
ó n-a ifrionn féin air feadh aon lae amháin!
Má pheacuigheamar, air an adhbhar sin, creud
fáth a m-beidhmís ag glamhsán mar gheall air
aon amhgar d'á d-tig orrainn ins an t-
saoghal so? An bh-fuilmíd ag éagcaoineadh
do chionn go righne Dia, in a mhór-trócaire,
ár b-peanaid do mhalartughadh? Níor chuir
Dia go h-ifrionn sinn an tan do bhidheamar
i b-peacadh — an é sin cúis gearáin a tá
againn? No an do chionn nach g-cúmhduighe-
ann Se a fhearg linn in aghaidh “Lae na
Feirge?” Go deimhin, is É ár n-Dia-ne Dia
na Trócaire! “Mar mhairim,” ar an Tigh-
earna, “ní h-áil liom bás an pheacaigh, acht
go bh-fillfeadh an peacach ó n-a shlighe, agus
marthuinn. Iompoighídh, iompoighidh, ó bhur
n-droch-shlighthibh, creud fáth a bh-fuigheadh
sibh bás, a thigh Israel?” (Esech. xxxiii. 11,)

Atá mór-ghrádh aig Dia dhúinn. Do chean-
nuigh Se sinn chomh daor a's sin nach áil leis
sinn a chailleamhain. Atá “righeacht aige
ullamh dhúinn ó thosach an domhain” (N.
Mátha, XXV. 34); agus is mór an mian a
tá aige go bh-faghmaois seilbh air. Is mar
so do ghrádhuigheann Se sinn. Agus tré n-a
ghrádh dhúinn, smachtuigheann Se 'san t-
saoghal so sinn. Óir tá se scríobhta:
“Smachtuigheann an Thighearna an té is
ionmhuin leis, agus gabhann Se do sgúirse
air gach mac d'á nglacann Se chuige (Eabhr.
xii. 6). Agus deir Naomh Pól linn gur ab
“tré iomad doghruinge is éigin dúinn dul
asteach go righeacht Dé” (Gníomh. XIV. 21).
I radharc Dé, uime sin, is í slighe na Dogh-
ruinge slighe na dilseachta. Is ait an t-
slighe í so, is dóigh libh; achs tá a fhios
againn gur fhulaing an Tighearna Íosa,
“ag fágbháil sámhluighthe againne ionnos go
leanfamaois a lorg” (I. Naoimh Pheadair,
.i. 21). Agus go deimhin, a bhráithre, ní
bithte do'n deisciobal bheith ag súil le h-
ionad ós cionn a mhaighistir, ná do'n fhóghan-
tach ós cionn a Thighearna. “Is beannuighthe
an duine a smachtuigheann Dia; ná diult,
uime sin, do smacht an Tighearna. Óir
loiteann agus cneasuigheann Se, buailfidh
se agus leighisfid a lámha” (Íob, v. 17, 18.)



III. Anois, ó is ó Dhia tig oilc agus
buaidheartha uile na beatha so chúghainn, dob'
fhéidir díbh fiafruighe an bh-fuil se dligh-
theach dhúinn iarraidh air Dia sinn do shaoradh
uatha. Atá; a bhráithre, tá se dlightheach
iarraidh air Dhia sinn do shaoradh ó'n uile
olc. D'fhág Íosa Críost féin sámhlughadh
de'n t-samhail so againn in a pháis; óir
nuair do thairg an t-aingeal corn an
dóláis dó, do ghuidh se a Athair Neamhdha
fá É do shaoradh uaidh: “A Athair, má's
féidir é' gabhadh an corn so tarm.” Acht an
tan do ghnidhmíd urnuighe ag iarraidh saortha
ó olcaibh aimsiordha, is éigin dúinn i g-
cómhnuighe guidhe le géilleadh iomlán do
thoil Dé; 'se sin, ní fuláir dúinn bheith sásda
go bh-fanfadh ár bh-fulangtha dá m-badh h-é
sin toil Dé. Mar sin, níor iarr Íosa, ár
n-oide, go h-iomlán É do shaoradh ó chorn
a pheanaide. Do chuir Se an coinghioll so
ann, “gidheadh, a Athair, ní mar is toil liom-


L. 247


sa acht mar is áil leat-sa” (N. Mátha,
xxvi. 39). Leis an g-coingioll so, air
an adhbhar sin, is dlightheach i g-cómhnuighe
guidhe chum Dé sinn do shaoradh ó olc; agus
déanfaidh Dia sinn do shaoradh má chidheann
Se go rachaidh so i leas d'ár n-anmnaibh
domharbhtha.



Uime sin, an tan do thiocfaidh aon bhuaidh-
irt no doilghios orraibh 'san m-beatha so,
triallaídh air Dhia leis an urnuighe. Is
féidir leis an urnuighe gach uile nidh do
dhéanadh. Is le h-urnuighe do coimeádadh
na trí leinbh gan dochar dóibh i soirn teintigh
na Babilon. Is tres an urnuighe do sao-
radh Naomh Peadar ó n-a shlabhraidhibh
ler' cheangail Ioruadh é. Is leis an
urnuighe rug Maois buaidh air mhór-shluagh
na n-Amaleciteach. Lá an chatha chuaidh
Maois suas air mhullach an chnoic, agus an
uair do thóg se suas a lámha do chuir a
mhuintir an cath air an namhaid; acht an tan
do leig se a lámha beagán síos rug Amalec
buaidh. Agus an tan do tháinic troime air
lámhaibh Mhaoise do thógadar an drong do
bhí in a fhochair cloch, agus do chuireadar faoi
í, agus do shuidh se uirre, agus do chongbh-
aigheadar suas a lámha air gach taoibh go
luidhe na gréine. Agus sul do leig Maoise
a lámha síos an lá úd, do bhí gach aon fhear
de na h-Amaleciteachaibh marbh air an
machaire! Atá an Scríbhinn Diadha lán de
shámhluighthibh de'n t-samhail so ag taisbeánadh
brigh na h-urnuighe. D'á bhrigh sin, an tan
do thiocfaidh aon olc no buaidhirt orraibh
iompoighídh chum Dé leis an urnuighe. Bidheadh
bhur n-urnuighe caon dúthrachtach, muinighineach.
úmhal. Tar gach nidh, bidheadh si úmhal, óir
“tollfaidh urnuighe an té úmhluigheas é féin
na neulta … agus ní h-imtheochaidh se go bh-
feicfidh an Té is Ró Airde” (Écclus. xxxv.
21). Má dhéanaidh sibh urnuighe mar so,
saorfaidh Dia sibh. Déanfaidh Se bhur bh-ful-
angtha do dhíbirt uaibh, no déanfaidh Se
nidh is feárr fós, tabharfaidh Se neart
agus grása dhibh chum iad d'iomchar:
“Glaodh orm-sa in aimsir do bhuaidheartha”
ar an Tighearna, “agus saorfaidh me thu.”
(Salm xlix. 15). Is fíor sin; déanfaidh
Dia sibh do shaoradh, tá Se láidir, tá Se
cúmhachtach, agus tá Se fonnmhar chum a dhéan-
ta, agus ní'l uaidh acht é d'iarraidh air.
“Iarraídh” deir Se “agus géabaidh sibh”
(N. Lucas xi. 9) “ … Go d-tí so ní bh-fuara-
bhar de bhrigh ná'r iarrabhar.” Bidhídh, mar
sin, i g-cómhnuidhe ag iarraidh. Iarraidh in
ainm Íosa agus is deimhneach go m-beidh
croidhe an Athar corruighthe. Cuimhnighídh air
na briathraibh tabhachtacha so: “Amen,
Amen, deirim libh, má iarrann sibh aon nidh
air an Athair in m'ainm-se, bhéarfaidh Se
dhaoibh é.” (Naomh Eoin, Xvi. 23). Iarraídh,
mar sin, go muinighineach in ainm Íosa, agus
tabarfar aire do bhur nguidhe.

Acht, gidh go n-deanfaidh an urnuighe cuid
de na h-olcaibh do dhíbirt, ní bithte dhúinn
bheith aig súil go n-déanfaidh si na h-oilc go
léir do chur chum siubhail uainn. Bheidheadh
so iomarca aon dóigh bheith leis; ní'l aon lá
gan a neul féin, ní'l aon lá gan a chros
féin. Uime sin tá se ráidhte, “má is áil
le aon duine teacht am, dhiaigh-se, diultadh
se dhó féin, agus tógadh se suas a chros go
laetheamhail. (N. Lucas, iX. 23). Tógaídh
suas, mar sin, an chros a tugthar díbh
agus iomchairídh í; is maith is fiu í a h-iom-
char. “Ins an g-crois atá slánughadh; ins
an g-crois a tá beatha; ins an g-crois atá
tearmann ód' naimhdibh … Ní'l aon t-sláinte
anama no dóigh leis an m-beatha shíoruidhe
acht ins an g-crois. Tóg suas do chros,
uime sin, agus lean Íosa … D'imthigh Se rómh-
at ag iomchar na croise” (Searcleanamhain
Chríost,L.II. Caib. 12). Agus budh shearbh agus
budh chruaidh an chros í, óir do tharruing si
fuil as a lámhaibh agus as a chosaibh, agus
do chuir si tinneas in gach ball d'á bhallaibh.
Dob' fhéidir do'n t-saoghal bheith ag fochmuid
fúibh, nuair chidhfidh se sibh ag siubhal go
tuirseach faoi ualach bhur g-croise; acht,
cad é an díoghbháil é do bheith ag gáire an
fad tá sibh-se ag imtheacht gan contabhairt
air an slighe go flaitheamhnas. B'fhéidir fós,


L. 248


go g-cuirfeadh drochdhaoine neithe breugacha
in bhur leith; acht ná cuirídh suim ionnta,
do chuireadar neithe breugacha i leith Duine
dob' feárr ioná sibh-se. Dob' fhéidir arís go
n-déanfadh na diabhail in a míoscuis bag-
airt orraibh; acht ná bidheadh eagla orraibh
rómpa, glaodhaídh air Íosa an Slánuightheoir,
agus air g-clos an anma sin dóibh, teithfid
chum siubhail uaibh.

Bidheadh meisneach agaibh, air an adhbhar
sin. Tógaidh suas an chros a tá d'á tairg-
sin daoibh, agus déanaídh í d'iomchar. Ní
bh-fuil agaibh acht beagán aimsire chum í
d'iomchar, agus beidh an luach-saothair do
ghéabhaidh sibh síoruidhe. Déanaídh tathuighe
de na Sacramuintibh, agus bhéarfaid neart
mór daoibh. Má do chuir úghdar na n-olc
aon leonadh orraibh le sibh do tharruing chum
peacadh marbhthach do dhéanadh iompuighídh gan
mhoill agus cneasóchar sibh le fuil Íosa;
agus “gidh go m-beidheadh bhur b-peacaidh
chomh dearg le corcur, déanfar iad geal
mar an sneachta” (Isai. i. 18). Congbhaighídh
sibh féin gan smal ó'n saoghal: ní'l aig an
saoghal le tabhairt daoibh acht an uaigh!
Congbhaighídh bhur súile gan feuchain air
neithibh díomhaoine, óir cuimhnighídh go bh-fuil
súil crion-radharcach Dé do ghnáth ag feuchain
asteach in bhur súilibh! Suas libh mar sin!
tógaídh suas an chros go laetheamhail agus
leanaídh Íosa! Tosuighídh le bhur d-turus
gach maidin, agus bidhidh air siubhal go tráth-
nóna. Ná déanaídh aon scith air an slighe
nuair is cóir daoibh bheith air siubhal. Glac-
aídh teagasg ó'n ngréin ós bhur g-ceann:
feuchaídh mar thosuigheann si arís le n-a h-
obair gach lá; feuchaídh mar ghluaiseann si in
a casán ó'n aird shoir go d-tí an aird shiar,
tré neulaibh agus tré gharbh-shíon gan stad
go bráth, i g-cómnuighe ag gluaiseacht. Air
aghaidh libh mar sin! — air aghaidh libh chum na
bh-flaitheas! Tógaídh suas an chros gach lá
agus leanaídh Íosa. Leanaídh É go calma,
leanaídh é go fearamhail, leanaídh É leis an
g-crois air faid an bhóthair ghairbh. Air aghaidh
libh tres an anfa; air aghaidh libh tres an
ngarbhshíon, tar an bh-fásach tuirseach, agus
suas in aghaidh an t-sléibhe thuirsigh — suas go
mullach. Annsin, beid bhur n-obair déanta.
Beidh Neamh — an tír mhór mhaith úd — fosg-
ailte ós bur g-cómhair, agus bratach ríogh-
amhail na Croise sgaoilte amach go h-árd
air na cnocaibh síoruidhe! Agus beidh luth-
gháir croidhe orraibh do chionn na croise
d'iomchar; agus tógfar suas sibh féin de'n
bhóthar garbh air sciathánaibh aingeal suas
go d-tí an Té a tá 'na shuidhe air
an g-cathaoir ríoghdha. Chidhfidh sibh Dia
air an g-cathaoir ríoghdha úd, agus
chidhfidh sibh an fháilte in a ghnúis rómhaibh,
agus an choróin in a láimh, agus ainm gach
duine agaibh sgríobhtha air an g-coróin:
Beidh Íosa agus Muire ann; beidh Naomh
Pádraic ann; beidh na daoine muinteardha
bhí agaibh in bhur n-óige ann — iad so d'iom-
chair an chros: beidhid go léir ann, agus
cuirfear coróin na glóire orraibh ós a g-
cómhair go léir! O! nach mór an ghlóire a
fóillseochar díbh an lá úd! Cuimhnighídh
go m-beidh bhur n-ainm d'á sheinm, aig aos
ceoil na bh-flaitheas air a g-cláirseachaibh,
agus go seinnfidh na h-aingil bur ngníomh-
artha chomh árd le h-abhran ó uimhreachaib gan
aireamh. Cuimhnighídh go n-déanfaidh an t-
Athair Síoruidhe a shár-cheol féin do sheinim
ag fáiltiughadh rómhaibh go righeacht Dé, agus
go g-cuirfidh Se luthgháir agus glóire ag rith
'na d-tuile tré bhur g-croidhe agus tré bhur
n-anam.



Agus ní h-é so an t-iomlán, ná a leath;
ní'l ann so acht mar chidhfeadh duine flaith-
eamhnas fad a radhairc uaidh. Ní'l aon
tuigse againn air fhlaitheamhnas féin; óir
ní féidir le h-aon inntleacht so do thuigsin
ná le h-aon teangain é d'innsin: “Ní
fheacaidh súil, ní chualaidh cluas, agus ní
chuaidh se i g-croidhe aon duine na neithe tá
ullmhuighthe aig Dia dóibh so a ghrádhuigheas
É.” (I. Cor. ii. 9.)



Críoch an chómhráidh so.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services